European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3527

3.6.2024

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt

(an 1 Iúil 2024 – 31 Nollaig 2027)

(C/2024/3527)

DÉANFAIDH AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE

1.

Agus Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) Á MHEABHRÚ ACU, ar dá réir is réimse é an spórt inar cheart do ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus iad a chomhordú agus a fhorlíonadh.

2.

Agus Airteagal 165(1) CFAE Á MHEABHRÚ ACU, ar dá réir a rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar ghníomhaíocht shaorálach agus d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.

3.

Agus Airteagal 165(2) CFAE Á MHEABHRÚ ACU ar dá réir a dhíreofar gníomhaíocht an Aontais ar an ngné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir chomhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint.

4.

Á AITHINT ACU go bhféadfadh an spórt cabhrú chun tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais a bhaint amach, agus go háirithe spriocanna réimsí beartais eile, cuir i gcás, oideachas, sláinte, an óige, cultúr, gnóthaí sóisialta, cuimsiú, comhionannas, comhionannas inscne, forbairt uirbeach agus tuaithe, iompar, an comhshaol, turasóireacht, fostaíocht, nuálaíocht, inbhuanaitheacht, digiteáil agus an geilleagar; agus go bhféadfadh na réimsí beartais sin tacú leis an spórt a chur chun cinn, bunaithe ar an gcomhar trasearnála.

5.

Á CHUR IN IÚL ACU, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, gur cumasóir tábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe é an spórt (1) agus, dá bhrí sin, gur féidir leis cuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a bhaint amach.

6.

Agus Cairt Eorpach Spóirt Athbhreithnithe Chomhairle na hEorpa Á hAITHINT ACU, lena ndírítear ar chur ar chumas gach duine páirt a ghlacadh sa spórt agus, go háirithe, a áirithiú go mbeidh an deis ag gach duine a bheith rannpháirteach sa spórt i dtimpeallacht shábháilte, shlán agus shláintiúil (2).

7.

Á MHEABHRÚ ACU na rúin ón gComhairle maidir le Pleananna Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2011-2014 (3), 2014-2017 (4), 2017-2020 (5) agus 2021-2024 (6).

8.

ÓS DÍOL SÁSAIMH DÓIBH torthaí chur chun feidhme Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-2024, chomh maith leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an phlean agus lena ábhartha atá sé.

9.

AGUS torthaí Eorabharaiméadar Speisialta 525 maidir le ‘spórt agus gníomhaíocht coirp’ (7), na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne sa Spórt (8), torthaí na ngrúpaí saineolaithe maidir leis an spórt glas agus maidir le téarnamh agus athléimneacht géarchéime a neartú in earnáil an spóirt le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh, chomh maith leis an obair leanúnach ar chomhchuibhiú staidrimh agus sonraí spóirt san Aontas Eorpach Á dTABHAIRT DÁ nAIRE ACU.

10.

AGUS BÉIM Á LEAGAN ACU ar na dúshláin dhomhanda a bhfuil tionchar acu freisin ar an spórt, mar shampla paindéim COVID-19 a bhí ann le déanaí, cogadh foghach na Rúise san Úcráin, agus teannais gheopholaitiúla a bhfuil tionchar acu ar chomórtais spóirt.

11.

Agus na cásanna dlí atá os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus atá ag ardú infheictheachta agus ag cur le hábharthacht na gné Eorpaí sa spórt Á dTABHAIRT DÁ nAIRE ACU.

12.

ÓS DÍOL SÁSAIMH DÓIBH gur tugadh isteach Príomhghníomhaíocht 1 faoi ghníomhaíochtaí spóirt Erasmus+ a bhaineann le soghluaisteacht ball foirne atá ag obair in eagraíochtaí spóirt, go príomha i spórt an phobail, a dtugtar an deis dóibh a n-inniúlachtaí agus a gcáilíochtaí a fheabhsú agus scileanna nua a fháil trí thréimhse ama a chaitheamh thar lear.

13.

Á AITHINT ACU gur gá comhar leanúnach le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, leis an ngluaiseacht spóirt agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, chomh maith le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta rialtasacha agus neamhrialtasacha, mar shampla, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus an Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála (WADA).

PLEAN OIBRE AN AONTAIS EORPAIGH DON SPÓRT A BHUNÚ DON TRÉIMHSE ÓN

1 IÚIL 2024 GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2027

14.

Dírítear ar na réimsí tosaíochta seo a leanas i bPlean Oibre an Aontais:

Ionracas agus luachanna sa spórt.

Gnéithe socheacnamaíocha agus inbhuanaithe a bhaineann leis an spórt.

Rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte.

Leagtar amach na príomhábhair, na téamaí, na spriocanna, na formáidí oibre, na torthaí féideartha, na spriocdhátaí agus na freagrachtaí in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an doiciméad seo agus tugtar míniú orthu.

15.

Is iad seo a leanas CUSPÓIRÍ TREORACHA Phlean Oibre seo an Aontais Eorpaigh don Spórt (dá ngairtear an Plean Oibre anseo feasta):

A mhéid a bhaineann le beartas spóirt an Aontais,

Spórt sábháilte, ionracas agus spórt luachbhunaithe a neartú san Aontas.

