|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4007 |
17.7.2024 |
P9_TA(2023)0287
Gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a rialú - tuarascáil bhliantúil 2022
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 (2023/2046(INI))
(C/2024/4007)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ghníomhaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) 2022 an 2 Feabhra 2023 dar teideal Secure Europe [an Eoraip Shlán], |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad an 27 Eanáir 2022 dar teideal EIB Group Operational Plan 2022-2024 [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2022-2024], agus do dhoiciméad an 2 Feabhra 2023 dar teideal EIB Group Operational Plan 2023-2025 [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025], |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2022/2023 dar teideal Resilience and Renewal in Europe [Athléimneacht agus Athnuachan san Eoraip], a foilsíodh an 28 Feabhra 2023, |
|
— |
ag féachaint do ‘Chreat Comhshaoil BEI’ a glacadh an 14 Samhain 2022, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil an 2 Feabhra 2023 dar teideal Climate action and environmental sustainability overview 2023 [Gníomhú ar son na haeráide agus forléargas inbhuanaitheachta comhshaoil 2023], |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad an 2 Feabhra 2022 dar teideal European Investment Bank Environmental and Social Standards [Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil an 12 Iúil 2022 dar teideal Regional Cohesion in Europe 2021-2022 – Evidence from the EIB Investment Survey [Comhtháthú Réigiúnach san Eoraip 2021-2022 – Fianaise ó Shuirbhé Infheistíochta BEI], |
|
— |
ag féachaint do Threochlár an Bhainc Aeráide 2021-2025 a ghlac Bord Stiúrthóirí BEI an 11 Samhain 2020, |
|
— |
ag féachaint do Shuirbhé Aeráide 2022-2023 BEI, |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad an 1 Feabhra 2023 dar teideal The EIB Group PATH Framework – Version 1.1 October 2022 – Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement [Creat PATH Ghrúpa BEI – Leagan 1.1 Deireadh Fómhair 2022 – Ag Tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le Comhaontú Pháras], |
|
— |
ag féachaint d’fhoilsiúchán an 17 Márta 2023 dar teideal Annual Report of the Procurement Complaints Activity and the Procurement Complaints Committee of the European Investment Bank 2022 [Tuarascáil Bhliantúil ón nGníomhaíocht um Ghearáin Soláthair agus ó Choiste um Ghearáin Soláthair an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 2022], |
|
— |
ag féachaint don doiciméad an 10 Feabhra 2023 dar teideal EIB Global – partnership, people, impact [BEI Domhanda – comhpháirtíocht, daoine, tionchar], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil mheastóireachta ó Ghrúpa BEI an 22 Aibreán 2022 dar teideal Rapid assessment of the EIB Group’s operational response to the COVID19 crisis [Measúnú mear ar fhreagairt oibríochtúil Ghrúpa BEI ar ghéarchéim COVID-19], |
|
— |
ag féachaint d’fhaisnéis BEI an 31 Bealtaine 2022 dar teideal Evaluation of EIB support for urban public transport in the European Union (2007-2019) [Meastóireacht ar thacaíocht BEI d’iompar poiblí uirbeach san Aontas Eorpach (2007-2019], |
|
— |
ag féachaint d’fhoilsiúchán an 6 Iúil 2022 dar teideal Tuarascáil maidir le hInbhuanaitheacht Ghrúpa BEI 2021, agus do Chreat Inbhuanaitheachta Comhshaoil agus Sóisialta Ghrúpa BEI, a glacadh an 2 Feabhra 2022, |
|
— |
ag féachaint d’fhoilsiúchán an 21 Iúil 2022 dar teideal EIB Audit Committee Annual Reports for the year 2021 [Tuarascálacha Bliantúla Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2021], |
|
— |
ag féachaint d’fhaisnéis BEI an 30 Bealtaine 2022 dar teideal EIB evaluation of the EIB’s special activities [Meastóireacht BEI ar ghníomhaíochtaí speisialta BEI], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil BEI an 27 Iúil 2022 dar teideal EIB Group activities in EU cohesion regions in 2021 [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe AE in 2021], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil an 8 Samhain 2022 dar teideal EIB Investment Survey 2022 – European Union overview [Suirbhé Infheistíochta BEI 2022 – Forléargas ar an Aontas Eorpach], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil an 9 Nollaig 2022 dar teideal EIB Diversity and Inclusion – 2021 Progress Report [Éagsúlacht agus Cuimsiú BEI – Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2021], |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad BEI an 2 Feabhra 2023 dar teideal Health Overview 2023 [Forbhreathnú Sláinte 2023], |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal Defence Investment Gaps Analysis and Way Forward [Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] (JOIN(2022)0024), |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2021 ó BEI maidir le Comhlíonadh an 25 Lúnasa 2022, |
|
— |
ag féachaint do Bheartas Frith-Chalaoise Ghrúpa BEI an 5 Lúnasa 2021, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 Choiste BEI um Eitic agus um Chomhlíonadh, a foilsíodh an 8 Aibreán 2022, agus dá rialacha oibriúcháin, a glacadh in Eanáir 2016, |
|
— |
ag féachaint do na cóid iompair d’fhoireann Ghrúpa BEI, do chomhaltaí dá Choiste Iniúchóireachta agus dá Choiste Bainistíochta, a foilsíodh an 3 Feabhra 2023. |
|
— |
ag féachaint don Tuarascáil maidir le Nochtadh Bainistíochta Riosca ó Ghrúpa BEI, 2021, a foilsíodh an 9 Lúnasa 2022, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta BEI, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta (an Comhaontú Tríthaobhach), a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2021, |
|
— |
ag féachaint don Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2021 ó BEI, a foilsíodh an 7 Samhain 2022, |
|
— |
ag féachaint do bheartas sceithireachta Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 24 Samhain 2021, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy [REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe] (COM(2022)0108), |
|
— |
ag féachaint do na conclúidí a ghlac Comhairle na hEorpa ag cruinniú an 15 Nollaig 2022, |
|
— |
ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás T-299/20 (1), |
|
— |
ag féachaint do na barúlacha a d’eisigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i mí Lúnasa 2021 maidir le Dréachtchreat Inbhuaine Comhshaoil agus Sóisialta (ESSF) Ghrúpa BEI, |
|
— |
ag féachaint do Chásanna 1065/2020/PB, 1251/2020/PB agus 1252/2020/PB a bhaineann le BEI, a chinn an tOmbudsman Eorpach an 21 Aibreán 2022, agus Cás 1016/2021/KR, a chinn an tOmbudsman Eorpach an 27 Iúil 2022, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil chigireachta ón Ombudsman Eorpach an 6 Nollaig 2022 i gCás OI/1/2021/KR ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún an dúshlán a bhaineann le cásanna ‘dorais imrothlaigh’ a bhaineann lena (iar)bhaill foirne, |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0212/2023), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil Grúpa BEI comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus gurb é an institiúid airgeadais iltaobhach is mó ar domhan é, arb é is príomhchúram dó borradh a chur faoi acmhainneacht na hEorpa ó thaobh post agus fáis de; de bhrí go bhfuil BEI ar cheann de na soláthraithe maoiniúcháin is mó don troid i gcoinne an athraithe aeráide, ag feidhmiú i margaí caipitil idirnáisiúnta agus ag tairiscint téarmaí iomaíocha do chliaint agus coinníollacha fabhracha chun tacú le beartais agus tionscadail AE; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal Chairt um Chearta Bunúsacha AE agus nach mór prionsabail chearta an duine a chomhtháthú ina chuid nósanna imeachta agus caighdeáin díchill chuí, lena n-áirítear measúnuithe réamhaisnéis-bhunaithe atá ar fáil go poiblí; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag infheistíocht BEI tacú leis an earnáil shóisialta, lena n-áirítear maidir le sláinte, tithíocht agus oideachas agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta; |
|
C. |
de bhrí gurb iad príomhthosaíochtaí BEI cistiú a chur ar fáil do thionscadail chun lánpháirtiú Eorpach a chothú agus chun beartais AE laistigh agus lasmuigh de AE araon a chur chun cinn agus tacú leo, amhail trí infheistíochtaí inbhuanaithe san aeráid agus sa chomhshaol, san fhorbairt, sa nuálaíocht agus scileanna, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), sa bhonneagar agus sa chomhtháthú; |
|
D. |
de bhrí go n-oibríonn BEI go dlúth le hinstitiúidí eile AE agus le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), chun a spriocanna a bhaint amach agus chun tacú le beartais AE i níos mó ná 140 tír ar fud an domhain, trí ionstraimí tiomanta infheistíochta amhail iasachtaí, cothromais, ráthaíochtaí agus saoráidí roinnte riosca, chomh maith le seirbhísí comhairleacha; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal conartha chun rannchuidiú le lánpháirtiú AE, le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, le forbairt réigiúnach agus le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais trí fheabhas a chur ar na coinníollacha maidir le rochtain ar phoist, ar dheiseanna oideachais, ar bhonneagair agus ar sheirbhísí poiblí agus trí thimpeallacht shláintiúil agus inbhuanaithe a sholáthar; |
