|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3920 |
1.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2024 – Alberts v EUIPO – Techtex (Boscaí cairtchláir [pacáistiú])
(Cás T-245/24)
(C/2024/3920)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Adina Alberts (Búcairist, an Rómáin) (ionadaithe: V. Roș agus A. Livădariu, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Techtex SRL (Oșorhei, an Rómáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Boscaí Cairtchláir [pacáistiú] – Dearadh Comhphobail Uimh. 7 873 187-0001
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Márta 2024 i gCás R 1348/2023-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
go príomha, an t-iarratas ar dhearbhú go bhfuil an dearadh atá i gceist neamhbhailí a dheonú; |
|
— |
mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc lena athbhreithniú; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar cheanglas fíor-riachtanach nós imeachta agus ar rialacha dlí a bhaineann le teorainneacha an Bhoird Achomhairc agus measúnú á dhéanamh ar na saincheisteanna; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3920/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)