European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3510

30.5.2024

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Bealtaine 2024

maidir le slándáil taighde a fheabhsú

(C/2024/3510)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 182(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá oscailteacht, comhar idirnáisiúnta agus saoirse acadúil i gcroílár taighde agus nuálaíocht den chéad scoth. Mar sin féin, de dheasca an fháis ar an teannas idirnáisiúnta agus ar ábharthacht gheopholaitiúil an taighde agus na nuálaíochta, tá leochaileacht thaighdeoirí agus acadóirí an Aontais i leith rioscaí slándála taighde nuair a bhíonn siad ag comhoibriú go hidirnáisiúnta ag dul i méid i gcónaí, rud a fhágann nach mór aghaidh a thabhairt ar an tionchar urchóid a d’fhéadfaí a imirt ar thaighde agus nuálaíocht na hEorpa agus ar an mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu ar bhealaí a théann i bhfeidhm ar shlándáil an Aontais nó a sháraíonn luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais, mar a shainítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, tacaíocht agus cumhacht a thabhairt d’earnáil taighde agus nuálaíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Tá gá le bearta coimirce beachta agus comhréireacha chun an comhar idirnáisiúnta a choimeád oscailte agus slán.

(2)

I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag athrú, tá géarghá le freagairt chomhpháirteach ó na Ballstáit uile agus ón gCoimisiún chun an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais a neartú agus a shaothrú. Ní fhéadfar feabhas ar an tslándáil taighde a áirithiú ach trí iarrachtaí comhchoiteanna amháin. Sa chomhthéacs sin, is gá freisin an comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht a athchothromú i bhfianaise leasanna, luachanna agus prionsabail an Aontais chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a fhorbairt (1), agus cothrom iomaíochta agus oscailteacht chothrom chómhalartach á saothrú ag an am céanna.

(3)

Áirithítear leis an eolaíocht oscailte go ndéanfar taighde eolaíoch chomh hinrochtana agus is féidir ar mhaithe leis an eolaíocht, an geilleagar agus an tsochaí i gcoitinne. Is den ríthábhacht comhar idirnáisiúnta a bheith ann sa taighde agus sa nuálaíocht chun teacht ar réitigh ar dhúshláin phráinneacha dhomhanda ar mhaithe lenár sochaithe agus chun barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn, agus ag an am céanna cuireann soghluaisteacht idirnáisiúnta tallainne taighde leis an bhfiosrú eolaíoch, rúd atá ríthábhachtach chun nuálaíocht a chothú agus fionnachtana eolaíocha a bhaint amach. Is é atá i gceist le saoirse acadúil go bhfuil saoirse ag taighdeoirí a gcuid taighde a dhéanamh agus na modhanna taighde chomh maith lena gcomhpháirtithe taighde ar fud an domhain a roghnú, agus aird á tabhairt acu ar an bhfreagracht acadúil a bhaineann leis an tsaoirse sin.

(4)

Mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar an iomaíocht straitéiseach agus ar an bhfilleadh ar pholaitíocht na cumhachta, tá méadú ag teacht ar an gcaidreamh idirnáisiúnta idirbheartaíochta. Is é a tháinig as an athrú sin bagairtí atá éagsúil, dothuartha agus atá hibrideach go minic (2). I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag eolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil maidir le forlámhas polaitiúil, eacnamaíoch, faisnéise agus míleata, tá dul chun cinn á dhéanamh ag cuid d’iomaitheoirí an Aontais i gcónaí i ndáil leis an méid sin nó tá straitéisí á saothrú go gníomhach acu ina ndéantar gnéithe sibhialta agus míleata a chumasc.

(5)

D’fhéadfadh bagairtí hibrideacha dul i bhfeidhm ar gach earnáil ábhartha; mar sin féin, tá an earnáil taighde agus nuálaíochta an-leochaileach de dheasca na hoscailteachta, na saoirse acadúla, na huathrialach institiúidí agus an chomhair dhomhanda a bhaineann léi. D’fhéadfaí spriocdhíriú ar thaighdeoirí agus nuálaithe atá bunaithe san Aontas chun eolas agus teicneolaíocht úrscothach a fháil, agus úsáid á baint uaireanta as modhanna atá calaoiseach agus ceilte, nó trí dhearg-ghadaíocht nó comhéigean, ach níos minice ná a mhalairt trí theacht i dtír ar chomhar acadúil idirnáisiúnta ar cosúil go bhfuil sé bona fide. Chomh maith lenár slándáil agus ár leas a chur i mbaol, d’fhéadfadh bagairtí hibrideacha tionchar a imirt ar shaoirse acadúil agus ar shláine taighde san Aontas.

(6)

Dá bhrí sin, tá earnáil an taighde agus na nuálaíochta ag dul i ngleic le comhthéacs atá ag éirí níos dúshlánaí i gcónaí ó thaobh an chomhair de, agus an riosca ann go n-aistreofaí ar bhealach neamh-inmhianaithe chuig tríú tíortha eolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil a d’fhéadfaí a úsáid chun cumais mhíleata agus seirbhísí faisnéise na dtíortha sin a neartú, rud a mbeadh tionchar aige ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, nó chun críocha a sháraíonn luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais. Cé nach mbíonn toirmeasc ar an gcomhar sin ó thaobh an dlí de i gcónaí, d’fhéadfadh ábhair imní slándála agus eiticiúla nach beag a bheith ag baint leis.