|
F. |
de bhrí go bhfuil ról lárnach ag BEI sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil, agus go bhfuil sé tiomanta do ghníomhaíochtaí uile BEI a ailíniú le Comhaontú Pháras agus don mhaoiniú bliantúil don ghníomhú ar son na haeráide agus don inbhuanaitheacht chomhshaoil a mhéadú go dtí níos mó ná 50 % den iasachtú iomlán faoi 2025; |
|
G. |
de bhrí gur cuid de Threochlár Bhanc Aeráide BEI é an Sásra um Aistriú Cóir; |
|
H. |
de bhrí go rannchuidíonn BEI le cur chun feidhme spriocanna polaitiúla agus eacnamaíocha an Aontais a thacaíonn le tosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais i ngach réigiún ar fud an domhain, lena n-áirítear i dtíortha atá íogair ó thaobh na polaitíochta de i réigiúin Chomharsanacht an Oirthir agus na Meánmhara, sna Balcáin Thiar, sa Mheánoirthear agus i dTuaisceart na hAfraice; |
|
I. |
de bhrí gurb é BEI an t-iasachtóir iltaobhach is mó i réigiúin chomharsanachta AE agus go reáchtálann sé a chuid oibríochtaí lasmuigh de AE trína bhrainse de BEI Domhanda, le líonra de bheagnach 30 oifig sheachtrach lonnaithe san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus san Áise; |
|
J. |
de bhrí go ndearna BEI iarrachtaí suntasacha chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil tar éis ráig phaindéim COVID-19, lenar bunaíodh an Ciste Ráthaíochta Uile-Eorpach chun caipiteal a sholáthar do FBManna; |
|
K. |
de bhrí, ó tharla an ghéarchéim airgeadais dhomhanda, go bhfuil bearna leanúnach san infheistíocht tháirgiúil idir 1,5 agus 2 phointe céatadáin de OTI idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe, arna spreagadh go príomha ag infheistíocht níos mó ó SAM in innealra, trealamh agus nuálaíocht, go háirithe i dtrealamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (in earnáil na seirbhíse) agus i maoin intleachtúil (san earnáil phoiblí agus in earnáil na cosanta), agus go meastar go rannchuideoidh BEI leis an mbearna sin a laghdú; |
|
L. |
de bhrí, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh, mar aon le hiarmhairtí na paindéime agus gnéithe eile den staid idirnáisiúnta, nach mór sraith gníomhaíochtaí spriocdhírithe a sheoladh go tráthúil chun infheistíochtaí a mhéadú agus chun geilleagair a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag géarú airgeadaíochta; |
|
M. |
de bhrí go bhfuil aird leanúnach le díriú ar dhea-chleachtais a fhorbairt a bhaineann le beartas feidhmíochta agus bainistiú BEI, mar aon le dea-rialachas agus trédhearcacht; |
|
N. |
de bhrí nach féidir leis an Aontas moill a chur leis na gníomhaíochtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha struchtúracha, amhail sciar laghdaitheach an daonra in aois oibre, an t-athrú aeráide, an digitithe agus na nuálaíochta; |
|
O. |
de bhrí go n-éilítear le samhail ghnó BEI na caighdeáin is airde sláine, trédhearcachta, cuntasachta agus dea-rialachais, agus gur gá bearta leormhaithe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach chun gach cineál calaoise, sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe agus cleachtas cánach díobhálach a chomhrac go héifeachtach agus go héifeachtúil, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na hiompraíochtaí toirmiscthe a sainaithníodh ina Bheartas Frithchalaoise, a athbhreithníodh le déanaí; de bhrí gur féidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le calaois, éilliú agus cionta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE laistigh de BEI; |
Oibríochtaí airgeadais agus feidhmíocht BEI
|
1. |
ag tabhairt le fios, an 31 Nollaig 2022, gurbh ionann clár comhardaithe iomlán Ghrúpa BEI agus EUR 547,3 mbilliún, arbh ionann é agus laghdú EUR 11,9 billiún nó 3,6 % i gcomparáid leis an 31 Nollaig 2021 tráth arbh ionann an figiúr coibhéiseach agus EUR 568,0 mbilliún; |
|
2. |
ag aithint a thábhachtaí atá na príomhthorthaí a bhain Grúpa BEI amach in 2022, le maoiniú iomlán de EUR 72,5 billiún (lena n-áirítear acmhainní dílse agus tríú páirtí, i gcomparáid le EUR 93,6 billiún in 2021 agus EUR 74,7 billiún in 2020), rud a chuideoidh le thart ar EUR 260 billiún d’infheistíocht san fhíorgheilleagar a scaoileadh; ag tabhairt faoi deara na spriocanna atá ag dul i méid do 2023 agus 2024 (EUR 80,4 billiún agus EUR 82,2 billiún, faoi seach); á thabhairt dá haire gur dáileadh maoiniú in 2022 ar fud na bpríomhthosaíochtaí mar a leanas: EUR 17,93 billiún i nuálaíocht, i gcaipiteal digiteach agus daonna, EUR 20,86 billiún i bhfuinneamh inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha, EUR 17,31 billiún do chathracha agus réigiúin inbhuanaithe agus EUR 16,35 billiún do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire go raibh leibhéal feidhmíochta foriomlán BEI fós ard in 2022, agus gur lean an phunann iasachtaí de bheith ag feidhmiú go maith, agus nach raibh cion na n-iasachtaí lagaithe ach 0,4 % ag deireadh 2022 (i gcomparáid le 0,3 % agus 0,4 % ag deireadh 2021 agus 2020, faoi seach) agus le glanbhrabús tuairiscithe EUR 1,1 billiún amhail an 31 Nollaig 2022 (i gcomparáid le EUR 2,5 billiún, EUR 1,7 billiún agus EUR 2,4 billiún in 2021, 2020 agus 2019, faoi seach); á chur i bhfios, toisc go gcoinnítear brabúis chun tacú le hoibríochtaí BEI, go bhfuil carnadh cúlchistí suntasacha thar na blianta mar thoradh ar chumas comhsheasmhach tuillimh an Bhainc, rud a mhéadaigh cistí dílse BEI ó EUR 76,1 billiún ag deireadh 2021 go EUR 77,2 billiún ag deireadh 2022; |
|
4. |
ag tabhairt faoi deara, bunaithe ar shamhail eacnamaíoch arna forbairt go comhpháirteach ag Roinn Eacnamaíochta BEI agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, go gcruthóidh tacaíocht Ghrúpa BEI tuairim is 950 000 post nua in AE-27 faoi 2026 agus go mbeidh tionchar aici ar gheilleagar an Aontais arb ionann é agus + 1,07 pointe céatadáin de OTI; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi ról comhairleach an Bhainc, go háirithe i réigiúin ina gcomhcheanglaítear táirgeadh atá dian ar charbón agus leochaileacht shocheacnamaíoch agus chun tacú le gníomhaíochtaí oiriúnaithe lena dtugtar aghaidh go sainráite ar riachtanais na ngrúpaí den daonra is leochailí i leith thionchair an athraithe aeráide; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, in 2022, gurbh ionann iasachtú nua an Bhainc agus EUR 65,15 billiún, gar do thorthaí na mblianta roimhe sin (EUR 65,4 billiún in 2021, EUR 66,1 billiún in 2020, EUR 63,3 billiún in 2019); |
|
7. |
á chur i bhfios, in 2022, gur san Iodáil, sa Fhrainc agus sa Spáinn a leithdháileadh an sciar is mó den mhaoiniú; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh BEI, in 2022, EUR 19,9 billiún i mBannaí Feasachta Aeráide agus Inbhuanaitheachta (CABanna agus SABanna), ag athdhearbhú a róil mar cheannaire sna margaí domhanda bannaí glasa agus inbhuanaitheachta tar éis dó EUR 11,5 billiún agus a choibhéis EUR 10,5 billiún i dtáirgí fiachais inbhuanaitheachta a eisiúint in 2021 agus 2020; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh BEI sciar an chistithe inbhuanaitheachta (ó CABanna agus ó SABanna) ina chistiú iomlán go 45 % in 2022, i gcomparáid le 21 % agus 15 % in 2021 agus 2020; |
|
9. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuiltear ag dréim leis, le linn na tréimhse 2021-2027, go slógfaidh ráthaíocht InvestEU, arb ionann é agus EUR 26,2 billiúin, le soláthar ón gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus NextGenerationEU, níos mó ná EUR 372 bhilliún i dtaobh infheistíocht bhreise phríobháideach agus phoiblí san Eoraip, go príomha le haghaidh bonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, tacaíocht do FBManna agus infheistíocht shóisialta agus scileanna; |
|
10. |
á chur in iúl gur geal léi gur síníodh Comhaontú InvestEU leis an gCoimisiún an 7 Márta 2022, rud a fhágann gurb iad BEI agus CEI na chéad chomhpháirtithe cur chun feidhme a shínigh comhaontú ráthaíochta; á mheabhrú gur tháinig clár InvestEU i gcomharbas ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), le himlonnú faoi CAI 2021-2027 an Aontais, agus gurb é BEI an príomh-chomhpháirtí cur chun feidhme freisin, a bheidh freagrach as 75 % de bhuiséad foriomlán an tsainordaithe a bhainistiú; |
|
11. |
á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Bord Stiúrthóirí ‘Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025’, a foilsíodh an 2 Feabhra 2023, lena ndeimhnítear ailíniú BEI le tosaíochtaí polaitiúla AE agus a thiomantas dlús a chur lena uaillmhian don aistriú digiteach agus glas; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach, ó glacadh Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2022-2024, táscairí feidhmíochta breisluacha le haghaidh formheasanna nua, tar éis sheoladh an chreata breisíochta agus tomhais tionchair in 2021; ag tuiscint nach gcuirtear oibríochtaí CEI san áireamh faoi chreat AIM, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhm ag ceanglais bhreisíochta maidir le sainorduithe atá á mbainistiú ag CEI, lena n-áirítear táirgí ráthaíochta InvestEU agus CEI; |
|
13. |
