![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3494 |
6.6.2024 |
An Bord Réitigh Aonair
Foilsiú folúntais maidir le post an Leas-Chathaoirligh agus an Stiúrthóra a oibríonn seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanann formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair
(COM/2024/20104)
(C/2024/3494)
Cé sinn
Is é an Bord Réitigh Aonair (BRA) an t-údarás réitigh Eorpach ina bhfuil nach mór 500 ball foirne agus oibríonn sé i ndlúthchomhar le húdaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach – lena gcruthaítear le chéile an Sásra Réitigh Aonair (SRA). Oibríonn BRA go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint. Is é an misean atá aige a chinntiú go ndéanfar réiteach ordúil ar bhainc a bhfuil ag cliseadh orthu, sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar an bhfíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na mBallstát rannpháirteach agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, bronntar cúraimí agus freagrachtaí sonracha ar BRA maidir le hullmhú do réiteach na mbanc a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dóigh dóibh cliseadh agus maidir leis an réiteach sin a chur i gcrích. Tá BRA freagrach freisin as an gCiste Réitigh Aonair (CRA) a bhainistiú, mar a bhunaítear leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, chun a chinntiú go mbeidh tacaíocht chistiúcháin mheántéarmach ar fáil agus banc á athstruchtúrú agus/nó á réiteach. Gníomhaireacht fhéinmhaoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh is ea BRA.
An tairiscint
Tá próiseas roghnúcháin á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhairle le BRA, le haghaidh an Leas-Chathaoirligh agus an Stiúrthóra a bheidh i gceannas ar sheirbhísí corparáideacha BRA, agus beidh san áireamh sna feidhmeanna cothrománacha sin go háirithe formhaoirseacht a dhéanamh ar CRA.
Sa Bhruiséil, sa Bheilg, áit a bhfuil suíomh BRA, a bheidh an t-ionad oibre.
An t-iarrthóir a n-éireoidh leis i dtaca le post an Leas-Chathaoirligh, rachaidh sé i mbun na ndualgas seo a leanas: (i) beidh sé ina Chomhalta neamh-vótála de chomhlachtaí cinnteoireachta BRA — an Bord ina Sheisiún Iomlánach agus ina Sheisiún Feidhmiúcháin; (ii) beidh sé ina Stiúrthóir i gceannas ar sheirbhísí corparáideacha BRA agus ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar CRA. Rannchuideoidh sé go gníomhach le comhlíonadh chúraimí agus fhreagrachtaí BRA, i gcomhréir leis an sainordú a shanntar le Rialachán SRA (1).
Comhlíonfaidh sé feidhmeanna Chathaoirleach BRA i gcás ina mbeidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnach ann a dhéanann difear dó agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Tabharfaidh an Leas-Chathaoirleach cúnamh do Chathaoirleach BRA agus gníomhóidh sé mar ionadaí dó maidir le bainistiú laethúil a dhéanamh ar BRA, a mhéid a bhaineann le seirbhísí corparáideacha go sonrach.
