European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3521

3.6.2024

Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Feabhas a chur ar iomaíocht chothrom éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí de chuid an Aontais a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí

(C/2024/3521)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Á MHEABHRÚ DI na Conclúidí ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le Soláthar Poiblí Inbhuanaithe a Fhorbairt, inar mheas an Chomhairle go bhfuil cur chuige céim ar chéim agus comhchuibhithe bunriachtanach agus forálacha straitéiseacha maidir le soláthar poiblí á dtabhairt isteach chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach, agus creat á mheas san am céanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena mbeartaítear iomaíochas agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a fheabhsú;

Á MHEABHRÚ DI na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, ina n-iarrtar, go háirithe, ‘buntáiste iomaíoch an Aontais a fhorbairt i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha agus na dteicneolaíochtaí glana, lena n-áirítear trí dhíriú ar an nuáil, ar thaighde, ar an oideachas agus ar scileanna; na príomhspleáchais chriticiúla a laghdú agus na slabhraí soláthair a éagsúlú trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha’  (1);

I bhFIANAISE Chlár Oibre an Choimisiúin do 2024 dar teideal Delivering today and preparing for tomorrow [Beart a dhéanamh de réir briathair inniu agus ullmhú don lá amárach] (2);

ÓS DÍOL SÁSAIMH DI an seisiún tuairimíochta a bhí ag na hAirí Gnóthaí Eacnamaíocha ag an gComhairle Iomaíochais neamhfhoirmiúil in Genk an 9 Feabhra 2024 inar athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá an soláthar poiblí straitéiseach (soláthar glas, sóisialta agus nuálach) chun iomaíochas inbhuanaithe agus cuimsitheach an Aontais a neartú;

Á MHEABHRÚ DI gur 14 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais atá sa soláthar poiblí agus go bhféadfadh ról mór a bheith aige, dá bhrí sin, chun príomhchuspóirí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh a ghnóthú, go háirithe an gá atá le hathléimneacht agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais a fheabhsú;

AGUS BÉIM Á LEAGAN AICI AR ar a riachtanaí agus ar a phráinní atá iarrachtaí comhpháirteacha agus borradh faoi iarrachtaí chun infheistíochtaí poiblí a bhaint amach lena gcuirtear uathriail straitéiseach oscailte, nuálaíocht agus slándáil soláthair an Aontais chun cinn; agus Á MHEABHRÚ DI an ról ríthábhachtach ba cheart a bheith ag an soláthar poiblí maidir leis an aistriú glas a bhaint amach i dtreo geilleagar a bheidh níos ciorclaí, níos aeráidneodraí, nach mbeidh chomh truaillitheach céanna agus a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta, agus É Á AITHAINT AICI san am céanna gur freagracht chomhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit é na rialacha soláthair phoiblí a fhorfheidhmiú agus an iomaíocht sa soláthar poiblí a fheabhsú;

Is díol sásaimh di na conclúidí agus na moltaí atá sa Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE):

1.

IS DÍOL SÁSAIMH DI foilsiú Thuarascáil Speisialta Uimh. 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal ‘Soláthar Poiblí san Aontas Eorpach: Níos lú iomaíochta maidir le conarthaí a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí sna 10 mbliana roimh 2021’;

2.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE na conclúidí agus na moltaí atá sa Tuarascáil, agus TUGANN SÍ DÁ hAIRE na tionscnaimh a rinne an Coimisiún tar éis 2021, mar a liostaítear iad sna freagraí uaidh, lena n-áirítear an Tionscnamh Mórcheannaitheoirí (3), chun glacadh níos leithne an tsoláthair phoiblí straitéisigh agus Spás Sonraí an tSoláthair Phoiblí (4) (PPDS) a chur chun cinn chun caiteachas poiblí níos spriocdhírithe agus níos trédhearcaí a chumasú, chun rochtain ar ghlaonna ar thairiscintí do chuideachtaí a fheabhsú agus chun borradh a chur faoi cheapadh beartas sonraíbhunaithe;

3.

AITHNÍONN SÍ na príomhcháintí a dhéantar sa Tuarascáil, is iad sin:

An laghdú ar an iomaíocht sa soláthar poiblí le 10 mbliana anuas, go háirithe i bhfianaise chion mór na ndámhachtainí díreacha i roinnt Ballstát agus i bhfianaise nósanna imeachta tairgeoirí aonair;

Ar bhonn na sonraí atá ar fáil, ní rinneadh dul chun cinn suntasach, ar an iomlán, chun na príomhchuspóirí a bhaint amach, a shaothraítear le Treoracha 2014 (5) sa tréimhse thagartha a chumhdaítear leis an Tuarascáil: rud atá contrátha leis na cuspóirí a ghabhann le hAthchóiriú 2014 ar an soláthar poiblí, thug CIE faoi deara cion íseal conarthaí arna ndámhachtain do FBManna, agus úsáid neamhleor soláthair phoiblí straitéisigh, cé go bhfuil éagsúlachtaí ann ar an leibhéal náisiúnta;

Leibhéal íseal an tsoláthair dhírigh trasteorann;

Na heasnaimh san fhaireachán a dhéanann an Coimisiún agus na Ballstáit ar fhorbairtí sa mhargadh soláthair phoiblí;

I dtreo na rialacha a chuíchóiriú agus an córas soláthair a fheabhsú: Tús a chur le mionanailís ar an gcreat atá ann cheana:

4.