(7)

I gcomhréir le huathriail institiúideach agus saoirse acadúil, is iad na heagraíochtaí a dhéanann taighde agus na heagraíochtaí a mhaoiníonn taighde atá freagrach go príomha as an gcomhar idirnáisiúnta a fhorbairt agus a bhainistiú. Ba cheart d’údaráis phoiblí ar gach leibhéal machnamh a dhéanamh ar chúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh lena chur ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh agus na rioscaí slándála taighde lena mbaineann a bhainistiú.

(8)

Le blianta beaga anuas, bhí plé ann maidir le slándáil taighde a neartú i roinnt Ballstát agus ar leibhéal an Aontais, mar ar tugadh faoi thionscnaimh éagsúla:

i mí na Bealtaine 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an gcur chuige domhanda i leith taighde agus nuálaíochta, lena dtugtar achoimre ar straitéis Eorpach nua um beartas idirnáisiúnta maidir le taighde agus nuálaíocht. Thug an Chomhairle freagra i mí Mheán Fómhair 2021 trí ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar leagadh béim ar thiomantas an Aontais agus na mBallstát do bhearta neartaithe chun an trasnaíocht eachtrach a chomhrac;

tugadh isteach roinnt coimircí i gClár Réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht 2021-2027, Fís Eorpach, lena dtugtar éifeacht do fhreagracht shainiúil an Aontais mar cheann de na maoinitheoirí taighde is mó sa Eoraip;

i mí na Samhna 2021, ghlac an Chomhairle clár oibre beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) 2022-2024 mar chuid dá conclúidí maidir le rialachas LET amach anseo, ina n-áirítear dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach mar cheann dá gníomhaíochtaí tosaíochta;

i mí Eanáir 2022, agus obair leantach á déanamh ar a ghealltanais a eascraíonn as an gcur chuige domhanda agus as clár oibre beartais LET araon, d’fhoilsigh an Coimisiún a dhoiciméad inmheánach oibre maidir le dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach taighde agus nuálaíochta. Ina theannta sin, chun piarfhoghlaim a éascú i measc na mBallstát, tionóladh cleachtadh foghlama frithpháirtí le linn 2023;

an 9 Márta 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le ‘Trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas, lena n-áirítear bréagaisnéis,’ ina n-éilíonn sí go neartófar saoirse acadúil, go gcuirfear feabhas ar thrédhearcacht cistiúcháin eachtraigh agus go ndéanfar mapáil agus faireachán ar thrasnaíocht eachtrach chomh maith leis sin sna réimsí cultúir, acadúla agus reiligiúnacha;

i mí Aibreáin 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa, inar leagadh béim ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as comhar níos doimhne san Aontas chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus chun na huirlisí is gá a thabhairt do thaighdeoirí, oiliúnóirí, mic léinn agus baill foirne chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le comhar domhanda cothrom, mar atá an neamhchothromas, trasnaíocht eachtrach agus bacainní ar an eolaíocht oscailte. Leag an Chomhairle béim freisin ar a riachtanaí atá sé tuiscint fheasach neamhspleách ar chontrapháirtithe tríú tíortha a chur chun cinn;

an 10 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le luachanna agus prionsabail le haghaidh comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht, inar leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le bainistiú riosca agus slándáil, agus inar iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh dea-chleachtas a fhorbairt;

ó thaobh slándáil agus cosaint níos leithne de, tá obair ar siúl faoi chuimsiú Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh (3) agus an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint, obair darb aidhm measúnú comhroinnte a dhéanamh ar bhagairtí agus dúshláin agus comhleanúnachas níos mó a áirithiú i ngníomhaíochtaí sa réimse slándála agus cosanta, lena n-áirítear trí Bhosca Uirlisí Hibrideach an Aontais, lena dtugtar le chéile uirlisí éagsúla chun bagairtí hibrideacha a bhrath agus a fhreagairt;

i réimse rialacha an Aontais maidir le rialú onnmhairí le haghaidh earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, tá tábhacht nach beag ag baint le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le haghaidh slándáil taighde. Chun cuidiú le hinstitiúidí taighde, d’fhoilsigh an Coimisiún moladh i mí Mheán Fómhair 2021 maidir le cláir chomhlíontachta le haghaidh taighde lena mbaineann ítimí dé-úsáide (5).

(9)

Ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch (6) arb é is aidhm di a áirithiú go leanfaidh an tAontas de thairbhiú d’oscailteacht eacnamaíoch, agus rioscaí maidir lena shlándáil eacnamaíoch á n-íoslaghdú an tráth céanna. Cur chuige trí cholún a mholtar sa Straitéis: bonn eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais a chur chun cinn; cosaint ar rioscaí; agus comhpháirtíocht leis an réimse is leithne is féidir tíortha chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus leasanna comhroinnte. I ngach ceann de na colúin, tá príomhról ag taighde agus nuálaíocht.

(10)

Mar obair leantach ar an teachtaireacht chomhpháirteach sin, shainaithin an Coimisiún réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit i moladh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún (7). Seoladh measúnuithe riosca cheana mar ábhar tosaíochta ar cheithre cinn de na 10 réimse teicneolaíochta chriticiúla a sainaithníodh, is é sin leathsheoltóirí forbartha, intleacht shaorga, teicneolaíochtaí candamacha agus bith-theicneolaíochtaí. Leis an toradh ar mheasúnaithe riosca, nuair a thugtar chun críche é, d’fhéadfaí eolas a dhéanamh do bhearta eile a d’fhéadfadh a bheith ann chun an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun slándáil taighde a fheabhsú.