Tacú le beartas spóirt inbhuanaithe atá bunaithe ar fhianaise.

Rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a mhéadú ag gach aois agus feabhas a chur ar inrochtaineacht do ghrúpaí leochaileacha, chun stíl mhaireachtála atá gníomhach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn.

Tacú le spórt pobail atá bunaithe ar shaorálaithe chun go mbeidh níos mó daoine rannpháirteach sa spórt agus i ngníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte.

Tacú leis an bplé atá ar bun maidir le príomhghnéithe de shamhail Eorpach spóirt, féachaint uirthi arís agus leanúint den phlé sin.

Dea-rialachas sa spórt a neartú agus a chur chun cinn.

Infheistíocht a spreagadh in earnáil an spóirt, lena n-áirítear i mbonneagair inbhuanaithe inrochtana spóirt agus áineasa spóirt, lena n-áirítear d’fhonn lorg carbóin na hearnála a theorannú.

Feasacht ar thurasóireacht spóirt a chur chun cinn trí chomhar trasearnála, rud a d’fhéadfadh a bheith lárnach a mhéid a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus cothú athléimneachta na hearnála.

Tacú leis an obair atá á déanamh i dtaca le nuálaíocht agus digiteáil sa spórt mar ghné inspreagtha ar mhaithe leis an tsláinte, leis an bhfeidhmíocht, leis an bhforbairt eacnamaíoch agus le hearnáil spóirt inbhuanaithe.

Athléimneacht na hearnála spóirt a neartú chun bheith ullamh do dhúshláin agus géarchéimeanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo, i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn phaindéim COVID-19.

Feasacht ar réimsí beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú, trí chomhar trasearnála, maidir leis an rannchuidiú tábhachtach is féidir leis an spórt a dhéanamh i dtaca le fás sóisialta agus inbhuanaithe na hEorpa, le sláinte shaoránaigh na hEorpa, agus i dtaca leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag beartais eile de chuid an Aontais ar earnáil an spóirt á chur san áireamh idir an dá linn freisin.

Tacú le cur chun feidhme iomlán an chláir Erasmus+ i réimse an spóirt agus é sin a chumasú, de réir mar is iomchuí.

I dtéarmaí rialachais agus comhair,

Cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme idirphlé struchtúrtha an Aontais maidir leis an spórt a neartú, i gcomhréir le rún 2017 ón gComhairle agus lena phríomhstruchtúir (9):

a)

Fóram Spóirt an Aontais;

b)

idirphlé struchtúrtha ardleibhéil an Aontais ar imeall chruinniú Chomhairle an Aontais Eorpaigh;

c)

idirphlé struchtúrtha ar leibhéal oibríochtúil an Aontais maidir leis an spórt ar imeall chruinniú Stiúrthóirí Spóirt an Aontais nó imeachtaí neamhfhoirmiúla eile de chuid na hUachtaránachta.

An ghné idirnáisiúnta de bheartas spóirt an Aontais a neartú, go háirithe trí mhalartuithe agus comhar le rialtais agus páirtithe leasmhara lasmuigh den Aontas freisin maidir le saincheisteanna agus dúshláin a bhaineann leis an mbeartas spóirt reatha, agus trí níos mó comhair le Comhairle na hEorpa.

Leanúnachas a áirithiú agus obair leantach a dhéanamh ar na ceithre Phlean Oibre a bhí ag an Aontas roimhe seo don Spórt agus ar dhoiciméid eile de chuid an Aontais a bhaineann leis an spórt, cuir i gcás, conclúidí agus rúin ón gComhairle.

Malartú eolais agus taithí idir Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún a threisiú.

16.

Is ionstraim sholúbtha é an Plean Oibre seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathruithe nó leasuithe ina dhiaidh sin chun freagairt go tráthúil ar fhorbairtí atá ag teacht chun cinn nó forbairtí gan choinne agus ar shaincheisteanna práinneacha i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta coirp, agus tosaíochtaí a bheidh ag uachtaránachtaí na Comhairle amach anseo á gcur san áireamh.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT

17.

Páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme an Phlean Oibre seo agus, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú leis na formáidí oibre éagsúla trína saineolas agus trína dtaithí.

18.

An t-eolas agus na torthaí a baineadh amach i gcur chun feidhme an Phlean Oibre seo a chur san áireamh nuair a bheidh beartais spórt nó beartais ábhartha eile á bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas an spóirt á n-urramú ag an am céanna.

19.

An ghluaiseacht náisiúnta spóirt agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, comhoibriú leo i ndáil leis an dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme an Phlean Oibre seo agus na torthaí a scaipeadh, chun ábharthacht agus infheictheacht na ngníomhaíochtaí a áirithiú.

20.

Na gnéithe ábhartha d’obair na Comhairle i ndáil leis an ngluaiseacht spóirt agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha a scaipeadh chun ábharthacht agus infheictheacht a gníomhaíochtaí a áirithiú, chomh maith le feabhas a chur ar an obair leantach a dhéantar maidir leis na moltaí nó na cuirí a thugann an Chomhairle don ghluaiseacht spóirt agus do pháirtithe eile.

IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHTAÍ NA COMHAIRLE

21.

An Plean Oibre seo a chur san áireamh agus a gclár á fhorbairt acu, chun gur féidir faisnéis a mhalartú faoin dul chun cinn a dhéantar maidir lena chur chun feidhme sa Mheitheal um an Spórt agus tógáil ar na torthaí a baineadh amach cheana féin.

22.

Féachaint ar chruinnithe a eagrú, ar bhonn an idirphlé struchtúrtha a dhéanann an tAontas maidir leis an spórt, le hionadaithe ábhartha na gluaiseachta spóirt agus le páirtithe leasmhara eile in earnáil an spóirt. Is féidir é sin a dhéanamh, cuir i gcás, trí fhaisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme an Phlean Oibre seo, lena n-áirítear maidir leis an obair a dhéanfaidh an Chomhairle amach anseo (e.g. bealaí a d’fhéadfaí cur leis na doiciméid a eiseoidh an Chomhairle), trí shaincheisteanna agus dúshláin reatha an bheartais spóirt a phlé, agus trí fhéachaint ar uaillmhianta frithpháirteacha agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na tosaíochtaí atá beartaithe d’uachtaránachtaí inteachta na Comhairle.

23.

Na torthaí, na spriocanna insoláthartha agus na moltaí ó fhormáidí oibre an Phlean Oibre seo a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun tacú lena gcuid oibre agus chun go mbeidh gníomhaíochtaí na Comhairle agus an Choimisiúin níos infheicthe i réimse an spóirt.

24.

Ag deireadh an téarma a chumhdaítear leis an rún seo, agus ar bhonn tuarascáil a ullmhóidh an Coimisiún, Plean Oibre nua an Aontais Eorpaigh a mholadh don chéad tréimhse eile, más iomchuí.

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH

25.

Teagmháil a dhéanamh, in éineacht leis na Ballstáit, leis an ngluaiseacht spóirt agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus an Plean Oibre seo á chur chun feidhme agus tacú leis na Ballstáit lena shaineolas agus lena thaithí ó na hearnálacha beartais ábhartha uile, agus sineirgí á n-áirithiú i gcás inar féidir, i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rún seo.

26.

Doiciméad straitéiseach fadtéarmach nua a fhorbairt maidir lena bhfuil i ndán do bheartas spóirt an Aontais, lena n-áirítear maidir leis na príomhghnéithe de shamhail Eorpach spóirt (10) a chur chun cinn agus maidir le spórt a phríomhshruthú i mbeartais eile de chuid an Aontais, faoi dheireadh 2026.

27.

I gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a mholadh ar na doiciméid bheartais atá ann cheana, mar shampla moladh 2013 ón gComhairle maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha (HEPA) (11).

28.

Rannchuidiú le beartais atá bunaithe ar fhianaise san Aontas agus ina Bhallstáit, go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú, trí uirlisí eile a chruthú chun dea-chleachtais agus sonraí a mhalartú idir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, trí staidéir agus suirbhéanna a dhéanamh.

29.

Leanúint de na Ballstáit, den ghluaiseacht spóirt agus de pháirtithe leasmhara ábhartha eile a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, ar bhonn rialta, faoi thionscnaimh leanúnacha agus tionscnaimh atá beartaithe agus faoi na deiseanna cistiúcháin atá ann cheana i réimse an spóirt agus i réimsí beartais eile de chuid an Aontais atá ábhartha don spórt.

30.

Faisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil do na Ballstáit, nuair is féidir, faoi bheartais agus faoi chláir eile de chuid an Aontais agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar earnáil an spóirt, chomh maith le forléargas ginearálta ar thionscadail Erasmus+ atá ábhartha do phríomhábhair an Phlean Oibre seo.

31.

Dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit roimh ré maidir le tionscnaimh shonracha de chuid an Phlean Oibre a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na dtionscnamh.

32.

Modhanna comhpháirteacha a fhiosrú ar ar a mbonn is féidir leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún Eorpach agus le páirtithe leasmhara ábhartha teacht le chéile agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Oibre, agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus príomh-shaincheisteanna beartais spóirt a phlé.

33.

Príomhshruthú an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn i réimsí beartais eile de chuid an Aontais agus leanúint de shineirgí a chur chun cinn idir an spórt agus beartais eile de chuid an Aontais.

34.

An t-eolas agus na torthaí a baineadh amach agus an Plean Oibre seo á chur chun feidhme a scaipeadh chun ábharthacht agus infheictheacht phraiticiúil na ngníomhaíochtaí a áirithiú.

35.

Féachaint an bhféadfaí ardán ar líne a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar thuarascálacha, dea-chleachtais nó doiciméid ábhartha a mhalartú agus comhroinnt faisnéise agus líonrú idir na Ballstáit a éascú a thuilleadh, trí úsáid a bhaint as uirlisí comhoibríocha TF atá ann cheana freisin.