MEASANN SÍ GUR GÁ don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú i gcomhpháirtíocht éifeachtach le cothroime measa, leanúint d’fhorfheidhmiú cuí na n-oibleagáidí faoi na Treoracha atá ann cheana a áirithiú, agus dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann, chun na príomhbhacainní ar sholáthar inbhuanaithe agus ar iomaíocht chothrom éifeachtach a shainaithint agus a shárú;

5.

I gcomhthéacs na Tuarascála Speisialta ó CIE agus staid reatha chur chun feidhme chreat dlíthiúil an Aontais maidir le soláthar poiblí, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar na bunchúiseanna atá leis an laghdú ar an iomaíocht i soláthar poiblí an Aontais; MEASANN SÍ gur cheart na difríochtaí suntasacha i bhfeidhmíocht na dtáscairí iomaíochta i measc na mBallstát, na réigiún agus na n-earnálacha eacnamaíocha a chur san áireamh san anailís sin ar na bunchúiseanna, ós rud é go bhféadfadh difríocht shuntasach a bheith idir cleachtais cur chun feidhme agus go bhféadfadh gníomhaíochtaí sonracha spriocdhírithe a bheith ag teastáil ina leith;

6.

MEASANN SÍ GUR DEN TÁBHACHT É ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint do cheannaitheoirí poiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair; MEASANN SÍ, ina leith sin, go bhféadfadh castacht na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí bac a chur ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha áirithe sa soláthar poiblí;

7.

IARANN SÍ ar an gCoimisiún tabhairt, gan mhoill, faoi ghrinnanailís ar an gcreat reachtach atá ann cheana maidir le soláthar poiblí (lena n-áirítear Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, agus 2014/25/AE) chun a mheas an bhfuil gá le hathbhreithniú le linn théarma 2024-2029 i bhfianaise na ngealltanas mór a thug an tAontas chun a chuspóirí forbartha inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030; AGUS É Á ÉILEAMH AICI, áfach, go bhfuil sé bunriachtanach, i dteannta grinnanailíse a dhéanamh, tuiscint níos fearr a fháil ar na bunchúiseanna atá leis an laghdú ar an iomaíocht sa soláthar poiblí;

8.

MEASANN SÍ GUR DEN TÁBHACHT É go mbreithneofaí sa ghrinnanailís ar an ngá atá leis an gcreat dlíthiúil soláthair chun a áirithiú go bhféadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha athléimneacht, slándáil an tsoláthair agus iomaíocht chóir a chur san áireamh go cuí chun a áirithiú go bhfuil géarghá ag an Aontas le huathriail straitéiseach oscailte, maidir leis an ngá atá le bonn láidir eacnamaíoch a thógáil, go háirithe trí spleáchais an Aontais a laghdú sna héiceachórais thionsclaíocha is íogaire; LEAGAN SÍ BÉIM AR A PHRÁINNÍ atá sé gur cheart aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le rialacha soiléire maidir leis an gcaoi a gcaitear le táirgí agus le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha;

9.

TARRAINGNÍONN SÍ AIRD AR AN bhFÍRIC gur bagairt ar leith ar shlándáil na mBallstát í an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair; AGUS MEASANN SÍ gur cheart aird chuí a thabhairt sa ghrinnanailís ar an ngá atá le ceannaitheoirí poiblí na huirlisí atá ar fáil dóibh cheana a neartú chun rioscaí don tslándáil a theorannú, agus MEASANN SÍ gur féidir inspioráid a fháil do na huirlisí sin, inter alia, i dTreoir 2009/81/CE; nuair a bhíonn saincheisteanna slándála i gceist, TARRAINGÍONN SÍ AIRD AR AN bhFÍRIC go gceadaítear cheana féin le Treoir 2009/81/CE méid áirithe solúbthachta ba cheart a chur san áireamh sa ghrinnanailís ar sholáthar a thagann faoi Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, agus 2014/25/AE;

10.