(11)

Leis an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch, fógraíodh thairis sin go molfadh an Coimisiún bearta chun slándáil taighde a fheabhsú trí úsáid na n-uirlisí atá ann cheana a áirithiú agus aon bhearna atá fágtha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt air, agus oscailteacht an éiceachórais taighde agus nuálaíochta á caomhnú an tráth céanna. Tá an moladh seo mar chuid de phacáiste a d’eisigh an Coimisiún i mí Eanáir 2024 mar obair leantach ar an teachtaireacht chomhpháirteach.

(12)

I dtéarmaí sainaithint bearnaí dá dtagraítear sa phointe roimhe sin, le pléití leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí páirtithe leasmhara, léirítear go bhfuil gá práinneach ag lucht ceaptha beartas agus ag na gníomhaithe eile ar fad lena mbaineann le soiléireacht níos coincheapúla, tuiscint chomhroinnte ar na saincheisteanna atá i gceist chomh maith lena bhfuil i gceist le freagairt bheartais atá comhréireach agus éifeachtach araon.

(13)

D’fhorbair líon méadaitheach Ballstát beartais, nó tá beartais á bhforbairt acu, arb é is aidhm dóibh slándáil taighde a fheabhsú. Cé go gcuidíonn na hiarrachtaí sin go ginearálta le feasacht a mhúscailt agus le hathléimneacht a threisiú, le go mbeidh siad éifeachtach i ndáiríre, ba cheart forbairt agus cur chun feidhme coimircí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na n-eagraíochtaí a dhéanann taighde agus na n-eagraíochtaí cistiúcháin taighde. Dá bhrí sin, tá gá le comhordú ar leibhéal an Aontais agus le tacaíocht ón gCoimisiún d’fhothú acmhainneachta agus do mhalartú cleachtas chun sláine LET a chosaint, agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú ag an am céanna chun dul níos faide, mar shampla trí chreataí rialála a fhorbairt.

(14)

Is den tábhacht go ndéantar measúnú struchtúrach ar bhagairtí hibrideacha lena ndéantar difear don éiceachóras taighde agus nuálaíochta, agus feasacht staide á feabhsú i measc lucht ceaptha beartas trí bheith ag brath ar an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise, go háirithe Cill Chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh in aghaidh Bagairtí Hibrideacha, agus obair an Lárionaid Eorpaigh um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha á cur san áireamh, chomh maith le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, a bhunaigh Europol, i ndáil le bagairtí cibearshlándála.

(15)

Agus é á chur san áireamh go dtarlaíonn sciar suntasach den taighde agus den nuálaíocht san earnáil phríobháideach, ba cheart a chur i bhfios go láidir, cé go bhféadfadh na rioscaí a bhfuil cuideachtaí neamhchosanta orthu a bheith comhchosúil lena gcineál, a riachtanais agus a n-acmhainneachtaí atá éagsúil le cineál, riachtanais agus acmhainneachtaí eagraíochtaí a dhéanann taighde.

(16)

Ba cheart aird chuí a thabhairt ar thaithí bheartais na mBallstát agus na bpríomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta, agus béim á leagan ag an am céanna gur cheart cur chuige a chur le chéile a oireann don chomhthéacs Eorpach uathúil. Roinntear dea-chleachtais, mar shampla, tríd an Idirphlé Iltaobhach maidir le luachanna agus prionsabail le haghaidh comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht, mar chuid de chaibidlíocht comhlachais agus de chruinnithe an Chomhchoiste Stiúrtha Eolaíochta agus Teicneolaíochta i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta, agus i bhfóraim iltaobhacha, ar nós G7, agus socruithe iltaobhacha ábhartha maidir le rialú onnmhairí.

(17)

Tá slándáil taighde ina hábhar imní a bhfuil aird mhéadaitheach á tabhairt uirthi agus tá an díospóireacht leanúnach maidir leis na rioscaí lena mbaineann agus conas is fearr is féidir iad a bhainistiú ag dul i dtreis. Dá dheasca sin, is gá feasacht a mhúscailt a thuilleadh, piarfhoghlaim a chur chun cinn agus a éascú idir na Ballstáit agus eagraíochtaí páirtithe leasmhara ábhartha, agus rannchuidiú chomh maith leis sin le cur chuige foghlama atá solúbtha agus lúfar araon.

(18)

Chun chríoch an mholta seo:

(1)

tagraíonn ‘slándáil taighde’ do rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas a thuar agus a bhainistiú: (a) an t-aistriú neamh-inmhianaithe ar eolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil lenar féidir difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, mar shampla má dhírítear an méid sin ar chríocha míleata nó ar chríocha faisnéise i dtríú tíortha;(b) tionchar urchóideach ar thaighde, inar féidir le tríú tíortha teacht i dtír ar thaighde nó inar féidir teacht i dtír air ó na tíortha sin chun inter alia bréagaisnéis a chruthú nó féinchinsireacht a ghríosú i measc mic léinn agus taighdeoirí lena sáraítear saoirse acadúil agus sláine taighde san Aontas; (c) sáruithe eiticiúla nó sláine, i gcás ina n-úsáidtear eolas agus teicneolaíochtaí chun luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais, mar a shainmhínítear sna Conarthaí, a chur faoi chois, a shárú nó chun an bonn a bhaint díobh.