36.

Tuarascáil a thíolacadh, le linn an chéad leath de 2027 agus bunaithe ar rannchuidithe deonacha ó na Ballstáit, ón ngluaiseacht spóirt agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha, maidir le cur chun feidhme agus ábharthacht an Phlean Oibre seo. Is ar bhonn na tuarascála sin a ullmhófar Plean Oibre comharba le linn an dara leath de 2027.

IARRTAR AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AGUS AR PHÁIRTITHE LEASMHARA ÁBHARTHA EILE AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH

37.

Páirt a ghlacadh i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun an Plean Oibre seo a chur chun feidhme agus rannchuidiú leis na formáidí oibre éagsúla trína saineolas agus taithí.

38.

Na torthaí a baineadh amach agus an Plean Oibre seo á chur chun feidhme a scaipeadh agus iad a chur san áireamh ina gcuid gníomhaíochtaí féin.

(1)  Rún A/RES/70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe: I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, mír 37, an 25 Meán Fómhair 2015.

(2)  Moladh athbhreithnithe maidir leis an gCairt Eorpach Spóirt CM/Rec(2021)5. Arna ghlacadh ag Coiste na nAirí an 13 Deireadh Fómhair 2021 ag an 1414ú cruinniú d’Ionadaithe na nAirí, Airteagal 1(1)(b).

(3)   IO C 162, 1.6.2011, lch. 1.

(4)   IO C 183, 14.6.2014, lch. 12.

(5)   IO C 189, 15.6.2017, lch. 5.

(6)   IO C 419, 4.12.2020, lch. 1.

(7)  An Coimisiún Eorpach, Eorabharaiméadar Speisialta 525, ‘Spórt agus Gníomhaíocht Coirp (2022)’, 2268/SP525, Tuarascáil iomlán, Meán Fómhair 2022.

(8)  An Coimisiún Eorpach, Towards more gender equality in sport, Recommendations and action plan from the High-Level Group on Gender Equality in Sport [I dtreo níos mó comhionannais inscne sa spórt: Moltaí agus plean gníomhaíochta ón nGrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne sa Spórt], 2022.

(9)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hIdirphlé Struchtúrtha an Aontais i ndáil leis an Spórt a fhorbairt a thuilleadh, IO C 425, 12.12.2017, lch. 1.

(10)  Leagtar amach príomhghnéithe na samhla Eorpaí spóirt sa Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe na samhla Eorpaí spóirt, IO C 501, 13.12.2021, lch. 1.

(11)  Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha, IO C 354, 4.12.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Réimse tosaíochta I: Ionracas agus luachanna sa spórt

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

(b’fhéidir) Aschur / spriocdháta

Ceannaire / Ceannairí

Timpeallacht shábháilte sa spórt (1)

Ciapadh, mí-úsáid agus foréigean a chosc, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus aon chineál idirdhealaithe

Múscailt feasachta

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Comhar le Comhairle na hEorpa: Tionscadal comhpháirteach an Aontais dar teideal Balance S4 Strengthening the Safety and Service Pillars of the Saint Denis Convention [Colúin sábháilteachta agus seirbhíse Choinbhinsiún Saint Denis a neartú]

2024–2025

An Coimisiún, na Ballstáit

An fhuathchaint a chomhrac

Tionchar na meán sóisialta agus drochíde ó bhéal ar líne a chosc

Léiriú den fhoréigean béil agus fisiciúil le linn imeachtaí spóirt

Múscailt feasachta

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Grúpa MOC

Le cinneadh

Na Ballstáit, an Coimisiún

An fhrithdhópáil (2)

Comhordú agus comhroinnt faisnéise a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs chruinnithe WADA agus CAHAMA

Seasamh an Aontais agus a Bhallstát a ullmhú do chruinnithe an Choiste Eorpaigh ad hoc um an nGníomhaireacht Dhomhanda um Fhrithdhópáil (CAHAMA) agus um an nGníomhaireacht Dhomhanda um Fhrithdhópáil (WADA) i gcomhréir leis an rún ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, agus athbhreithniú a dhéanamh ar ionadaíocht Bhallstáit an Aontais ar Bhord Fondúireachta WADA agus ar chomhordú sheasaimh na mBallstát roimh chruinnithe WADA (nó aon doiciméad ina dhiaidh sin a bhaineann leis sin a ullmhú). Agus seasamh á cheapadh, sineirgí a lorg le Comhairle na hEorpa chun dúbailt na hoibre nó cruthú struchtúr comhthreomhar a sheachaint (3).

An Chomhairle (le tacaíocht ó shaineolaithe de réir mar is gá) agus CAHAMA

(b’fhéidir) Comhordú agus seasamh an Aontais

Uachtaránachtaí, an Coimisiún

Athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rún 2023 agus féachaint an bhfuil gá le haon choigeartuithe.

