European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3364

14.6.2024

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2024

‘An Eoraip ag Bogadh’ – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách

(C/2024/3364)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165 agus 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

I nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017, gheall ceannairí an Aontais Eorpaigh go n-oibreoidís i dtreo Aontas ina bhfaighidh daoine óga an t-oideachas agus an oiliúint is fearr agus inar féidir leo staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ar fud na mór-roinne.

2.

Tá sé léirithe go bhfuil an tsoghluaisteacht foghlama an-luachmhar d’fhoghlaimeoirí chun na hinniúlachtaí (1) is gá chun forbairt phearsanta, oideachasúil agus ghairmiúil a ghnóthú. Cuireann eispéiris foghlama trasteorann le tuiscint idirchultúrtha agus cuidíonn siad le féiniúlacht choiteann Eorpach a chothú. Tá eagrú na soghluaisteachta foghlama, isteach agus amach araon, ina spreagadh láidir freisin d’institiúidí oideachais agus oiliúna agus do sholáthraithe foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun cáilíocht na foghlama atá ar fáil a fheabhsú.

3.

Tá an tsoghluaisteacht foghlama tábhachtach chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna san Aontas, go háirithe ganntanas na scileanna is gá san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus ionas gur féidir le foghlaimeoirí aistriú chuig an margadh saothair. Téann an fhoghlaim obairbhunaithe, tréimhsí a chaitear i dtír eile san áireamh, chun tairbhe do shealbhú scileanna agus don infhostaitheacht.

4.

Tá sé ríthábhachtach deiseanna soghluaisteachta foghlama a chur ar fáil do chách chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach agus chun cuspóirí Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 a bhaint amach. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (2), fógraíodh go dtabharfaí an creat soghluaisteachta foghlama cothrom le dáta (3), agus go bhforbrófaí creat beartais maidir le soghluaisteacht foghlama múinteoirí chun go mbeidh níos mó foghlaimeoirí agus múinteoirí in ann leas a bhaint aisti. Leis an Moladh sin, tugtar cothrom le dáta Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 – ‘An Óige faoi bhorradh’ – soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn’ chun a fhorálacha a neartú, chun deiseanna soghluaisteachta foghlama a leathnú – ó dhaoine óga go foghlaimeoirí d’aon aois, oidí agus baill foirne – agus chun aghaidh a thabhairt ar phatrúin foghlama nua, lena n-áirítear foghlaim chumaisc.

5.

Le ceann de thosaíochtaí straitéiseacha an Rúin ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (4), bhíothas leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách. Rún ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: ag féachaint ar 2025 agus níos faide anonn (5), cuireadh i dtábhacht go bhfuil sé ríthábhachtach na bacainní atá fágtha ar an tsoghluaisteacht foghlama agus teagaisc a shainaithint agus fáil réidh leo agus soghluaisteacht chuimsitheach, inbhuanaithe agus chothrom á spreagadh chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach go hiomlán.

6.

Léirítear le sonraí arna mbailiú ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) gur gá do thíortha dlús a chur lena n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht i dtaca le tacaíocht chuimsitheach a sholáthar do shoghluaisteacht na bhfoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, go háirithe printísigh. Léirítear le hanailís ar phleananna náisiúnta cur chun feidhme (6) le haghaidh Mholadh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (7) nár thug ach thart ar leath de na Ballstáit uile tús áite do bhearta chun an tsoghluaisteacht i ngairmoideachas agus gairmoiliúint a fheabhsú.

7.

In anailís (8) ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (9), mar aon le fianaise Cedefop (10), tugtar le fios go bhfuil soghluaisteacht na bprintíseach fós tearcfhorbartha agus gur gá níos mó a dhéanamh lena chur ar chumas na bprintíseach páirt a ghlacadh i malartuithe soghluaisteachta.

8.

Sna conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, go háirithe soghluaisteacht Eorpach, le linn a n-oideachais agus a n-oiliúna tosaigh agus inseirbhíse (11), iarradh go ndéanfaí an tsoghluaisteacht a chur chun cinn agus a leathnú ionas go mbeidh sí ina gné choiteann d’oiliúint agus de ghairm múinteoirí agus oiliúnóirí.

9.

