|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3526 |
3.6.2024 |
Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le beartas don obair óige in Eoraip an chumasúcháin
(C/2024/3526)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MEABHRÚ DÓIBH:
|
1. |
Luachanna an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) (1). |
|
2. |
Gurb é is aidhm d’Airteagail 165(2) agus 166(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) tacú le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt laistigh den Aontas trí bhearta comhbheartaithe. |
|
3. |
Airteagail 21, 23 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 31 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (2). |
AGUS AN CÚLRA POLAITIÚIL A LEAGTAR AMACH IN IARSCRÍBHINN I Á MHEABHRÚ DÓIBH, GO hÁIRITHE AN MÉID SEO A LEANAS:
|
4. |
Cé gur iomaí déanamh atá ar an obair óige fud fad na hEorpa agus cé gur leis an iomaí dearcadh, traidisiún, páirtithe leasmhara agus cleachtas a bhaineann sí, d’oibrigh an tAontas Eorpach i dtreo cur chuige córasach agus inbhuanaithe i leith an obair óige a fhorbairt chun deiseanna, mar aon leis na dálaí is fearr is féidir, a chruthú lena chur ar chumas daoine óga forbairt – mar dhaoine aonair, mar ghrúpaí agus mar ghlúine – agus, d’oibrigh sé, ag an am céanna, i dtreo gníomhaíochtaí gníomhacha díograiseacha lena ndéanfar an t-eisiamh, an éiginnteacht agus an díothacht a leigheas (3). |
|
5. |
Aithnítear i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 go bhfuil ról nach beag ag an obair óige maidir le daoine óga a chumhachtú (4). Forlíontar é le Clár Oibre Eorpach 2020 don Obair Óige, lena mbunaítear creat straitéiseach chun cáilíocht san obair óige agus aitheantas na hoibre sin a neartú agus a fhorbairt. Is tosaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát é tacú le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt, go háirithe ar an leibhéal áitiúil. |
|
6. |
Aithnítear i Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh go bhfuil ag leanbh an ceart chun rannpháirtíochta agus chun súgartha. |
|
7. |
Ar cheann de phríomhghealltanais an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát tá an comhrac i gcoinne an eisiaimh shóisialta. Déanann an t-eisiamh sóisialta dochar d'fholláine coirp agus meanman na saoránach agus cuireann sé bac ar a gcumas iad féin a chur in iúl agus a bheith rannpháirteach sa tsochaí. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT DÓIBH:
|
8. |
Iarrachtaí comhpháirteacha an Aontais Eorpaigh trí Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun an comhtháthú sóisialta a neartú, (5) rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú daoine óga a chur chun cinn, an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn agus rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht na gcóras tacaíochta do ghníomhaíochtaí óige agus ar chumais eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse na hóige laistigh den Aontas Eorpach. |
|
9. |
Rannchuidiú an Aontais Eorpaigh le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt trí chláir óige an Aontais, go háirithe trí shoghluaisteacht oibrithe óige agus comhpháirtíochtaí comhair lena dtacaítear freisin le forbairt straitéiseach cleachtas, oideolaíocht agus uirlisí, tríd an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige agus trí obair chomhpháirtíochtaí um Chomhar na nGníomhaireachtaí Náisiúnta Straitéiseacha (SNAC) Europe Goes Local [An Eoraip Áitiúil] agus Democracy Reloading [Athshlánú an Daonlathais], Ionaid Acmhainní SALTO, agus eile. |
|
10. |
An chéad, an dara agus an tríú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige agus na dearbhuithe críochnaitheacha a ghabhann leo, na hiarrachtaí chun forbairt agus cur chun feidhme oibre óige ardchaighdeáin a neartú faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige trí Phróiseas Bonn, (6) chomh maith le comhlántacht na hoibre a dhéantar laistigh de Chomhairle na hEorpa maidir le hobair óige, mar a leagtar béim uirthi i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027. |
TUGANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS DÁ NAIRE:
|
11. |
Smaointe agus tuairimí daoine óga maidir le bealaí a bhféadfaí inniúlachtaí oibrithe óige a neartú d’fhonn oibriú le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, mar a cuireadh in iúl le linn Chomhdháil Óige an Aontais sa Bheilg arna reáchtáil ón 2 go dtí an 5 Márta 2024 in Gent: leag daoine óga béim ar a thábhachtaí atá sé obair óige ghairmiúlaithe a chur chun cinn, aitheantas a thabhairt don obair óige agus don fhoghlaim neamhfhoirmiúil, agus spásanna cuimsitheacha a chothú. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach, dar leo, trí bhíthin infheistíochtaí struchtúracha agus oiliúint struchtúrach d’oibrithe óige, chomh maith le fothú acmhainneachta agus idirphlé leanúnach a áirithiú idir oibrithe óige agus páirtithe leasmhara, mar shampla oideoirí seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Ina theannta sin, leag daoine óga béim ar a riachtanaí atá rochtain mhéadaithe ar dheiseanna cistiúcháin ar an leibhéal áitiúil, buiséadú rannpháirtíochta dírithe ar an óige, soláthar acmhainní le haghaidh obair óige shoghluaiste, agus aitheantas foirmiúil d’obair dheonach don aos óg chun cearta daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chosaint agus chun feabhas a chur ar an bhfeasacht agus ar na hinniúlachtaí is gá chun spásanna cuimsitheacha sábháilte a chruthú do dhaoine óga. |
|
12. |
Torthaí na Comhdhála Eorpaí maidir le hObair Óige Áitiúil agus an Daonlathas Áitiúil a reáchtáladh sa Bhruiséil ón 20 go dtí an 23 Feabhra 2024 agus na moltaí le haghaidh gníomhaíochta atá i gceangal in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an rún seo. Cuireadh in iúl, le linn na comhdhála sin, ‘go gcruthaíonn rialtais áitiúla dálaí nithiúla chun an obair óige áitiúil a fhorbairt ar an mbealach is fearr is féidir, trí infheistiú i mbeartas oibre óige atá láidir agus fadtéarmach, bunaithe ar dhian-idirphlé agus ar dhian-rannpháirtíocht. Dá bhrí sin, tá creat de dhíth ar bhardais a thugann comhrianta agus inspioráid chun córais tacaíochta áitiúla láidre saincheaptha a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh chun an creat sin a mhúnlú i gcomhar le gníomhaithe áitiúla i ngréasán uile-Eorpach.’ Thairis sin, cuireadh in iúl go bhfuil ‘géarghá le hinfheistíochtaí a choinneáil ar bun i gcleachtais ard-éifeachtachta agus ard-éifeachtúlachta maidir le cuimsiú, comhionannas, rannpháirtíocht, daonlathas agus éagsúlacht. Cuireann an obair óige áitiúil agus beartas na hoibre óige áitiúla spásanna ar leith ar fáil inar féidir na luachanna daonna sin ar fad a chlaochlú ina gcleachtais nithiúla praiticiúla’. |
ÓS DÍOL SÁSAIMH DÓIBH:
|
13. |
An ceathrú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige, atá beartaithe i mí na Bealtaine-Meitheamh 2025 agus a thionólfar i Málta, le tacaíocht airgeadais ón gclár Erasmus+ (an Óige). |
AGUS BÉIM Á LEAGAN ACU AR AN MÉID A LEANAS:
|
14. |