An Chomhairle

An dara leath de 2025

Uachtaránacht DK

An spórt agus an t-oideachas

Cur chuige nua maidir le ról an spóirt sa chóras oideachais

Malartú dea-chleachtas

Seisiún tuairimíochta

(b’fhéidir) Conclúidí ón gComhairle agus díospóireacht bheartais sa Chomhairle

An chéad leath de 2025

Uachtaránacht PL

An spórt mar chreat le haghaidh scileanna pearsanta, sóisialta agus foghlama agus lenar féidir an chaoinfhulaingt, an dlúthpháirtíocht agus an chuimsitheacht chomh maith le luachanna spóirt eile agus luachanna an Aontais a chur chun cinn (4)

Múscailt feasachta

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama) maidir le bealaí nuálacha chun spórt agus gníomhaíocht coirp a chur chun cinn ar scoil

2025

FR

Inniúlachtaí agus cáilíochtaí sa spórt: lúthchleasaithe agus baill foirne, go háirithe cóitseálaithe

 

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama) maidir le cáilíochtaí agus oideachas na gcóitseálaithe a fhorbairt agus an tionchar ilghnéitheach ar an tsochaí

2025-2027 (le deimhniú)

EE

Dhá ghairm bheatha a bheith ag lúthchleasaithe (rochtain ar oideachas agus ar phoist, in éineacht le gairm spóirt)

Múscailt feasachta

Malartú dea-chleachtas

Staidéar Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama)

2024-2027

2026

An Coimisiún

BE

An comhionannas inscne

Rannpháirtíocht na mban a mhéadú, go háirithe an líon ban ina gcóitseálaithe agus i bpoist cheannaireachta in eagraíochtaí spóirt agus i gclubanna spóirt

Coinníollacha comhionanna (coinníollacha íocaíochta san áireamh) do mhná agus fir sna róil éagsúla: lúthchleasaithe, cóitseálaithe, oifigigh, baill foirne, etc.

Clúdach meán chomórtais spóirt na mban a mhéadú, steiréitíopaí a chomhrac etc.

Obair leantach ar an staidéar ar an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ‘Towards more gender equality in sport’ [I dtreo níos mó comhionannais inscne sa spórt] agus ar na moltaí agus ar an bplean gníomhaíochta ón nGrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne sa Spórt (5)

An obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le mná agus comhionannas i réimse an spóirt (2023) (6)

Comhar leis an bPáirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Spórt (EPAS) de chuid Chomhairle na hEorpa: tionscadal comhpháirteach ón Aontas ‘All In Plus’ 2023-2025 An Coimisiún

 

 

Spóirt thraidisiúnta

Leis an spórt traidisiúnta, leagtar béim ar ról an spóirt mar chuid de chultúr, stair agus traidisiúin na hEorpa agus tacaítear leis an gcomhtháthú sóisialta, an lánpháirtiú, an obair dheonach agus an tsaoránacht ghníomhach

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Múscailt feasachta (e.g. béim a leagan ar spóirt Eorpacha ar liosta UNESCO maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe)

Conclúidí ón gComhairle

An dara leath de 2026

Uachtaránacht IE

An tSamhail Eorpach Spóirt

Oscailteacht na gcomórtas, fiúntas an spóirt, an t-ionracas, an dlúthpháirtíocht agus luachanna sa spórt

Forbairt eolais

An obair leantach ar an rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe de shamhail Eorpach spóirt (2021) (7)

An obair leantach ar an staidéar maidir leis an tsamhail Eorpach spóirt (2022) (8)

Staidéar ar fhorbairtí, bagairtí agus deiseanna amach anseo a mbeidh tionchar acu ar an tsamhail Eorpach spóirt

2024-2027

An Coimisiún, na Ballstáit

Cearta na lúthchleasaithe

Cearta agus dálaí oibre na lúthchleasaithe, go háirithe dálaí a bhaineann le rannpháirtíocht in imeachtaí spóirt (mar shampla, cearta margaíochta, saoirse chun tuairimí a nochtadh, cosaint dlí, neamh-idirdhealú)

Múscailt feasachta

Forbairt eolais

Anailís ar an staid fhíorasach agus dhlíthiúil

Obair leantach ar staidéar an Choimisiúin (le foilsiú sa chéad seimeastar de 2024)

Grúpa MOC

le cinneadh

Na Ballstáit, an Coimisiún

Dea-rialachas a fhorbairt agus a chur chun cinn sa spórt

Bacainní a bhaineann leis an rialachas sa spórt a shainaithint agus dul i ngleic leo

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

 

 

 

Cúbláil comórtas spóirt a chomhrac

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cúbláil Comórtas Spóirt a chomhrac (‘Coinbhinsiún Macolin’)

Bealaí a scrúdú chun deireadh a chur leis an tsáinn maidir leis an gCoinbhinsiún d’fhonn a chur ar chumas an Aontais agus a Bhallstát a bpróisis daingniúcháin faoi seach a thabhairt chun críche agus aontú don Choinbhinsiún

Comhairle agus comhar le Comhairle na hEorpa

An dara leath de 2025

Uachtaránacht DK,

An Coimisiún

An comhar idir na Ballstáit a neartú agus cúbláil comórtas spóirt á comhrac

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Cruinniú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta

