European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4020

17.7.2024

P9_TA(2023)0255

Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2023/001 BE/LNSA - An Bheilg

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2023/001 BE/LNSA (COM(2023)0210 – C9-0194/2023 – 2023/0152(BUD))

(C/2024/4020)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0210 – C9-0194/2023),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1)(‘Rialachán CED’),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (3), (“IIA an 16 Nollaig 2020 ”), agus go háirithe pointe 8 de,

ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe 9 de IIA an 16 Nollaig 2020,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0228/2023),

A.

de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus do na cuideachtaí inar oibrigh siad;

B.

de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2023/001 BE/LNSA isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 603 n-iomarcaíocht (4) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair) i gcúige Brabant na Vallúine, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 23 Lúnasa 2022 go dtí an 23 Nollaig 2022;

C.

de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 603 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sna cuideachtaí Logistics Nivelles SA (‘LNSA’) agus SuperTransport SA/NV, ar soláthróir é de Logistics Nivelles;

D.

de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;

E.

de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Bheilg;

F.

de bhrí go gcuireadh LNSA seirbhísí lóistíochta ar fáil maidir le táirgí bia, fíonta agus biotáillí atá úr agus tirim go Carrefour; de bhrí gur eascair na hiomarcaíochtaí as cinneadh Kuehne + Nagel, arb í máthairchuideachta LNSA í, chun a fhochuideachta Bheilgeach a dhúnadh, mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais LNSA agus caillteanais shuntasacha na cuideachta in 2020, a sháraigh an buiséad iomlán le haghaidh 2020, agus caillteanais in 2021 a bhí níos airde ná lena rabhthas ag súil arís;;

G.

de bhrí gur chinn Kuehne + Nagel dáileadh náisiúnta a dhéanamh dá dháileadh réigiúnach agus brath ar a fhochuideachta Kontich NV chun earraí a sholáthar do shiopaí Carrefour ar fud na Beilge; de bhrí go bhfuil áiseanna ag Kuehne + Nagel freisin in Kampenhout (lóistíocht bhóthair); de bhrí nár athlonnaíodh aon oibrí idir ionaid lóistíochta Kuehne + Nagel;

H.

de bhrí gur chuir LNSA, i gcomhréir le dlí na Beilge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, ionadaithe oibrithe ar an eolas agus go ndeachaigh sé i gcomhairle leo; de bhrí gur éirigh leis an nós imeachta éigeantach seo EUR 1 500 in aghaidh an oibrí a áirithiú chun costais athoiliúna a chumhdach;

I.

de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a athimeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;

J.

de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093;

1.

ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 153 358 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán de EUR 2 533 363, a chuimsíonn EUR 2 484 363 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 49 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.

ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 17 Feabhra 2023, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Meitheamh 2023 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi ar an lá céanna;

3.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 603 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sna cuideachtaí Logistics Nivelles SA (LNSA) agus SuperTransport SA/NV, soláthróir LNSA; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh 542 de na 603 thairbhí incháilithe ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha, agus gur cuireadh 61 oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha, nó ina diaidh, ach gurbh é an teagmhas céanna a chuir na hoibrithe roimhe sin ar iomarcaíocht a spreag cur ar iomarcaíocht na 61 oibrí sin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag súil go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha ar fad páirt sna bearta;

4.

ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh tionchar ar leith ag an easáitiú in LNSA ar oibrithe atá os cionn 50 bliain d’aois agus/nó ar bheagán scileanna, toisc go bhfuil sé níos deacra iad a athimeascadh i bhfostaíocht chobhsaí, ag cur san áireamh go háirithe gurb é 8,4 % an ráta dífhostaíochta in Brabant na Vallúine, 2,8 % níos airde ná an leibhéal náisiúnta agus go raibh níos mó ná 30 % de na cuardaitheoirí poist cláraithe i mí Feabhra 2023 os cionn 50 bliain d’aois; á chur i bhfios go bhfuil 86,3 % de na hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht ina gcónaí i gcúige Hainaut, áit a bhfuil méadú 9,8 % tagtha ar líon na gcuardaitheoirí poist cláraithe bliain i ndiaidh bliana; á chur i bhfáth go bhfuil 53,3 % d’iar-oibrithe LNSA níos sine ná 45 bliana agus go raibh próifíl láimhseálaí ag formhór oibrithe LNSA;

5.

ag tabhairt dá haire nár athlonnaíodh aon oibrí idir ionaid lóistíochta Kuehne + Nagel; ag tabhairt dá haire gur chloígh Logistics Nivelles SA le dlí na Beilge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena mbunaítear nós imeachta éigeantach chun ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, ar nós imeachta é lena gceadaítear plé a dhéanamh ar aon fhéidearthacht maidir le líon na n-iomarcaíochtaí a sheachaint nó a laghdú;

6.

á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;

7.

á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: seirbhísí faisnéise, cúnamh i gcuardach poist, lena n-áirítear peirspictíochtaí poist a shainaithint i réigiúin nó Ballstáit eile, cúnamh gairmthreorach agus cúnamh socrúcháin sheachtraigh, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, tacaíocht chun gnó a bhunú agus rannchuidiú leis sin, chomh maith le dreasachtaí agus liúntais;

8.

á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear modúl maidir le geilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní a forbraíodh d’iar-oibrithe Swissport (EGF/2020/005 BE/Swissport) mar chuid den tairiscint chaighdeánach oiliúna ón tSeirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna (Fóram), a bheidh á chómhaoiniú ag CSE+; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don athrú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tacú go láidir leis an bhfíoras go leanfaidh CED, le linn thréimhse CAI 2021-2027, de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndéantar difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar thionchar an athstruchtúraithe ar oibrithe; á iarraidh go ndéanfaí iarratais amach anseo chun comhleanúnachas beartais a uasmhéadú;

9.

ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag an gclaochlú digiteach agus glas ar mhargadh an tsaothair, go háirithe in earnáil na lóistíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar an oideachas cáilithe, lena n-áirítear an ghairmoiliúint, agus an córas déphrintíseachta mar a thugtar air a chur chun cinn, ar córas é a léirítear go bhfuil sé éifeachtach i mBallstáit eile;

10.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg seirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Lúnasa 2022 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Lúnasa 2022 go ceann 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;

11.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar chaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 22 Meán Fómhair 2021, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Meán Fómhair 2021 go ceann 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;

12.

á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;

13.

á athdhearbhú nach mór nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;

14.

ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

15.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

16.

á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún

(1)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(3)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(4)  De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg (EGF/2023/001 BE/LNSA)

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2023/1558.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4020/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)