Ina theannta sin, an t-iarrthóir a n-éireoidh leis, déanfaidh sé, ina cháil mar Stiúrthóir, na rudaí seo a leanas go háirithe:
— |
glacfaidh sé freagracht as cúrsaí a bhaineann le riarachán laethúil, bunú dréachtbhuiséid le haghaidh BRA agus cur chun feidhme bhuiséad BRA, |
— |
déanfaidh sé maoirsiú ar sheirbhísí corparáideacha, agus cuirfidh sé tacaíocht leanúnach na seirbhísí corparáideacha sin ar fáil do gach réimse gnó eile atá ag BRA, i réimse TFC san áireamh, |
— |
pleanáil leormhaith agus tuairisciú do Chathaoirleach BRA maidir le hacmhainní airgeadais, riaracháin agus teicniúla agus a leithdháileadh ceart ar na gníomhaíochtaí éagsúla laistigh de BRA a chinntiú, |
— |
feidhmiú rianúil agus éifeachtach bhailiú na ranníocaíochtaí riaracháin agus na ranníocaíochtaí do CRA, más infheidhme, a chinntiú, |
— |
bainistiú agus infheistiú ceart CRA a chinntiú, i ndlúthchomhar le bainisteoirí infheistíochta seachtracha, |
— |
ullmhú na ngníomhaíochtaí ar gá baint a bheith ag CRA leo a threorú agus a stiúradh, i gcomhthéacs cinntí réitigh, más gá. Ullmhú agus cur i gcrích tástála agus cleachtaí trialacha a bhfuil úsáid CRA mar chuid díobh a stiúradh, |
— |
I gcomhréir le straitéis Fhís SRA 2028 (2), cuspóirí na n-aonad laistigh den Stiúrthóireacht a leagan síos, monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar a mbaint amach laistigh de sprioc-amanna agus i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta, comhordú a dhéanamh ar obair na n-aonad laistigh den Stiúrthóireacht agus tacú le lucht meánbhainistíochta chun cuspóirí a bhaint amach agus a baill foirne agus a rannpháirtíocht a spreagadh, |
— |
comhar agus cumarsáid rianúil a chinntiú le gach Comhalta/Stiúrthóir den Bhord agus le Stiúrthóireachtaí eile laistigh de BRA, |
— |
caidreamh a dhéanamh agus a choinneáil ar bun le hinstitiúidí agus/nó comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann, go háirithe an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, na hÚdaráis Réitigh Náisiúnta, agus aon eintiteas poiblí/príobháideach eile maidir le hábhair a bhaineann go sonrach leis na freagrachtaí as seirbhísí corparáideacha agus cúraimí an Stiúrthóra a bhaineann le CRA. |
D’fhéadfaí go n-iarrfadh Cathaoirleach BRA go díreach ar an iarrthóir a n-éireoidh leis cúraimí eile a dhéanamh a thagann faoi réim fhreagrachtaí BRA.
Tuairisceoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis do Chathaoirleach BRA maidir lena ionchur aonair mar Stiúrthóir atá i gceannas ar sheirbhísí corparáideacha BRA, feidhmeanna cothrománacha sannta eile agus formhaoirseacht a dhéanamh ar CRA.
Cad atá á lorg againn (na critéir roghnúcháin)
Ba cheart do na hiarrthóirí na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh:
Scileanna bainistíochta
— |
tuiscint fhorbartha ar cheannaireacht agus taithí oibre i dtimpeallacht ilchultúrtha, mar aon le taithí ar fhoirne móra ina bhfuil cúlraí ildisciplíneacha (agus ilchultúrtha, go hidéalach) a stiúradh go rathúil ar leibhéal ardbhainistíochta agus taithí ar bhaill foirne a spreagadh le hardleibhéil feidhmíochta a bhaint amach, |
— |
cumas a bhfuil cruthúnas air cinntí a dhéanamh agus a chur chun feidhme ar leibhéal straitéiseach agus ar leibhéal oibríochtúil araon, |
— |
an cumas gníomhaíochtaí/nó réitigh inoibrithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme go tráthúil, go háirithe i gcásanna bainistithe géarchéime. |
Sainscileanna agus saintaithí
— |
eolas cuimsitheach ar fheidhmiú chomhlachtaí an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí corparáideacha, agus gnéithe buiséadacha san áireamh; eolas maith ar institiúidí agus ar phróisis chinnteoireachta an Aontais mar aon le taithí atá ábhartha i ndáil le gníomhaíochtaí BRA. |
— |
eolas cuimsitheach ar bhainistiú cistí, |
— |
eolas cuimsitheach ar an earnáil baincéireachta agus airgeadais i gcomhthéacs shocruithe maoiniúcháin an Aontais agus go háirithe, a mhéid a bhaineann le feidhmiú CRA, |
— |
taithí chuimsitheach i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: bainistiú laethúil ar sheirbhísí cothrománacha agus corparáideacha institiúide poiblí nó príobháidí, bainistiú ar oibríochtaí buiséad institiúide poiblí nó príobháidí, |
— |
eolas maith ar uirlisí TFC, bainistiú faisnéise agus sonraí, rialachas sonraí agus eolais, go háirithe i gcás institiúid phoiblí nó phríobháideach baincéireachta agus airgeadais, |
— |
eolas maith ar dhlí agus nósanna imeachta chreat réitigh an Aontais Eorpaigh agus a rialachas. |
Buanna pearsanta
— |
sárscileanna comhordúcháin agus anailíseacha agus an cumas caidreamh fónta oibre a fhorbairt le hionadaithe ardleibhéil na bpáirtithe leasmhara ábhartha, |
— |