(2)

tagraíonn ‘an earnáil taighde agus nuálaíochta’ do gach eagraíocht a dhéanann taighde, lena n-áirítear institiúidí ardoideachais a mhéid a dhéanann siad taighde, eagraíochtaí cistiúcháin taighde agus bonneagair thaighde ar fud an Aontais, chomh maith le gach gníomhaí eile in éiceachóras taighde agus nuálaíochta an Aontais. Cé go bhféadfadh gnéithe den mholadh seo a bheith chomh hábhartha céanna do chuideachtaí, tá gá le rannpháirtíocht le gníomhaithe san earnáil phríobháideach chun aghaidh a thabhairt ar a slándáil taighde.

(3)

ciallaíonn ‘eagraíocht a dhéanann taighde’ aon eagraíocht neamhbhrabúsach a dhéanann taighde eolaíoch.

(4)

tagraíonn ‘comhar idirnáisiúnta’ do chomhar idir eagraíochtaí a dhéanann taighde agus eagraíochtaí cistiúcháin taighde atá bunaithe san Aontas nó taighdeoirí aonair arna gcistiú ag na heagraíochtaí sin, ar thaobh amháin, le heintitis, lena n-áirítear cuideachtaí, atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó taighdeoirí aonair arna gcistiú ag na heintitis sin, ar an taobh eile. Ba cheart an comhar le heagraíochtaí agus le cuideachtaí a dhéanann taighde atá bunaithe san Aontas ach atá faoi úinéireacht nó á rialú ó lasmuigh den Aontas a bhreithniú ar bhonn breithmheas riosca.

(5)

tagraíonn ‘breithmheas riosca’ do phróiseas i ndáil le comhar idirnáisiúnta i leith taighde agus nuálaíochta ina gcuirtear teaglaim de phríomhthosca riosca san áireamh. Leis an teaglaim de na tosca sin, cinntear an leibhéal riosca. Is féidir na príomheilimintí ar a bhfuil measúnú le déanamh a ghrúpáil i gceithre chatagóir: a) próifíl riosca na heagraíochta atá bunaithe san Aontas agus atá ag dul i mbun an chomhair idirnáisiúnta: breithnigh láidreachtaí agus leochaileachtaí na heagraíochta, lena n-áirítear spleáchais airgeadais, atá ábhartha maidir leis an tionscadal taighde; an réimse taighde agus nuálaíochta ina bhfuil an comhar idirnáisiúnta le déanamh: b) breithnigh cé acu a dhírítear nó nach ndírítear leis an tionscadal ar réimsí taighde a bhaineann le teicneolaíocht chriticiúil agus eolas criticiúil, nó a bhaineann nó nach mbaineann bonneagar modheolaíochta nó taighde leis a mheastar a bheith an-íogair ó thaobh slándála nó luachanna an Aontais de, mar aon le cearta bunúsacha; c) próifíl riosca an tríú tír ina bhfuil an comhpháirtí idirnáisiúnta bunaithe nó óna bhfuil sé faoi úinéireacht nó á rialú (mar shampla an bhfuil an tír faoi réir bearta sriantacha nó an bhfuil cuntas teiste lochtach aici maidir leis an smacht reachta nó cosaint chearta an duine, an bhfuil straitéis chomhleá shibhialta-mhíleata ionsaitheach nó saoirse acadúil theoranta aici); d) próifíl riosca na heagraíochta comhpháirtíochta idirnáisiúnta eadhon chun dícheall cuí a dhéanamh maidir leis an eagraíocht a a mbeidh comhar le déanamh léi chun a chinneadh, inter alia an bhfuil sí faoi réir bearta sriantacha nó an bhfuil naisc aici leis an rialtas nó leis an arm, cleamhnachtaí na dtaighdeoirí nó na mball foirne lena mbaineann chomh maith le rúin an chomhpháirtí maidir le húsáid deiridh nó cur i bhfeidhm na dtorthaí taighde.

(6)

tagraíonn ‘eolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil’ d’eolas agus teicneolaíocht, lena n-áirítear fios gnó, i réimsí atá ag teacht chun cinn agus i réimsí suaiteacha agus i réimsí atá ríthábhachtach d’iomaíochas eacnamaíoch, do leas sóisialta agus do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát agus ina bhfuil, dá bhrí sin, róspleáchas ar thríú tíortha neamh-inmhianaithe, agus cineál dinimiciúil na slándála taighde agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh. Áirítear leis sin taighde agus nuálaíocht lena mbaineann acmhainneacht dé-úsáide, ach níl sé teoranta dóibh.

(7)

tagraíonn ‘tríú tíortha’ do gach tír nach tíortha de chuid an Aontas iad.

AG MOLADH LEIS SEO GO nDÉANFADH NA BALLSTÁIT AGUS AN COIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS

1.

Na prionsabail seo a leanas a chur san áireamh maidir le hidirnáisiúnú freagrach agus gníomhaíochtaí beartais á gceapadh agus á gcur chun feidhme chun slándáil taighde a fheabhsú:

(a)

leanúint den tsaoirse acadúil agus den neamhspleáchas institiúideach a chur chun cinn agus a chosaint, agus é á chur san áireamh gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann taighde atá freagrach go príomha as a gcomhar idirnáisiúnta i leith taighde agus nuálaíochta;

(b)

leanúint de chomhar idirnáisiúnta i leith taighde agus nuálaíochta atá oscailte agus slán araon a chur chun cinn agus a spreagadh i gcomhréir leis an bprionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, agus é á áirithiú go mbeidh aschuir thaighde inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte (FAIR), agus aird chuí á tabhairt ar shrianta is infheidhme, lena n-áirítear ábhair imní shlándála;

