Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3471 |
10.6.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ghinearálta an 15 Aibreán 2024 – Japan Tobacco v EUIPO – Dunhill Tobacco of London (FLOW FILTER)
(Cás T-20/23) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Trádmharc fíortha den Aontais Eorpaigh FLOW FILTER - Dearbhfhorais le diúltú - Saintréith - Easpa tuairisciúlacht - Easpa gnáthcháilíochta - Airteagal 7(1)(b), (c) agus (d) den Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
(C/2024/3471)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Japan Tobacco, Inc. (Tóiceo, an tSeapáin) (Ionadaithe : J. L. Gracia Albero agus E. Cebollero González, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Dunhill Tobacco of London Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (Ionadaithe: I. Fowler, I. Junkar agus B. Worbes, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 1774/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Díbhtear an chaingean. |
2. |
Ordaítear do Japan Tobacco, Inc. a chostais féin agus na costais a thabhaigh Dunhill Tobacco of London Ltd. a íoc. |
3. |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3471/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)