Léirítear san anailís ar chur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais (12) nach mór tuilleadh a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh gach duine óg agus gach oibrí óige in ann rochtain éifeachtach a fháil ar dheiseanna soghluaisteachta, lena n-áirítear saorálaíocht in earnáil na sochaí sibhialta. Ní mór tuilleadh oibre a dhéanamh freisin ar chórais éifeachtacha chun inniúlachtaí a fuarthas trí shoghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a bhailíochtú, trí shineirgíocht leis an Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh (13).

10.

Mar gheall ar easpa inniúlachtaí i dteangacha iasachta bíonn bacainn fós ar dhaoine tabhairt faoi eispéiris soghluaisteachta foghlama, staidéar agus obair thar lear, agus gach rud a fháil amach faoi éagsúlacht chultúrtha na hEorpa. An tráth céanna, d’fhéadfaí foghlaimeoirí ó thír eile a spreagadh chun tabhairt faoi shoghluaisteacht foghlama trí fheabhas a chur ar theagasc agus foghlaim na dteangacha iasachta, chomh maith le cúrsaí a theagasctar trí theanga iasachta a chur ar fáil. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS).

11.

Sna conclúidí ón gComhairle maidir le céimeanna breise chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch san oideachas agus san oiliúint a bhaint amach (14), a bunaíodh ar an tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh, do cháilíochtaí oiliúna agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (15), luaitear go bhfuil an easpa aitheantas frithpháirteach uathoibríoch ar cháilíochtaí agus ar thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (16) fós ag cur bac ar an tsoghluaisteacht foghlama san Aontas. I réimse an ardoideachais, tá feabhsuithe suntasacha tagtha ar thuiscint na n-údarás náisiúnta ar choincheap an aitheantais fhrithpháirtigh uathoibríoch. Mar sin féin, ní ann do chur chuige náisiúnta comhsheasmhach ná don trédhearcacht agus is tosca suntasacha iad sin a chuireann bac ar mhic léinn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta.

12.

Trí shoghluaisteacht foghlama a chur chun cinn le tríú tíortha is féidir córais oideachais agus oiliúna Eorpacha a dhéanamh níos mealltaí don chuid eile den domhan agus tallann a mhealladh chuig a n-institiúidí oideachais agus oiliúna. Tá comhar idirnáisiúnta maidir leis an oideachas agus leis an oiliúint, lena n-áirítear an tsoghluaisteacht foghlama, riachtanach chun tosaíochtaí geopholaitiúla an Aontais a bhaint amach, go háirithe an Tairseach Dhomhanda, agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 a bhaint amach.

13.

Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama a chur chun cinn do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, agus tá an cuspóir sin, is é sin na daoine sin a chuimsiú, i gcroílár chlár Erasmus+ 2021-2027 agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Tá sé ríthábhachtach an cuspóir sin a threisiú laistigh de na cláir sin agus é a leathnú, i gcás inar féidir, chuig scéimeanna soghluaisteachta foghlama eile ar fud an Aontais.

14.

Tá sprioc shoghluaisteachta dar méid 50 % ag tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha sna hinstitiúidí rannpháirteacha, agus tá critéir Eorpacha á dtástáil faoi láthair faoina bhféadfadh an lipéad ‘céim chomhpháirteach Eorpach’ a bhronnadh agus d’fhéadfadh sin ollscoileanna a spreagadh chun an tsoghluaisteacht a leabú ina gcuraclaim. Is é buiséad méadaithe Erasmus+ do 2021-2027 is buntaca le cuspóir an Aontais tuilleadh scoláirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht foghlama uair amháin ar a laghad le linn a gcuid staidéir, trí éagsúlacht níos leithne d’fhormáidí soghluaisteachta a chur ar fáil, lena n-áirítear dianchláir chumaisc agus an tsoghluaisteacht chumaisc ghearrthéarmach. Tá sé tábhachtach, mar sin, an sprioc soghluaisteachta foghlama 20 % a mhéadú, sprioc a socraíodh ar dtús i gcomhthéacs Phróiseas Bologna in 2009. Leis na huirlisí a forbraíodh ó shin i leith, mar aon leis na bearta a mholtar leis an Moladh seo, cruthaítear na coinníollacha creata is gá chun go mbeidh 23 % ar a laghad de chéimithe ardoideachais páirteach sa tsoghluaisteacht foghlama.

15.