An dara leath de 2025

Uachtaránacht DK

Réimse tosaíochta II: Gnéithe socheacnamaíocha agus inbhuanaithe a bhaineann leis an spórt

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

(b’fhéidir) Aschur / spriocdháta

Ceannaire / Ceannairí

Nuálaíocht agus digiteáil

An nuálaíocht sa spórt i ngach gné agus ar gach leibhéal d’earnáil an spóirt (lena n-áirítear clubanna spóirt áitiúla)

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Múscailt feasachta

An obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an Nuálaíocht i gCúrsaí Spóirt (2021) (9)

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama) maidir le digiteáil sa spórt atá bunaithe ar fhianaise

ceapadh beartais

Le cinneadh

EE

Forbairt na ríomhspórt

(B’fhéidir) Grúpa de Bhallstáit leasmhara agus / nó pobal cleachtais faoi SHARE 2.0

Le cinneadh

Na Ballstáit, an Coimisiún

An spórt inbhuanaithe

Oideachas don spórt inbhuanaithe

Cleachtadh spóirt, saoráidí spóirt agus imeachtaí spóirt atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

Éabhlóid an spóirt agus éabhlóid cleachtaidh spóirt i bhfianaise an athraithe aeráide

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Múscailt feasachta

An obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le ‘Spórt agus gníomhaíocht coirp, réimsí a bhfuil gealladh fúthu chun iompraíocht a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe’ (2022) (10)

An obair leantach ar Sport’s contribution to the European Green Deal – a sport sector playbook (2023) [Rannchuidiú an spóirt leis an gComhaontú Glas don Eoraip – leabhar straitéise d’earnáil an spóirt] (11)

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama)

Le cinneadh

BG

Saoráidí spóirt inbhuanaithe agus pleanáil spásúlachta inbhuanaithe

Pleanáil, tógáil agus cothabháil inbhuanaithe agus inrochtana

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Múscailt feasachta

Obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le bonneagar inbhuanaithe inrochtana spóirt (2022) (12)

Pobal cleachtais faoi SHARE 2.0

2024-2027

Na Ballstáit, an Coimisiún

An turasóireacht spóirt

An turasóireacht spóirt mar spreagadh don fhorbairt inbhuanaithe

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Múscailt feasachta

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama)

2026

AT

(B’fhéidir) Conclúidí ón gComhairle agus / nó comhdháil agus / nó plé le linn chruinniú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta

An chéad leath de 2026

Uachtaránacht CY

Mórimeachtaí spóirt

Todhchaí na hEorpa mar ionad óstach le haghaidh mórimeachtaí spóirt, pleanáil agus réadú inbhuanaithe agus oidhreacht na mórimeachtaí spóirt i gcathracha agus réigiúin

Malartú dea-chleachtas

Conclúidí ón gComhairle maidir le hoidhreacht na mórimeachtaí spóirt

An dara leath de 2024

Uachtaránacht HU

Cruinniú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta

Mí Iúil 2024

Uachtaránacht HU

Comhdháil ardleibhéil

Meán Fómhair 2024

Uachtaránacht HU

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (má bhronntar ar an bhFrainc é: ó Albertville 1992 go dtí Cluichí Oilimpeacha Geimhridh 2030 in Alpa na Fraince, léiriú ar oidhreacht inbhuanaithe de chuid mórimeachta spóirt)

2027

FR

Ceapadh beartais agus infheistíochtaí sa spórt

An méid a chuireann an spórt leis an bhforbairt réigiúnach

Deiseanna chun cláir chistiúcháin an Aontais a úsáid

Toradh sóisialta ar an infheistíocht sa spórt (SROI)

Anailís ar an staid

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le ‘spórt a spreagadh tríd an gcóras cánach’)

An dara cuid de 2025

HR

Beartais atá bunaithe ar fhianaise

Malartú dea-chleachtas i ndáil le cuntais satailíte spóirt bunaithe ar an Tuarascáil ón gCoimisiún (13)

Tuarascálacha náisiúnta ar bhonn iomlán deonach

2024-2027

Ballstáit

Taighde agus staidreamh spóirt

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Comhdháil nó seimineár

An chéad leath de 2025

Uachtaránacht PL

Athléimneacht earnáil an spóirt a neartú

Athléimneacht spórt an phobail: inbhuanaitheacht airgeadais agus chomhshaoil, obair dheonach a fheabhsú, bainistiú riosca.

