European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3669

26.6.2024

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cuimsiú sóisialta leanaí a fheabhsú tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach

(Tuairim féintionscnaimh)

(C/2024/3669)

Rapóirtéir

:

Enzo LATTUCA (IT/PSE), Uachtarán Chúige Forlì-Cesena agus Méara Cesena

MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Barúlacha tosaigh

1.

Is cúis mhór imní do CnaR go bhfuil an bhochtaineacht leanaí ar cheann de na dúshláin is mó i sochaí na linne seo. Is leanaí thart ar 20 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh agus tá duine as gach ceathrar díobh sin i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Fágann sin gurb iad na leanaí an sciar is leochailí den daonra agus an sciar is leitheadaí bochtaineacht agus eisiamh sóisialta. Tá an scéal sin imithe in olcas mar gheall ar thionchar eacnamaíoch na paindéime agus ar an méadú ar an gcostas maireachtála.

2.

Dá bhrí sin, tá dlúthnasc idir an bhochtaineacht san Eoraip agus aois an duine agus comhdhéanamh an teaghlaigh, agus faightear éagsúlacht mhór dúshlán, grúpaí leochaileacha agus táscairí i mBallstáit agus réigiúin éagsúla an Aontais. Tá CnaR ag iarraidh, ach go háirithe, go dtabharfaí aird ar leith ar na beartais a thacaíonn le teaghlaigh ina bhfuil leanaí agus go ndéanfaí beart d’aon lámh le go mbainfear amach na spriocanna maidir le laghdú na bochtaineachta mar atá leagtha amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

3.

Meabhraíonn CnaR gur mór idir na rátaí bochtaineachta leanaí ó Bhallstát go chéile, rud a léiríonn castacht na ndúshlán atá le fáil i réigiúin agus i gcathracha éagsúla. Is gá, dá bhrí sin, beart polaitiúil iomlánaíoch ilghnéitheach a dhéanamh. Meabhraíonn CnaR, thairis sin, mar a deimhníodh sa Report Card 18 is déanaí de chuid UNICEF, nach leor leibhéal ard rachmais náisiúnta le rátaí ísle bochtaineachta leanaí a áirithiú; a mhalairt ar fad, is méadú mór a tháinig ar an mbochtaineacht leanaí le 10 mbliana anuas i roinnt de na tíortha is saibhre.

4.

Is díol sásaimh do CnaR an méadú ar an infheistíocht shóisialta san Aontas Eorpach agus go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun tógáil naíolann agus seirbhísí cúraim leanaí a chur chun cinn ar fud an Aontais. Cuireann an infheistíocht sin feabhas ar cháilíocht saoil mhuintir na hEorpa, agus, lena chois sin, bíonn tionchar dearfach aici ar an ngeilleagar, rud a chabhraíonn le poist a chruthú, a thacaíonn le beatha an tuismitheora agus a laghdaíonn na héagothromaíochtaí idir na hinscní.

5.

Is mian le CnaR aird a tharraingt ar an bhfíorbhaol atá ann nach mbainfear amach an sprioc atá leagtha síos i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é sin 5 mhilliún leanbh san Eoraip a shaoradh ón mbochtaineacht. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha cánach le go spreagfar an infheistíocht is gá chun tacú le teaghlaigh agus le leanaí atá ag maireachtáil go beo bocht.

6.

Tá an-tábhacht ar bhonn straitéiseach le hinfheistíocht a dhéanamh sna luathbhlianta de shaol an linbh, go háirithe an chéad 1 000 lá de shaol an linbh, le go bhféadfar bonn a leagan as a bhféadfaidh daoine folláine agus sochaithe rathúla fás. Chuige sin, tá gá le gealltanas airgeadais agus rialála iomchuí ón Aontas agus ó na Ballstáit. Mar sin de, ní costas ach infheistíocht atá sa mhéid a chaitear ar chúram leanaí, sin le rá gur beart straitéiseach atá ann atá dírithe ar fhás agus ar fhorbairt níos fearr a dhéanamh ar son na sochaí ina hiomláine agus comhdheiseanna a chruthú do chách, rud a dhúnann an bhearna oideachais idir leanaí ó theaghlaigh a bhfuil leibhéil éagsúla ioncaim acu agus a chuireann comhdheiseanna oideachais chun cinn ag aois an-óg.

