|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3662 |
26.6.2024 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Pacáiste um Méadú 2023 – an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia
(Tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/3662)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),
|
1. |
Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive, agus stádas mar thír is iarrthóir a bhronnadh ar an tSeoirsia ar an tuiscint go gcuirfear chun feidhme an Moladh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023. Leis an gcinneadh sin aithnítear na gealltanais a thug na tíortha sin mar chuid dá gconair i dtreo bhallraíocht AE a bhaint amach, agus is garsprioc eile é i bpróiseas aontachais atá bunaithe ar fhiúntas. Tá coinne ag CnaR go gcuirfidh an pheirspictíocht réalaíoch aontachais sin borradh faoi chlár oibre athchóirithe claochlaitheach sna tíortha sin, rud a mbeidh comhlíonadh na gcritéar aontachais mar thoradh air. Beidh tionchar aige sin ar an daonlathas il-leibhéil, an smacht reachta, an comhfhogasú leis an margadh aonair agus an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus beidh seans níos mó ann, a bhuí leis sin, go mbeidh todhchaí níos cothroime, níos cuimsithí agus níos rathúla i ndán do na tíortha sin san Aontas Eorpach. |
|
2. |
Maidir le próiseas an mhéadaithe a mhéid a bhaineann leis na trí thír sin a bhfuil gach ceann díobh neamhchosanta ar ionsaí na Rúise ar a mbealach féin, tá sé á chur i bhfáth ag CnaR gur léiriú é ar an gceart féinchinntiúcháin atá ag na tíortha sin, go bhfuil sé chun leasa gheopholaitiúil an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil baint aige le hord síochána na hEorpa a atógáil ar bhonn níos leithne. Ba cheart a thuiscint go bhfuil sochar maith le fáil as an méadú a mhéid a bhaineann le slándáil agus inchreidteacht an Aontais; tá an fhéidearthacht ann go mbeidh mór-roinn Eorpach níos comhtháite ann dá thoradh, go ndéanfaí dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ar scála níos mó, agus go mbeadh tairbhí comhroinnte le baint as margadh aonair leathnaithe. |
|
3. |
Is díol sásaimh do CnaR gur infheistíocht é sin a dtacaítear léi trí chomhaontú institiúidí an Aontais maidir le Saoráid a chur ar bun don Úcráin, rud a chaithfear a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ar cheart di cur i bhfeidhm phrionsabail bheartas réigiúnach an Aontais a chumasú san Úcráin. De réir an Mhearmheasúnaithe ar Dhamáiste agus ar Riachtanais is déanaí arna ullmhú ag an mBanc Domhanda, EUR 452,8 billiún ar a laghad a bheidh ag teastáil sna deich mbliana amach romhainn le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine. Ina fhianaise sin, aontaíonn CnaR le Parlaimint na hEorpa (1) agus é den tuairim nach leor na cistí dá bhforáiltear faoin tSaoráid don Úcráin agus iarrann sé ar an Aontas agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt maoiniú fadtéarmach breise a thabhairt don Úcráin. Measann CnaR freisin go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais mhéadaithe ón Aontas Eorpach de dheasca bhagairtí na Rúise a mbíonn tionchar acu ar an Moldóiv agus an tSeoirsia. |
|
4. |
Tacaíonn CnaR leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2023 ina luaitear gur gá do chomhaltaí ionchasacha dlús a chur lena n-iarrachtaí um athchóiriú, go háirithe i réimse an smachta reachta, i gcomhréir le cineál fiúntasbhunaithe an phróisis aontachais agus le cúnamh ón Aontas. I gcomhthráth leis sin, ní mór don Aontas an réamhobair inmheánach agus na hathchóirithe is gá a leagan síos, go háirithe chun feidhmiú rianúil agus éifeachtúil institiúidí agus bheartais an Aontais a áirithiú, rud atá faoi bhrú faoi láthair de dheasca úsáid na haontoilíochta i ndáil le próiseas an mhéadaithe. Mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, dá bhrí sin, athdhearbhaíonn CnaR go mbeadh athchóiriú ar Chonarthaí an Aontais i gceist leis an réamhobair sin. Tá sé á iarraidh ag CnaR go mbeadh ról níos mó ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa phlé maidir leis na bealaí chun uaillmhianta fadtéarmacha an Aontais a athshocrú agus a bhaint amach i bhfianaise dhúshlán an mhéadaithe. |