Tá na patrúin foghlama tagtha chun cinn le 10 mbliana anuas, lena n-áirítear de dheasca phaindéim COVID-19, lenar cuireadh borradh faoin bhfoghlaim fhíorúil agus chumaisc. Le leathnú na ndeiseanna soghluaisteachta foghlama chuig foghlaimeoirí, oideoirí agus baill foirne i ngach earnáil oideachais agus oiliúna agus gach earnáil óige agus spóirt i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, spreagadh forbairt formáidí soghluaisteachta foghlama solúbtha freisin.

16.

Ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do shoghluaisteacht chothromaithe do thaighdeoirí, go háirithe do thaighdeoirí luathghairme, chun a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil a mhéadú chun tairbhe d’iomaíochas chóras taighde agus nuálaíochta na hEorpa.

17.

Is é is aidhm don Mholadh seo cuidiú leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025. Áirítear leis an bhfís maidir le cáilíocht san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn go mbeidh sé de shaoirse ag foghlaimeoirí, oideoirí agus baill foirne, go háirithe daoine ar lú na deiseanna atá acu, a bheith soghluaiste, agus de shaoirse ag institiúidí chun comhlachais a dhéanamh le chéile gan bhac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna atá cuimsitheach agus cothrom tacú le sochaithe comhtháite, an bonn a leagan síos don tsaoránacht ghníomhach agus feabhas a chur ar an infhostaitheacht. Sa mholadh seo iarrtar ar na Ballstáit dálaí cumasúcháin a shocrú le haghaidh soghluaisteacht foghlama, agus fáil réidh le bacainní agus dreasachtaí a sholáthar a bheidh saincheaptha do riachtanais shonracha foghlaimeoirí, oideoirí agus foirne in earnálacha éagsúla.

18.

Is é is aidhm don Mholadh seo freisin comhar níos fearr le tríú tíortha tábhachtacha a éascú mar a bheartaítear sa tionscnamh um Chomhpháirtíochtaí Tallainne, an tAontas a chur chun cinn mar cheann scríbe mealltach do dhaoine tréitheacha ó thríú tíortha chun tabhairt faoi fhoghlaim, oiliúint agus staidéar.

19.

Meabhraítear sa Mholadh seo na sineirgí agus na comhlántachtaí atá ann cheana idir cláir an Aontais lena dtugtar aghaidh ar shoghluaisteacht foghlama, mar shampla, Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus ionstraimí maoiniúcháin eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ar nós chistí bheartas comhtháthaithe an Aontais, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, lena thionscnamh Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh (ALMA).

20.

Is é is aidhm don Mholadh seo freisin borradh a chur faoin tsoghluaisteacht foghlama do mhúinteoirí agus do phrintísigh trí chreataí beartais tiomnaithe, mar a shonraítear sna hIarscríbhinní. Tá ganntanas múinteoirí le tabhairt faoi deara i scoileanna, agus ba cheart cur le mealltacht na gairme sin leis an tsoghluaisteacht foghlama. D’fhéadfadh múinteoirí a bhfuil taithí acu ar an tsoghluaisteacht a bheith ina n-eiseamláirí d’fhoghlaimeoirí agus is féidir leo cuidiú le comhar trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta a chur chun cinn. Leagtar béim sna conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, go háirithe a soghluaisteacht Eorpach, le linn a n-oideachas agus a n-oiliúint tosaigh agus inseirbhíse, ar an tionchar dearfach a bhíonn ag an tsoghluaisteacht foghlama thar lear ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí agus ar chórais oideachais agus oiliúna, agus bacainní ar an tsoghluaisteacht á sainaithint. Ina theannta sin, tá sraith bacainní sonracha roimh phrintísigh a bhaineann le gnéithe speisialta na foghlama obairbhunaithe. Ba cheart cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna leis an tsoghluaisteacht, tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus an infhostaitheacht a mhéadú, go háirithe infhostaitheacht i gcás na n-óg.

Á AITHINT DI:

21.

