Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3941 |
18.6.2024 |
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSomáil
(C/2024/3941)
Dírítear aird an ábhair sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/1729 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1724 ón gComhairle (5).
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis ag:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
Data.protection@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2010/231/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/1729 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1724 ón gComhairle.
Is iad na hábhair sonraí na daoine nádúrtha sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2010/231/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis na forais maidir leis an liostú.
Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.
Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs trasuí ainmnithe agus nuashonruithe ainmnithe ag Comhairle slándála na Náisiún Aontaithe agus Coistí Smachtbhannaí ábhartha na Náisiún Aontaithe go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn an Chomhairle chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; |
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.
Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.
Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.
I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú.
Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.
(3) IO L, 2024/1729, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1729/oj.
(4) IO L 105, 27.4.2010, lch. 1.
(5) IO L, 2024/1724, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1724/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3941/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)