|
5. |
Tá sé á chur in iúl go láidir ag CnaR gur cheart cur le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sna tíortha is iarrthóirí agus san Aontas Eorpach mar thoradh ar phróiseas méadaithe atá cuimsitheach, é sin i bhfianaise an róil bhunúsaigh atá acu maidir le beartais agus reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme agus maidir le tionchar chláir chistiúcháin an Aontais a uasmhéadú. Thairis sin, chuirfeadh an comhar idir piaraí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil go mór le próiseas an mhéadaithe, go háirithe maidir le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta do riaracháin phoiblí, maidir le tacaíocht do rochtain ar chláir chistiúcháin an Aontais agus maidir le scéimeanna infheistíochta a bhunú, agus maidir le comhfhogasú leis an acquis communautaire agus le malartuithe saoránach. Sa chomhthéacs sin, leagann CnaR béim ar ról na straitéisí macrairéigiúnacha, cuir i gcás Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe nó straitéis thiomnaithe atá le forbairt le haghaidh Shléibhte Cairp, agus iad mar spreagadh don lánpháirtiú Eorpach agus an comhtháthú críochach. |
|
6. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais an 20 Márta 2024 (2), ina bhfógraítear nach ndéanfar grinn-athbhreithnithe beartais ach go dtí go luath in 2025. Aontaíonn CnaR le cur chuige an Choimisiúin maidir leis an lánpháirtiú de réir a chéile agus measann sé freisin gur samhail rathúil le leanúint iad méaduithe 2004 agus 2007, lena n-áirítear an cur chuige céimnithe agus na sásraí caidhpeála sa Chomhbheartas Talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe. Is mian le CnaR aird a dhíriú air go bhfuil roinnt staidéar déanta cheana féin ar indéantacht an mhéadaithe (go háirithe maidir leis an Úcráin), agus aird á tabhairt ar na sásraí éagsúla caidhpeála, ar an acmhainneacht ionsúcháin agus ar an taithí atá againn ar an gcur chuige céimnithe, arbh é an cur chuige é a úsáideadh do mhéadú 2004 agus do mhéadú 2007 araon (3). Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CnaR san am céanna nach féidir an measúnú tionchair a bhunú ar an status quo amháin, ós rud é gur gá roinnt mhaith réimsí beartais, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe agus an comhbheartas talmhaíochta, a athchóiriú beag beann ar dhúshláin an mhéadaithe. Tá aird á tarraingt ag CnaR ar staidéar dá chuid féin a sheolfar go luath in 2024 agus ina ndíreofar ar an tionchar a bheidh ag méadú an Aontais amach anseo ar institiúidí agus ar bheartais. |
|
7. |
Molann CnaR go neartófaí malartuithe comhordaithe tíre ar gach leibhéal i measc sheirbhísigh phoiblí agus oifigigh thofa na Seoirsia, na Moldóive agus na hÚcráine. Ar an gcaoi sin, cuirfear le hinfheictheacht na n-athchóirithe a chuirfear chun feidhme, éascófar malartú taithí, agus tabharfar aghaidh ar na dúshláin choiteanna atá os comhair na dtrí thír san Oirthear, rud a chothóidh cur chuige aontaithe eatarthu. |
|
8. |
Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR a ríthábhachtaí atá sé tacú leis an daonlathas agus an neamhspleáchas áitiúil agus iad a chur chun cinn sa trí thír san Oirthear, agus an méid sin bunaithe ar an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil. Ar an gcaoi sin, tá béim á leagan ag CnaR ar a thábhachtaí atá beartais mhéadaithe agus réamhaontachais an Aontais maidir le teagmháil a dhéanamh le daoine trí bhíthin na n-údarás áitiúil a bhfuil muinín acu astu. |
|
9. |
Cé go n-aontaíonn sé le measúnú an Choimisiúin go gcruthóidh cumas teoranta riaracháin na n-údarás cur chun feidhme agus na dtairbhithe i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha dúshláin maidir le hionsú agus cáilíocht na hinfheistíochta agus nach mór tosaíocht a dhéanamh den chóineasú críochach, is oth le CnaR nach luann an Coimisiún an ról ríthábhachtach a bheidh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna tíortha is iarrthóirí i ndáil leis an méid sin. |
|
10. |