Ní grúpa aonchineálach iad daoine óga, rud a fhágann go bhfuil an iliomad féiniúlachtaí agus riachtanais, acmhainní, cúlraí, staideanna saoil agus spéiseanna éagsúla acu. Teastaíonn buanna, neart, cruthaitheacht, rannpháirtíocht agus tiomantas na ndaoine óga má táimid le sochaí rathúil dhaonlathach a bheith againn. Is treise an tsochaí dá dtairbhe, agus chomh maith leis sin, is sealbhóirí ceart iad iontu féin agus is iad gníomhaithe na dlúthpháirtíochta agus an athraithe iad. Tá sé léirithe ag go leor daoine óga go bhfuil an-teacht aniar iontu agus leanann siad de bheith ag gníomhú ar son na gcúiseanna sin atá ag déanamh imní dóibh, rud a rannchuidíonn le hathrú dearfach a bhaint amach sa tsochaí (7). Ba cheart aitheantas agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus ba cheart iad a chumasú agus a chumhachtú sa ról sin. |
|
15. |
Sochaí chasta shíorathraitheach í an tsochaí atá ag daoine óga ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh, sochaí ar fhág dúshláin agus castachtaí éagsúla as cuimse a lorg uirthi: géarchéim dhomhanda na haeráide, paindéim COVID-19, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus coinbhleachtaí in áiteanna eile ar fud an domhain. Téann na cúinsí agus na feiniméin sin i bhfeidhm ar mheabhairshláinte agus ar fholláine coirp is meanman leanaí agus daoine óga agus chuaigh siad i gcion go mór, le blianta beaga anuas, ar shochaithe na hEorpa, ar fágadh lorg buan orthu dá réir. |
|
16. |
An boilsciú agus an méadú ar chostais mhaireachtála a eascraíonn as na dúshláin thuas, bíonn an-tionchar acu ar dhálaí maireachtála leanaí agus daoine óga, agus d’fhéadfadh sé go bhfulaingeoidís bochtaineacht dá dheasca sin agus go gcuirfeadh sé iad ó bheith rannpháirteach ar bhonn deonach san obair óige agus go gcuirfeadh sé bac ar an rochtain atá acu ar an obair sin. Ina theannta sin, ós rud é go dtéann an bhréagaisnéis, an polarú agus an easpa muiníne sa pholaitíocht i bhfeidhm ar leanaí agus daoine óga a mhéid a bhaineann lena dtuairimí a chur in iúl agus lena ghníomhaí atá siad mar shaoránaigh Eorpacha, is gá an daonlathas a athbheochan, go háirithe trí spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú. Lena chois sin, cuireann feiniméin éagsúla imirce, i measc tosca eile, leis an éagsúlacht i sochaithe na hEorpa. Is é atá dá thoradh sin tírdhreach sochaíoch inar léire na neamhionannais nó inar mó an bhéim orthu agus ina dtéann na neamhionannais sin i bhfeidhm ar thuairimí, ar rannpháirtíocht agus ar sheasamh daoine óga sa tsochaí. |
|
17. |
Mar áit a dtagann an cultúr, uain áineasa agus fóillíochta, an t-oideachas agus an fhoghlaim, agus an obair shóisialta le chéile (8), rannchuidíonn an obair óige le tacú le daoine óga agus le hiad a chumasú agus a chumhachtú. Cuidíonn sé sin leo druidim i dtreo an neamhspleáchais agus a seasamh a shainiú i dtimpeallacht atá ag forbairt, tugann sé deiseanna dóibh a marana a dhéanamh ar dhúshláin agus cuidíonn sé leo na roghanna is oiriúnaí dóibh féin a dhéanamh. Ina theannta sin, tá fianaise ann go bhfuil buntáistí ag roinnt le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oibre óige ó thaobh meabhairshláinte agus folláine coirp is meanman do dhaoine óga: bíonn bá acu lena chéile, agus dáimh, agus dlúthpháirtíocht agus aontacht mar a mbíonn aghaidh á tabhairt acu ar na dúshláin is mó atá roimh ár sochaithe (9). Dá bhrí sin, ní hamháin go gcabhraíonn an obair óige le daoine óga an cumas a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair, ach cuireann sí deiseanna agus próisis foghlama ar fáil dóibh a chabhraíonn leo a bheith níos athléimní agus níos cumasaí chun aghaidh a thabhairt ar réaltachtaí nua síorathraitheacha (10). |
AGUS IAD EOLACH AR AN MÉID SEO A LEANAS:
|
18. |
Tá saoránaigh óga fuascailte eolacha rannpháirteacha de dhíth ar Eoraip an chumasúcháin, saoránaigh a chreideann i sochaí oscailte dhaonlathach shíochánta atá fothaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar an urraim do chearta an duine agus don smacht reachta. Tacaíonn an obair óige le daoine óga agus iad ag iarraidh sochaithe córa, oscailte agus síochánta a fhorbairt le tiomantas agus le díograis. Mar gheall ar an nádúr intreach agus an neart coisctheach a bhaineann leis an obair óige, agus mar gheall freisin ar a hinoiriúnaitheacht do dhálaí athraitheacha, tá ar chumas na hoibre óige freagairt do dhúshláin shochaíocha agus tugtar, ar uairibh, ról ceartaitheach di. Mar sin féin, is féidir le hobair óige ina héagsúlacht ar fad agus le tacaíocht iomchuí, timpeallacht shonrach, shábháilte, fhuascailteach agus uathúil a chur ar fáil do dhaoine óga, timpeallacht ina bhféadfaidh siad teacht le chéile agus dul i bpáirtíocht. |
|
19. |
Tá bacainní ann i gcónaí maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oibre óige agus is amhlaidh a tháinig géarú ar na bacainní sin le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, téann brú sochaíoch agus athruithe ar dhálaí maireachtála i bhfeidhm ar rannpháirtíocht daoine óga, cuireann siad brú ar an obair óige a dhéantar le cabhair saorálaithe agus eascraíonn cineálacha nua rannpháirtíochta deonaí do dhaoine óga as sin, agus /nó bíonn cineálacha nua rannpháirtíochta de dhíth. |
|
20. |
Cuid dhílis den obair óige é na réamhchoinníollacha atá riachtanach agus an spás atá riachtanach a chruthú do dhaoine óga, le go bhféadfaidh siad triail agus taitneamh a bhaint as an obair óige i bhfochair a chéile, go háirithe ar bhonn na foghlama trí ghníomhaíocht, lena n-áirítear súgradh agus gníomhaíochtaí eile foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. I ndáil leis sin, déantar an spás poiblí a eagrú, a úsáid agus a chomhroinnt idir grúpaí éagsúla chun críoch éagsúil. Chomh maith leis sin, i gcás daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, is iondúil gur difriúil an caidreamh a bhíonn acu leis an spás poiblí agus gur difriúil a mbrath air (11), rud a fhágann gur gá breathnú arís ar an gcaoi a n-eagraítear é. Chuige sin, ní mór tuilleadh marana a dhéanamh ar leagan amach an spáis phoiblí, lena n-áirítear an chaoi a bhfreastalófaí ar riachtanais agus ar nósanna grúpaí éagsúla, chun na réamhchoinníollacha agus na spásanna atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí oibre óige a chruthú. |
|
21. |
D’fhonn tuiscint níos doimhne agus aitheantas breise a fháil, ní mór tionchar na hoibre óige ar an tsochaí – lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil – a dhéanamh níos sofheicthe agus níos inláimhsithe. Is dúshlán tábhachtach i gcónaí é san Eoraip aitheantas a thabhairt don obair óige sa tsochaí (12) agus tá sé ar cheann d’aidhmeanna an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige. Anuas air sin, ní mór tuilleadh béime a leagan ar an aitheantas a thugtar do na scileanna agus do na hinniúlachtaí a shealbhaítear nó a fhorbraítear tríd an obair óige. |
|
22. |
Chun go mbeidh rath ar an obair óige, ní mór tús áite a thabhairt di ar gach leibhéal, bíodh sin ar bhonn áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta. Féadfar obair óige ardchaighdeáin a fhorbairt trí bheartas spriocdhírithe, trí bhearta tacaíochta ar gach leibhéal agus trí chur chuige tiomanta inbhuanaithe. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na heagraíochtaí óige is fearr a thuigeann saol daoine óga, rud a fhágann go bhfuil ról ríthábhachtach acusan maidir le tacú le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt. |