á chur in iúl gur mór aici an obair a rinne Rannán Meastóireachta Ghrúpa BEI, lena gcuirtear cuntasacht chun cinn trí mheasúnuithe fianaise-bhunaithe ar fheidhmíocht agus ar thorthaí an Ghrúpa agus lena rannchuidítear le comhroinnt eolais, lena gcuirtear bonn eolais faoi chinntí an Ghrúpa maidir le beartais, straitéisí, táirgí, tionscadail agus cúrsaí eagraíochtúla, agus lena bhfeabhsaítear feidhmíocht; ag tabhairt dá haire na meastóireachtaí ar chothromas agus ar leathchothromas agus ar thacaíocht fiachais, ag cur in iúl go dtugtar aghaidh le hinfhaighteacht an mhaoinithe sin ar bhearnaí ábhartha sa mhargadh agus go rannchuidíonn sé go suntasach le méideanna, forbairt margaidh agus dea-chleachtais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar seasta ag soláthar cistiúcháin chobhsaí agus intuartha ar an margadh, lena n-áirítear le linn géarchéime; |
|
14. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gur seachadadh os cionn EUR 1 bhilliún de thacaíocht BEI don aeraspás agus don chibearshlándáil in 2022, is mó ná an sprioc; á chreidiúint go bhfuil ról straitéiseach ag BEI chun tacú le maoiniú cosanta na hEorpa in earnálacha dé-úsáide; ag tabhairt dá haire go gcuirfidh tionscnamh slándála Eorpach straitéiseach nua atá ag BEI suas le EUR 6 bhilliún de mhaoiniú ar fáil faoi 2027; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil BEI chun comhpháirtíochtaí institiúideacha a neartú tuilleadh leis an gCoimisiún (go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh don Chlár Spáis, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le ECAT; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na ndúshlán a bhaineann leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus le fogha na Rúise faoin Úcráin, go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna idir na Ballstáit ó thaobh a staideanna eacnamaíocha agus a n-acmhainneachtaí de; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rachaidh na réigiúin agus na tíortha is mó atá buailte in oiriúint do na himthosca nua ionas nach bhfágfar aon duine ar lár; |
|
16. |
á iarraidh ar an mBanc leanúint den ról tábhachtach le linn aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta in earnálacha amhail tithíocht shóisialta, fóntais bheaga, iompar poiblí, iompar inbhuanaithe, inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumais agus oideachas, agus breisíocht agus comhlántacht le cistí poiblí eile agus le hiasachtóirí tráchtála á n-áirithiú ag an am céanna; |
|
17. |
á chur i bhfios go bhfuil infheistíochtaí in FBManna, san oideachas, sa taighde agus san fhorbairt, i riarachán éifeachtúil agus i mbonneagar áitiúil ar na bealaí is éifeachtaí chun fás a chur chun cinn; |
|
18. |
á iarraidh ar BEI maoiniú a mhéadú chun borradh a chur faoin aistriú teicneolaíochta, cistí a chur ar fáil do FBManna le haghaidh taighde agus nuálaíocht fadtéarmach, tacú le forbairt scileanna arna n-oiriúnú d’fhíor-riachtanais mhargadh an tsaothair, agus infheistíocht a chur chun cinn i scileanna digiteacha fostaithe agus fiontraithe, i mbonneagar digiteach agus i bhfothú acmhainneachta don digitiú; |
|
19. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rátáil AAA ag BEI le hionchas ‘cobhsaí’ ó na trí mhórghníomhaireacht rátála creidmheasa (Fitch, Moody’s agus S&P); á athdhearbhú gur gá rátáil AAA an Bhainc chun foinsí iomchuí maoinithe margaidh ar na rátaí is fabhraí a áirithiú agus nach mór í a chaomhnú; |
Tacaíocht BEI i bpríomhréimsí beartais – comhtháthú, bonneagar, digitiú, FBManna, nuálaíocht agus scileanna
|
20. |
ag tabhairt dá haire, faoi bheartas comhtháthaithe reatha AE don tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, go leanann rannchuidiú Ghrúpa BEI le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de bheith ag cuidiú le tíortha agus le réigiúin ar fud AE ina bhfuil an fhorbairt míchothrom; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, i gcomhthéacs na ngéarchéimeanna a bhfuil tíortha AE ag dul tríothu, go bhfuil na hiarmhairtí eacnamaíocha tar éis éagothromaíochtaí a mhéadú idir na Ballstáit agus go hinmheánach laistigh dá réigiúin, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí fós a áirithiú gur féidir leis na réigiúin agus na tíortha is mó atá buailte dul in oiriúint do na himthosca nua ionas nach bhfágfar aon duine ar lár; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Bhainc tús a chur, ó 2023 amach, leis an bpríomhtháscaire feidhmíochta iasachtaithe do réigiúin bheagfhorbartha, arb é 21 % an sprioc ina leith in 2023, agus é mar aidhm 23 % de mhaoiniú iomlán an Aontais a bhaint amach faoi 2025; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go ndéantar tionscadail agus infheistíocht a leithdháileadh ar bhonn follasach agus geografach agus iad dírithe ar réigiúin bheagfhorbartha, go háirithe i réimse na sláinte, nuálaíocht, digitiú agus bonneagar, d’fhonn fás ionchuimsitheach agus coinbhéirseacht agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche; ag tabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, go méadaítear le páipéar Treoshuíomh Comhtháthaithe BEI do 2021-2027 maoiniú Ghrúpa BEI a bhaineann le comhtháthú go tuairim is 40 % den mhaoiniú laistigh den Aontas do 2022 (ag ardú go 45 % faoi 2025), ar cheart 20 % de a leithdháileadh ar réigiúin bheagfhorbartha; á chur in iúl gurb eol di, agus cuimsiú sóisialta agus forbairt, comhdheiseanna agus dálaí oibre cothroma á gcur chun cinn, go dtacaíonn an Grúpa le beartais shóisialta ábhartha an Aontais agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; ag tabhairt dá haire gur síníodh beagnach leath d’iasachtú BEI in AE in 2022 (46 %) do thionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, rud is bunús le tacaíocht an Bhainc d’fhás agus do chóineasú cothrom ar fud AE; á iarraidh ar BEI a bheith níos gníomhaí agus é ag tabhairt aghaidh ar easnaimh athfhillteacha lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó tíortha áirithe as tairbhe iomlán a bhaint as gníomhaíochtaí airgeadais BEI; |
|
21. |
á chreidiúint go gcuireann an nuálaíocht iomaíochas, maolú ar an athrú aeráide agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta chun cinn agus go bhfuil bearna shuntasach struchtúrach fós ann i nuálaíocht agus in infheistíocht digitithe an Aontais; á mholadh do BEI tacú leis an gclaochlú digiteach, seasamh leis an neamhspleáchas straitéiseach sa réimse digiteach agus tionscadail bhonneagair dhigitigh a chur chun cinn, a bheidh le comhtháthú i gcaighdeáin agus i bprótacail lena dtacaítear le slándáil agus athléimneacht líonra, le hidir-inoibritheacht agus le hidirlíon oscailte, iolraíoch agus slán; á iarraidh ar an mBanc neamhspleáchas na hEorpa a chothú i bpríomhtheicneolaíochtaí agus tacú le claochlú teicneolaíoch cuideachtaí Eorpacha, a mbeidh deathionchar mór aige ar phoist agus dlús á chur leis an digitiú; á iarraidh ar an mBanc, thairis sin, tacú le neartú acmhainneachtaí cibearshlándála san Aontas, chun an Eoraip a dhéanamh níos athléimní agus níos frithghníomhaí in aghaidh cibearbhagairtí, agus ag an am céanna na sásraí comhair atá ann cheana a neartú agus eintitis chriticiúla agus seirbhísí bunriachtanacha a chosaint, amhail ospidéil agus fóntais phoiblí; |
|
22. |
á chur in iúl gurb eol di go nascann gníomhaíochtaí BEI an aeráid, an nuálaíocht agus an fhorbairt agus an nuálaíocht agus an teicneolaíocht á n-aithint mar phríomhchumasóirí an aistrithe chuig geilleagar astaíochtaí glan-nialasacha; á chreidiúint, chun na spriocanna uaillmhianacha aeráide agus digiteacha a bhaint amach, gur cheart do BEI a straitéis a choinneáil chun tacú le gníomhaíochtaí eolasbhunaithe agus ardriosca lena nginfear breisíocht níos mó, agus go gcuirfidh glacadh riosca níos mó trí ‘ghníomhaíochtaí speisialta’ ar chumas an Bhainc tuilleadh teagmhála a dhéanamh le cliaint agus earnálacha nua, agus táirgí a fhorbairt a fhreagraíonn do dhinimic an mhargaidh a aistriú agus do riachtanais athraitheacha an mhargaidh; |
|
23. |
á chur i bhfios gur cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip é an Sásra um Aistriú Cóir agus go dtugann sé aghaidh ar na héifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bogadh i dtreo na haeráidneodrachta; ag tabhairt dá haire go dtugann rannchuidiú Ghrúpa BEI don Sásra um Aistriú Cóir nasc tábhachtach idir an dá phríomhchuspóir beartais thrasearnálacha atá ag an nGrúpa maidir le gníomhú ar son na haeráide agus comhtháthú; á thabhairt chun suntais an ról a iarrtar ar BEI a imirt chun tacú le geilleagar AE tríd an Sásra um Aistriú Cóir; á chur i bhfios go láidir go dtacaíonn BEI le gach ceann de thrí cholún an tSásra um Aistriú Cóir; á chur in iúl go dtuigeann sí, i gcás gach ceann de na trí cholún, go bhfuil gníomhaíocht BEI dírithe ar an éileamh; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a síníodh i mí Mheán Fómhair 2022 idir an Coimisiún agus BEI maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí, an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir, lena maoineofar infheistíochtaí poiblí ar fiú EUR 10 mbilliún iad in iasachtaí BEI sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú glas an Aontais; á iarraidh ar BEI tacaíocht chomhairleach a chur ar fáil do na tairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann ó na limistéir is mó atá buailte chun tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme; |