7.

Tá an-tábhacht freisin leis na bearta a chuireann i gcoinne na bochtaineachta leanaí, go háirithe an rochtain ar sheirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí idir na hinscní agus cur le líon na mban i margadh an tsaothair, óir bíonn bac orthu go minic toisc nach leor an tacaíocht cúraim leanaí a bhíonn ar fáil.

8.

Meabhraíonn CnaR na héigeandálaí a bhíonn ann le linn géarchéimeanna. Le linn cogaidh, mar shampla, nuair a bhíonn tionchar díreach ag na héigeandálaí sin ar gheilleagair agus ar shochaithe na mBallstát, mar atá i gcás na ngéarchéimeanna san Úcráin agus sa Mheánoirthear faoi láthair, agus cuirtear leanaí i mbaol mí-úsáide, dúshaothraithe agus díthe cúraim bhunúsaigh. Fágann sin gur práinní fós bearta spriocdhírithe arna maoiniú go cuí a dhéanamh.

9.

Ar na bearta a chuir an Eoraip i bhfeidhm faoi chuimsiú Cholún na gCeart Sóisialta, is mian le CnaR a lua, go háirithe, an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus an Moladh ón gComhairle Eorpach a glacadh an 14 Meitheamh 2021 arb é is príomhchuspóir dó cur leis an rochtain ag leanaí atá ar an ngannchuid ar sheirbhísí bunúsacha amhail oideachas, tithíocht shásúil, cothú cuí, baile agus cosaint na sláinte, d’fhonn cur chuige iomlánaíoch a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht leanaí agus le heisiamh sóisialta leanaí.

10.

Is díol sásaimh do CnaR an tríú céim thástála den Ráthaíocht do Leanaí (a rinneadh le tacaíocht agus cúnamh teicniúil ó UNICEF) agus gur éirigh leis na Ballstáit uile Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí a thíolacadh. Ainneoin difríochtaí suntasacha a bheith idir na pleananna sin, cuirtear béim i ngach ceann acu ar ról na n-eintiteas áitiúil. Tá an-tábhacht leis an leibhéal áitiúil chun a lán seirbhísí riachtanacha a bhainistiú, e.g. an t-oideachas agus an cúram luath-óige, an cúram sóisialta agus sláinte, measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna, próiseáil agus bailiú sonraí, malartú dea-chleachtas, faireachán, agus leanaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas.

11.

Is oth le CnaR i gcás roinnt Ballstát gur beagnach dhá bhliain tar éis an spriocdháta bunaidh a bhí leagtha síos lena thíolacadh a thíolaic siad a bplean náisiúnta agus i gcás Ballstáit eile a thíolaic an plean nár chuir siad an plean chun feidhme nó nár chuir siad bearta sonracha i bhfeidhm le sin a dhéanamh. Tá súil ag CnaR, thairis sin, go mbeidh na heintitis áitiúla, i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha, in ann a chur ina luí ar na Ballstáit na pleananna a chur chun feidhme. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach faireachán éifeachtach agus diongbháilte a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas a bhaineann leis an Ráthaíocht do Leanaí, agus go háirithe ar úsáid éifeachtach agus chomhsheasmhach na gcistí atá dírithe ar an mbochtaineacht leanaí a chomhrac faoi chuimsiú CSE+.

12.

Mar gheall ar an tionchar mór atá ag paindéim COVID-19 agus ag an gcogadh san Úcráin ar leanaí agus ar theaghlaigh, iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach an sciar de CSE+ atá dírithe ar an tionscnamh seo a mhéadú agus leanúint de mhaoiniú a thabhairt le haghaidh pacáistí tacaíochta do leanaí atá i gcásanna éigeandála, agus tacú go háirithe leis na heintitis áitiúla chun na géarchéimeanna a bhainistiú.

Ról na n-údarás áitiúil sa troid i gcoinne na bochtaineachta leanaí agus i gcur chun feidhme na Ráthaíochta do Leanaí

13.

Ós rud é go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh gach dhá bhliain ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí (Márta 2024), tá CnaR den tuairim go gcaithfidh na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú go bhfuil na hacmhainní is gá ag na Ballstáit chun gur féidir leo infheistiú i leanaí, rud a bhfuil ríthábhacht leis, agus díriú ar chéim chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí agus ról lárnach na n-údarás áitiúil, go háirithe agus na toghcháin Eorpacha ag druidim linn.

