European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3550

3.6.2024

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bPróiseas Athbhreithniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais, tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

(C/2024/3550)

Na bearta is gá, faoi Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais, chun tabhairt faoi léirscaoileadh cómhalartach taraifí, deimhníonn an Coimisiún go ndéanfaidh sé na bearta sin, trí chomhairliúcháin leis an Úcráin, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí na bearta trádála uathrialacha nua.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus coinneoidh sé ar an eolas í maidir le dul chun cinn na gcomhairliúchán sin leis an Úcráin. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bharúlacha Pharlaimint na hEorpa ina leith sin.

Tugann an Coimisiún chun cuimhne nach fasach le haghaidh clásail athbhreithniúcháin in aon chomhaontú eile atá sna módúlachtaí oibre sin, agus nach n-imíonn siad ó Airteagal 218 CFAE.

Cuirfidh toradh an phróisis sin cinnteacht eacnamaíoch agus trádáil chobhsaí ar fáil don Úcráin agus don Aontas araon, sin agus d’fheirmeoirí agus gnólachtaí. Céim thábhachtach a bheidh ann freisin i dtaobh an Úcráin a atógáil, agus í a chomhtháthú níos mó i margadh inmheánach an Aontais, rud is cuid d’aontú na tíre sin don Aontas amach anseo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3550/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)