FÓGRAÍONN SIAD GO BHFUIL SÉ d'AIDHM ACU AGHAIDH A THABHAIRT AR RÓL NA hOIBRE ÓIGE IN EORAIP AN CHUMASÚCHÁIN TRÍD AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
23. |
Na bearta atá ann cheana a neartú, creat a leagan síos ionas go mbeidh an obair óige in ann cos a chur i dtaca agus í féin a oiriúnú le bheith in ann tacú le daoine óga ina n-iarrachtaí a gcosán féin a bhaint amach sa saol laistigh de dhálaí nua síoraithraitheacha. Is tríd an gcumas gníomhaireachta, an rannpháirtíocht agus an cuimsiú a fheidhmiú a bhainfear é sin amach, i gcomhthéacs na folláine coirp is meanman, na rannpháirtíochta polaitiúil agus saoránach is fearr is féidir agus de mheon an fhéinchinntiúcháin. |
|
24. |
Tacú le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt (13) agus le beartas don obair óige ar gach leibhéal, agus aird chuí á tabhairt ar an leibhéal áitiúil, arb é an leibhéal is gaire é don duine óg. |
|
25. |
Timpeallachtaí cumasúcháin (14) a chruthú, go háirithe trí na timpeallachtaí sin a chomhchruthú le hoibrithe óige agus le daoine óga iad féin, ionas gur féidir gníomhaíochtaí oibre óige a eagrú i spásanna poiblí ar an mbealach is oiriúnaí do riachtanais daoine óga. |
|
26. |
Rochtain chomhionann ar obair óige a áirithiú do gach duine óg, lena n-áirítear trí fhor-rochtain ar an obair óige a chur ar fáil, mar shampla trí thacú le líonraí idir obair óige agus obair shóisialta, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha i réimsí eile a oibríonn le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, i gcás inarb ábhartha. |
|
27. |
Oideachas, oiliúint, foghlaim, inniúlachtaí (i.e., eolas, scileanna, luachanna, dearcthaí agus an smaointeoireacht chriticiúil) a chur ar fáil d’oibrithe óige mar aon leis na hacmhainní is gá chun tacú le cumas gníomhaíochta, breithiúnais agus ionramhála daoine óga agus iad ag dul i ngleic le dálaí síorathraitheacha an lae inniu. |
|
28. |
Cineálacha nua rannpháirtíochta – trí bhíthin rannpháirtíocht dheonach agus saoránach – a éascú agus tacú leo, bíodh sin go fisiciúil nó ar líne. |
|
29. |
Léirthuiscint shochaíoch agus aitheantas don obair óige (15) a chothú i sochaithe síorathraitheacha na hEorpa. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, AG CLOÍ LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
30. |
Beartas cuimsitheach maidir le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt nó tacaíocht bhreise a thabhairt dó, de réir mar is iomchuí, chomh maith le beartas óige go ginearálta trí bhíthin creataí agus sásraí tacaíochta agus cistiúcháin inbhuanaithe a chuimsiú chun obair óige ardchaighdeáin a fhorbairt, agus an obair óige reatha gona gníomhaithe á gcur san áireamh, agus cleachtais nua ó thaobh na hoibre óige – iad níos turgnamhaí, níos nuálaí – á gcur san áireamh freisin. An beartas sin don obair óige, ba cheart dó cur le tionscnaimh bheartais atá ann cheana i réimse na hoibre óige; ba cheart dó a bheith fianaise- agus eolas-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí forbairt bhreise air i ndlúthchomhar le pobal cleachtais na hoibre óige. |
|
31. |
Tacú le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt, a chur chun feidhme, a mheas agus a chur chun cinn ar gach leibhéal, agus aird chuí á tabhairt ar an leibhéal áitiúil, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt chun forbairt agus cur chun feidhme na hoibre óige ardchaighdeáin agus meastóireacht uirthi a neartú, go háirithe faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige, i gcás inarb iomchuí. |
|
32. |
Úsáid a bhaint as an trasnachas mar bhealach chun na bacainní agus na dúshláin atá roimh an óige a shainaithint agus a thuiscint, go háirithe iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, rochtain a fháil ar obair óige, agus gníomhú chun na bacainní sin a shárú. Ba cheart do na bearta agus na gníomhaíochtaí beartais a bheith idir choisctheach agus fhreagrúil, chun aghaidh a thabhairt ar fhéiniúlachtaí, bacainní agus dúshláin éagsúla na ndaoine óga. |
|
33. |
Cabhair agus dreasachtaí a chur ar fáil chun faisnéis atá áisiúil don óige a chothú i ndáil leis an obair óige agus go mbeadh rochtain chomhionann uirthi ag daoine óga. Ina theannta sin, a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí oibre óige, go mbeidh rochtain chomhionann ag daoine óga ar fhaisnéis ardchaighdeáin maidir lena gcearta, lena bhfreagrachtaí agus lena ndeiseanna, agus go mbainfidh siad tairbhe as an bhfaisnéis sin. |
|
34. |
Cabhair a thabhairt i ndáil le cineálacha nua agus nuálacha rannpháirtíochta deonaí agus sibhialta, agus tacú leo, idir rannpháirtíocht fhisiciúil agus fhíorúil, agus acmhainní, spás agus cineálacha eile tacaíochta a chur ar fáil do na cineálacha nua oibre óige sin. |
|
35. |
Iarrachtaí breise chun na timpeallachtaí riachtanacha cumasúcháin a éascú, a bhunú, a chomhchruthú agus, i gcás inar féidir, a chomhbhainistiú chun a áirithiú gur féidir gníomhaíochtaí oibre óige a eagrú sa spás poiblí ar bhealach is iomchuí dá thairbhithe, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
36. |
Oibriú i dtreo peirspictíocht ón mbun aníos trí thús áite a thabhairt don eolas, don taithí agus don chleachtas áitiúil agus an obair óige áitiúil á heagrú, agus é sin chun bonn eolais a chur faoin leibhéal Eorpach. Is féidir é sin a bhaint amach, i gcás inarb iomchuí, trí acmhainní, bealaí agus ardáin comh-mhalartaithe faisnéise a chur ar fáil do bhardais agus d’údaráis áitiúla nó réigiúnacha eile, ionas go mbeidh siad in ann taithí a fháil ar an bhféiniúlacht Eorpach, in ann comhoibriú agus in ann an leibhéal áitiúil a shaibhriú leis an ngné Eorpach, mar shampla, laistigh de cheann de chláir an Aontais nó tríd an rialachas il-leibhéal a neartú. |
|
37. |
Dlús a chur leis na hiarrachtaí cothrom na Féinne a chruthú d’oibrithe óige ar fud na hEorpa, iarrachtaí arb é is aidhm dóibh oideachas agus oiliúint oibrithe óige a chaighdeánú ar fud an Aontais Eorpaigh, d’fhonn próifílí agus, i gcás inarb ábhartha, inniúlachtaí a bhunú ina mbeidh an t-eolas, na dearcthaí, na scileanna, na luachanna agus an tuiscint chriticiúil is gá chun obair óige ardchaighdeáin a sholáthar. D’fhéadfaí an chomhthuiscint sin a bhaint amach trí dhea-chleachtais a chomh-mhalartú ar fud an Aontais Eorpaigh agus ba cheart na creataí inniúlachta agus na huirlisí measúnaithe atá ann cheana a chur san áireamh, mar atá, Straitéis Oiliúna na hEorpa maidir leis an obair óige, an punann maidir leis an Obair Óige agus an Youthpass. |
|
38. |
Oideachas agus oiliúint a chothú i ndáil le hoibrithe óige a oibríonn ar bhonn deonach nó a fhaigheann íocaíocht, go háirithe trí chur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige, maidir le hobair chliste don óige agus maidir le hobair dhigiteach don óige. Anuas air sin, aitheantas agus bailíochtú na hoibre óige a chur chun cinn trí oideachas, oiliúint, deiseanna gairme agus conairí d’oibrithe óige a chothú, agus faisnéis a chur ar fáil faoi na deiseanna oiliúna atá ar fáil agus iad a chomhroinnt. |
|
39. |