14.

Aithníonn CnaR an ról straitéiseach atá ag na heintitis áitiúla maidir le tuiscint a fháil ar na sainiúlachtaí áitiúla is cúis leis an mbochtaineacht leanaí ina bpobail féin agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach, ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit agus ar na heintitis áitiúla tacú le pleananna gníomhaíochta áitiúla agus réigiúnacha a chur chun feidhme maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí. Chuirfí sainiúlachtaí gach réigiúin agus pobail san áireamh sna pleananna sin, chuirfí an cuimsiú sóisialta leanaí chun cinn agus dhíreofaí ar phacáiste íosta de sheirbhísí riachtanacha a sholáthar do na leanaí is leochailí, lena n-áirítear seirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige, béilí scoile, seirbhísí cúraim shóisialta agus seirbhísí sláinte.

15.

Le gur féidir cur i gcoinne na bochtaineachta leanaí, measann CnaR gur gá tuiscint a fháil ar na rudaí is cionsiocair léi. Toisc go bhfuil an-éagsúlacht cúiseanna ann agus gur casta iad, is gá beart a dhéanamh ar leibhéil éagsúla agus díriú ar chomhthéacsanna eile le cois an chomhthéacs áitiúil. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, teacht a bheith ar shonraí mionsonraithe maidir leis an méid bochtaineachta atá sna limistéir éagsúla le go bhféadfar acmhainní agus tacaíocht a leithdháileadh go cóir agus straitéisí AE a chur chun feidhme.

16.

Tá CnaR i bhfabhar samhail rialachais il-leibhéil agus dhíláraithe a thabhairt isteach ina gcuirfí san áireamh prionsabal na coimhdeachta agus ina n-urramófaí inniúlachtaí na mBallstát, samhail ina mbeadh ról níos gníomhaí sa phróiseas cinnteoireachta ag na heintitis áitiúla a fhad a bhaineann sé le hacmhainní a bhainistiú agus beartais shóisialta, sláinte agus oideachais éifeachtacha a phleanáil, go háirithe mar fhreagairt dhíreach ar na riachtanais atá ag leanaí.

17.

Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí an comhar agus an chomhpháirtíocht, ina measc comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí faoi mhaoirseacht comhlachta atá freagrach go poiblí, a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil ar mhaithe le seirbhísí poiblí a sholáthar le go mbeadh sé ní b’éasca teacht ar na seirbhísí sin agus le gur mhó a bheidís i gcomhréir leis na riachtanais a bhíonn ag leanaí. Lena chois sin, is mian le CnaR béim a leagan ar an ngá atá le hoiliúint agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do phearsanra na n-údarás áitiúil le go bhféadfaidh siad feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus ar a n-éifeachtúlacht maidir le cur chun feidhme na gclár atá dírithe ar leanaí.

18.

Tá CnaR ag iarraidh go n-éascófaí an teacht atá ag na húdaráis áitiúla féin ar na cistí Eorpacha atá dírithe ar leanaí trí na nósanna imeachta a shimpliú agus na hualaí riaracháin a laghdú, agus tuigeann sé a thábhachtaí atá an rannpháirtíocht áitiúil sna roghanna caiteachais a dhéantar agus i gcur chun feidhme na dtionscnamh, go háirithe i gcás Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil agus NextGenerationEU.

19.

Tá CnaR ag iarraidh freisin go dtabharfaí do na heintitis áitiúla cúnamh teicniúil breise maidir leis na beartais cúraim leanaí, trí dhea-chleachtais áitiúla agus réigiúnacha a mhalartú, tríd an bhfothú acmhainneachta agus tríd an bhfaireachán. D’fhéadfaí an cúnamh teicniúil a mhaoiniú trí Chiste Sóisialta na hEorpa; is é an príomhchuspóir ba cheart a bheith leis dea-chleachtais Eorpacha a nascadh le chéile le go mbeidh siad ‘ar fáil’ ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar lú a gcuid acmhainneachtaí agus inniúlachtaí ach atá toilteanach acmhainní a infheistiú sna beartais cúraim leanaí, go háirithe an t-oideachas agus an cúram luath-óige.