(c)

comhréireacht beart a áirithiú: i gcás ina dtugtar coimircí isteach, níor cheart dul thar a bhfuil riachtanach leo chun na rioscaí atá i gceist a mhaolú agus ualach riaracháin nach gá a sheachaint. Is é an cuspóir riosca a bhainistiú seachas riosca a sheachaint;

(d)

bearta slándála a stiúradh chun slándáil eacnamaíoch, chomh maith le slándáil an Aontais agus slándáil náisiúnta, a chosaint, agus chun luachanna an Aontais agus cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear saoirse acadúil agus sláine taighde, agus caomhnaitheacht agus ionstraimiú polaitiúil maidir le taighde agus nuálaíocht á seachaint;

(e)

féinrialachas a chur chun cinn in earnáil an taighde agus na nuálaíochta, laistigh den chreat rialála is infheidhme, lena gcumhachtaítear a gníomhaithe chun cinntí eolasacha a dhéanamh, agus béim á leagan ar fhreagrachtaí sochaíocha na n-eagraíochtaí déanta taighde, agus é á chur san áireamh go dtagann freagracht acadúil as an tsaoirse acadúil;

(f)

cur chuige uile-rialtais a ghlacadh, lena dtugtar le chéile saineolas agus scileanna ábhartha, lena n-áirithítear cur chuige cuimsitheach i leith slándáil taighde agus lena gcothaítear comhleanúnachas gníomhaíochtaí rialtais agus teachtaireachtaí chuig an earnáil taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear na bearta is gá chun an lucht saothair ábhartha a uas-sciliú agus a athsciliú;

(g)

le linn cur chuige rioscabhunaithe a shaothrú, beartais atá il-oiriúnach don tír a ghlacadh, agus rioscaí á sainaithint agus aghaidh á tabhairt orthu, ar rioscaí iad maidir le slándáil taighde cibé áit as a dtagann siad, ós rud é gurb é sin an ráthaíocht is fearr dá bhfuil ann go ndéantar cur chuige cothrom i leith deiseanna agus rioscaí sa chomhar i leith taighde agus nuálaíochta a choinneáil ar bun agus nach ndéantar dearmad ar fhorbairtí atá ag fabhrú i dtimpeallacht na bagartha, lena n-áirítear teacht chun cinn gníomhaithe bagartha nua;

(h)

a áirithiú go ndéanfar gach iarracht chun gach cineál idirdhealaithe de chineál díreach chomh maith le hindíreach agus stiogmataithe grúpaí nó daoine aonair a sheachaint, ar idirdhealú nó stiogmatú a d’fhéadfadh tarlú mar iarmhairtí neamhbheartaithe le bearta coimirce agus lánurraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt;

(i)

cineál dinimiciúil na slándála taighde a aithint, rud atá múnlaithe le léargais nua, rioscaí atá ag teacht chun cinn agus comhthéacsanna geopholaitiúla, lena n-éilítear cur chuige foghlama ina bhfuil athbhreithnithe tréimhsiúla á ndéanamh chun a áirithiú go leanfaidh beartais slándála taighde agus iarrachtaí fothaithe acmhainneachta gaolmhara de bheith cothrom le dáta, éifeachtach agus comhréireach, agus i gcomhréir leis na prionsabail thuasluaite.

AG MOLADH GO nDÉANFADH NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS, agus lánaird á tabhairt ar an gcoimhdeacht, ar an gcomhréireacht, ar an neamhspleáchas institiúideach agus ar an tsaoirse acadúil, agus i gcomhréir le sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát, túsphointí éagsúla, agus a n-inniúlacht eisiach maidir leis an tslándáil náisiúnta, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh:

2.

Oibriú i dtreo tacar comhleanúnach de ghníomhaíochtaí beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an tslándáil taighde a fheabhsú, agus an úsáid is fearr á baint as na heilimintí a liostaítear sa roinn seo;

3.

Dul i mbun idirphlé leis an earnáil taighde agus nuálaíochta d’fhonn freagrachtaí agus róil a shainiú agus cur chuige náisiúnta a fhorbairt, mura bhfuil sé i bhfeidhm cheana féin, mar shampla trí threoirlínte nó trí liosta beart agus tionscnamh ábhartha chun borradh a chur faoin tslándáil taighde trí phróiseas soiléir maidir le cur chun feidhme, agus treoir ón gCoimisiún agus na huirlisí tacaíochta atá ar fáil á meas ag an am céanna.

4.

I gcás inarb ábhartha, struchtúr nó seirbhís tacaíochta nua a chruthú nó a threisiú, chun cabhrú le gníomhaithe in earnáil an taighde agus na nuálaíochta dul i ngleic le rioscaí a bhaineann le comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Agus saineolas agus scileanna trasearnála á dtabhairt le chéile, le struchtúr tacaíochta nó seirbhís tacaíochta sin den sórt sin, d’fhéadfaí faisnéis agus comhairle a sholáthar ar féidir le heagraíochtaí a bhíonn i mbun taighde agus cistiúcháin iad a úsáid chun cinntí eolasacha a dhéanamh, agus deiseanna agus rioscaí maidir le comhar idirnáisiúnta ionchasach á meá chomh maith le seirbhísí eile a bhfuil gá soiléir ag an earnáil taighde agus nuálaíochta leo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus cúrsaí oiliúna.

5.

An bonn fianaise le haghaidh ceapadh beartas maidir le slándáil taighde a neartú, trí anailís a dhéanamh ar thimpeallacht na bagartha, lena n-áirítear ó thaobh cibearshlándála de.

