|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3608 |
17.6.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Dr. Neumann & Kindler v EUIPO – Laboratory Corporation of America Holdings (LabCorp)
(Cás T-674/22) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LabCorp - Marcanna náisiúnta agus clárú idirnáisiúnta ar fhocalmharc níos luaithe labcore - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Easpa fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - Airteagal 42(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001 anois))
(C/2024/3608)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG (Bochum, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Pfeifer agus N. Gottschalk, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája, R. Raponi agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Laboratory Corporation of America Holdings (Burlington, North Carolina, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Lúnasa 2022 (Cás R 1998/2020-2).
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3608/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)