Ról na n-údarás poiblí

Deiseanna cistiúcháin (SHARE 2.0)

Anailís ar an staid

Malartú dea-chleachtas

Forbairt straitéise

Staidéar

2024-2027

An Coimisiún

Réimse tosaíochta III: Rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

(b’fhéidir) Aschur / spriocdháta

Ceannaire / Ceannairí

Deiseanna leordhóthanacha a chruthú don spórt agus don ghníomhaíocht coirp do gach glúin

Dúshláin agus bagairtí comhaimseartha is cúis leis an meath ar leibhéal aclaíochta leanaí agus daoine óga

Malartú dea-chleachtas

Forbairt eolais

Obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le ‘gníomhaíocht coirp ar feadh an tsaoil’ (2021) (14)

Díospóireacht le linn chruinniú na hArd-Stiúrthóireachta

An chéad leath de 2025

Uachtaránacht PL

Forbairt an spóirt ag an obair

 

Grúpa de Bhallstáit leasmhara (gníomhaíocht phiarfhoghlama)

2025

BE

Aosú gníomhach

 

(B’fhéidir) Conclúidí ón gComhairle agus / nó díospóireacht le linn chruinniú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta agus / nó díospóireacht de chuid na Comhairle

An chéad leath de 2026

Uachtaránacht CY

Ag cothú

Gníomhaíocht fhisiciúil

Gníomhaíocht coirp ar feadh an tsaoil

Comhar trasearnála le hinstitiúidí ábhartha (scoileanna mar shampla)

Ról na meán agus na meán sóisialta

An obair dheonach a fheabhsú

Múscailt feasachta

Forbairt eolais

Malartú dea-chleachtas

(B’fhéidir) Díospóireacht le linn chruinniú na hArd-Stiúrthóireachta

Mí Iúil 2024

Uachtaránacht HU

 

(B’fhéidir) Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha (HEPA) (2013) (15)

Le cinneadh

An Coimisiún, Uachtaránachtaí, Líonraí Phointí Lárnacha HEPA

An mheabhairshláinte agus an dea-bhail sa spórt

Tairbhí an spóirt a chur chun cinn i measc lúthchleasaithe maidir leis an meabhairshláinte agus leis an dea-bhail mar aon le cosc fadhbanna sna réimsí sin

 

Grúpa MOC

Le cinneadh

Na Ballstáit, an Coimisiún

(B’fhéidir) Díospóireacht le linn chruinniú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta agus / nó comhdháil agus / nó díospóireacht de chuid na Comhairle

An chéad leath de 2026

Uachtaránacht CY


(1)  Airteagal 165(2) CFAE: ‘Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais (…) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, (…) trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint’.

(2)  Airteagal 165(2) CFAE: ‘Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais (…) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt (…) a chur chun cinn (…)’.

(3)  An rún ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, lena ndéantar athbhreithniú ar ionadaíocht Bhallstáit an Aontais ar Bhord Fondúireachta WADA agus maidir le comhordú a dhéanamh ar na seasaimh ó na Ballstáit roimh chruinnithe WADA, IO C 185, 26.5.2023, lch. 29.

(4)  Airteagal 165(1) CFAE: ‘Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint (…) d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.’

(5)  An Coimisiún Eorpach, ‘Towards more gender equality in sport, Recommendations and action plan from the High-Level Group on Gender Equality in Sport’ [I dtreo níos mó comhionannais inscne sa spórt: Moltaí agus plean gníomhaíochta ón nGrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne sa Spórt], 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(6)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le mná agus comhionannas i réimse an spóirt, IO C 2023/1362, 1.12.2023.

(7)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt IO C 501, 13.12.2021, lch. 1.

(8)  An Coimisiún Eorpach, Sennett, J., Le Gall, A., Kelly, G. et al., ‘Staidéar ar an tSamhail Eorpach Spóirt – Tuarascáil chuig an gCoimisiún Eorpach’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(9)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an Nuálaíocht i gCúrsaí Spóirt IO C 212, 4.6.2021, lch. 2.

(10)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le ‘Spórt agus gníomhaíocht coirp, réimsí a bhfuil gealladh fúthu chun iompraíocht a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe’, IO C 170, 25.4.2022, lch. 1.

(11)  An Coimisiún Eorpach, ‘ Sport’s contribution to the European Green Deal – a sport sector playbook ’[Rannchuidiú an spóirt leis an gComhaontú Glas don Eoraip – leabhar straitéise d’earnáil an spóirt], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Tuarascáil iomlán, Meán Fómhair 2023.

(12)  Conclúidí ón gComhairle maidir le bonneagar inbhuanaithe inrochtana spóirt, IO C 494, 28.12.2022, lch. 1.

(13)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Study on the economic impact of sport through sport satellite accounts [Staidéar ar thionchar eacnamaíoch an spóirt trí chuntais satailíte spóirt], Oifig na bhFoilseachán, 2018; an staidéar atá ar na bacáin ón gCoimisiún Eorpach chun na modheolaíochtaí agus na sainmhínithe atá ann cheana maidir le staidreamh spóirt a chomhchuibhiú, rud a réiteoidh an bealach i dtreo Cuntas Satailíte Eorpach Spóirt a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, a bhfuiltear ag súil go bhfoilseofar é in 2025.

(14)  Conclúidí ón gComhairle maidir le gníomhaíocht coirp ar feadh an tsaoil, IO C 501 I, 13.12.2021, lch 1.

(15)  Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha, IO C 354, 4.12.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN II

Prionsabail a bhaineann leis na formáidí oibre agus leis an tuairisciú

1.

Cuirfear Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt chun feidhme go háirithe trí ghrúpaí MOC, grúpaí de Bhallstáit leasmhara (nó gníomhaíochtaí piarfhoghlama), cnuaschruinnithe, conclúidí ón gComhairle, comhdhálacha agus staidéir.

