|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3922 |
1.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – Skechers USA v EUIPO (HANDS FREE FIT)
(Cás T-254/24)
(C/2024/3922)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HANDS FREE FIT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 834 742
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Márta 2024 i gCás R 2417/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar phrionsabal an chomhionannais mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhar le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar síos in Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3922/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)