|
24. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá FBManna do gheilleagar na hEorpa agus á thabhairt le fios gurb ionann na 23 mhilliún FBM san Aontas agus 99 % de na gnólachtaí uile agus níos mó ná leath de OTI na hEorpa, agus go bhfuil ról lárnach acu maidir le breisluach a chur le gach earnáil den gheilleagar agus thart ar dhá thrian de na poist uile a chur ar fáil; á chreidiúint go bhfuil ról mór le bheith ag FBManna san aistriú cuimsitheach chuig an aeráidneodracht, i gclaochlú digiteach thionscail na hEorpa agus in iomaíochas fhiontraithe AE; ag tabhairt dá haire gur gá aon cheanglais nua iomarcacha a sheachaint lena gcruthófaí níos mó maorlathais do FBManna; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi gur chuir BEI maoiniú EUR 16,35 billiún ar fáil in 2022 do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe; á chur i bhfios gur shroich tacaíocht airgeadais Ghrúpa BEI in 2022 thart ar 430 000 FBM agus cuideachtaí meánchaipitlithe a sholáthair 5,3 milliún post; |
|
26. |
á chur i bhfios go láidir an ról atá ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht maidir le tacú le cuideachtaí, FBManna Eorpacha den chuid is mó, agus ag tabhairt dá haire, faoin 31 Nollaig 2022, go raibh tionscadail fhormheasta ag comhlachtaí rialaithe BEI ar fiú EUR 23,54 billiún iad (i gcomparáid le EUR 23,2 billiún in 2021), ar maoiniú BEI EUR 11,07 billiún agus EUR 12,47 billiún de, agus gur shroich na sínithe a tháinig astu EUR 20,9 billiún ag deireadh 2022 (EUR 10,3 billiún bhain le BEI agus EUR 10,6 billiún a bhain le CEI); á chur i bhfios go meastar go slógfar infheistíocht iomlán EUR 187,3 billiún leis an idirghabháil sin (i gcomparáid le EUR 174,4 billiún san iomlán an 31 Nollaig 2021); á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi chineál sealadach na hionstraime sin agus nár cuireadh síneadh leis an tréimhse leithdháilte le haghaidh táirgí an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht ach go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhthéacs na mbeart chun tacú le téarnamh an Aontais tar éis phaindéim COVID-19, agus molann sí tráthúlacht an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht chun cuidiú le tionchar eacnamaíoch na paindéime ar ghnólachtaí a mhaolú; ag tabhairt dá haire na hábhair imní a cuireadh in iúl faoin easpa trédhearcachta maidir le himscaradh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht (go háirithe, an próiseas cinnteoireachta, foilsiú tráthúil tionscadal maoinithe agus sainaithint na bhfaighteoirí deiridh); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil meastóireacht ar an gCiste Eorpach um Ráthaíocht curtha san áireamh i gclár oibre Rannán Meastóireachta BEI do 2024 agus ag dréim leis go soláthróidh sé anailís uileghabhálach ar bhreisluach agus tionchar éifeachtach imscaradh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht; |
|
27. |
á chreidiúint chun aghaidh a thabhairt ar mhórbhearnaí infheistíochta struchtúraí AE, gur gá bacainní infheistíochta airgeadais agus neamhairgeadais araon a shárú agus acmhainní agus acmhainneachtaí a shlógadh agus a chomhordú ar scála mór, i gcomhar le fothú acmhainneachta teicniúla agus riaracháin agus le laghdú ar bhacainní rialála; á iarraidh go neartófar cúnamh teicniúil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a saineolas airgeadais, go háirithe i réigiúin ina bhfuil cumas íseal infheistíochta, sula bhformheasfar an tionscadal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú; |
|
28. |
á aithint gur gá feabhas a chur ar acmhainneacht theicniúil agus riaracháin chun infheistíochtaí claochlaitheacha a spriocdhíriú agus a chur chun feidhme trí chistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh in anailís oibríochtúil BEI ilroinnt na margaí feadh teorainneacha náisiúnta, rialáil ilroinnte, acmhainneacht theoranta tionscnóirí na hearnála poiblí agus srianta buiséid náisiúnta mar mhór-shaincheisteanna lena gcuirtear bac ar thionscadail infheistíochta; á iarraidh ar Ghrúpa BEI tacú le hacmhainneacht riaracháin a fheabhsú trí leas a bhaint as a thaithí oibríochtúil; |
|
29. |
á iarraidh ar Ghrúpa BEI rannchuidiú le soiléireacht a sholáthar agus dreasachtaí a chaomhnú chun claochlú na hEorpa a chur chun cinn, chun éifeacht chatalaíoch na hinfheistíochta poiblí a fheabhsú chun infheistíocht a phlódú isteach san earnáil phríobháideach, chun rochtain ar ionstraimí airgeadais lena n-ionsúfar riosca a éascú chun cabhrú le hinfheistíocht straitéiseach san earnáil phríobháideach a chosaint, chun bacainní riaracháin neamhriachtanacha a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar an easpa scileanna teicniúla, go háirithe do ghnólachtaí agus do bhardais i réigiúin chomhtháthaithe agus do chuspóirí glasa agus digiteacha atá níos casta; |
|
30. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh fheirmeoirí AE, amhail an gá atá le hoiriúnú do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chomh maith leis an gcur isteach arb iad éifeachtaí na géarchéime fuinnimh, méadú ar an mboilsciú agus an cogadh san Úcráin is cúis leis; á thabhairt chun suntais gur príomhghníomhaithe don fhás agus don fhorbairt i gceantair thuaithe iad earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh; á iarraidh ar BEI cúnamh níos fearr a chur ar fáil chun tacú leis na hearnálacha tábhachtacha sin; |
|
31. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI dícheall cuí a dhéanamh i gcéim ullmhúcháin na dtionscadal uile chun breithniú cúramach agus urraim do chearta an duine agus do phobail dhúchasacha a áireamh, agus straitéis shoiléir um chearta an duine a fhorbairt lena n-áirítear rioscaí agus measúnuithe tionchair maidir le cearta an duine; |
BEI, an aeráid agus an comhshaol
|
32. |
á áitiú gur cheart do shreafaí airgeadais uile BEI a bheith ag teacht go hiomlán le glanastaíochtaí nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí agus le cuspóir méadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030; á mheabhrú nach mór don aistriú aeráide a bheith cuimsitheach agus cothrom, nach mór infheistíochtaí glasa a bheith inmharthana agus go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh BEI a iasachtú, a ionstraimí airgeadais, a chúnamh teicniúil agus a sheirbhísí comhairleacha a ghiaráil chun tacú le daoine aonair agus le gnóthaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha rompu a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de; |
|
33. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go bhfuil infheistíochtaí chun an t-athrú aeráide a theorannú ag dul i méid, go bhfuil siad fós i bhfad níos ísle ná mar is gá chun sprioc na hEorpa chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050; ag tabhairt dá haire, de réir anailísí BEI, cé go bhfuil infheistíocht aeráide AE tar éis titim arís le linn na paindéime, nach mór dlús suntasach a chur le leibhéal an chaiteachais sin don Aontas chun a chuid spriocanna a bhaint amach, agus EUR 356 billiún breise in aghaidh na bliana i gcomparáid le 2010-2020 ag teastáil chun EUR 1 trilliún d’infheistíocht a bhaint amach agus go n-éireoidh leis astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh maoiniú glas ó BEI go EUR 36,5 billiún (58 % den iomlán) in 2022, a théann níos mó ná an sprioc 50 % ar a laghad den mhaoiniú iomlán a dhíriú ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar inbhuanaitheacht chomhshaoil i bhfad roimh 2025; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht EUR 222 bhilliún tugtha cheana féin ag BEI d’infheistíocht den sórt sin le dhá bhliain anuas agus ag spreagadh Ghrúpa BEI tuilleadh rannpháirtíochta a dhéanamh i dtreo a chuspóra tacú le EUR 1 trilliún i maoiniú glas an deich mbliana seo; |
|
35. |
á chur in iúl gur oth léi neart laghdaithe AE i réimse na teicneolaíochta glaise, áit ar bhunaigh sé é féin mar cheannaire roimhe sin; á chreidiúint gur gá don Aontas a chuid infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos ceannródaíocha a mhéadú, amhail teicneolaíochtaí hidrigine, agus feabhas a chur ar a iarrachtaí i réimsí na soghluaisteachta inbhuanaithe, na n-eangach cliste, na gaoithe agus na gréine agus na stórála fuinnimh; |
|
36. |
ag tabhairt faoi deara gur shínigh Grúpa BEI méid curiarrachta de mhaoiniú nua d’fhoinsí in-athnuaite, d’éifeachtúlacht, do stóráil agus d’eangacha in 2022, agus gur fiú EUR 17,06 billiún maoiniú iomlán BEI do thionscadail fuinnimh inbhuanaithe laistigh de AE; |
|
37. |
á chur in iúl gur mór aici an fógra ó BEI ag an 27ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27), a tionóladh in Sharm El-Sheikh, an Éigipt ón 6 go dtí an 18 Samhain 2022, go dtacóidh an Grúpa le plean REPowerEU an Choimisiúin le EUR 30 billiún breise in iasachtaí agus i maoiniú cothromais faoi 2027, a thiomnófar go príomha d’fhoinsí in-athnuaite, d’éifeachtúlacht fuinnimh, d’eangacha agus stóráil, do bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha agus do theicneolaíochtaí ceannródaíocha, amhail hidrigin ísealcharbóin; |
|
38. |