2.

Is ar bhonn deonach a bheidh na Ballstáit rannpháirteach i gcur chun feidhme an Phlean Oibre agus a fhormáidí oibre.

3.

Leis na grúpaí modha oscailte comhordúcháin (MOC), cuirfear creat ar fáil le haghaidh comhair, agus malartú agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le príomhábhair choiteanna, arna gcur in iúl faoi na trí réimse tosaíochta den Phlean Oibre seo agus faoi na príomhábhair chomhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinn I (1), agus beifear in ann moltaí neamhcheangailteacha a fhorbairt.

Maidir leis an modh oibre,

cuirfear bailchríoch ar an sainordú sa Mheitheal um an Spórt ar bhonn dréacht-sainordaithe arna moladh ag an gCoimisiún;

beidh gach grúpa MOC freagrach as cathaoirleach nó comhchathaoirligh a cheapadh as measc na gcomhaltaí ag an gcéad chruinniú a bheidh acu;

is féidir a mholadh leis an sainordú go dtabharfaí cuireadh do thríú páirtithe, lena n-áirítear tríú tíortha (2), ionadaithe na sochaí sibhialta agus na gluaiseachta spóirt, freastal ar ghrúpa MOC mar chomhaltaí nó mar bhreathnóirí;

ag brath ar an ábhar, d’fhéadfaí an grúpa MOC a spreagadh chun grúpaí fócais beaga a bhunú agus modhanna rannpháirteacha a úsáid, i gcás inarb iomchuí;

cuirfidh an Coimisiún saineolas agus tacaíocht lóistíochta ar fáil i dtaca leis an obair a dhéanfaidh gach grúpa MOC;

pléifidh an Mheitheal um an Spórt agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha eile, moltaí neamhcheangailteacha arna gcur ar aghaidh ag grúpa MOC agus, de réir mar is iomchuí, cuirfear faoi bhráid na Comhairle iad.

4.

Eagróidh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát grúpaí de Bhallstáit leasmhara (aireachtaí, údaráis rialtais nó comhlachtaí poiblí eile), inter alia, chun faisnéis faoi ábhair shonracha a mhalartú. Tá sé oscailte do gach Ballstát a bheith rannpháirteach i ngrúpaí de Bhallstáit leasmhara. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit freisin grúpaí de Bhallstáit leasmhara a chur ar bun maidir le hábhair nach liostaítear in Iarscríbhinn I.

5.

Féadfaidh grúpaí de Bhallstáit leasmhara, má mheasann siad go bhfuil gá leis, a nósanna imeachta oibre agus a struchtúir oibre féin a shainiú, i bhfianaise a riachtanas sonrach agus a dtorthaí sonracha. Beidh an Coimisiún comhlachaithe le hobair na ngrúpaí sin agus má chomhlíontar na coinníollacha buiséadacha, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais a sholáthar don obair a dhéanann na grúpaí de Bhallstáit leasmhara (mar ghníomhaíocht phiarfhoghlama, i gcomhthéacs Chláir Oibre Bhliantúil Erasmus+ is infheidhme).

6.

Eagraíonn an Coimisiún cnuaschruinnithe ar théama sonrach chun obair agus torthaí tionscadal ábhartha arna maoiniú trí Ghníomhaíochtaí Spóirt Erasmus+ nó trí chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais a chur i láthair.

7.

Féadfar cruinnithe grúpaí MOC, cruinnithe grúpaí de Bhallstáit leasmhara, comhdhálacha agus cnuaschruinnithe a thionól freisin i bhfoirm fhíorúil i gcás inarb iomchuí.

8.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir le dul chun cinn na hoibre sna grúpaí MOC agus maidir le comhdhálacha, cnuaschruinnithe agus staidéir, agus cuirfidh sé i láthair na torthaí a eascraíonn as gach ceann acu sin faoi seach. Déanfaidh Uachtaránachtaí na Comhairle an rud céanna maidir leis na himeachtaí a eagraíonn siad. Féadfaidh grúpaí de Bhallstáit leasmhara ionadaithe a ainmniú chun déanamh amhlaidh.

9.

Beidh cláir oibre, torthaí agus tuarascálacha na ngrúpaí go léir ar fáil do na Ballstáit go léir, gan beann ar a mhéid a bhí siad rannpháirteach i réimse áirithe. Foilseofar agus scaipfear torthaí na ngrúpaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí na bealaí iomchuí.

(1)  Ar na príomhthopaicí a sainaithníodh bhí ‘an fhuathchaint a chomhrac’, ‘cearta na lúthchleasaithe agus an dea-rialachas sa spórt a chur chun cinn’ agus ‘an mheabhairshláinte agus an dea-bhail sa spórt’.

(2)  Chun críocha an Phlean Oibre seo, ciallaíonn ‘tríú tíortha’ na tíortha sin dá dtagraítear i bhforálacha Airteagail 19 agus 20 den Chlár Erasmus+ (Rialachán (AE) 2021/817 -IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3527/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)