an cumas a bheith ag obair go coláisteach, agus ról gníomhach á ghlacadh sa Bhord ar mhaithe le misean BRA, |
— |
tuiscint shármhaith ar fhreagracht agus ar thionscnaíocht, sárscileanna cumarsáide, cur i láthair agus idirphearsanta. |
Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh (ceanglais incháilitheachta)
Ní chuirfear san áireamh le haghaidh na céime roghnúcháin ach iarrthóirí a chomhlíonfaidh na ceanglais fhoirmiúla seo a leanas faoin sprioc-am maidir le hiarratais:
— |
Náisiúntacht: ní ghlacfar le hiarratas ach ó dhaoine a bhfuil saoránacht ceann de na Ballstáit acu. |
— |
Céim ollscoile nó dioplóma: ní mór d’iarrthóirí:
|
— |
Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí 15 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil iarchéime a bheith acu ar leibhéal ar féidir le duine tosú air ach na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bheith aige. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil sin a bheith faighte i réimsí atá ábhartha do sheirbhísí corparáideacha agus/nó do bhainistiú institiúidí airgeadais nó eintiteas príobháideach/poiblí ábhartha eile (3). |
— |
Taithí bhainistíochta: 10 mbliana den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bhainistíochta agus 5 bliana ar a laghad den taithí sin a bheith faighte i ról ardleibhéil i réimse atá ábhartha don phost seo (4). |
— |
Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith acu ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh go gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den tástáil chéanna d’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin. |
— |
Níl aon teorainn aoise ann. |
Roghnúchán agus ceapachán
Ceapfar an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.
Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an roghnúchán de réir a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar an mBeartas um Oifigigh Shinsearacha (5)) agus i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair.
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailís ar na hiarratais go léir, déanfaidh siad an chéad fhíorú incháilitheachta ina dhiaidh sin agus sainaithneoidh siad na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin atá luaite thuas, agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.
Tar éis na n-agallamh sin, déanfaidh an painéal réamhroghnúcháin a gcuid conclúidí a tharraingt suas, agus molfaidh siad liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin. Cuirfidh an Coiste Comhairleach um Cheapacháin conclúidí an phainéil réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.
Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh leis an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin dóibh, glacfaidh siad páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán agus a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Tiomsóidh an Coiste Comhairleach um Cheapacháin gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann siad a bheadh oiriúnach don phost, i bhfianaise thorthaí an agallaimh agus thuarascáil an ionaid measúnaithe.
Is é an Comhalta den Choimisiúin atá i gceannas ar an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh leis an mBord Réitigh Aonair faoina cúram a chuirfidh na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta an Choiste Chomhairligh um Cheapacháin faoi agallamh.
Tar éis na n-agallamh sin, agus tar éis éisteacht leis an mBord ina sheisiún iomlánach, glacfaidh an Coimisiún Eorpach gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí. Ní hionann duine a bheith ar an ngearrliosta sin agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.
Cuirfear an gearrliosta sin chuig Parlaimint na hEorpa lena fhormheas; an tráth céanna, cuirfear an Chomhairle ar an eolas. Ansin, cuirfidh an Coimisiún Eorpach togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas maidir leis an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair a cheapadh. Tar éis don Pharlaimint an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme, agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe, chun an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair a cheapadh.
D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh agus/nó tástálacha a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd atá luaite thuas.
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an gearrliosta sin a chur ar fáil go poiblí tar éis don Choimisiún Eorpach é a ghlacadh.
Comhdheiseanna
Saothraíonn an Coimisiún cuspóir straitéiseach an comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh a shainordaithe reatha agus cuireann sé beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (6)), lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.