Athdhearbhaíonn CnaR go bhfuil gá le cumarsáid níos éifeachtúla, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus chun aird a tharraingt ar na tairbhí a bheidh mar thoradh ar mhéadú an Aontais amach anseo agus ar lánpháirtiú Eorpach ina dhiaidh sin, go háirithe trí bhéim a leagan ar thairbhí nithiúla na méaduithe a rinneadh go dtí seo. |
|
11. |
Agus CnaR ag leanúint air leis an bpacáiste tacaíochta 10 bpointe don Úcráin (4), geallann sé an méid a leanas a dhéanamh:
|
An Úcráin
|
12. |
Athdhearbhaíonn CnaR rún daingean na Comhairle Eorpaí leanúint de thacaíocht láidir, pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus dá muintir a fhad agus is gá (5). |
|
13. |
Molann CnaR don Úcráin, i gcomhar lena comhpháirtithe ó Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine (6), athchóirithe díláraithe agus fothú acmhainneachta a shaothrú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Chuige sin, beidh an méid a leanas le déanamh:
|
|
14. |
Maidir leis an bpróiseas atógála, d’fhonn an bealach a réiteach le haghaidh chomhfhogasú na hÚcráine le beartas réigiúnach an Aontais, athdhearbhaíonn CnaR (7) gur cheart an méid a leanas a dhéanamh trí bhíthin Shaoráid na hÚcráine:
Iarrann CnaR, freisin, go gcuirfear gné chríochach leis an ardán ilghníomhaireachtaí comhordaithe deontóirí don Úcráin agus ról mar chomhordaitheoir i leith na gné sin a thabhairt do Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine. Ar an ásc deiridh, tá CnaR ag súil go molfaidh an Aireacht um Athchóiriú próiseas téarnaimh agus atógála díláraithe a chur ar bun, agus go mbeidh sé bunaithe ar rannpháirtíocht chórasach chomhordaithe na bhféinrialtas agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na gcomhlachas áitiúil agus réigiúnach i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas. |
|
15. |
De dheasca an chogaidh, agus de dheasca na dóchúlachta nach bhfillfidh os cionn 20 % de dhídeanaithe tar éis an chogaidh (ar Úcránaigh cuid mhaith díobh atá in aois oibre agus leanaí na ndaoine sin), tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go bhfuil ionchas diúltach déimeagrafach na hÚcráine dulta in olcas. Mar thoradh air sin, is rídhócha go mbeidh ganntanas saothair ar cheann de na príomhdhúshláin a bhainfidh leis an atógáil iarchogaidh, go háirithe i gcodanna áirithe den tír (8). Dá bhrí sin, leagann CnaR béim ar an ngá atá le dálaí a chruthú chun gur féidir le daoine easáitithe filleadh agus (ath-)imeascadh sa tsochaí. Ní mór tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i gcaipiteal daonna, agus béim ar leith ar an oideachas, an ghairmoiliúint, an t-uas-sciliú agus ar thacaíocht a chur ar fáil don óige, do mhná, d’iarshaighdiúirí agus dá dteaghlaigh agus dóibh siúd atá easáitithe ina dtír féin. Ba chiallmhar an rud é, freisin, athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas náisiúnta imirce agus ceann nua a ghlacadh, ceann lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin atá ann faoi láthair a bhaineann leis an líon ollmhór daoine atá ag fágáil na hÚcráine agus leis an nganntanas lucht saothair lena mbaineann. |
|
16. |
Aithníonn CnaR gur ghlac Parlaimint na hÚcráine trí dhréachtbhille (an 8 Nollaig 2023) ó cuireadh an moladh ón gCoimisiún chuig an gComhairle an 8 Samhain chun tús a chur le caibidlíocht aontachais: (1) dréachtbhille lena leasaítear dlíthe áirithe maidir le cearta mionlach chun measúnú shaineolaithe Chomhairle na hEorpa a áireamh iontu; (2) dréachtbhille lena neartaítear an Biúró Frith-Éillithe Náisiúnta agus lena dtreisítear uathriail agus neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe i gcoinne Éilliú (SAPO); agus (3) dréachtbhille lena dtugtar breis cumhachtaí don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc. |
|
17. |
I ndáil leis an éilliú a chomhrac, measann CnaR gurb iad na tosaíochtaí is tábhachtaí dlí a ghlacadh lena rialófar an bhrústocaireacht (i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha) agus leanúint ar aghaidh ar bhonn comhsheasmhach le hathchóirithe na mbreithiúna agus an tsoláthair stáit. |
|
18. |