Aitheantas breise a thabhairt don obair óige mar bhealach a chuidíonn le daoine óga agus iad ag teacht in inmhe agus ag fáil faoi réir tabhairt faoin saol mór i dtráth seo an athraithe, agus á aithint go bhfuil tionchar nach beag ag an obair óige ar a tairbhithe, rud a fhágann go bhfuil níos mó aird dlite di. |
|
40. |
Béim a leagan ar an obair óige mar spreagadh don chuimsiú, trína héagsúlacht agus éagsúlacht a cuid rannpháirtithe a ghríosú, trí thacú léi, trína tuairisciú agus trína cur i lár an mhargaidh, agus é á chur san áireamh nach grúpa aonchineálach iad daoine óga, agus gur iomaí féiniúlacht agus riachtanas, acmhainn, cúlra, staid saoil agus spéis éagsúil a ghabhann leo. |
|
41. |
Dálaí a chruthú a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar gach leibhéal ábhartha páirt níos mó a ghlacadh sa chomhar ar leibhéal an Aontais chun aird níos mó a dhíriú ar an obair óige agus chun deiseanna don óige a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar an gcáilíocht agus ar an nuáil laistigh den obair óige ar gach leibhéal. |
|
42. |
Faisnéis a sholáthar faoi thionscadail ábhartha SNAC, iad a chomhordú agus a dtorthaí a ghiaráil agus, nuair is iomchuí, iad a ionchorprú i bpleananna beartais. |
|
43. |
Taighde breise a dhéanamh, i gcomhar le gníomhaithe ábhartha, agus sonraí imdhealaithe a bhailiú maidir le tairbhithe na hoibre óige, le hoibrithe óige, mar aon le hinbhuanaitheacht, tionchar agus infhaighteacht na hoibre óige. I gcomhar le lucht ceaptha beartas, le hoibrithe óige, chomh maith le lucht déanta taighde ar an obair óige, bealaí a fhiosrú agus modhanna a fhorbairt chun na torthaí, idir intreacha agus eistreacha, do thairbhithe agus an tionchar orthu a thomhas trí mhodhanna taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-oibrithe óige machnamh a dhéanamh ar a gcuid oibre agus torthaí agus tionchar a ngníomhaíochtaí a chur os comhar an phobail. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ agus AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR A gCUID IMTHOSCA NÁISIÚNTA SONRACHA, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
44. |
Tacú le húdaráis áitiúla faisnéis a chur ar fáil maidir le beartais, acmhainní agus rannpháirtíocht i mbeartais oibre óige ar leibhéil eile agus na dálaí is fearr is féidir a chruthú maidir le hobair óige. |
|
45. |
Neamhspleáchas na hoibre óige a áirithiú agus í a phríomhshruthú in earnálacha ábhartha eile, lena n-áiritheofar éagsúlacht agus cáilíocht na hoibre óige d’fhonn tacú le daoine óga agus iad ag teacht in inmhe i dtráth seo an athraithe. |
|
46. |
Dálaí fabhracha a éascú nó a chruthú ionas go mbeidh an deis ag daoine óga ó gach cúlra páirt a ghlacadh i ndearadh an spáis phoiblí agus timpeallachtaí maireachtála. |
|
47. |
Féachaint an bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil do spásanna oibre do dhaoine óga, mar shampla trí chistiú fadtéarmach cobhsaí agus trí bhonneagar a chur ar fáil do spásanna poiblí – lena gcuimsítear saoráidí laistigh agus lasmuigh. |
|
48. |
Spásanna fisiciúla agus fíorúla a bhfuil marc cáilíochta ag gabháil leo a chruthú, a úsáid agus a chur chun cinn ar mhaithe leis an obair óige agus ar mhaithe le comhar leis na hinstitiúidí ábhartha, mar shampla Comhairle na hEorpa agus a marc cáilíochta d’ionaid óige. |
|
49. |
An fhoghlaim trí ghníomhaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear an súgradh mar mhodh don fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, mar ghné rialta den obair óige d’fhonn scileanna saoil an té lena mbaineann a fhorbairt. |
|
50. |
Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le níos mó comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir an obair óige agus earnálacha eile chun cumas for-rochtana phobal cleachtais na hoibre óige a neartú agus chun aitheantas níos leithne a thabhairt don chaoi a rannchuidíonn an obair óige le saol daoine óga. |
|
51. |
Taighde fadaimseartha fianaise-bhunaithe a dhéanamh i ndáil le tionchar na hoibre óige ar dhaoine óga agus ar an tsochaí, agus an taighde sin a éascú agus tacaíocht a chur ar fáil dó. |
|
52. |
Breis tacaíochta a thabhairt do lucht riaracháin a bhíonn ag plé le hobair óige trí bheartais agus gníomhaíochtaí maidir le hobair óige a fhorbairt agus a chur chun feidhme. |
|
53. |
É a bheith mar aidhm acu agus é a dhéanamh níos éasca go simpleofaí na nósanna imeachta riaracháin do na heagraíochtaí a bhíonn ag plé le hobair óige. |
|
54. |
An nuáil i bpobal cleachtais na hoibre óige a éascú agus a spreagadh. |
IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
55. |
Aird níos mó a thabhairt ar fhorbairt beartais i leith na hoibre óige agus na Ballstáit a spreagadh chun gné na hoibre óige a áireamh go sainráite, i gcás inarb ábhartha, ina mbeartais agus ina gcláir náisiúnta don óige, trí chomh-mhalartú dea-chleachtas agus fothú acmhainneachta a éascú idir oibrithe óige, daoine óga agus eagraíochtaí oibre óige, chomh maith le lucht ceaptha beartas don óige, go háirithe trí chláir de chuid an Aontais maidir leis an óige. |
|
56. |
Sineirgí idir Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn a thuilleadh, lena n-áirítear na 11 Sprioc Eorpacha don Óige, an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige agus cláir an Aontais maidir leis an óige. |
|
57. |
Féachaint an bhféadfaí gníomhaíochtaí tiomnaithe tástála beartais a chruthú mar chuid de chláir óige an Aontais lena gcuirfear ar chumas na mBallstát comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhunú a bheidh dírithe ar obair óige ardchaighdeáin a fhorbairt. |
|
58. |
Laistigh de thionscnaimh ábhartha, ar nós an Bauhaus Eorpach Nua, tacaíocht a thabhairt nó leanúint de thacaíocht a thabhairt d’athstruchtúrú spásanna poiblí agus an t-athstruchtúrú sin a dhreasú chun a áirithiú go mbeidh na spásanna sin fabhrach don óige agus don obair óige. |
|
59. |
Féachaint an bhféadfaí nasc láidir a bhunú idir an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua agus spásanna don obair óige trí pheirspictíocht na hóige a chomhtháthú sa tionscnamh, agus an Bauhaus Eorpach Nua a dhaingniú i bhfód dheiseanna cistiúcháin an Aontais, d’fhonn cuir chuige inbhuanaithe a áirithiú maidir le timpeallachtaí cumasúcháin a chruthú. |
|
60. |
Béim a leagan ar ról na hoibre óige sna haistrithe glasa agus digiteacha maidir le dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha, agus naisc a chruthú idir an obair óige agus réimsí eile a bhfuil spéis ag daoine óga iontu, ar nós na haeráide, na digiteála, agus na fostaíochta. |
|
61. |
Malartú agus comhoibriú a spreagadh idir Comhordaitheoir Eorpach na hÓige agus Comhordaitheoir an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh, mar aon le comhordaitheoirí ábhartha eile an Choimisiúin Eorpaigh, chun níos mó infheictheachta a thabhairt don obair óige i mbeartais an Aontais. |
|
62. |
I gcomhar le Comhpháirtíocht Óige an Aontais agus Chomhairle na hEorpa, idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hÓige, agus i gcomhar le páirtithe leasmhara eile na hoibre óige ar an leibhéal Eorpach, ar nós eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, féachaint an bhféadfaí sásra aitheantais Eorpach nó treoirlínte bailíochtaithe a thabhairt isteach don obair óige, bunaithe ar obair leantach chórasach agus struchtúraithe, agus é sin in éineacht le féinmheasúnú agus measúnú seachtrach, agus struchtúr rialachais iomchuí faoi Chomhpháirtíocht Óige an Aontais agus Chomhairle na hEorpa. |