20.

Ba cheart infheistíocht na gclár Eorpach agus náisiúnta a dhíriú seasta ar fhorbairt agus ar fheabhsú na seirbhísí a sholáthraítear do leanaí i limistéir intíre, go háirithe sna limistéir is mó atá i mbaol a mbánaithe, agus ba cheart feabhas a chur ar chomhordú na hinfheistíochta sin.

Na príomhdhúshláin agus na príomhbhearta

21.

As measc na seirbhísí éagsúla dá dtagraítear sa Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, is mian le CnaR aird a dhíriú ar na seirbhísí sin atá á mbainistiú ag na heintitis áitiúla féin, e.g. cúram leanaí, gníomhaíochtaí tacaíochta leanaí agus an naíscoil (ar cuid den ghnáthchóras oideachais í i roinnt Ballstát), cothú agus sláinte. Tá CnaR deimhin de gurb é an bealach is fearr le comhdheiseanna a thabhairt do leanaí atá ina gcónaí san Eoraip an cuspóir atá ann a chomhlíonadh, is é sin go gcruthódh na heintitis áitiúla pacáiste de sheirbhísí íosta bunriachtanacha, atá ráthaithe, uilíoch agus in aisce, lena n-áirítear an cúram leanaí, béile scoile inacmhainne ar ardchaighdeán do leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus córas sláinte iomchuí. Is maith mar a thuigeann CnaR na himpleachtaí móra airgeadais a ghabhfadh leis na seirbhísí sin, mar sin féin.

22.

Measann CnaR go bhfuil tábhacht straitéiseach go háirithe leis an infheistíocht a dhéantar chun cur le líon na seirbhísí oideachais a sholáthraítear, le go mbeidh siad ina seirbhísí in aisce (nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, ar phraghsanna réasúnta) do leanaí atá ina gcónaí san Eoraip chun sprioc Barcelona (50 % den phobal a chuimsiú faoi 2030) a bhaint amach agus na héagothromaíochtaí maidir leis an rochtain go háirithe a laghdú agus aird ar leith á tabhairt ar na leanaí is leochailí, agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht oideachasúil.

23.

Tá CnaR den tuairim gur tosaíocht é bia sláintiúil, oiriúnach agus ardcháilíochta a áirithiú trí rochtain uilíoch ar bhéilí scoile a thabhairt do leanaí atá ina gcónaí san Eoraip agus an béile scoile inacmhainne a aithint mar cheart bunriachtanach, uilíoch agus in aisce do leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste i gcás gach seirbhíse oideachais 0-6 bliana d’aois agus i gcás na bunscoile (6-11 bhliain d’aois).

24.

Tá sé ríthábhachtach cur leis an infheistíocht atá beartaithe mar thacaíocht do shláinte coirp agus meabhairshláinte leanaí, trí chláir a chuimsíonn níos mó ná réimse na sláinte, lena n-áirítear gníomhaíochtaí spóirt agus fóillíochta, go háirithe gníomhaíochtaí a bhfuil teacht ag leanaí faoi mhíchumas orthu.

25.

Maidir le réimse na sláinte, measann CnaR gur tosaíocht é modhanna cuimsitheacha agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha a bhíonn le sárú ag leanaí agus teaghlaigh atá faoi mhíchumas. Ní mór na seirbhísí, an tacaíocht teaghlaigh, an rannpháirtíocht agus an oiliúint a bheith éasca le rochtain ag leanaí faoi mhíchumas go sonrach agus ag na heintitis áitiúla ar a mbíonn na leanaí sin ag brath freisin murab ionann agus riamh, óir is minic nach mbíonn na huirlisí agus na hacmhainní cuí ag na húdaráis sin chun cearta bunriachtanacha a áirithiú.

26.

Cuireann CnaR chun suntais a thábhachtaí atá sé catagóirí sonracha áirithe a áireamh agus tacú leo, mar shampla leanaí gan stádas dlíthiúil, leanaí ar de ghrúpa mionlaigh iad, leanaí gan dídean, leanaí atá i saoráidí cúraim mhalartaigh, leanaí faoi mhíchumas, leanaí ar dídeanaithe iad nó leanaí a bhfuil cúlra imirceach acu, agus bearta a dhéanamh atá dírithe ar leanaí leochaileacha i suíomhanna trasteorann agus ar thacaíocht a thabhairt do na heintitis áitiúla le go bhféadfaidh siad seirbhísí fáiltithe a chomhordú do leanaí ar dídeanaithe iad.

