European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3554

7.6.2024

Achoimre ar an gCinneadh ón gCoimisiún

an 4 Márta 2024

a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 54 de Chomhaontú LEE

(CÁS AT.40437 – APPLE – CLEACHTAIS APP STORE (SRUTHÚ CEOIL))

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)1307 final)

(is é an leagan Béarla amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3554)

An 4 Márta 2024, ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 54 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003  (1) ón gComhairle, tá an Coimisiún ag foilsiú, leis seo, ainmneacha na bpáirtithe agus phríomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós a fhorchuirtear, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas i leith a rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Baineann an Cinneadh le mí-úsáid ceannasachta ar an margadh maidir le hardáin a sholáthar d’fhorbróirí chun feidhmchláir bogearraí ceoil (‘aipeanna’) a dháileadh ar úsáideoirí iPhone agus iPad (‘úsáideoirí iOS’). Tá sé dírithe ar Apple Inc. agus ar Apple Distribution International Limited (i dteannta a chéile, ‘Apple’).

(2)

Baineann an Cinneadh le sárú aonair leanúnach amháin ar Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 54 de Chomhaontú LEE ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha áirithe (na ‘Forálacha Frithstiúrtha’ mar a thugtar orthu) lena rialaítear úsáid App Store Apple (‘App Store’) ag forbróirí aipeanna le haghaidh seirbhísí sruthaithe ceoil ar ghléasanna móibíleacha cliste Apple a ritheann ar na córais oibriúcháin iOS agus iPadOS (is iad sin gléasanna móibíleacha Apple iPhone agus iPad) sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’).

2.   TUAIRISC AR AN gCÁS

2.1.   Nós imeachta

(3)

An 16 Meitheamh 2020, thionscain an Coimisiún imeachtaí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 (2) i gcoinne Apple.

(4)

An 30 Aibreán 2021, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí i gcoinne Apple ina leagtar amach réamhábhair imní an Choimisiúin maidir le hiomaíocht i ndáil le téarmaí agus coinníollacha áirithe lena rialaítear úsáid an App Store ag forbróirí aipeanna sruthaithe ceoil ar ghléasanna móibíleacha cliste Apple.

(5)

An 28 Feabhra 2023, chuir an Coimisiún Ráiteas Agóidí athbhreithnithe in ionad Ráiteas Agóidí an 30 Aibreán 2021, ráiteas inar tháinig na Forálacha Frithstiúrtha, agus iad sin amháin, faoi raon feidhme na n-agóidí a rinneadh sa chás seo i gcoinne Apple.

(6)

Tionóladh an éisteacht ó bhéal an 30 Meitheamh 2023.

(7)

An 6 Nollaig 2023, sheol an Coimisiún litir fíoras chuig Apple ag tarraingt aird Apple ar fhianaise bhreise a cuireadh le comhad an cháis tar éis ghlacadh an Ráitis Agóidí an 28 Feabhra 2023.

(8)

An 25 Eanáir 2024, d’fhógair Apple athruithe, i measc athruithe eile, ar iOS agus ar rialacha an App Store san Aontas Eorpach. Ní raibh na hathruithe sin i bhfeidhm an lá a glacadh an Cinneadh agus dá bhrí sin ní dhearnadh measúnú orthu.

(9)

D’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach an 1 Márta 2024.

2.2.   Achoimre ar an Sárú

(10)

De réir an Chinnidh, is sárú aonair leanúnach ar Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 54 de Chomhaontú LEE iad rialacha Apple a leagtar síos sna leaganacha éagsúla de Threoirlínte Athbhreithnithe an App Store is infheidhme le linn na tréimhse sáraithe (‘na Treoirlínte’) agus i dtéarmaí Chomhaontú Ceadúnais an Chláir Forbróra (‘an Comhaontú Ceadúnais’) lena gcuirtear cosc ar sholáthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil úsáideoirí iOS a chur ar an eolas faoi fhéidearthachtaí síntiúis mhalartach (agus go minic níos saoire) atá ann lasmuigh d’aipeanna iOS agus cead a thabhairt d’úsáideoirí iOS rogha éifeachtach a fheidhmiú idir féidearthachtaí síntiúis mhalartach (i.e. na Forálacha Frithstiúrtha).

(11)

Ordaítear leis an gCinneadh do Apple deireadh a chur leis an sárú aonair leanúnach gan moill mhíchuí. Chun na críche sin, ordaítear do Apple na Forálacha Frithstiúrtha a bhaint de na téarmaí agus coinníollacha ábhartha lena rialaítear úsáid App Store Apple ag soláthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil, téarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sna Treoirlínte agus sa Chomhaontú Ceadúnais.

2.3.   Seolaithe agus fad tréimhse

(12)

Cinntear sa Chinneadh gur sháraigh Apple Inc. agus Apple Distribution International Limited Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE.