|
63. |
Leanúnachas an eolais maidir leis an obair óige a áirithiú trí dhea-chleachtais a chomhroinnt, go háirithe trí líonraí tiomnaithe nó uirlisí ar líne, mar shampla an Chomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hÓige, Vicí don Óige, Tairseach Eorpach na hÓige, ionaid acmhainní SALTO, líonra RAY agus Líonra Eolais na hEorpa um beartas don óige, nó uirlisí ábhartha eile, agus infheictheacht na líonraí agus na n-uirlisí sin a áirithiú. |
|
64. |
Coinbhinsiúin maidir leis an obair óige a bheidh ann amach anseo a leabú go struchtúrach i gcláir óige an Aontais. |
|
65. |
Feasacht a mhúscailt agus rochtain ar chláir óige an Aontais a éascú, go háirithe trí fhormáidí inrochtana a mhéadaíonn tarraingteacht na gclár sin agus a dhéanann na rialacha costála agus riaracháin a shimpliú. |
|
66. |
Tacaíocht leordhóthanach ón Aontas a áirithiú do ghníomhaíochtaí oibre óige, go háirithe trí chistiú ón Aontas a dhéanamh níos simplí, mar shampla trí chláir óige reatha an Aontais, lena n-áirítear na coinníollacha agus an próiseas a ghabhann leo, agus iad a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inrochtana do pháirtithe leasmhara na hoibre óige ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus go háirithe ar an leibhéal áitiúil, go mór mór trí úsáid a bhaint as micreachur chuige agus trí chur chuige turgnamhach a cheadú. Chomh maith leis sin, feabhas a chur ar scaipeadh faisnéise faoi dheiseanna cistiúcháin atá ar fáil. |
|
67. |
I gcás inarb iomchuí, an comhar idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa a neartú tríd an gComhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hÓige chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige trí eolas agus fianaise a bhailiú agus uirlisí oiliúna a fhorbairt. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar shampla, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
CUIREADH A THABHAIRT DO PHOBAL CLEACHTAIS NA hOIBRE ÓIGE AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
68. |
Rannpháirtíocht na ndaoine óga sa tsochaí a spreagadh a thuilleadh. |
|
69. |
A áirithiú go gcuirfear faisnéis atá áisiúil don óige ar fáil, chomh maith le rochtain chomhionann agus shábháilte ar ghníomhaíochtaí oibre óige agus go bhféadfaidh daoine óga a bheith rannpháirteach iontu. |
|
70. |
Timpeallacht chumasúcháin a chruthú chun obair óige ardchaighdeáin a fhorbairt agus a aithint agus dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe ábhartha uile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as spásanna poiblí le haghaidh cleachtais don obair óige ar mhaithe le daoine óga. |
|
71. |
Feasacht a mhéadú maidir leis an tábhacht a bhaineann le hobair leanúnach a dhéanamh ar acmhainní agus inniúlachtaí oibrithe óige (17) agus cláir mheantóireachta agus oiliúna a fhorbairt d’oibrithe óige nua agus oibrithe óige atá ag obair sa réimse cheana féin. |
|
72. |
Feasacht a mhúscailt i measc eagraíochtaí oibre óige agus oibrithe óige maidir lena thábhachtaí atá sé go mbeadh tionchar acu ar chúrsaí beartais agus tacú leo i sealbhú na n-inniúlachtaí is gá chun an tionchar sin a imirt. |
|
73. |
Iarrachtaí breise a dhéanamh chun a chur ar chumas oibrithe óige infheistíocht a dhéanamh sa nuáil agus béim a leagan ar an gcleachtas idirnáisiúnta, mar shampla trí rannpháirtíocht in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ar cleachtas é atá ar cheann de na bealaí nuála a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
74. |
Aitheantas don obair óige a chur chun cinn ag leibhéal na sochaí agus díriú ar bhacainní ar an aitheantas sin a bhaint agus leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i gcompháirtíochtaí le hearnálacha beartais ábhartha eile, mar shampla an tsláinte agus an fholláine coirp is meanman, an comhshaol agus an aeráid, oideachas agus oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus luachanna Eorpacha, fostaíocht agus cuimsiú, chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus páirtithe leasmhara chun an obair óige a chomhdhlúthú mar chomhpháirtí sochaíoch. |
|
75. |
Líonraí eagraíochtaí oibre óige a neartú agus a fhorbairt chun comhar agus comhordú a chothú maidir le hobair óige ardchaighdeáin a fhorbairt agus tuilleadh idirghníomhaíochta agus comhair a chothú le gníomhaithe eile i réimse na hoibre óige, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith le tuilleadh comhordaithe agus comhair laistigh den chomhphobal cleachtais chun éiceachóras láidir oibre óige a chruthú. |
|
76. |
Tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige agus i rannchuidiú le coinbhinsiúin maidir leis an obair óige a bheidh ann amach anseo mar bhealach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar obair óige ardchaighdeáin, ar gach leibhéal. |
IARRANN SIAD AR NA GNÍOMHAITHE UILE ATÁ RANNPHÁIRTEACH I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ COMHAIR EORPACHA I RÉIMSE NA hÓIGE (18) GACH IARRACHT A DHÉANAMH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
77. |
Sineirgí, comhar agus comhordú a bhunú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i réimse na hóige agus na hoibre óige. |
(1) ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’
(2) Go háirithe an ceart chun dul i mbun gníomhaíochtaí súgartha agus áineasa a chumhdaítear in Airteagal 31 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh agus oibleagáid chomhghaolaithe na Stát is Páirtithe an ceart sin a urramú agus a chur chun cinn agus ‘soláthar deiseanna iomchuí agus comhionanna a spreagadh le haghaidh gníomhaíocht áineasa agus fóillíochta.’
(3) Chun forléargas a fháil ar na hionstraimí beartais atá ann cheana agus a rannchuidíonn le forbairt an chur chuige chórasaigh agus inbhuanaithe sin, féach, san iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo, Schild, H., Mapping Existing European Youth Policy Strategies ón Youth Work [Mapáil Straitéisí Eorpacha maidir leis an mBeartas Óige], foilseachán a eisíodh faoi choimirce Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Réimse na hÓige (2024).
(4) Ina theannta sin, is léiriú iad na 11 Sprioc Eorpacha don Óige ar thuairimí ógánaigh na hEorpa maidir le hobair óige atá ábhartha don rún seo.
(5) Aithris 1 de Rialachán (AE) 2021/817.
(6) Is é Próiseas Bonn an próiseas a luaitear sa Chlár Oibre Eorpach don Obair Óige mar an bpróiseas lena ndéanfar an clár oibre sin a chur chun feidhme.
(7) The European Union Youth Strategy 2019-2027 [Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027] (2018/C 456/01); mír 17 de na conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (2023/C 185/06).
(8) Williamson H., Coussée F., ‘Chapter 14 – Reflective trialogue: conclusions from the history project – 12 trilemmas for youth work’, The history of youth work in Europe, volume 7, [‘Caibidil 14 – cruinniú tríthaobhach machnaimh: conclúidí an tionscadail staire – 12 aincheist thriaracha maidir leis an obair óige’, Stair na hoibre óige san Eoraip, imleabhar 7] (comhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hÓige, 2019), lgh. 193-208.