6.

Malartú faisnéise a éascú idir eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí cistiúcháin taighde ar thaobh amháin agus gníomhaireachtaí faisnéise ar an taobh eile, mar shampla trí sheisiúin faisnéise rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe nó oifigigh idirchaidrimh thiomnaithe.

7.

Comhar trasearnála a fhorbairt nó a threisiú sa rialtas, agus go sonrach lucht ceaptha beartas atá freagrach as ardoideachas, taighde agus nuálaíocht, trádáil, gnóthaí eachtracha, faisnéis agus slándáil á dtabhairt le chéile.

8.

Léargas a fháil ar athléimneacht na hearnála chomh maith le héifeachtacht agus comhréireacht na mbeartas is infheidhme maidir le slándáil taighde, lena n-áirítear trí thástáil athléimneachta agus ionsamhluithe teagmhais tráthrialta, agus an tacaíocht ón gCoimisiún á meas i gcás inarb iomchuí.

9.

Aird shonrach a thabhairt ar an gcomhar idirnáisiúnta i réimsí a bhaineann le heolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil, lena n-áirítear iad siúd arna sainaithint le Moladh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún, agus ar thorthaí na measúnuithe riosca comhchoiteanna sin.

10.

Chun comhlíontacht a áirithiú leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir le rialú onnmhairí le haghaidh ítimí dé-úsáide agus na bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE agus Airteagail 207 agus 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, bearta náisiúnta a dhéanamh maidir le haistriú doláimhsithe teicneolaíochta, agus cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart sriantach atá ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht a neartú chomh maith.

11.

Rannchuidiú go réamhghníomhach le hardán ilfhreastail an Aontais chun dul i ngleic leis an trasnaíocht eachtrach sa taighde agus sa nuálaíocht trí uirlisí agus acmhainní arna bhforbairt trí chistiú poiblí a chomhroinnt arb é is aidhm dó sin glacadh trasteorann na n-uirlisí agus na n-acmhainní sin a éascú agus iad a sholáthar ar bhealach so-úsáidte, inrochtana agus slán.

12.

Oibriú leis an earnáil phríobháideach chun treoraíocht a fhorbairt do chomhlachtaí atá rannpháirteach i dtaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear do ghnólachtaí nuathionscanta diantaighde, seach-chuideachtaí agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide. I ndáil leis an méid sin, ba cheart aird a tharraingt ar na rialacha atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin maidir le rialú onnmhairí ítimí dé-úsáide, scagadh ar infheistíochtaí coigríche chomh maith leis an obair atá ar siúl ar an bhfaireachán ar infheistíochtaí amach.

13.

Breithniú a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, agus bunaithe ar mheasúnú riosca, ar chur i bhfeidhm na mbeart atá sa mholadh seo maidir le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta a bhaineann le soghluaisteacht taighdeoirí.

Ról eagraíochtaí cistiúcháin taighde

14.

Dul i mbun plé le heagraíochtaí cistiúcháin taighde chun iad a spreagadh chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfuil slándáil taighde ina cuid lárnach den phróiseas iarratais lena gcuirtear san áireamh na tosca éagsúla lena sainítear, nuair a ghlactar le chéile iad, próifíl riosca an tionscadail. Is é is cuspóir dó tairbhithe a spreagadh chun a machnamh a dhéanamh ar an gcomhthéacs ina ndéantar an comhar taighde agus nuálaíochta agus cad iad na cúiseanna agus na cláir oibre (folaithe) a bhféadfadh ról a bheith acu, agus é á áirithiú go sainaithneofar rioscaí agus bagairtí féideartha roimh ré;

(b)

i gcás tionscadail taighde a roghnaítear le haghaidh cistithe atá ina n-ábhair imní, déantar breithmheas riosca orthu atá comhréireach lena bpróifíl riosca, arb é a thagann as sin bainistíocht riosca iomchuí a chomhaontú agus é á áirithiú nach gcuirfear moill gan ghá leis an am chun deontas a thabhairt, agus aon ualach riaracháin nach gá á sheachaint an tráth céanna;

(c)

aon uair a dhéantar comhaontuithe comhpháirtíochta taighde le heintitis eachtracha, lena n-áirítear trí Mheabhráin Tuisceana, na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhar idirnáisiúnta a bhreithniú agus na príomh-chreatdálaí a chur san áireamh, ina measc urraim do luachanna agus do chearta bunúsacha an Aontais, saoirse acadúil, cómhalartacht agus socruithe maidir le bainistíocht sócmhainní intleachtúla, lena n-áirítear scaipeadh agus saothrú torthaí, ceadúnú nó aistriú torthaí agus cruthú seachtháirgí, agus foráil a dhéanamh maidir le straitéis scoir i gcás nach gcomhlíontar coinníollacha na gcomhaontuithe;

(d)

le linn bearta coimirce a chur i bhfeidhm i gcláir chistiúcháin náisiúnta, cuirtear na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gcláir chistiúcháin ábhartha an Aontais san áireamh;

(e)

lorgaíonn iarratasóirí dearbhú ó chomhpháirtithe ionchasacha, le haghaidh tionscadail a bhfuil próifíl ardriosca acu, mar shampla trí chomhaontú comhpháirtíochta, agus príomh-chreatdálaí ar nós iad siúd a liostaítear in 15(c) á gcur san áireamh;

(f)

tá saineolas agus scileanna leordhóthanacha ar fáil san eagraíocht cistiúcháin chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le slándáil taighde agus tá an tslándáil taighde sin comhtháite sna bearta faireacháin agus meastóireachta atá ann cheana, lena n-áirítear cuntas a choinneáil ar theagmhais agus bearta tráthúla inchreidte a dhéanamh i gcás neamhchomhlíontachta.