á chur in iúl gur geal léi an pacáiste maoinithe spriocdhírithe a d’fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI an 26 Deireadh Fómhair 2022, lena bhfuiltear ag súil go slógfar suas le EUR 115 bhilliún d’infheistíocht nua faoi 2027, rud a chuirfidh go suntasach le cuspóir REPowerEU deireadh a chur le spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, i gcomhar le tacaíocht leanúnach BEI don earnáil fuinnimh in AE, a bhfuil EUR 10 mbilliún de mhaoiniú ar an meán i gceist leis in aghaidh na bliana le deich mbliana anuas; |
|
39. |
á chur i bhfios go láidir go neartaíonn Beartas Comhshaoil agus Sóisialta Ghrúpa BEI an tiomantas do chur chun cinn agus cur chun feidhme chuspóirí an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus an Chreata Bithéagsúlachta Dhomhanda tar éis 2020 agus go n-áirithíonn Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta BEI nach ndéanann tionscadail mhaoinithe dochar suntasach don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais; á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú ó ‘gan glanchaillteanas’ go ‘gan caillteanas’ na bithéagsúlachta, i gcomhréir le beartais AE; |
BEI agus slándáil fuinnimh
|
40. |
á chur i bhfios go láidir gur chuir ionradh neamhdhleathach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh leis na srianta soláthair atá ann cheana agus go dtéann iarmhairtí praghsanna fuinnimh thar an tionchar díreach ar theaghlaigh agus ar ghnóthaí, rud a spreag boilsciú agus a chuir brú ar an éileamh, agus gurb iad teaghlaigh, gnóthaí agus rialtais na hEorpa a sheasfaidh na costais; |
|
41. |
á chur in iúl gur mór aici go gcáineann BEI an t-ionradh míleata a rinne trúpaí Rúiseacha ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire, ó thús an ionraidh, go ndearna BEI EUR 1,7 billiún a shlógadh agus a eisíoc i bhfaoiseamh éigeandála don Úcráin, le tacaíocht ón gCoimisiún; |
|
42. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil cumas gheilleagair na hEorpa suaitheadh nua a sheasamh casta mar gheall ar oidhreacht fhioscach na paindéime; á aithint go bhfuil an beartas láidir fioscach a glacadh mar fhreagairt ar an bpaindéim in 2020 agus 2021 tar éis teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chaillteanas forleathan ioncaim, agus gur chosain na bearta sin acmhainneacht tháirgiúil an gheilleagair ar bhealach a chuir ar a chumas filleadh go tapa nuair a cuireadh deireadh le srianta COVID-19; á chur i bhfios gur ath-leithdháileadh an tacaíocht fhioscach thuasluaite sciar mór den ghlansaibhreas ón bpobal go dtí an earnáil phríobháideach, rud a mhéadaigh an fiachas poiblí agus coigilteas príobháideach, agus, tar éis gníomhaíochtaí den sórt sin, go bhfuil níos lú saoirse ag rialtais aon ainliú fioscach a dhéanamh chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú; |
|
43. |
á mheabhrú gur féidir ról tábhachtach a bheith ag BEI maidir le forbairt acmhainneachtaí tionsclaíocha AE a chothú trí na dálaí infheistíochta cearta a chruthú chun slándáil an tsoláthair a áirithiú ar fud an tslabhra luacha, agus maidir le rannchuidiú le ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa amach anseo, agus, ar an gcaoi sin, meáchan geopholaitiúil AE a neartú; |
|
44. |
ag tabhairt dá haire, le deich mbliana anuas, gur dhírigh Grúpa BEI níos mó ná EUR 100 billiún in earnáil fuinnimh AE, ag infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, in-athnuaite, in eangacha agus i stóráil; á thabhairt faoi deara go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil faoi láthair chun cabhrú leis na Ballstáit mar fhreagairt ar an ngéarchéim a d’eascair as an gciorrú tobann ar sholáthairtí gáis na Rúise; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire cinneadh Bhord Stiúrthóirí BEI i nDeireadh Fómhair 2022 méideanna maoinithe fuinnimh ghlain an Ghrúpa a ardú chun tacú le cuspóir REPowerEU deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí breosla iontaise na Rúise, agus ina dhiaidh sin déanfar EUR 30 billiún breise a infheistiú sna cúig bliana amach romhainn; á chreidiúint nár cheart, mar thoradh ar an gcinneadh sin, go ndéanfaí scaoileadh buan ar na gcritéir aeráide nach mór do chuideachtaí a chomhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht; á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag Creat PATH a áirithiú go ndéanfar tionscadail mhaoinithe a ailíniú le Comhaontú Pháras agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí leis trína ngníomhaíocht ghnó fhoriomlán a dhícharbónú agus trína n-athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide a neartú, i gcomhréir le Treochlár Bhanc Aeráide BEI; á áitiú gur gá infheistíochtaí a bhfuil breisluach AE acu a neartú trí thacú le tionscadail chomhair thrasnáisiúnta i dtáirgeadh agus i mbonneagair fuinnimh; |
|
46. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart na hinfheistíochtaí uile a thugann aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh, mar aon le hinfheistíochtaí glasa agus digiteacha, a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil agus trédhearcach; |
Gníomhaíochtaí EIF
|
47. |
ag tabhairt dá haire gur cuid de Ghrúpa BEI é CEI agus gurb é an misean lárnach atá aige tacú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) na hEorpa trí chuidiú leo rochtain a fháil ar mhaoiniú; á chur in iúl gurb eol di go ndearann agus go bhforbraíonn CEI caipiteal fiontair agus fáis, ráthaíochtaí agus ionstraimí micreamhaoiniúcháin a dhíríonn go sonrach ar an gcuid sin den mhargadh agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn CEI le príomhchuspóirí beartais an Aontais a shaothrú amhail iomaíochas agus fás, nuálaíocht agus digitiú, tionchar sóisialta, scileanna agus caipiteal daonna, agus gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht chomhshaoil; |
|
48. |
ag tabhairt dá haire go méadaíonn clár maoinithe is déanaí CEI méid na n-acmhainní, ó EUR 9,2 billiún in 2022 go EUR 13,0 billiún agus EUR 13,5 billiún faoi seach in 2023 agus in 2024; á thuiscint go bhfuil sé beartaithe ag CEI leas a bhaint as acmhainneacht iomlán shainordú tosaigh InvestEU in 2022 agus 2023 trí 60 % de bhuiséad InvestEU, a fhaigheann tacaíocht ó NextGenerationEU, a fhormheas faoi dheireadh 2023 agus na sínithe comhfhreagracha a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2024; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire, le linn 2022, gur díríodh 30 % de thacaíocht airgeadais CEI ar inbhuanaitheacht spriocdhírithe agus ar an gclaochlú glas agus, i gcomhréir le huaillmhian Threochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa BEI, go ndearnadh 21 % – thart ar EUR 2 bhilliún – a dhíriú ar chuspóirí cothrománacha an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil; á chur i bhfios go láidir gur thacaigh CEI le fiontair nuálacha san agraiteicneolaíocht, sa gheilleagar gorm, sa chiorclaíocht agus sa tsoghluaisteacht inbhuanaithe, chomh maith le cuidiú le gnólachtaí agus daoine aonair traidisiúnta a n-infheistíochtaí aeráide a mhaoiniú; |
|
50. |
á chur i bhfios, in 2022, gur chuir CEI os cionn EUR 9 mbilliún de chistiú ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do thionscadail ghlasa, agus é mar aidhm EUR 97 mbilliún d’infheistíochtaí a shlógadh lena dtacaítear leis an aeráidneodracht, le haistriú digiteach thionscail AE agus le hiomaíochas fiontraithe in AE; |
|
51. |
á thabhairt dá haire gur lean CEI de bheith ag díriú ar an gcuspóir cothrománach comhtháthaithe, go príomha trí chláir infheistíochta chomhpháirteacha i ndáil le hArdán Cothromais CEI-Institiúidí Náisiúnta um Chur Chun Cinn agus trí 39 % den mhaoiniú a dhíriú chuig eintitis i réigiúin chomhtháthaithe AE; |
Tionchar lasmuigh de AE
|
52. |
á chur in iúl gurb eol di, ina ghníomhaíochtaí lasmuigh de AE, go dtacaíonn Grúpa BEI le cuspóirí agus tosaíochtaí ghníomhaíochtaí seachtracha AE, go n-úsáideann sé a shaineolas agus a thaithí lasmuigh de AE i réimsí tosaíochta amhail gníomhú ar son na haeráide, an tsláinte agus an digitiú, luachanna AE, agus prionsabail an dea-rialachais; |
|
53. |
á iarraidh ar AE an leas is mó is féidir a bhaint as acmhainneacht BEI mar uirlis chun uathriail straitéiseach AE a ghiaráil, go háirithe ó thaobh fuinnimh agus amhábhar de, agus chun tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais a chur chun cinn ina chaidreamh le tíortha nach bhfuil san Aontas, i lánchomhlíonadh an phróisis maidir le dícheall cuí comhshaoil agus sóisialta, chomh maith le comhordú láidir idir an Coimisiún, SEGS agus toscaireachtaí AE chun plé agus comhar le gníomhaithe ábhartha ar an láthair a éascú chun a shainaithint cé na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtachta forbartha; |
|
54. |
á chur in iúl gur mór aici gur cuireadh leis na hiarrachtaí ó bunaíodh BEI Domhanda, ach á mholadh do BEI a bheith níos réamhghníomhaí maidir le cumarsáid agus infheictheacht fhoriomlán AE a chur chun cinn, go háirithe maidir lena chuid oibre sa Domhan Theas; ag tabhairt rabhaidh, áfach, agus an infheictheacht á saothrú, nár cheart do thionscadail an phobail a bheith brúite amach ag tionscadail níos mó, agus á chur i bhfáth nach mór do ghníomhaithe áitiúla a bheith rannpháirteach go leordhóthanach; |
|
55. |