(9) Mar a luadh sna Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337), ‘Tá ról suntasach ag an obair don aos óg maidir le folláine daoine óga a chur chun cinn agus maidir le saincheisteanna meabhairshláinte a chosc.’
(10) Chuige sin, féach, san iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo, Williamson, H., Taking stock – Where are we now, Youth Work in a Contemporary Europe [Breithniú a dhéanamh – Cá bhfuilimid anois? Obair óige san Eoraip Chomhaimseartha] (Deireadh Fómhair 2023), foilseachán arna eisiúint faoi choimirce Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Réimse i Réimse na hÓige (2024).
(11) M. Moris & M. Loopmans (2019) De-marginalizing youngsters in public space: critical youth workers and local municipalities in the struggle over public space in Belgium, Journal of Youth Studies, 22:5, 694-710, [Daoine óga i spásanna poiblí a dhí-imeallú: oibrithe criticiúla óige agus bardais áitiúla sa streachailt don spás poiblí sa Bheilg, Iris Léann na hÓige 22:5, 694-710].
(12) Arna léirmhíniú i gcomhréir le Dearbhú Críochnaitheach an tríú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige – Treoracha don Todhchaí, Bonn, an 10 Nollaig 2020, lgh. 12-14.
(13) Mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn maidir le ‘Tuairiscí’ sa rún seo.
(14) Mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn maidir le ‘Tuairiscí’ sa rún seo.
(15) Mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn maidir le ‘Tuairiscí’ sa rún seo.
(16) Maidir leis an gcoincheap la vie associative, féach Williamson, H., Taking Stock – Where are we now? Youth Work in contemporary Europe [Breithniú a dhéanamh – Cá bhfuilimid anois? Obair óige san Eoraip Chomhaimseartha] (Deireadh Fómhair 2023), lgh. 111 ff.
(17) I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le heochair-inniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (2018/C 189/01).
(18) ‘Ag tógáil ar thaithí agus ar chinntí an chomhair i réimse na hóige le blianta beaga anuas, tá sé d’aidhm ag Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 dul i ngleic leis na dúshláin atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn do dhaoine óga ar fud na hEorpa. Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, cuirtear creat cuspóirí, prionsabal, tosaíochtaí, príomhréimsí agus beart ar fáil maidir le comhar sa bheartas óige le haghaidh na bpáirtithe leasmhara ábhartha ar fad agus aird chuí á tabhairt ar a n-inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabal na coimhdeachta. I measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha, tá Ballstáit an Aontais Eorpaigh, institiúidí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, ar nós Chomhairle na hEorpa, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomhairlí na n-óg, eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga, oibrithe óige, taighdeoirí óige agus gníomhaithe de chuid na sochaí sibhialta chomh maith le struchtúir chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na cláir a thiocfaidh ina ndiaidh.’ Rún maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01).
IARSCRÍBHINN I
Cúlra polaitiúil
An tAontas Eorpach
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach (C/2023/1337), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú (2022/C 495/03), |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU strategy on the rights of the child [Straitéis an Aontais um chearta an linbh] (COM(2021)142 final), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spásanna sibhialta a chosaint agus a chruthú do dhaoine óga lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige (2021/C 501 I/04), |
|
— |
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2020/C 415/01), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le deiseanna a mhéadú do dhaoine óga i gceantair thuaithe agus iargúlta, (2020/C 193/03), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an Obair Dhigiteach don Óige (2019/C 414/02), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige (2019/C 412/03), |
|
— |
Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01), |
|
— |
Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (2018/C 189/01), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hobair óige chliste (2017/C 418/02), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le ról na hoibre don óige chun tacú le daoine óga scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt, le gur fusa dóibh aghaidh a thabhairt ar an saol mar dhaoine fásta agus mar shaoránaigh ghníomhacha agus le gur fusa dóibh freisin tabhairt faoi shaol na hoibre (2017/C 189/06), |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuirtear, trí obair óige ar ardcháilíocht, le forbairt, dea-bhail agus cuimsiú sóisialta daoine óga (2013/C 168/03), |
|
— |
Moladh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (2012/C 398/01), |
|
— |
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hobair óige (2010/C 327/01), |
|
— |
Páipéar bán ón gCoimisiún Eorpach, A New Impetus for European Youth [Spreagadh Nua d’Aos Óg na hEorpa] (COM (2001) 681 final), |
|
— |
Conference on the Future of Europe – report on the final outcome [Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – tuarascáil ar an toradh deiridh] (Bealtaine 2022). |
Comhairle na hEorpa
|
— |
Recommendation CM/Rec(2023)9 of the Committee of Ministers of the Council of Europe on the active political participation of national minority youth [Moladh CM/Rec(2023)9 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil ghníomhach na hóige ar de mhionlaigh náisiúnta iad], |
|
— |
Resolution CM/Res (2020)2 of the Committee of Ministers of the Council of Europe ón the Council of Europe youth sector strategy 2030 [Rún CM/Res (2020)2 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le straitéis earnáil na hóige de chuid Chomhairle na hEorpa 2030], |
|
— |
Congress of local and regional authorities, Youth work: the role of local and regional authorities [Comhdháil na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, Obair óige: ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach] (CG-FORUM(2021)01-02final), |
|
— |
Recommendation CM/Rec(2017)4 of the Committee of Ministers to member States ón youth work [Moladh CM/Rec (2017)4 ón gCoiste Airí chuig na Ballstáit maidir le hobair óige], |
|
— |
Recommendation CM/Rec(2010)8 of the Committee of Ministers to member states ón youth information [Moladh CM/Rec (2010)8 ón gCoiste Airí chuig na Ballstáit maidir le hobair óige], |
Comhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hóige
|
— |
Spriocanna beartais na hEorpa maidir le hobair óige a ndearnadh anailís orthu: The role of the EU-CoE youth partnership in the interplay between the European Union and the Council of Europe [Anailís ar spriocanna beartais na hEorpa maidir leis an obair óige: ról chomhpháirtíocht na hóige idir an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa san idirghníomhú idir an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa] (2021). |
IARSCRÍBHINN II
Tuairiscí
Obair óige ardchaighdeáin
Téarma leathan é ‘obair óige’ a chumhdaíonn réimse leathan gníomhaíochtaí de chineál sóisialta, cultúrtha, oideachais, comhshaoil, spóirt agus polaitiúil le haghaidh daoine óga, ina dteannta agus ar a son – bídís i ngrúpaí nó ina n-aonar. Is féidir é a mheas mar chur chuige sonrach uathúil laistigh de speictream níos leithne de chórais oideolaíocha agus oideachais (oideachas, leas, cosc, ceartas, oiliúint, infhostaitheacht, etc.), arna thacú nó arna bhunú ag rialtais go minic. Is oibrithe óige íoctha agus oibrithe deonacha a sholáthraíonn é agus tá sé bunaithe ar phróisis foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a dhírítear ar dhaoine óga agus ar rannpháirtíocht dheonach.