Tacaíocht d’eagraíochtaí a dhéanann taighde

15.

Eagraíochtaí a dhéanann taighde a spreagadh agus tacú leo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

páirt a ghlacadh i malartú faisnéise, piarfhoghlaim, forbairt uirlisí agus treoirlínte agus tuairisciú teagmhas i measc piaraíagus cuimhneamh ar acmhainní a chomhthiomsú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus saineolas gann agus scaipthe;

(b)

nósanna imeachta inmheánacha um bainistíocht riosca a chur chun feidhme ar bhealach córasach, lena n-áirítear trí bhreithmheas riosca, dícheall cuí a dhéanamh maidir le comhpháirtithe ionchasacha agus géarú chuig leibhéil níos airde cinnteoireachta inmheánaí i gcás eilimintí atá ina n-ábhair imní agus, ag an am céanna, ualach riaracháin nach gá á sheachaint;

(c)

rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhar idirnáisiúnta a bhreithniú aon uair a dhéantar comhaontuithe comhpháirtíochta taighde le heintitis eachtracha, lena n-áirítear trí Mheabhráin Tuisceana, agus príomh-chreatdálaí a chur san áireamh, ina measc urraim do luachanna cearta bunúsacha an Aontais, saoirse acadúil, cómhalartacht agus socruithe maidir le bainistíocht sócmhainní intleachtúla, lena n-áirítear scaipeadh agus luachshocrú torthaí, ceadúnú nó aistriú torthaí agus cruthú seachtháirgí, agus a dheimhniú go mbeidh straitéis scoir i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíontar coinníollacha na gcomhaontuithe;

(d)

rioscaí a bhaineann le cláir thallainne rialtas-urraithe i dtaighde agus nuálaíocht a mheasúnú, ag díriú go háirithe ar aon oibleagáid neamh-inmhianaithe a fhorchuirtear ar a dtairbhithe, agus a dheimhniú go gcloífidh soláthraithe eachtracha rialtas-urraithe ar campas, ar soláthraithe cúrsaí agus oiliúna iad, le misean agus rialacha na hinstitiúide óstaí;

(e)

infheistíocht a dhéanamh i saineolas agus scileanna inmheánacha tiomnaithe maidir le slándáil taighde, freagracht maidir le slándáil taighde a shannadh ar na leibhéil eagraíochta iomchuí agus infheistíocht a dhéanamh i gcibearshláinteachas agus i gcruthú cultúir ina bhfuil oscailteacht agus slándáil ar comhardú;

(f)

rochtain ar chláir oiliúna a éascú, lena n-áirítear cúrsaí ar líne, do bhaill foirne taighde nua agus baill foirne taighde atá ann cheana, chomh maith le cláir oideachais agus oiliúna a fhorbairt a bheidh dírithe ar oiliúint a chur ar chomhairleoirí slándála agus ar gníomhaithe ábhartha eile agus, mar chuid de phróiseas grinnfhiosrúcháin struchtúrach, ar oiliúint a chur ar earcaitheoirí agus baill foirne a bhíonn ag déileáil leis an idirnáisiúnú chun eilimintí atá ina n-ábhair imní in iarratais le haghaidh poist taighde a sheiceáil agus a bhrath, go háirithe iad sin i réimsí taighde lena mbaineann eolas criticiúil agus teicneolaíocht chriticiúil;

(g)

trédhearcacht iomlán foinsí cistiúcháin agus cleamhnachtaí foirne taighde a áirithiú i bhfoilseacháin eolaíocha agus sna foirmeacha uile eile de scaipeadh torthaí taighde, chun a sheachaint go ndéantar difear de dheasca spleáchais eachtracha agus coinbhleachtaí leasa nó gealltanais do cháilíocht agus ábhar an taighde;

(h)

roinnt i ndeighleoga a thabhairt isteach, de chineál fisiceach agus fíorúil araon, agus a áirithiú i gcás réimsí lena n-áirítear, mar shampla, saotharlanna agus bonneagar taighde, sonraí agus córais atá an-íogair, go ndeonófar rochtain ar bhonn riachtanas eolais dian, agus, le haghaidh córais ar líne, go mbeidh socruithe cibearshlándála láidre i bhfeidhm;

(i)

measúnú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le trealamh, saotharlanna agus bonneagair thaighde arna n-urrú ag eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú acu nó arna bhfáil uathu, ag díriú go háirithe ar aon oibleagáidí neamh-inmhianaithe a fhorchuirtear ar ósteagraíochtaí;

(j)

a áirithiú go gcoiscfear gach foirm idirdhealaithe agus stiogmataithe, de chineál díreach agus indíreach araon, go gcosnófar sábháilteacht aonair, agus aird ar leith á tabhairt ar chomhéigean an diaspóra ón stát tionscnaimh agus foirmeacha eile de thionchar urchóideach, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le féinchinsireacht agus a bhféadfaidh impleachtaí slándála a bheith acu le haghaidh taighdeoirí eachtracha, iarrthóirí dochtúireachta agus mic léinn lena mbaineann, agus go dtuairisceofar teagmhais.

MOLTAR DON CHOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

16.