á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús le gníomhaíocht oibríochtúil an 1 Eanáir 2022 ar leibhéal Domhanda BEI, a bunaíodh tar éis chinneadh Bhord Stiúrthóirí BEI i Meán Fómhair 2021 agus ar cuireadh gníomhaíochtaí uile BEI de chúram orthu i réigiún an mhéadaithe, i dtíortha Chomharsanacht Oirthear agus Dheisceart AE, na hAfraice fo-Shaháraí, na hÁise, Mheiriceá Laidinigh, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil sé beartaithe go mbeidh BEI Domhanda ar an bpríomhghéag maoinithe d’Fhoireann na hEorpa, a oibríonn lasmuigh de AE, lena gcomhcheanglaítear cumhacht BEI, Bhallstáit AE agus institiúidí infheistíochta eile atá ag obair i gcomhar le AE; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, oscailt oifigí BEI in Pretoria, i gCív agus i mBéalgrád, rud a chuideoidh le BEI a mhisean a chur chun feidhme; á chreidiúint go gcuirfidh BEI Domhanda go mór le spriocanna neamhspleáchas straitéiseach AE a neartú agus leis an gcomhar iltaobhach a fheabhsú; |
|
56. |
ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh BEI Domhanda dírithe ar chlár oibre cothrom agus inbhuanaithe i dtíortha is faighteoirí, agus forbairt shoiléir á léiriú ag an am céanna; |
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí agus rannpháirtíocht BEI i dtíortha na mBalcán Thiar agus an infheistíocht EUR 835,2 milliún atá déanta aige iontu in 2022 trí BEI Domhanda, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le plean eacnamaíoch agus infheistíochta an Aontais don réigiún; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh níos mó ná 80 % de na hinfheistíochtaí sínithe in 2022 chuig tionscadail atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; á chur in iúl gur geal léi gur fiú EUR 2,5 billiún san iomlán ó 2020 i leith infheistíochtaí BEI chun tacú le haistriú inbhuanaithe glas agus digiteach na ngeilleagar áitiúil sa réigiún; ag spreagadh BEI Domhanda chun leanúint de rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha do ghnólachtaí sna Balcáin Thiar a dhéanann infheistíocht chun dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus le cur chun feidhme an bhonneagair dhigitigh, líonra teileachumarsáide 5G a leathnú, forbairt uirbeach inbhuanaithe, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail aeráidneodracha; á chur in iúl gur geal léi seoladh na ráthaíochta d’athléimneacht FBManna faoi shaoráid forbartha fiontraíochta agus nuálaíochta na mBalcán Thiar, chun rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha do thart ar 4 000 gnólacht beag sa réigiún; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an nós imeachta um rialú buiséadach ós rud é, de réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, gur beag tionchar a bhí ag tacaíocht airgeadais AE ar fiú thart ar EUR 700 milliún í idir 2014 agus 2020 chun an smacht reachta a chur chun cinn sna Balcáin Thiar ar athchóirithe bunúsacha; |
|
58. |
ag tabhairt dá haire iarrachtaí BEI maidir leis an bpróiseas díchill chuí do chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chuid oibríochtaí; ag spreagadh BEI comhairliúchán fóinteach leis na pobail áitiúla a neartú tuilleadh le linn chur chun feidhme na dtionscadal, sásraí cuntasachta láidre a ionchorprú le haghaidh pobail a ndéantar difear dóibh agus dlúthfhaireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar easnaimh a rannpháirtíochta agus ar ról a idirghabhálaithe i dtionscadail a raibh tionchar diúltach acu ar phobail áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha; |
|
59. |
ag dréim leis go mbeidh BEI Domhanda agus a shásraí comhordúcháin le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta eile go hiomlán trédhearcach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na malartuithe rialta le Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus le déanaí, i Lucsamburg, chomh maith le hidirphlé oscailte leanúnach an Bhainc leis na geallsealbhóirí uile, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe áitiúla; |
|
60. |
ag spreagadh BEI chun leanúint de pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt pleanála, modhanna agus cleachtais faireacháin agus mheastóireachta ar leibhéal na tíre, i gcomhar le toscaireachtaí AE agus le gníomhaithe náisiúnta agus áitiúla, agus trí chómhaoiniú leis na hinstitiúidí maoinithe forbartha; |
|
61. |
ag moladh ghníomhaíocht mhear BEI chun tacú leis an Úcráin díreach tar éis thús chogadh foghach na Rúise trí EUR 1,7 billiún i gcistí a eisíoc in 2022 in imthosca an-deacair; ag tabhairt dá haire go bhfuil EUR 540 milliún fós le heisíoc mar thionscadail nithiúla ar an dul chun cinn ar an láthair; ag spreagadh BEI chun a áirithiú go ndéanfaidh sé a chion trí Thionscnamh AE don Úcráin chun geilleagar na hÚcráine a choinneáil ar snámh, chun tacú le hiarrachtaí atógála na tíre, i gcomhréir leis an sainordú a fuarthas an 15 Nollaig 2022 ón gComhairle Eorpach; |
|
62. |
ag tathant ar BEI coinníollacht dhocht a áirithiú maidir leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin, lena n-áirítear maoirseacht shoiléir agus chuimsitheach ar chaiteachas chistí AE atá dírithe ar atógáil agus ar chabhair dhaonnúil; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil gá le cur chuige córasach AE chun feabhas a chur ar chomhordú na gcistí eisíocaíochta agus chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chaiteachas; |
|
63. |
á chur in iúl gurb eol di, faoi Fhoraithne Uimh. 64/2022 ó Uachtarán na hÚcráine, ón 24 Feabhra 2022, go raibh na riaracháin mhíleata freagrach as cumhachtaí na riarachán stáit áitiúil ábhartha a fheidhmiú, agus i gcríocha dí-áitithe, lena réitítear saincheisteanna a bhaineann le hullmhú, formheas, leasú agus cur chun feidhme an bhuiséid áitiúil, an bainistiú maoine faoi úinéireacht chomhchoiteann an phobail chríochaigh faoi seach agus, ar feadh tréimhsí gearra, cinntí a ghlacadh maidir le forbairt talún agus úsáid acmhainní nádúrtha a bhfuil tábhacht áitiúil leo; á chreidiúint, sa staid reatha, go bhfuil acmhainní agus cumhachtaí teoranta ag na húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta náisiúnta chun an leibhéal caighdeánach trédhearcachta agus rialaithe leormhaith ar na hacmhainní airgeadais a úsáidtear a áirithiú; ag tathant ar BEI rannpháirtíocht na ndaoine áitiúla agus ionadaithe atá tofa go daonlathach den fhéinrialtas áitiúil a áirithiú agus a fhormhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí cur chun feidhme a mhéadú agus ról láidir faireacháin a shaothrú maidir leis na hacmhainní a leithdháiltear chun a míleithreasaithe nó a mí-úsáid a chosc; á iarraidh ar BEI a fhoirne faireacháin agus iniúchóireachta féin a bhunú san Úcráin, lena n-áiritheofaí cruinneas na sonraí iniúchóireachta a bhaineann le gach tionscadal arna gcistiú ag AE; |
|
64. |
á iarraidh ar BEI comhordú a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh air maidir le cistí ó thionscnamh AE don Úcráin leis an gCoimisiún, leis an mBanc Domhanda agus le daoine eile laistigh d’Ardán um Chomhordú Dheontóirí G7 don Úcráin, chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus bhardasacha na hÚcráine, chun cur chun feidhme cur chuige comhoibríoch a áirithiú chun freastal ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine; |
|
65. |
á lua, sa bhreis ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, gur dheonaigh BEI Domhanda EUR 9,1 billiún de mhaoiniú nua in 2022, rud a thug go EUR 10,8 billiún an méid iomlán gníomhaíochta a rinne an fhochuideachta sin BEI, a seoladh i mí Eanáir 2022 chun dlús a chur le hoibríochtaí lasmuigh de AE; |
|
66. |
á chur in iúl gur geal léi tacaíocht airgeadais agus theicniúil BEI do Phoblacht na Moldóive, agus spleáchas agus leochaileacht fuinnimh na tíre á gcur san áireamh sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha; á iarraidh ar BEI leanúint de thacaíocht a thabhairt don Mholdóiv chun dlús a chur lena haontachas le AE agus lena dul chun cinn i dtreo neamhspleáchas agus éagsúlú fuinnimh fadtéarmach; |
|
67. |
ag spreagadh BEI Domhanda chun láithreacht áitiúil níos láidre a shaothrú trí tháirgí agus samhlacha gnó a chur in oiriúint do riachtanais áitiúla agus comhoibriú níos dlúithe le hinstitiúidí comhpháirtíochta, chun feabhas a chur ar thionchar forbartha AE ar Fhoireann na hEorpa faoi scáth na hionstraime um chomharsanacht, forbairt agus comhar idirnáisiúnta – an Eoraip dhomhanda; |
|
68. |
á chur in iúl gur geal léi an chéad chomhaontú airgeadais a síníodh idir BEI agus Ciste Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD), lena gcuirfear EUR 500 milliún ar fáil do IFAD chun tacú lena chlár chun slándáil bia a fheabhsú agus chun bochtaineacht a laghdú i gceantair thuaithe agus chun cabhrú le feirmeoirí beaga oiriúnú don athrú aeráide; |
|
69. |
ag tarraingt aird ar thuairimí éagsúla na mBallstát maidir le conas an maoiniú agus an cumhdach is gá ó bhuiséad AE a áirithiú chun rannpháirtíocht leanúnach an Bhainc san Úcráin a cheadú, rud a d’fhéadfaí teacht chun deiridh mura dtiocfar ar réiteach ar bith; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh BEI don Úcráin, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le bonneagar a atógáil, tacú le riachtanais infheistíochta tosaíochta agus tacú le gnó; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht láidir a chur ar fáil don tír i gcomhréir lena riachtanais; á iarraidh go ndéanfar anailís chríochnúil leanúnach ar na riachtanais airgeadais maidir le hatógáil agus forbairt inbhuanaithe na hÚcráine agus tús áite á thabhairt do riachtanais áitiúla, lena n-áirítear measúnú ar thionchar an chogaidh ar an gcomhshaol; |