Coinníollacha fostaíochta
Ceapfar an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair ar feadh tréimhse 5 bliana nach féidir a athnuachan. Measfar an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair a bheith ar aon chéim le Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le díolaíochtaí agus aois inphinsin, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (7). Beidh a thuarastal bunaithe ar ghrád AD 16, céim 3, faoi réir fachtóir iolrúcháin atá cothrom le 101 % de thuarastal an ghráid agus na céime sin (8). Ní bheidh an duine sin faoi réir ag aois scoir uasta. Maidir le gach coinníoll fostaíochta eile, beidh feidhm de réir analaí ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Sa Bhruiséil, sa Bheilg, áit a bhfuil suíomh BRA, atá an t-ionad oibre.
Tá coinne leis go gcuirfear tús leis an téarma oifige an 1 Márta 2025.
Eolas tábhachtach d’iarrthóirí
Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar aon duine eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil lena mbaineann.
Cosaint sonraí pearsanta
Cinnteoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Ní mór do chomhaltaí an Bhoird, ina sheisiún iomlánach agus ina sheisiún feidhmiúcháin, gníomhú go neamhspleách agus chun leasa an Aontais amháin agus ní fhéadfaidh siad treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. A luaithe a cheapfar an duine le haghaidh phost an Leas-Chathaoirligh agus an Stiúrthóra a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair, beidh sé ina ghairmí lánaimseartha agus ní fhéadfaidh sé aon oifig eile a shealbhú ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Sula rachaidh sé i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal ar an Leas-Chathaoirleach agus an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair an méid seo a leanas a dhéanamh:
— |
dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail, agus |
— |
dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith chun dochair dá neamhspleáchas. |
Deimhníonn na hiarrthóirí go bhfuil siad toilteanach déanamh amhlaidh trí iarratas a dhéanamh ar an bhfolúntas seo. Nuair a cheapfar é, beidh an Leas-Chathaoirleach faoi réir an Chóid Iompair, agus, ina cháil mar an Stiúrthóir a oibreoidh seirbhísí corparáideacha BRA agus a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an gCiste Réitigh Aonair, beidh sé faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, go sonrach Teideal II de, agus faoi réir an chóid eitice agus dea-iompraíochta riaracháin i gcomhair fhoireann BRA.
Nós imeachta um iarratais
Sula gcuirfidh tú an t-iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (‘Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh’), go háirithe iad siúd a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, leis an taithí ardleibhéil ghairmiúil agus bhainistíochta agus leis an acmhainn teangacha atá ag teastáil. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais incháilitheachta gan comhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú tríd an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas a leanúint:
https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/
Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a chríochnú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (10) más féidir, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Is chun do leasa é a chinntiú go bhfuil d’iarratas cruinn, críochnúil agus fírinneach.
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!
Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachfar i dteagmháil leat go díreach maidir le stádas d’iarratais.
Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar trí ríomhphost. Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeidh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeidh ort an próiseas iomlán a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárúcháin dhéanacha.
Dáta deiridh
Is é an 8 Iúil 2024, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1) téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0806-20240513.
(2) https://www.srb.europa.eu/en/content/srb-launches-its-srm-vision-2028-strategy-srb-conference
(3) Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh arb é an sainmhíniú atá air fíorobair a bhfuarthas pá aisti i gcáil fostaí (ar aon chineál conartha) nó soláthraí seirbhíse. Gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha, is ar bhonn pro rata a dhéanfar iad a ríomh, de réir an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’oibrigh an t-iarrthóir. Cuirtear san áireamh saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire chun páiste a uchtú, más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Is cuid den taithí ghairmiúil í dochtúireacht, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, ach tá uastréimhse 3 bliana i gceist leis sin, agus ní mór an dochtúireacht a bheith curtha i gcrích. Ní féidir aon tréimhse ar leith a chomhaireamh ach uair amháin.
(4) Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu agus na poist sin acu; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) an líon sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon na bpiaraí.
(5) https://commission.europa.eu/jobs-european-commission/job-opportunities/managers-european-commission_en#documents (is i mBéarla amháin atá an doiciméad ar fáil).
(6) IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62, an téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20240101.
(7) IO L 58, 4.3 2016, lch. 1.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0806-20240513.
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10) Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3494/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)