Leas iomlán a bhaint as an modh oscailte comhordúcháin, go háirithe struchtúir rialachais LET, agus tacú le cur chun feidhme an mholta sin trí fheasacht a mhúscailt, piarfhoghlaim a éascú agus a chur chun cinn, fothú acmhainneachta a chumasú agus comhsheasmhacht beartas a éascú; ábhar an mholta seo a ionchorprú freisin i gcláir oibre na n-ardán agus na mbord straitéiseach ábhartha.

17.

Ardán ilfhreastail de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chothabháil chun dul i ngleic leis an trasnaíocht eachtrach sa taighde agus sa nuálaíocht, arb é is aidhm dó comhdhlúthú a dhéanamh ar na sonraí, na huirlisí, na tuarascálacha agus na hacmhainní eile ábhartha uile a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, eagraíochtúil, nó lasmuigh den Aontas agus a áirithiú, ag an am céanna, go gcuirfear i láthair iad ar bhealach atá soláimhsithe, inrochtana agus slán.

18.

Tacú le fianaise a bhailiú le haghaidh ceapadh beartas i réimse na slándála taighde agus saineolas ábhartha ó na Ballstáit agus páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile, chomh maith le roghanna a fhiosrú agus a mheas le haghaidh tuilleadh tacaíochta struchtúraí i ndáil leis sin, trí lárionad Eorpach saineolais maidir le slándáil taighde mar shampla, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh agus á nascadh leis an ardán ilfhreastail, agus in theannta sin d’fhéadfaí feidhmiúlachtaí breise a chur isteach in am trátha chun tacú leis na Ballstáit agus leis an earnáil taighde agus nuálaíochta.

19.

Feasacht staide a fheabhsú, i gcomhar le Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i measc lucht ceaptha beartas trí mheasúnú a dhéanamh go struchtúrach ar bhagairtí hibrideacha lena ndéantar difear don éiceachóras taighde agus nuálaíochta.

20.

Modheolaíocht tástála athléimneachta a fhorbairt le haghaidh eagraíochtaí a dhéanann taighde, modheolaíocht is féidir leis na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach in éineacht lena n-eagraíochtaí a dhéanann taighde.

21.

Leanúint dá obair, i gcomhar leis na Ballstáit agus le rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara, maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí teicneolaíochtaí criticiúla, chomh maith le dul i mbun idirphlé chun comhroinnt faisnéise agus comhsheasmhacht an chur chuige a áirithiú maidir le breithmheas riosca agus coimircí slándála taighde i gcláir chistiúcháin náisiúnta agus iad sin i gcláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais.

22.

Uirlisí agus acmhainní a fhorbairt, atá il-oiriúnach don tír agus atá tírshonrach, chun tacú le heagraíochtaí a dhéanann taighde chun dícheall cuí a dhéanamh maidir le comhpháirtithe ionchasacha tríú tír.

23.

Imeacht suaitheanta débhliantúil maidir le slándáil taighde a eagrú, i gcomhar le heagraíochtaí páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais, arb é is aidhm dó faisnéis agus malartuithe atá dírithe ar réitigh a chomhroinnt.

24.

Treoraíocht léirmhínitheach a ullmhú, i gcás inar gá, maidir le nósanna imeachta um breithmheas riosca a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir le cur i bhfeidhm reachtaíochta ábhartha de chuid an Aontais. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le rialacha i ndáil le rialú onnmhairí, go háirithe aistriú doláimhsithe teicneolaíochta, na ceanglais víosa do thaighdeoirí eachtracha, chomh maith le ceanglais áirithe maidir le heolaíocht oscailte agus bainistíocht sócmhainní intleachtúla a léirmhíniú ó thaobh slándáil taighde de.

25.

Dul i mbun plé leis an earnáil taighde agus nuálaíochta chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi is fearr is féidir trédhearcacht foinsí cistiúcháin taighde agus cleamhnachtaí taighdeoirí a mhéadú.

26.

An t-idirphlé agus an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le slándáil taighde a neartú trí fhaisnéis agus taithí a mhalartú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus bealaí a lorg chun bearta coimirce a ailíniú chomh maith leis an rogha chun guth coiteann de chuid an Aontais a thabhairt isteach ar an ábhar i bhfóraim iltaobhacha a chur san áireamh.

Faireachán ar dhul chun cinn

27.

Iarrtar ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an moladh seo a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus bunaithe ar tháscairí soiléire, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, trí úsáid a bhaint as ardán beartais LET, agus tuairisc a thabhairt don Chomhairle gach 2 bhliain, mar chuid dá thuairisciú débhliantúil ar an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta agus mar chuid den tuairisciú a dhéanann sé cheana ar an gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht.

28.

I bhfianaise na freagartha comhpháirtí a bhfuil géarghá léi, iarrtar ar na Ballstáit an moladh seo a chur chun feidhme agus faisnéis maidir lena gcur chuige náisiúnta (dá dtagraítear i moladh 3 do na Ballstáit) a chomhroinnt leis an gCoimisiún, mar ionchur le haghaidh na ngníomhaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe thuasluaite arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

29.

Tar éis measúnú domhain agus i bhfianaise na héabhlóide amach anseo ar an staid gheopholaitiúil, is féidir tuilleadh céimeanna agus beart a mholadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BROUNS


(1)  Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí, 13/20, mír 3.

(2)  Creat Chomhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha – freagairt ón Aontas Eorpach, JOIN(2016)18.

(3)  COM(2020)605.

(4)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 338, 23.9.2021, lch. 1).

(6)  JOIN(2023)20.

(7)  Moladh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit (IO L, 2023/2113, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2113/oj)).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3510/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)