European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4030

17.7.2024

P9_TA(2023)0265

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe sa limistéar a chumhdaítear i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arb is infheidhme iad sa Limistéar a chumhdaítear i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) (COM(2022)0563 – C9-0370/2022 – 2022/0348(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/4030)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0563),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0370/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0192/2023),

1.

ag diúltú don togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4030/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)