Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3792 |
24.6.2024 |
Caingean arna tabhairt an 7 Bealtaine 2024 – Karić v an Chomhairle
(Cás T-238/24)
(C/2024/3792)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Bogoljub Karić (Béalgrád, an tSeirbia) (ionadaithe: W. Julié agus A. Beauchemin, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2024/769 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 (1) a chur ar neamhní, a mhéid a choinnítear leis ainm an Iarratasóra in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/768 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 (2) a chur ar neamhní a mhéid a choinnítear leis ainm an Iarratasóra in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin; |
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh iomlán chostais agus chaiteachais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráidí measúnaithe. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3792/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)