|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3910 |
1.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Bealtaine 2024 – Naturgy Energy Group v an Coimisiún
(Cás T-508/14) (1)
(Státchabhair - Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch (GLE) áirithe agus a n-infheisteoirí - Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt - Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide - Ní gá breithniú a dhéanamh go páirteach - Buntáiste - Dochar don Stát - Cabhair nua - Aisghabháil - Clásail chonarthacha lena gcosnaítear na tairbhithe ar aisghabháil Státchabhrach neamhdhleathaí nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach - Roinnt na n-inniúlachtaí idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta)
(C/2024/3910)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Naturgy Energy Group, SA, Gas Natural SDG, SA roimhe seo (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: R. García Gómez de Zamora agus M. Troncoso Ferrer, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Segura Catalán, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 163 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar freisin ‘córas léasa cánach na Spáinne’ (IO 2014 L 114, lch. 1), ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh a mhéid atá sí dírithe ar Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘córas léasa cánach na Spáinne’ sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpalacha um leas eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den chinneadh sin, a mhéid is go gceanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh céanna sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpalacha um leas eacnamaíoch a bhain tairbhe as. |
|
2. |
Díbhtear don chuid eile den chaingean. |
|
3. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3910/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)