|
70. |
ag spreagadh BEI (BEI Domhanda), ag tógáil ar bhunú an chéad mhol réigiúnaigh sa Chéinia, chun a láithreacht sa réimse i dtíortha nach bhfuil san Aontas a neartú tuilleadh, agus acmhainní á gcur le chéile, i gcás inar féidir, agus dlús a chur leis an gcomhar le gníomhaithe eile Eorpacha agus neamh-Eorpacha, go háirithe institiúidí maoinithe forbartha; á iarraidh go mbeidh sainordú forbartha nithiúil agus láidir ann do Dhomhanda BEI, a bheidh fréamhaithe chun neamhionannais a laghdú agus chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus chun tacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag tacú le méadú ar na ráthaíochtaí a thugtar do BEI le buiséad AE chun go mbeidh an Banc in ann a chuid gníomhaíochtaí a leathnú sa Domhan Theas; |
|
71. |
ag spreagadh tuilleadh comhair agus go ndéanfaí oiriúnú ar mhodhanna oibre agus uirlisí BEI agus go háirithe BEAF, maidir le riachtanais infheistíochta san Afraic amach anseo, chun infheistíochtaí ar mhórscála a éascú, agus tacaíocht AE á coinneáil ag an am céanna do thionscadail áitiúla ar scála níos lú, ag rannchuidiú ar deireadh le spriocanna Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
72. |
á iarraidh ar BEI oibriú níos dlúithe le Banc Forbartha na hAfraice agus measúnú a dhéanamh ar na buntáistí féideartha a bhaineann le fochuideachta chomhpháirteach a bhunú; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú lena gcothaítear forbairt inbhuanaithe; ag moladh go gcruthófaí tionscadail chomhpháirteacha agus moil chomhairleacha, chun pointí teagmhála éifeachtacha a sholáthar do ghníomhaithe áitiúla chomh maith le feabhas a chur ar úinéireacht áitiúil do thionscadail forbartha chomhchoiteanna, chun tionchar agus éifeachtúlacht forbartha a uasmhéadú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí tacaíocht d’fhorbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic, go háirithe trí MFBManna san Afraic a chistiú; ag spreagadh, chomh maith, comhar níos dlúithe le bainc forbartha réigiúnaí eile; |
Gníomhaíochtaí BEI a bhaineann le paindéim COVID-19
|
73. |
á lua gur lean BEI dá iarrachtaí in 2022 chun tacú le gníomhaíochtaí chun an phaindéim a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur chuir BEI EUR 5,1 billiún ar fáil in 2022 do thionscadail sláinte agus eolaíochtaí beatha a chuaigh chun tairbhe do thart ar 980 milliún duine ar fud an domhain; á chur in iúl gur mór aici tacaíocht BEI don tionscnamh domhanda vacsaíní COVAX, an tsaoráid idirnáisiúnta chun rochtain chothrom agus uilíoch ar vacsaíní COVID-19 a áirithiú, agus EUR 900 milliún san iomlán curtha ar fáil ag BEI faoi mhí an Mhárta 2022 agus ansin, i mí Aibreáin 2022, ag gealladh EUR 1 bhilliún breise chun tacú le COVAX; |
|
74. |
ag tabhairt dá haire nach raibh aon tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar cháilíocht phunann iasachtaí BEI a bhuí lena straitéis bainistithe riosca creidmheasa agus de bhrí go leanann BEI de sheasamh láidir leachtachta a choinneáil d’ainneoin comhthéacs ginearálta na héiginnteachta sna margaí airgeadais domhanda; |
|
75. |
á thabhairt dá haire, maidir leis an bpaindéim, gur chruthaigh Grúpa BEI a sholúbthacht maidir le réitigh airgeadais a chur ar fáil ar ghéarchéimeanna agus a chumas gníomhú ar bhealach comhlántach le freagairt AE ar mhórscála, níos fadtéarmaí trí NextGenerationEU agus tacaíocht náisiúnta don infheistíocht phoiblí; |
Comhlíonadh, trédhearcacht agus cuntasacht BEI
|
76. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le dea-chleachtais in institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, gur coiste speisialaithe, neamhspleách é Coiste BEI um Ghearáin Soláthair (CGS) a bhfuil sainordú aige gearáin soláthair a láimhseáil a chuireann i gcoinne chinntí an Bhainc maidir le nósanna imeachta soláthair tionscadail faoi thionscadal atá maoinithe ag BEI lasmuigh de AE; ag tabhairt faoi deara go bhfuair an CGS 18 ngearán soláthair in 2022, i gcomparáid le 23 in 2021 agus 31 in 2020, agus gur gearáin soláthair iad 13 cinn de na 18 ngearán sin a cuireadh isteach roimh chinneadh/neamhagóid an Bhainc (i gcomparáid le 18 ngearán den sórt sin in 2021) gur atreoraigh Rúnaíocht CGS chuig seirbhísí an Bhainc atá i gceannas ar na tionscadail ábhartha chun tuilleadh bearta leantacha a dhéanamh, agus gur cuireadh na cúig ghearán soláthair eile faoi bhráid CGS tar éis neamhagóid an Bhainc dámhachtainí a chonrú (an líon céanna le 2021) agus gur athbhreithníodh iad agus gur cinneadh orthu; ag tabhairt faoi deara gur vótáil an CGS chun seasamh le neamhagóid an Bhainc i gcás dhá cheann de na gearáin agus chun neamhagóid an Bhainc a tharraingt siar sna trí chás eile; |
|
77. |
á chur in iúl gur mór aici go bhfuil róil chomhlántacha ag CGS, ag an Rannán Imscrúduithe agus ag an Rannán um Shásra Gearán laistigh den Ard-Chigireacht, lena n-éascaítear comhar agus cumarsáid chun gach líomhain a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hiompar toirmiscthe agus gearáin a bhaineann le soláthar nó nach mbaineann le soláthar a chumhdach; ag tabhairt dá haire gur cláraíodh 54 chás nua le sásra gearán BEI in 2022 (i gcomparáid le 64 chás in 2021 agus 77 gcás in 2020), gur próiseáladh 97 gcás (107 agus 137 in 2021 agus in 2020 faoi seach) agus gur dúnadh 53 chás (64 agus 94 chás in 2021 agus 2020); á thabhairt dá haire gur bhain 68 % de na gearáin a cláraíodh in 2022 leis an tionchar comhshaoil agus sóisialta, agus gur thagair 20 % d’ábhair a bhaineann le rialachas agus riarachán BEI; |
|
78. |
á iarraidh ar BEI chun a áirithiú go bhfuil an sásra gearán inrochtana, éifeachtach agus neamhspleách d’fhonn sáruithe féideartha ar bith ar chearta an duine i dtionscadail a bhaineann le BEI a bhrath agus a leigheas; ag tabhairt dá haire, in 2022, go bhfuair Rannán Imscrúduithe BEI 180 líomhain (i gcomparáid le 174 agus 183 in 2021 agus 2020), lenar dúnadh 147 gcás den sórt sin (seachas 204 in 2021 agus 195 in 2020) agus lenar eisíodh 36 mholadh agus tuairim (45 in 2021 agus 52 in 2020); á thabhairt chun suntais gur tuairiscíodh 42 chás do OLAF, a ndearnadh 11 díobh a tharchur chuig OIPE freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna ina dtugtar bunús le líomhaintí tar éis imscrúdú a dhéanamh (17 gcás a bhfuil bunús leo as 70 imscrúdú a osclaíodh in 2022, i gcomparáid leis na 17 gcás a raibh bunús leo as 67 n-imscrúdú a osclaíodh in 2021 agus na 37 gcás a raibh bunús leo as 91 imscrúdú a osclaíodh in 2020); |
|
79. |
ag aontú le tuairim Choiste Iniúchóireachta BEI go bhfuil gá le faireachán, bainistiú agus formhaoirseacht fheabhsaithe ar rioscaí oibríochta agus teicneolaíochta, lena n-áirítear cibear-rioscaí agus rioscaí neamhairgeadais eile; |
|
80. |
ag tabhairt dá haire go ndearna BEI, an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an Comhaontú Tríthaobhach a athnuachan an 11 Samhain 2021; á chur in iúl gurb oth léi nach gcuirtear ar fáil leis an gcomhaontú athbhreithnithe an réiteach fairsing atá iarrtha ag an bParlaimint; á chur in iúl gur geal léi, áfach, go gceadaítear leis an gcomhaontú nua rochtain níos fearr ar dhoiciméid BEI iniúchta agus cuíchóiriú níos fearr a dhéanamh orthu agus go soiléirítear ann an amlíne chun doiciméadacht iniúchóireachta riachtanach a fháil, formáid na ndoiciméad sin agus na rialacha maidir le rúndacht, cosaint sonraí, modhanna bailithe fianaise agus rochtain ar fhaisnéis; á athdhearbhú go meastar go mbeidh rochtain iomlán ag an gCúirt ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hoibríochtaí BEI arb é cur chun feidhme bheartais AE amháin is cúis leo; |
|
81. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidirphlé rialta, struchtúrtha idir Parlaimint na hEorpa agus BEI, a d’fhéadfaí a fheabhsú trí chomhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus BEI, chun feabhas a chur ar rochtain ar dhoiciméid agus ar shonraí BEI faoi théarmaí agus coinníollacha lena ráthófaí rúndacht agus, i gcás inar gá, comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil; ag tabhairt dá haire cinntí an Ombudsman Eorpaigh maidir le cleachtas BEI maidir le faisnéis chomhshaoil a nochtadh (a bhaineann le tionscadail a mhaoiníonn sé go díreach, mar atá i gCás 1065/2020/PB, nó trí idirghabhálaithe, mar atá i gCás 1251/2020/PB), ar cheart dóibh na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos le Coinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh maidir le foilsiú agus nochtadh córasach agus gníomhach arna iarraidh sin; á thabhairt faoi deara go bhfuil athruithe molta ag an Ombudsman Eorpach maidir le cuimsitheacht an inneachair, tráthúlacht an fhoilsithe agus infheictheacht na faisnéise agus na gceanglas rúndachta; á chur in iúl go dtuigeann sí nár chomhaontaigh BEI ach cuid de mholtaí an Ombudsman Eorpaigh a chur chun feidhme; ag aontú le tuairim an Ombudsman Eorpaigh go mbeadh sé chun leas an phobail do BEI na hathruithe molta a chur chun feidhme ina n-iomláine; |
