European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3762

24.6.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Ismailova v an Chomhairle

(Cás T-234/22)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo cistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - Coincheap an ‘chomhlachais’ - Airteagal 2(1) in fine de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 3(1) in fine de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - Dlínse na Cúirte Ginearálta - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid mheasúnaithe - Cearta na cosanta - Ceart chun maoine agus saoirse chun gnó a sheoladh - Saoirse gluaiseachta - Comhréireacht)

(C/2024/3762)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gulbakhor Ismailova (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaithe: J. Grand d’Esnon, C. Durrleman agus S. Lescanne, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus A. Vitro, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcead dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1), agus Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 110, lch. 55), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022, L 110, lch. 3), agus, tar éis é a mhodhnú, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Gulbakhor Ismailova na costais, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, a íoc.


(1)   IO C 237, 20.6.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3762/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)