(13)

Cuireadh tús leis an sárú an 30 Meitheamh 2015 ar a dhéanaí nuair a bhí ceannasacht bainte amach go cinntitheach ag Apple sa mhargadh maidir le hardáin a sholáthar d’fhorbróirí chun aipeanna sruthaithe ceoil a dháileadh ar úsáideoirí iOS in LEE.

(14)

Bhí an sárú fós ar siúl ar an dáta a glacadh an Cinneadh, ós rud é nach raibh na Forálacha Frithstiúrtha bainte ag Apple in LEE ar an dáta sin.

(15)

Chun críocha an Chinnidh áirítear le LEE an Ríocht Aontaithe le haghaidh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020 agus an dáta sin san áireamh de bhun Airteagal 92 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

2.4.   Fíneáil

(16)

Leis an gCinneadh, cuirtear modheolaíocht ghinearálta Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha (3) i bhfeidhm chomh maith le pointe 37 de na Treoirlínte maidir le Fíneálacha lena gceadaítear cnapshuim bhreise a fhorchur.

2.4.1.   Méid na fíneála faoin modheolaíocht ghinearálta

a.   Bunmhéid na fíneála

(17)

Agus an fhíneáil á socrú aige de réir mhodheolaíocht ghinearálta Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha, chuir an Coimisiún san áireamh an t-ioncam a ghin Apple in LEE ó tháillí choimisiúin an App Store a d’íoc na príomhsholáthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil le Apple i mBliain Airgeadais Apple 2023, a mhair ón 25 Meán Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 agus arbh í an bhliain ghnó iomlán dheireanach í a ghlac Apple páirt sa sárú maidir le LEE.

(18)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún san áireamh an t-ioncam a ghin Apple sa Ríocht Aontaithe ó tháillí choimisiúin an App Store a d’íoc na príomhsholáthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil le Apple i mBliain Airgeadais 2020 Apple, a mhair ón 29 Meán Fómhair 2019 go dtí an 26 Meán Fómhair 2020.

(19)

Chuir an Coimisiún raon feidhme geografach an mhargaidh ábhartha lena mbaineann an sárú san áireamh; go bhfuil monaplacht ag Apple sa mhargadh maidir le hardáin a sholáthar d’fhorbróirí chun aipeanna sruthaithe ceoil a dháileadh ar úsáideoirí iOS agus go bhfuil sciar 100 % den mhargadh aige; líon na síntiúsóirí ‘Premium’ (i.e., ag íoc) iOS de chuid na bpríomhsholáthraithe seirbhíse sruthaithe ceoil ar gearradh ardphraghsanna míosúla síntiúis orthu agus an dochar eile a rinneadh le Forálacha Frithstiúrtha Apple do thomhaltóirí i dtéarmaí síntiúis a foirceannadh mar gheall ar phraghsanna arda, eispéireas díghrádaithe custaiméirí, deacrachtaí maidir le hathrú agus frustrachas toisc nach raibh siad in ann teacht ar an soláthraí seirbhíse sruthaithe ceoil den chéad rogha. Agus na tosca sin á gcur san áireamh agus i bhfianaise imthosca sonracha an cháis seo, socraíodh ag 11 % an cion de luach na ndíolachán a bhí le húsáid chun bunmhéid na fíneála sa chás seo a shuí.

(20)

Chuir an Coimisiún fad an tsáraithe aonair leanúnaigh san áireamh mar a luaitear thuas.

b.   Coigeartuithe ar an mbunmhéid

(21)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil imthosca géaraitheacha ann sa chás seo, is é sin gur chuir Apple faisnéis mhícheart isteach faoi chuimsiú an nós imeachta riaracháin, rud a raibh méadú 20 % ar bhunmhéid na fíneála mar thoradh air.

(22)

Níl imthosca maolaitheacha sa chás seo.

2.4.2.   Díspreagadh

(23)

Mheas an Coimisiún gur thug saintréithe an cháis agus an gá le díspreagadh a bhaint amach údar le himeacht ón modheolaíocht ghinearálta chun méid na fíneála a chinneadh, i gcomhréir le pointe 37 de Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha.

(24)

I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Chinneadh, chinn an Coimisiún an fhíneáil atá le forchur ar Apple faoin modheolaíocht ghinearálta a mhéadú le cnapshuim bhreise.

3.   CONCLÚID

(25)

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é seo a leanas méid deiridh na fíneála a forchuireadh ar Apple de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 as an sárú aonair leanúnach:

Fíneáil chaighdeánach

EUR 40 984 000

Cnapshuim

EUR 1 800 000 000

Fíneáil iomlán

EUR 1 840 984 000

(26)

Ní mó na fíneálacha ríofa ná 10 % de láimhdeachas domhanda Apple.

(1)   IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le stiúradh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE, (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18).

(3)  Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú ar fíneálacha iad a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (IO C 210, 1.9.2006, lch. 2).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3554/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)