|
82. |
á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa grinnscrúdú iomlán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar oibríochtaí a bhfuil ráthaíochtaí ó bhuiséad AE mar thaca leo, lena n-áirítear oibríochtaí BEI, agus aghaidh á tabhairt aici ar aon easnaimh ina modhanna oibre atá ag cur cosc uirthi faoi láthair é sin a dhéanamh; |
|
83. |
á chur in iúl gur geal léi beartais agus cleachtais BEI agus a thrédhearcacht, agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe, go háirithe trí na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach le chéile a chur chun feidhme chun ‘go nglacfaidh sé céimeanna trédhearcachta éagsúla chun cur ar chumas an phobail an tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail a mhaoiníonn sé a fheiceáil ar bhealach níos éasca’; |
|
84. |
á chur in iúl gur geal léi bunú córais nua chun obair leantach agus tuairisciú a dhéanamh ar mholtaí agus ar thuairimí arna n-eisiúint ag Rannán Imscrúdaitheach BEI, a fógraíodh in 2021; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfear tionchair airgeadais na gcásanna a imscrúdaíonn an rannán in iúl i dtuarascáil bhliantúil sa todhchaí agus go rachadh sé níos faide ná tuairisc insinte amháin ar na cás-staidéir chun léargais luachmhara a thabhairt chun gur féidir a mhéid a choimircítear leasanna airgeadais a mheasúnú; á mheabhrú a thábhachtaí atá BEI a áirithiú go ndéanfar meastóireacht shoiléir ar na rioscaí airgeadais, oibríochtúla agus clú agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil imscrúdú iomchuí chuige sin; |
|
85. |
á chur in iúl an athuair gur oth léi nach nochtann BEI go hiomlán fós na sonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil na gcliant dá chuid; á athdhearbhú gur iarr sí follasacht fheabhsaithe maidir le hoibríochtaí BEI trí idirghabhálaithe airgeadais amhail bainc thráchtála agus cistí infheistíochta, laistigh den chreatlach reachtaíochta ábhartha, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, agus go ndéanfar na hoibleagáidí caighdeánacha tuairiscithe a shainiú lena bhfuiltear in ann leibhéal leordhóthanach sonraí agus faisnéis a sholáthar; á iarraidh ar BEI clásail chonarthacha maidir le nochtaí éigeantacha ó idirghabhálaithe airgeadais a chur san áireamh maidir le gníomhaíocht iasachtaithe; |
|
86. |
á iarraidh ar BEI an córas luathbhraite agus luatheisiaimh a úsáid agus cinntí maidir le heisiamh a chur san áireamh maidir le haon duine nó eintiteas a dhéanann iarratas ar chistí AE, a roghnaítear lena n-aghaidh nó a fhaigheann cistí AE nuair a fhormheasann sé infheistíochtaí a chumhdaítear le maoiniú a thagann ó bhuiséad AE; |
|
87. |
ag tabhairt dá haire cóid nuashonraithe iompraíochta Choiste Bainistíochta agus Bhord Stiúrthóirí BEI amhail Lúnasa 2021; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh tréimhse shuaimhnithe níos faide isteach do chomhaltaí an Choiste Bainistíochta (24 mhí seachas 12 mhí) agus do chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí (12 mhí seachas 6 mhí); á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil aon fhoráil ann lena n-eisiatar leas-uachtaráin ó mhaoirseacht agus cinntí a dhéanamh ar oibríochtaí ina dtíortha tionscnaimh agus á áitiú go dtabharfar aghaidh air sin sa chéad athbhreithniú eile; ag tabhairt dá haire conclúidí agus cinneadh an Ombudsman Eorpaigh i gCás 1016/2021/KR, maidir leis an gcaoi ar láimhseáil BEI an t-iarratas ó iar-Leas-Uachtarán chun post a ghlacadh, laistigh de 3 mhí tar éis dó éirí as oifig, ag cuideachta fuinnimh agus fóntais a fuair iasachtaí BEI; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an riosca coinbhleachtaí leasa agus neamh-leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh ag BEI chun an riosca a mhaolú sa chás i bpointe; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinne BEI ar an gcód iompair do chomhaltaí a Choiste Bainistíochta, inar tugadh aghaidh ar roinnt de na hábhair imní maidir leis an riosca coinbhleachtaí leasa i bhfostaíocht ionchasach comhaltaí nó iarchomhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á iarraidh an athuair go dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh atá fós ann maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint sa chéad athbhreithniú eile ar chód iompair an Choiste Bainistíochta; á iarraidh ar an Ombudsman Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chód iompair nua an Choiste Bainistíochta; |
|
88. |
ag tuiscint go bhfuil obair leantach á déanamh ag BEI ar na moltaí a d’eisigh OLAF ag deireadh imscrúduithe éagsúla a bhí dírithe ar liúntais oideachais a tugadh go míchuí do bhaill foirne BEI; ag dréim leis go ndéanfar na híocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil go hiomlán agus ag athdhearbhú a hiarrata go dtuairisceoidh BEI don Pharlaimint maidir le toradh a ghníomhaíochtaí ceartaitheacha; |
|
89. |
ag tabhairt dá haire na bearta atá déanta ag BEI le blianta beaga anuas chun cothromaíocht inscne a fhoirne a fheabhsú, go háirithe ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach; ag spreagadh an Bhainc leanúint dá iarrachtaí cothromaíocht inscne níos soiléire a bhaint amach laistigh dá eagraíocht; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann mná ag deireadh 2022 agus 44,5 % den chatagóir feidhmiúcháin ((D/6; E/5; F/4) in BEI, agus, laistigh den ghrúpa sin, gurbh ionann mná agus 35,6 % den fhoireann ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach (D/6) agus 44,3 % den fhoireann ar leibhéal na n-oifigeach (E/5), agus 64,4 % ar leibhéal na n-anailísithe/na n-oifigeach sóisearach (F/4); ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, gurbh ionann mná agus 33 % den fhoireann bhainistíochta (30,6 % ar leibhéal Ghrúpa BEI), agus an sprioc a leagtar síos sa straitéis um éagsúlacht agus cuimsiú 2018-2021 á baint amach acu; |
|
90. |
á iarraidh an athuair ar an mBanc an bhearna i dtuarastail idir na catagóirí foirne riaracháin agus gairmiúla a dhúnadh; á chur i bhfios go gcuireann an staid reatha agus na costais mhaireachtála atá ag dul i méid i Lucsamburg brú suntasach ar an bhfoireann riaracháin agus, san fhadtéarma, go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar fholláine na mball foirne agus ar iomaíochas BEI chun an fhoireann is fearr cáilithe a mhealladh; |
|
91. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí ar nósanna imeachta ceapacháin inmheánacha neamh-thrédhearcacha i measc na foirne bainistíochta sa cheanncheathrú agus sna hoifigí seachtracha; á iarraidh ar an mBanc a áirithiú go ndéanfar gach nós imeachta earcaíochta agus soghluaisteachta inmheánaí a fhorghníomhú i gcomhréir leis na caighdeáin trédhearcachta agus eitice is airde; |
|
92. |
ag tuiscint go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag BEI sa phlé inmheánach maidir leis an gcur chuige nua maidir le héagsúlacht, cothromas, cuimsiú agus muintearas a thiocfaidh in ionad na straitéise do 2018-2021 agus ag spreagadh an Bhainc é a ghlacadh gan mhoill; ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI ionadaíocht gheografach chuí a áirithiú, lena n-áirítear ar na leibhéil meánbhainistíochta agus bainistíochta sinsearaí, agus á iarraidh air miondealú inscne agus náisiúntachta ar phoist mheánbhainistíochta agus shinsearacha a fhoilsiú go bliantúil; |
|
93. |
á athdhearbhú go bhfuil gá le níos mó trédhearcachta nuair a chuirtear tionscadail chun feidhme trí idirghabhálaithe airgeadais; á mheabhrú a thábhachtaí atá trédhearcacht do nósanna imeachta cinnteoireachta inmheánacha freisin agus do thionchar tionscadal ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine ar feadh a gcur chun feidhme; |
|
94. |
ag tabhairt dá haire an fiosrúchán a d’oscail an tOmbudsman Eorpach i mí an Mhárta 2023 maidir le trédhearcacht, foilsiú tráthúil faisnéise agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht chomhshaoil agus shóisialta BEI; á mheabhrú gur eisigh an tOmbudsman Eorpach moltaí soiléire i mí Aibreáin 2022 chun go nglacfadh BEI beartas nochta níos uaillmhianaí, nach bhfuil gníomh déanta fós ina leith; |
|
95. |
á chur in iúl gur geal léi Straitéis Ghrúpa BEI maidir le comhionannas inscne agus plean gníomhaíochta um chumhachtú eacnamaíoch na mban agus um inscne; á aithint gur cuid de shamhail ghnó BEI é comhionannas inscne agus, go háirithe, cumhachtú eacnamaíoch na mban; á iarraidh ar BEI príomhshruthú inscne a chur chun feidhme tuilleadh i ngach oibríocht dá chuid chun comhionannas inscne agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn; |
Measúnú leantach ar na moltaí ón bParlaimint
|
96. |
á iarraidh ar BEI leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar staid na himeartha agus ar stádas na moltaí a d’eisigh an Pharlaimint roimhe seo ina rúin bhliantúla, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
° ° ° |
|
97. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI díospóireacht a thionól ar sheasaimh na Parlaiminte a chuirtear i láthair anseo. |
(1) Breithiúnas an 30 Márta 2022, KF v an Banc Eorpach Infheistíochta, T-299/20, ECLI EU:T:2022:171.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4007/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)