Is éard atá i gceist leis an obair óige ná oibriú le daoine óga agus leis an tsochaí ina gcónaíonn siad, rud a éascaíonn rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga, agus an cuimsiú ina bpobal agus sa chinnteoireacht. Is é an phríomhfheidhm atá aici ról tábhachtach a imirt i bhforbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga, ina rannpháirtíocht sa tsochaí agus sna haistrithe trína dtéann siad. Cruthaíonn an obair óige spásanna le haghaidh comhlachais mar aon le droichid chun tacú le daoine óga agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol mar dhaoine fásta agus ar an neamhspleáchas (1). Cabhraíonn na spásanna agus na droichid sin lena thairbhithe bealaí cuiditheacha saoil a aimsiú agus a shaothrú, rud a chuireann lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta agus leis an tsochaí i gcoitinne. Is léir gur cleachtas nithiúil is ea cleachtas oibre don aos óg agus iarrann sé ar dhaonlathas gníomhach agus rannpháirtíocht shibhialta a bheith ann. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach ag an obair óige maidir le tacú le rannpháirtíocht dheonach agus chuiditheach daoine óga. Bunaíonn sí timpeallacht freisin a bhfuil spraíúlacht úsáideach mar shaintréith aici inar féidir le daoine óga taitneamh a bhaint as a bheith i bhfochair a chéile. Neartaíonn an timpeallacht sin cruthaitheacht agus inniúlachtaí sóisialta daoine óga, go háirithe maidir le cómhaireachtáil dhaonlathach agus dlúthpháirtíocht. Cuireann gníomhaíochtaí oibre óige Eorpacha deiseanna ar fáil chun taithí a fháil ó thaobh na hEorpa de agus, ar an gcaoi sin, na hinniúlachtaí is gá a thabhairt do dhaoine óga chun muintearas Eorpach a fhorbairt, i gcomhthéacs an tsaoil dhomhandaithe seo chomh maith, agus tuiscint idirnáisiúnta agus cothú na síochána á gcothú ag an am céanna. Dá bhrí sin, bíonn éifeachtaí dearfacha sochaíocha ag gníomhaíochtaí oibre óige ar gach leibhéal, cuireann siad le folláine coirp is meanman daoine óga, agus cabhraíonn siad le hathbheochan an daonlathais agus le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda.
Is do dhaoine óga a chruthaítear an obair óige agus is iad féin a chruthaíonn í. Caithfear iad a chumhachtú mar chomhúinéirí a gcuid oibre agus mar chomhdhearthóirí a gcuid oibre óige, a gcuid tionscadal óige nó a gcomhlachas óige. Áirithíonn oibrithe óige, idir oibrithe íoctha agus oibrithe deonacha, go gcuirfear na spásanna sin i gcrích agus tacaíonn siad le gníomhaíochtaí idir piaraí.
Is é is aidhm don obair óige a bheith oscailte do gach duine óg, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, a leithéidí siúd atá i gceantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha agus bheagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí, agus iad siúd a bhfuil a rannpháirtíocht pholaitiúil agus shóisialta iomlán i mbaol mar gheall ar mhíbhuntáistí aonair nó struchtúracha nó idirdhealú. Is é is aidhm don obair óige a bheith ina spreagadh don chuimsiú sóisialta. Téann gníomhaíochtaí oibre óige chun tairbhe do dhaoine óga agus, i gcás inarb ábhartha, do leanaí ó aois óg.
Timpeallacht chumasúcháin
Ba cheart go mbainfeadh obair óige tairbhe as timpeallacht chumasúcháin atá cuimsitheach go gníomhach agus tarraingteach go sóisialta, cruthaitheach agus sábháilte, a thacaíonn leis an bhfoghlaim, idir spraoi agus tromchúiseach, idir spraíúil agus pleanáilte. Ba cheart inrochtaineacht, lena n-áirítear i gceantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha agus bheagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí, a bheith ina saintréithe den timpeallacht sin, chomh maith le hoscailteacht agus solúbthacht agus ba cheart idirphlé idirchultúrtha agus idirghlúine a chur chun cinn freisin. Tá an timpeallacht chumasúcháin sin bunaithe ar chórais tacaíochta, ar struchtúir agus ar bhonneagar atá leordhóthanach, cothrom agus éagsúil, a cruthaíodh agus a chuirtear chun feidhme i ndlúthchomhar le pobal cleachtais na hoibre óige. Ina theannta sin, múnlaítear in éineacht le daoine óga agus oibrithe óige í, ar mhaithe le riachtanais thairbhithe na hoibre óige, go háirithe trí ról a thabhairt do dhaoine óga agus d’oibrithe óige maidir le spásanna poiblí a dhearadh, a chomhthógáil, a chomhbhainistiú agus a oibriú i spásanna poiblí.
Tuiscint agus aitheantas sochaíoch
Le tuiscint agus aitheantas sochaíoch, leagtar béim ar rannchuidiú agus róil na hoibre óige sa tsochaí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, a héifeachtaí coisctheacha, a ról san aistriú glas agus san aistriú digiteach, maidir le daonlathais a chur chun cinn, a chleachtadh agus, dá bhrí sin, a athbheochan, maidir le dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha, maidir lena ról i bhforbairt pobail, maidir le noirm agus luachanna teagaisc, maidir le féintuilleamaí agus folláine ghinearálta coirp is meanman daoine óga a chur chun cinn, maidir le dearcthaí cuiditheacha atá dírithe ar réitigh a chur chun cinn, maidir le guthanna daoine óga a mhéadú, maidir le beartas óige a mhúnlú atá curtha in oiriúint do réaltachtaí agus do riachtanais daoine óga, agus maidir le saoránaigh rannpháirteacha a mhúnlú (2). Aithnítear leis an tuiscint agus leis an aitheantas sin freisin go gcothaítear cuimsiú sóisialta trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oibre óige, i measc nithe eile, agus go gcuidítear le sochaí chuimsitheach chomhtháite shíochánta a thógáil agus go n-áirithítear go mbeidh deiseanna ar fáil, inrochtana agus infheicthe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oibre óige.
Sainmhínithe
Pobal cleachtais na hoibre óige (3)
I réimse na hoibre óige, ba cheart pobal cleachtais na hoibre óige a thuiscint mar ghrúpa daoine, idir ghairmiúil agus neamhghairmiúil, a bhfuil na leasanna céanna acu maidir le saincheist a réiteach, maidir lena scileanna a fheabhsú, agus maidir le foghlaim ó thaithí a chéile. Cuimsíonn pobal cleachtais na hoibre óige páirtithe leasmhara ar gach leibhéal idir áitiúil agus Eorpach, ar nós na ngrúpaí seo a leanas: — oibrithe óige agus ceannairí óige; — bainisteoirí oibre óige; — iompróirí tionscadal; — eagraíochtaí um obair don oige atá creidiúnaithe agus neamhspleách; — lucht traenála; — lucht taighde; — oideoirí na n-oibrithe óige; — pobail áitiúla agus bardais; — Gníomhaireachtaí Náisiúnta d’Óige Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; — ionadaíochtaí óige agus daoine óga agus — lucht ceaptha beartas óige. Tá sainorduithe, róil agus cumais éagsúla ag na gníomhaithe uile i bpobal cleachtais na hoibre óige, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, chun obair óige a fhorbairt a thuilleadh.
Súgradh
Chun críche an rúin seo, is éard atá san fhoghlaim trí ghníomhaíocht, lena n-áirítear tríd an súgradh, modh don fhoghlaim sheachfhoirmiúil lena rannchuidítear le muinín leanaí agus daoine óga sa spás sóisialta a neartú agus lena n-inniúlachtaí sóisialta a fhorbairt. Is gníomhaíocht riachtanach é an súgradh do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear súgradh atá gníomhach ar bhealach fisiceach agus cluichí iomaíocha, chomh maith le hiompraíochtaí samhlaíocha, taiscéalaíocha agus sóisialta atá ríthábhachtach dá bhfolláine coirp is meanman, dá sláinte agus dá bhforbairt. Tá na cineálacha éagsúla súgartha is fearr le haoisghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear daoine óga a dhéanann iniúchadh ar a bhféiniúlacht féin, ríthábhachtach agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol mar dhaoine fásta agus chun muintearas a chothú (4).
(1) Mar a tugadh i gcrích sa dearbhú ón dara Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige.