MEASANN SÍ gur gá scrúdú críochnúil a dhéanamh san anailís sin ar an idirghníomhú idir na Treoracha agus an iliomad gníomhartha dlí earnálacha sonracha ina bhfuil forálacha soláthair; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ina ghrinnanailís ar an ngá atá leis na tionscnaimh sin a chuíchóiriú agus a ailíniú ar mhaithe le cothromaíocht a aimsiú idir na cuspóirí éagsúla, deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, comhleanúnachas foriomlán, agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ualach rialála agus na costais rialála a laghdú;

11.

LEAGANN SÍ BÉIM AR AN bhFÍRIC go bhféadfaí diagnóis a bhunú, measúnú tionchair rialála a sheoladh mar thoradh ar an ngrinnanailís agus, bunaithe ar a conclúidí, go bhféadfaí rialacha nua a mholadh lena gcuirfí soláthar inbhuanaithe agus iomaíocht chothrom agus éifeachtach chun cinn agus, san am céanna, bacainní riaracháin iomarcacha agus neamhriachtanacha a bhaint agus na forálacha rialála reatha a chuíchóiriú, a mhéid is féidir, ach LEAGANN SÍ BÉIM AR A thábhachtaí atá sé go mbeadh ceannaitheoirí poiblí solúbtha i dtaobh cineál agus cuimsiú breithnithe straitéiseacha ina gcuid nósanna imeachta a chinneadh;

12.

MEASANN SÍ GUR DEN TÁBHACHT É gur cheart é a bheith d’aidhm leis an gcreat dlíthiúil, san am céanna, rochtain ar sholáthar poiblí a éascú, go háirithe do FBManna, micrifhiontair go mór mór;

13.

IARRANN SÍ, i ndáil leis an méid sin, tar éis na gConclúidí is déanaí ón gComhairle maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe a fhorbairt (6), chomh maith leis an Tuarascáil ó Uachtaránacht na Fraince maidir leis na scrogaill a sainaithníodh i gcur chun feidhme na dTreoracha maidir le soláthar poiblí, go dtíolacfadh an Coimisiún na gníomhaíochtaí nó na bearta a rinneadh agus a dhéanfar;

14.

LEAGANN SÍ BÉIM AR an ról a d’fhéadfadh a bheith ag sainghrúpaí an Choimisiúin (7) maidir le feidhmiú agus forbairt creata dhlíthiúil soláthair phoiblí atá nua-aimseartha, inrochtana agus simplithe lena dtacaítear le margadh inmheánach inbhuanaithe athléimneach;

Infhaighteacht sonraí ar ardchaighdeán agus uirlisí chun cinn

15.

TACAÍONN SÍ leis an moladh ó CIE an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil a úsáid ar an mbealach is fearr is féidir; MEASANN SÍ go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí cuimsitheacha agus ardcháilíochta a bheith ann toisc go gcumasaíonn sé beartais atá bunaithe ar fhíricí a fhorbairt; IARRANN SÍ, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú níos dlúithe le chéile chun na tacair sonraí ábhartha is gá a shainaithint chun bonn eolais a chur faoin ngrinnanailís agus chun feabhas a chur ar cháilíocht agus inléiteacht na sonraí a bhailítear[…] agus, de réir na hinfhaighteachta, faisnéis ábhartha rialta a fhoilsiú maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe;

16.

IS DÍOL SÁSAIMH DI sa chomhthéacs sin an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Spás Eorpach Sonraí um Sholáthar Poiblí (PPDS), lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht agus ar shaothrú sonraí soláthair phoiblí trí uirlisí sárfhorbartha, mar shampla teicneolaíochtaí intleachta saorga; IARRANN SÍ go ndíreofaí ar mhodheolaíocht éifeachtúil chun measúnú agus anailís a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil i ndáil le soláthar, go háirithe i ndáil le táscairí soláthair phoiblí ar Scórchlár an Mhargaidh Aonair, agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún na sonraí uile atá ar fáil a úsáid chun cleachtais soláthair ceannaitheoirí poiblí a thuiscint, agus é á chur san áireamh nach bhfuil comhdhéanamh agus ábhar na sonraí comhchuibhithe ar fud an Aontais; MEASANN SÍ GUR GÁ dlús a chur leis na nósanna imeachta soláthair phoiblí trí uirlisí teicniúla a úsáid chun foilsiú pras fógraí soláthair phoiblí a éascú in Tenders Electronic Daily;

17.