Maidir le cearta mionlach, i dtaca le daoine ar de ghrúpaí mionlaigh (pobail) náisiúnta na hÚcráine iad, ar teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh a gcuid teangacha, agus ar daoine iad a chuir tús lena meánoideachas ginearálta roimh an 1 Meán Fómhair 2018 i dteanga an mhionlaigh (an phobail) náisiúnta chomhfhreagraigh sin, is geal le CnaR go sonraítear sa dlí nua go mbeidh sé de cheart ag na daoine sin leanúint den oideachas a fháil go dtí go mbeidh críochnaithe acu leis an meánscolaíocht ina hiomláine. Déanfar an méid sin i gcomhréir leis na rialacha a bhí i bhfeidhm roimh theacht isteach an dlí maidir le feidhmiú na hÚcráinise a chosaint mar theanga stáit. Is é tuairim CnaR go léirítear leis an dlí sin céim an-dearfach sa reachtaíocht a bhaineann le mionlaigh agus tá sé ag súil go mbainfidh an Úcráin amach an clár oibre atá beartaithe aici maidir le cearta na mionlach náisiúnta a chosaint agus go n-áiritheoidh sí rannpháirtíocht éifeachtach na mionlach náisiúnta sa saol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint. |
|
19. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go mbeidh sé riachtanach aird ar leith a thabhairt ar chearta bunúsacha a chur chun feidhme agus na críocha atá faoi fhorghabháil na Rúise faoi láthair á n-ath-lánpháirtiú. Ba cheart é sin a dhéanamh trí bhíthin nuashonrú ar an straitéis náisiúnta um chearta an duine agus ar an bplean gníomhaíochta lena mbaineann. |
|
20. |
Maidir leis an athchóiriú ar an riarachán poiblí, tá CnaR ag dréim leis go ndéanfar dul chun cinn nithiúil i dtreo nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin a bheadh bunaithe ar fhiúntas na n-iarratasóirí agus, freisin, go ndéanfar athchóiriú ar thuarastail oifigeach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach mar thoradh ar an dlí a glacadh le déanaí maidir le seirbhís san fhéinrialtas áitiúil. Ní mór an tríú colún de Shaoráid na hÚcráine a mhéadú d’fhonn an cúnamh teicniúil suntasach atá de dhíth ar riarachán poiblí na hÚcráine i bpróiseas aontachais an Aontais a chur ar fáil. |
|
21. |
Is díol sásaimh do CnaR an plean gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta don tsochaí shibhialta ina bhfuil 43 chúram arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcóras le haghaidh rannpháirtíocht an phobail i gceapadh beartas rialtais, timpeallacht chumasúcháin a chruthú d’fhorbairt neamhspleách agus éagsúil na sochaí sibhialta agus rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÚcráine, le cláir forbartha inbhuanaithe faoi stiúir áitiúil agus chun tacú le riachtanais na bpobal is leochailí. |
|
22. |
Athdhearbhaíonn CnaR go dtacaíonn sé le Comhchoiste Comhairliúcháin a bhunú leis an Úcráin, arna iarraidh sin do rialtas na hÚcráine agus é bunaithe ar dhearbhú oifigiúil ó Comhairle Comhlachais AE-an Úcráin. |
An Mholdóiv
|
23. |
Molann CnaR na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag muintir na Moldóive agus iad ag iarraidh lánpháirtiú Eorpach a bhaint amach i gcúinsí atá fíordheacair. Áirítear ar na hiarrachtaí sin fáilte a chur roimh an líon is mó dídeanaithe ón Úcráin per capita san Eoraip, daoine a bhí ag teitheadh ó ionsaí na Rúise, ón mboilsciú, ó bhagairtí ar sholáthairtí fuinnimh agus ó ionsaithe hibrideacha, amhail ionramháil ar fhaisnéis agus cibirionsaithe. |
|
24. |
Iarrann CnaR ar an Moldóiv leanúint uirthi leis na hathchóirithe ar an rialtas áitiúil, go háirithe i dtaca le dílárú fioscach agus bearta chun an dlí maidir le cónascadh deonach a glacadh i mí Iúil 2023 a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó inmharthanacht agus acmhainneacht riarachán áitiúil agus soláthar seirbhíse poiblí a fheabhsú. |
|
25. |
Tá CnaR ag dréim leis go n-áiritheoidh an Mholdóiv go bhfeidhmeoidh na hinstitiúidí frith-éillithe laistigh de struchtúr soiléir eagraíochtúil agus le hacmhainní leordhóthanacha. Ba cheart don Mholdóiv leanúint den phlean gníomhaíochta um ‘dí-olagarcú’ a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme, go háirithe i bhfianaise chonclúid an Choimisiúin go bhféadfadh tionchar a bheith ag leasanna príobháideacha fós ar ghníomhaireachtaí neamhspleácha agus rialála sa Mholdóiv, agus go bhféadfadh na comhlachtaí nó na tionscail a bhfuil na gníomhaireachtaí sin ceaptha iad a rialáil tionchar a imirt orthu freisin. |