(2) Suíodh in 2010 go bhféadfaidh an obair óige ‘luach breise a bheith aici mar gur féidir léi ‘rannpháirtíocht agus freagracht shóisialta, rannpháirtíocht dheonach agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn; tógáil pobail agus tógáil na sochaí sóisialta a neartú ar gach leibhéal (e.g. idirphlé idirghlúine agus idirchultúrtha); rannchuidiú le cruthaitheacht, feasacht chultúrtha agus shóisialta, fiontraíocht agus nuáil daoine óga a fhorbairt; deiseanna a chur ar fáil do chuimsiú sóisialta gach linbh agus gach duine óg; dul i bhfeidhm ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu trí mhodhanna éagsúla atá solúbtha agus inoiriúnaithe go tapa. Dá bhrí sin, tá róil éagsúla ag an obair óige sa tsochaí agus is féidir léi rannchuidiú le réimsí beartais a bhaineann leis an óige, foghlaim ar feadh an tsaoil, cuimsiú sóisialta agus fostaíocht, cuir i gcás. Tá acmhainneacht shuntasach shocheacnamaíoch ag baint le hobair óige, bíodh sí á déanamh ag saorálaithe nó gairmithe – toisc gur féidir léi gníomhaíocht eacnamaíoch a tháirgeadh, bonneagar a chur ar fáil, sochair eacnamaíocha a chruthú agus fostaíocht (óige) a mhéadú. Féadfaidh margadh an tsaothair tairbhe a bhaint as na scileanna agus na hinniúlachtaí pearsanta agus gairmiúla a shealbhaíonn na rannpháirtithe, chomh maith le hoibrithe óige agus ceannairí óige, tríd an obair óige féin. Ní mór luach na scileanna sin agus na n-inniúlachtaí sin a aithint go leordhóthanach agus go héifeachtach.’ Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hobair óige (2010/C 327/02).
(3) Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2020/C 415/01).
(4) Na Náisiúin Aontaithe, Coiste um Chearta an Linbh, Barúil Ghinearálta Uimh. 17 (2013) maidir le ceart an linbh rochtain a bheith aige ar shos, ar fhóillíocht, ar shúgradh, ar ghníomhaíochtaí áineasa, ar shaol cultúrtha agus ar na healaíona (airteagal 31).
IARSCRÍBHINN III
Acmhainní eile
|
— |
Schild, H., Mapping Existing European Youth Policy Strategies on Youth Work, [Straitéisí Eorpacha maidir le Beartas Óige atá ann cheana a Mhapáil], foilseachán arna eisiúint faoi choimirce Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Réimse i Réimse na hÓige (2024), |
|
— |
Williamson, H., Taking stock – Where are we now, Youth Work in a Contemporary Europe [Breithniú a dhéanamh –An áit a bhfuilimid anois, Obair óige san Eoraip Chomhaimseartha] (Deireadh Fómhair 2023), foilseachán arna eisiúint faoi choimirce Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Réimse i Réimse na hÓige (2024), |
|
— |
An tríú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige (Bonn, 2020) – Dearbhú Críochnaitheach, |
|
— |
M. Moris & M. Loopmans (2019) De-marginalizing youngsters in public space: critical youth workers and local municipalities in the struggle over public space in Belgium, [Daoine óga i spásanna poiblí a dhí-imeallú: oibrithe criticiúla óige agus bardais áitiúla i streachailt an spáis phoiblí sa Bheilg] Journal of Youth Studies, 22:5, 694-710, |
|
— |
An dara Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige (an Bhruiséil, 2015) – Dearbhú Críochnaitheach, |
|
— |
An chéad Choinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige (Gent, an 7 go dtí an 10 Iúil 2010) – Dearbhú Críochnaitheach. |
IARSCRÍBHINN IV
Príomhthorthaí na Comhdhála Eorpaí maidir le hObair Óige Áitiúil agus Daonlathas a thionóil an Dr Guy Redig (Rapóirtéir Ginearálta) idir an 20 agus an 23 Feabhra 2024 sa Bhruiséil le linn Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh:
|
1. |
Leis an obair óige áitiúil (1) cuirtear timpeallacht urghnách ar fáil chun daonlathas a chleachtadh agus bealaí a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí — agus é de rún daingean aici deiseanna a thabhairt do leanaí a luaithe is féidir páirt a ghlacadh agus (2) cuireann sí príomh-shaintréithe na hoibre óige áitiúla in iúl mar áit inar féidir le daoine óga taitneamh a bhaint as an óige i dteannta a chéile, toisc go bhfuil an súgradh agus an spraíúlacht coinníollach chun go leor éifeachtaí dearfacha eile a fhorbairt, ar nós foghlaim agus inniúlachtaí éagsúla a ghéarú, rannpháirtíocht i gcleachtais dhaonlathacha éagsúla, an cumas freagracht agus cuntasacht a ghlacadh agus (3) naisc a dhéanamh le go leor idirghabhálacha oideolaíocha eile ar nós na hoibre oideachais, na hoibre sóisialta agus na hoibre cultúrtha. |
|
2. |
Trí infheistíocht a dhéanamh i mbeartas oibre óige atá láidir agus fadtéarmach, bunaithe ar dhian-idirphlé agus ar dhian-rannpháirtíocht, cruthaíonn rialtais áitiúla dálaí nithiúla chun an obair óige áitiúil a fhorbairt ar an mbealach is fearr is féidir. Dá bhrí sin, tá creat de dhíth ar bhardais a thugann comhrianta agus inspioráid chun córais tacaíochta áitiúla láidre saincheaptha a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh chun an creat sin a mhúnlú i gcomhar le gníomhaithe áitiúla i ngréasán uile-Eorpach. Is féidir an creat sin a spreagadh leis an gcoincheap ‘spás a chruthú’ atá le ceapadh mar spás (1) meabhrach (2), fisiceach (3), polaitiúil san fhadtéarma (4), agus ba cheart go n-áireofaí iarrachtaí leis chun barr feabhais a chur ar cháilíochtaí oibrithe deonacha agus gairmiúla óige araon. |
|
3. |
Is féidir leis an Aontas Eorpach agus le Comhairle na hEorpa, atá gníomhach cheana féin agus a spreagann obair óige áitiúil (beartas), a n-iarrachtaí a mhéadú agus a threisiú thar a cheann sin trí infheistíocht bhreise a dhéanamh i líonrú, cleachtais a mhalartú, suirbhéanna a spreagadh (i measc nithe eile trína gComhpháirtíocht maidir leis an Óige) agus ar an gcaoi sin cur le comhthuiscint ar an gcreat don bheartas oibre óige áitiúil. |
|
4. |
Tá géarghá le hinfheistíochtaí a choinneáil i gcleachtais níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla maidir le spriocanna atá deacair ach ar tosaíocht iad, cuimsiú, comhionannas, rannpháirtíocht, daonlathas agus éagsúlacht, mar shampla. Cuireann an obair óige áitiúil agus an beartas áitiúil maidir le hobair óige áiteanna ar leith ar fáil chun na luachanna daonna sin ar fad a aistriú go nithiúil, go praiticiúil, agus ar an gcaoi sin dea-chleachtais a dhéanamh de na manaí. |
(1) Spás polaitiúil: riachtanais daoine óga agus riachtanais na hoibre óige áitiúla a aistriú chuig córas láidir tacaíochta rialtais, trí fhóirdheontais, seirbhísí agus cóitseáil, a fhorbrófar trí rannpháirtíocht ghníomhach.
(2) Spás meabhrach: eolas, tuiscint, aitheantas agus meas ar obair óige áitiúil mar thairiscint shonrach in am fóillíochta/am saor do leanaí agus do dhaoine óga, rud nach féidir a chruthú ach amháin trí idirphlé córasach agus oscailte.
(3) Spás fisiceach: méadair chearnacha oiriúnacha laistigh/lasmuigh a chur ar fáil do dhaoine óga mar chuid thábhachtach den daonra (poiblí) agus go háirithe do thionscnaimh oibre óige (príobháideach).
(4) Spás in am: na beartais sin a chur i bhfeidhm chun aitheantas agus tacaíocht a bheith ann san fhadtéarma.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3526/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)