European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3812

13.6.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11519 — COGNE ACCIAI SPECIALI / MANNESMANN STAINLESS TUBES)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3812)

1.   

An 5 Meitheamh 2024 fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Cogne Acciai Speciali S.p.A. (‘Cogne Acciai Speciali’, an Iodáil), faoi rialú Walsin Lihwa Corporation (an Téaváin),

Mannesmann Stainless Tubes GmbH (‘Mannesmann Stainless Tubes’, an Ghearmáin), faoi rialú Salzgitter AG (an Ghearmáin).

Gheobhaidh Cogne Acciai Speciali rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Mannesmann Stainless Tubes ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is táirgeoir táirgí fada cruach dosmálta (amhail slat sreinge agus barraí) é Cogne Acciai Speciali, chomh maith le táirgeoir táirgí leathchríochnaithe déanta as cruach dhosmálta agus cóimhiotail nicile (amhail blúmáin agus billéid),

Is táirgeoir feadán cruach dosmálta agus cóimhiotal nicile é Mannesmann Stainless Tubes agus, go pointe teoranta, táirgeoir feadán cruach carbóin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11519 — COGNE ACCIAI SPECIALI / MANNESMANN STAINLESS TUBES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3812/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)