Rannpháirtíocht

27.

Tá CnaR ag iarraidh go neartófaí na huirlisí le haghaidh rannpháirtíocht leanaí agus an phobail i gcoitinne chun cur leis an bhfeasacht ar chearta an linbh agus le rannpháirtíocht chuimsitheach leanaí agus daoine óga i saol an phobail agus chun beartais leanaí a mhúnlú. Sin an fáth ar cheart an t-idirphlé leathan idir na húdaráis áitiúla, na forais oideachais, an tsochaí shibhialta agus ionadaithe leanaí agus an aosa óig a neartú lena áirithiú go gcuirfear guth na leanaí san áireamh ag gach céim den phróiseas cinnteoireachta a bhaineann leo.

28.

Tacaíonn CnaR leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Príomhchathair Eorpach do Leanaí a bhunú, ar tionscnamh é sin a bheadh bunaithe ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, ina ndíreofaí go sonrach ar leanaí, ar a gcearta agus ar dheiseanna rannpháirtíochta daonlathaí, sin agus aitheantas á thabhairt san am céanna don tábhacht a bhaineann le cearta agus folláine leanaí a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus aitheantas á thabhairt do rath tionscnamh amhail Príomhchathair Chultúir na hEorpa a mhéid a bhaineann le malartú agus forbairt chultúrtha a chothú.

29.

Is gá feachtais feasachta poiblí agus tionscnaimh oideachais maidir le cearta leanaí a eagrú, le tacaíocht airgeadais agus lóistíochta an Aontais, agus na hiarrachtaí agus na straitéisí cumarsáide a neartú.

30.

Aithníonn CnaR an chaoi a gcomhlánaíonn an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus an Ráthaíocht don Aos Óg a chéile. Tá sé ag tathant ar na Ballstáit an comhleanúnachas agus na sineirgí idir na beartais frithbhochtaineachta agus beartais ghníomhacha an mhargaidh saothair a áirithiú, lena gcuimsítear saol iomlán an duine, idir óg agus aosta.

31.

Iarrann CnaR ar na Ballstáit na geallsealbhóirí ábhartha uile a rannpháirtiú i gcur chun feidhme agus i gcur i bhfeidhm na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta. Ní mór tacú le pleananna áitiúla na Ráthaíochta do Leanaí trí chomhpháirtíochtaí áitiúla láidre a bhunú, lena n-áirítear na húdaráis phoiblí a sholáthraíonn na seirbhísí mar aon le gníomhaithe eile sa phobal áitiúil, e.g. tuismitheoirí, scoileanna agus gníomhaithe san earnáil phríobháideach.

32.

Is lándeimhin le CnaR go mb’fhíorthábhachtach gníomhaithe áitiúla a rannpháirtiú freisin i gcéim na hanailíse ar na riachtanais agus i gcéim an fhaireacháin, ós rud é i gcás na suirbhéanna ar an mbochtaineacht leanaí, ar an eisiamh sóisialta leanaí agus ar an gcáilíocht saoil ar na leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha go bhféadfadh sé tarlú nach gcuirfí sonraí cuimsitheacha ar fáil maidir leis an leibhéal áitiúil. Cúis amháin atá leis sin ná go n-áirítear líon róbheag daoine uaireanta sna samplaí a ghlactar i gcás an leibhéil áitiúil.

33.

Ar mhaithe le faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh, meabhraíonn CnaR nach mór don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit nuashonrú a fhoilsiú ar bhonn rialta ar obair agus torthaí an Choiste um Chosaint Shóisialta (SPC) agus an Fhoghrúpa Táscairí (ISG) a fhad a bhaineann sé le táscairí faireacháin agus meastóireachta a leagan síos go sonrach le haghaidh chur chun feidhme na Ráthaíochta do Leanaí.

An Bhruiséil, 18 Aibreán 2024.

An tUachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Vasco ALVES CORDEIRO


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3669/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)