|
26. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR, cé gur cruthaíodh líon suntasach post nua chun cur le hacmhainneacht an riaracháin phoiblí ullmhú d’aontachas AE, agus cé gur tháinig méadú ar thuarastail do chatagóirí áirithe seirbhíseach poiblí, go bhfuil riarachán poiblí na Moldóive fós thíos le ganntanas seasta acmhainní daonna cáilithe agus le córas mífheidhmiúil le haghaidh fhorbairt ghairmiúil na státseirbhíseach áitiúil. Dá bhrí sin, ní mór tús áite a thabhairt i bpróiseas aontachais na Moldóive d’infheistíocht a dhéanamh in athchóirithe breise ar an riarachán poiblí agus d’aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas inscne sa riarachán poiblí. |
|
27. |
Tá CnaR ag tathant ar an Moldóiv tuilleadh a dhéanamh d’fhonn an clár chun tacú leis na Romaigh don tréimhse 2022-2025 a chur chun feidhme. |
|
28. |
Tá sé á chur i bhfios ag CnaR go bhfuil saoránacht AE ag cuid mhór de dhaonra na Moldóive cheana féin, agus dá bhrí sin tá CnaR ag dréim le héifeachtaí iarmharta dearfacha ar acmhainneacht na Moldóive na ceanglais maidir le saorghluaiseacht daoine agus saoránacht AE a chomhlíonadh. |
|
29. |
Molann CnaR do rialtas na Moldóive iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv chun Comhchoiste Comhairliúcháin a bhunú idir CnaR agus údaráis áitiúla na Moldóive. |
An tSeoirsia
|
30. |
Aithníonn CnaR gurb iad an deighilt pholaitiúil dhomhain, an easpa comhair éifeachtaigh traspháirtí agus an bhréagaisnéis fhorleathan maidir leis an Aontas na príomhbhacainní ar chonair na Seoirsia i dtreo lánpháirtiú Eorpach. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar an tSeoirsia aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh uile arna sainaithint ag Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine agus ag Coimisiún na Veinéise, agus barr feabhais a chur ar an gcreat toghcháin go háirithe. |
|
31. |
Tá CnaR den tuairim nach mór don tSeoirsia tús áite a thabhairt don cheapadh beartas cuimsitheach agus bearta um an daonlathas rannpháirtíochta a neartú ar an leibhéal áitiúil. Is den ríthábhacht go mbeadh saoránaigh rannpháirteach go díreach sa phróiseas cinnteoireachta áitiúil má táthar chun an tionchar polaitiúil a íoslaghdú ar bhealach éifeachtach. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí inniúlachtaí na gcomhairlí áitiúla a neartú go suntasach agus trí údarás níos mó a thabhairt dóibh, go háirithe maidir leis an mbuiséad áitiúil a bhainistiú, rud a dhéanfaidh an dinimic chumhachta a athchothromú. Tá sé ríthábhachtach chun polarú polaitiúil a mhaolú agus chun cosc a chur ar chur isteach díreach an rialtais láir ar chinntí méaraí. Thairis sin, tá an-imní ar CnaR faoin bhféidearthacht go bhféadfaí dréachtdlí maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh a chur isteach an athuair, agus dlí na Rúise maidir le gníomhairí eachtracha mar spreagadh leis sin. Chuirfeadh dlí den sórt sin saoirse na meán agus neamhspleáchas eagraíochtaí na sochaí sibhialta i mbaol, ar réamhriachtanais iad sin do dhaonlathas feidhmiúil agus do phróiseas aontachais na Seoirsia. |
|
32. |
Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR gur gá don tSeoirsia fós athchóiriú iomlánaíoch agus éifeachtach a dhéanamh ar an gcóras breithiúnach, agus aghaidh á tabhairt ar chuid de phríomh-mholtaí Choimisiún na Veinéise, chun neamhspleáchas, freagracht agus neamhchlaontacht éifeachtach a áirithiú. |
|
33. |
Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur cúis imní dó tarraingt siar na Seoirsia ó líonra frith-éillithe ECFE, ach gur díol sásaimh dó gur glacadh plean gníomhaíochta leasaithe um ‘dí-olagarcú’ lena ndéantar dul chun cinn i dtaca le moltaí a rinne Coimisiún na Veinéise roimhe seo, agus gur glacadh plean gníomhaíochta 2023-2024 don chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe. |
|
34. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CnaR go bhfuil riarachán poiblí na Seoirsia thíos leis an ilroinnt, nach bhfuil sé caighdeánaithe a dhóthain, agus go mbeidh gá claochlú digiteach suntasach a dhéanamh air. Mar sin féin, is díol sásaimh do CnaR gur áiríodh forálacha lena neartaítear rialachas áitiúil agus seirbhísí bardasacha i straitéis an díláraithe 2020-2025, i straitéis athchóirithe agus plean gníomhaíochta an riaracháin phoiblí, agus i bhfís 2030 maidir le straitéis forbartha náisiúnta. |
|
35. |
Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR, in ainneoin na straitéise dea-cheaptha maidir le dílárú sa tSeoirsia, go bhfuil gá le huirlisí breise chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme atá ar siúl faoi láthair. Ní mór an cur chun feidhme reatha atá á bhainistiú ag an rialtas náisiúnta amháin, a éagsúlú le níos mó uirlisí. Tá próiseas faireacháin comhthreomhar agus neamhspleách ríthábhachtach chun cur chun feidhme na n-athchóirithe maidir le dílárú agus riaracháin phoiblí a rianú agus chun torthaí na n-athchóirithe sin a thomhas. |
|
36. |
Tá sé á chur i dtábhacht ag CnaR gur gá nósanna imeachta soláthair phoiblí a chur i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais d’fhonn cláir de chuid an Aontais lena gcuirtear cistiú ar fáil do chuspóirí éagsúla a bhaineann le forbairt áitiúil agus réigiúnach a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach go háirithe i bhfianaise na bearna soiléire scileanna maidir le bainistiú tionscadal ar an leibhéal áitiúil. |
|
37. |
Creideann CnaR gur cheart reachtaíocht frith-idirdhealaithe a neartú agus bearta níos cinntithí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht agus chun iad a chosc. Tá gá le straitéis náisiúnta chun gach cineál fuatha agus idirdhealaithe a chomhrac agus chun mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha a chosaint. |
|
38. |
Is díol sásaimh do CnaR gur thug an tSeoirsia aghaidh ar mholtaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an ngá atá le comhionannas inscne a fheabhsú agus foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, ach tá sé á chur in iúl aige gur cúis bhuartha dó fós, in ainneoin gur tugadh cuótaí inscne isteach, go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht san earnáil phoiblí (9). |
|
39. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR gur gá sásraí idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú a thuilleadh, go sonrach trí shásra a chur ar bun le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar líne nó rannchuidithe le haghaidh dréachtdlíthe nó doiciméid bheartais. Is oth le CnaR gur cosúil go ndéanann an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chónascadh leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. |
An Bhruiséil, 17 Aibreán 2024.
An tUachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Vasco ALVES CORDEIRO
(1) An gá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis dhá bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine – Déardaoin, an 29 Feabhra 2024 https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2024-0119_GA.html
(2) https://commission.europa.eu/publications/communication-pre-enlargement-reforms-and-policy-reviews_en
(3) Institiúid Jacques Delors Páipéar Beartais, What does it cost? Financial implications of the next enlargement , 14 Nollaig 2023; Páipéar Beartais de chuid CEPS, Emerson, M., The Potential Impact of Ukrainian Accession on the EU’s Budget – and the Importance of Control Valves , Meán Fómhair 2023; WIIW, Outlier or not – the Ukrainian economy's preparedness for EU accession , Samhain 2023.
(4) https://cor.europa.eu/en/events/Documents/13%20-%20FINAL%20CoR%2010-point%20support%20package%20to%20UA.pdf
(5) Conclúidí an 15 Nollaig 2023
(6) https://cor.europa.eu/ga/engage/Pages/European-Alliance-of-Cities-and-Regions-for-the-reconstruction-of-Ukraine.aspx
(7) Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Saoráid na hÚcráine (IO C, C/2023/1332, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1332/oj).
(8) Féach WIIW, Tverdostup, M., The Demographic Challenges to Ukraine's Economic Reconstruction (wiiw.ac.at), Iúil 2023.
(9) Níl ach 3 bhardas as 64 bhardas a bhfuil méara baineann acu.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3662/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)