TATHANTAÍONN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun na huirlisí sin a fhorbairt ar an mbealach is fearr is féidir freisin trí na líonraí iomchuí idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún;

Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, dea-chleachtais a chur chun cinn, gairmiúlú a áirithiú, agus Plean Gníomhaíochta Straitéiseach uile-Aontais um Sholáthar Poiblí a sheoladh

18.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur cuid mhór de na conarthaí uile arna ndámhachtain i bhformhór na mBallstát iad sciar na gconarthaí arna ndámhachtain don tairiscint ar an bpraghas is ísle; TUGANN SÍ RABHADH, áfach, nár cheart an iomarca tábhachta a thabhairt don phraghas is ísle mar an t-aon chritéar dámhachtana amháin agus é ina tháscaire chun cáilíocht na nósanna imeachta soláthair a thomhas; TUGANN SÍ LE FIOS nach gá go mbeadh tionchar diúltach ag úsáid an phraghais is ísle mar an t-aon chritéar dámhachtana amháin ar cháilíocht má tá a shonraíochtaí teicniúla cinntithe go leordhóthanach ag ceannaitheoirí roimh ré ina ndoiciméid tairisceana, ach gur faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh a mhéid a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha praghas nó costas amháin a úsáid mar an t-aon chritéar dámhachtana amháin; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacú le fothú acmhainneachta agus é a fhorbairt chun cur chun feidhme an tsoláthair straitéisigh agus na gcritéar roghnúcháin agus dámhachtana ábhartha atá nasctha le hábhar an chonartha a chur chun cinn chun seirbhísí poiblí ardcháilíochta, inbhuanaitheacht agus luach ar airgead a áirithiú;

19.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go mbraitheann neartú na hiomaíochta agus na ngnéithe straitéiseacha den chuid is mó ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha a gconarthaí agus a n-acmhainneacht agus a n-inniúlacht sna réimsí sin a dhearadh agus a bhainistiú; dá bhrí sin, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh a ghlacadh nó a mhéadú chun gairmiúlú na n-údarás agus na n-eintiteas sin a mhéadú, agus uirlis ProcurCompEU (8) an chreata Eorpaigh scileanna do ghairmithe soláthair phoiblí á cur san áireamh; ach MEASANN SÍ go bhfuil inniúlacht agus oiliúint bunriachtanach freisin d'oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do FBManna agus go háirithe do mhicrifhiontair;

20.

MOLANN SÍ don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú ar bhealach níos éifeachtúla agus tacú le comhroinnt agus scaipeadh na ndea-chleachtas, agus trí dhul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara uile, mar shampla ceannaitheoirí agus díoltóirí, chun na hinniúlachtaí agus na cumais is gá a fhorbairt;

21.

IARRANN SÍ, thairis sin, go mbeadh níos mó trédhearcachta, ionracais agus cuntasachta ann maidir le caiteachas poiblí chun claonpháirteachas agus éilliú a chomhrac, agus chun luach níos fearr ar airgead a bhaint amach;

22.

AGUS É Á AITHINT AICI nach ann d’aon réiteach amháin a oireann do chách chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thuasluaite, TATHANTAÍONN SÍ ar an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta Straitéiseach uile-Aontais um Sholáthar Poiblí a ghlacadh lena dtabharfaí aghaidh ar na céimeanna a bheidh ann amach anseo ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na Ballstáit; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur leis an obair sin ar fad gan mhoill, agus IARRANN SÍ go dtabharfaí an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach uile-Aontais chun críche laistigh de thréimhse ama réasúnta chun clár athbhreithnithe agus athchóirithe ar thimpeallacht soláthair an Aontais a threorú agus chun bonn eolais a chur faoi chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus ar na hábhair imní a ardaítear sna Conclúidí seo ón gComhairle;

23.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an dul chun cinn atá déanta maidir leis na tionscnaimh, na bearta agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sna Conclúidí seo a thíolacadh go rialta ar leibhéal na Comhairle.

(1)  EUCO 14/23, 27.10.2023;

(2)  COM(2023) 638 Final, 17.10.2023;

(3)  The ‘Big Buyers’ Initiative, 2018:Féach: Big_Buyers_-_Recruitment_Brief.pdf (sustainable-procurement.org)

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: Public Procurement: A data to improve public spending, boost data-driven policy-making, and improve access to tenders for SMEs: [Soláthar Poiblí: Spás sonraí chun feabhas a chur ar chaiteachas poiblí, borradh a chur faoi cheapadh beartas sonraíbhunaithe, agus feabhas a chur ar rochtain FBManna ar thairiscintí:]

C(2023) 1696 (IO C 98 I , 16.3.2023, lgh. 1–11);

(5)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1–64); Leagan comhdhlúite reatha: 1/1/2024;

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242); Leagan comhdhlúite reatha: 1/1/2024;

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243-374); Leagan comhdhlúite reatha: 1/1/2024;

(6)   IO, 2022/C 236/02, 20.6.2022;

(7)  Go háirithe, an Grúpa Saineolaithe um Sholáthar Poiblí, Líonra na gComhlachtaí Athbhreithnithe Céadchéime agus an Grúpa Saineolaithe Ilpháirtithe Leasmhara maidir le Ríomhsholáthar;

(8)  ProcurCompEU, an creat inniúlachta Eorpach do ghairmithe soláthair phoiblí: ECF_Flyer.indd (europa.eu)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3521/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)