European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3610

17.6.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – FCI v EUIPO – Sitges Alonso (Cuaillí)

(Cás T-208/23)  (1)

(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí maidir le cealú - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cuaillí - Foras cealaithe - Nochtadh an dearaidh níos luaithe - Airteagal 7 agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Dualgas cruthúnais - Airteagal 52(2) de Rialachán Uimh. 6/2002)

(C/2024/3610)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Forlam Clôture Industrie (FCI) (Lyon, an Fhrainc) (ionadaithe: P. Debré agus L. Nicolazzi, Dlíodóirí, atá i dteideal teacht in ionad Clofor)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf agus C. Bovar, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Paul Sitges Alonso (Barcelona, an Spáinn)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Feabhra 2023 (Cás R 1103/2022-3) a chur ar neamhní nó a athrú.

An chuid oibríochtúil

1)

Ceadaítear do Forlam Clôture Industrie (FCI) ionadú a dhéanamh ar Clofor mar iarratasóir.

2)

Díbhtear an chaingean.

3)

Ordaítear do Forlam Clôture Industrie (FCI) na costais a íoc.


(1)   IO C 216, 19.6.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3610/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)