Chun críocha an Mholta seo, úsáidtear mar thúsphointe an coincheap ‘soghluaisteacht foghlama’ mar a shainmhínítear í i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (17), is é sin bogadh go fisiciúil go tír nach í an tír chónaithe í, chun staidéar, oiliúint nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a dhéanamh. De réir bhrí an Mholta seo cumhdaíonn ‘soghluaisteacht foghlama’ gach cineál soghluaisteachta foghlama fadtéarmaí agus gearrthéarmaí, lena n-áirítear soghluaisteacht aonair agus soghluaisteacht ghrúpa, soghluaisteacht chumaisc (lena n-áirítear a comhpháirteanna fíorúla), soghluaisteacht chreidmheasa agus soghluaisteacht céime. Cumhdaíonn sé foghlaimeoirí, oideoirí agus baill foirne i ngach earnáil den fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas scoile, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint, foghlaim aosach chomh maith le daoine óga (18), oibrithe don óige agus baill foirne sa spórt (19), laistigh de raon feidhme an chláir Erasmus+ agus lasmuigh de. Cumhdaítear leis an Moladh seo an tsoghluaisteacht foghlama laistigh den Aontas agus an tsoghluaisteacht foghlama idirnáisiúnta ón Aontas.

22.

Bíonn tionchar dearfach ar an oideachas agus ar an oiliúint ag soghluaisteacht foghlaimeoirí, oideoirí agus ball foirne, tionchar atá treisithe ó seoladh an Limistéar Eorpach Oideachais. Mar sin féin, d’fhéadfadh soghluaisteacht céime san ardoideachas, chomh maith le soghluaisteacht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, dúshláin a chruthú do roinnt córas oideachais agus oiliúna a fhaigheann insreabhadh suntasach foghlaimeoirí nó printíseach, nó do na tíortha sin atá faoi bhagairt ag imirce daoine oilte, rud a fhágann go roghnaíonn go leor daoine tréitheacha staidéar nó tús a chur le printíseacht thar lear agus go bhfanann siad ansin ina dhiaidh sin.

23.

I gcás na sprice soghluaisteachta foghlama (20) san ardoideachas, is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chumhdaítear: soghluaisteacht céime amach; soghluaisteacht creidmheasa amach dar fad trí mhí ar a laghad nó 15 chreidiúint ón gCóras Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) (lena n-áirítear tréimhsí oiliúna agus soghluaisteacht staidéir); agus soghluaisteacht amach is giorra ná 3 mhí agus 3 chreidiúint ECTS ar a laghad. Is féidir iad leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta sin a bheith go hiomlán fisiceach nó cumaiscthe, is é sin comhdhéanta de chomhpháirt fhíorúil agus de chomhpháirt fhisiceach araon. Déantar an sprioc a ríomh ar leibhéal na gcéimithe do chéimithe a bhí rannpháirteach sa tsoghluaisteacht foghlama uair amháin ar a laghad le linn a staidéir. I bhfianaise na ngnéithe thuasluaite, iarrtar sa Mholadh seo ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh faoi 2026 le haghaidh modheolaíocht nuashonraithe chun sciar na gcéimithe a bhfuil taithí soghluaisteachta foghlama acu san ardoideachas a thomhas.

24.

Chun freagairt ar na glaonna (21) ar sprioc níos uaillmhianaí ná an sprioc reatha 8 % don tsoghluaisteacht foghlama thar lear do mhic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna, moltar sa Mholadh seo an sprioc rannpháirtíochta d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, lena n-áirítear printísigh, a mhéadú go 12 % ar a laghad faoi 2030. Cuireann an sprioc don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (22) leis an táscaire a shainítear sa Mholadh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht. Tomhaistear sin mar sciar na bhfoghlaimeoirí soghluaiste i mbliain féilire, mar chion de chohórt céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna sa bhliain chéanna. Áirítear léi rannpháirtithe deiseanna soghluaisteachta solúbtha ar nós Erasmus+ (mar shampla soghluaisteacht ghearrthéarmach, soghluaisteacht ghrúpa, soghluaisteacht chumaisc, soghluaisteacht atá nasctha le rannpháirtíocht i gcomórtais scileanna) nó cláir shoghluaisteachta eile.

25.

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta go láidir don tsoghluaisteacht foghlama chuimsitheach agus cuireann sí in iúl an uaillmhian pholaitiúil atá aici sprioc a leagan síos i ndáil leis sin. Chun a bheith in ann é sin a dhéanamh, teastaíonn modheolaíocht le bheith in ann tomhas a dhéanamh ar an sciar de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as soghluaisteacht foghlama thar lear ar daoine iad ar lú na deiseanna atá acu. Dá bhrí sin, iarrann an Chomhairle an athuair ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar thograí, leis an mBuanghrúpa ar Tháscairí agus ar Thagarmharcanna agus bunaithe ar thuairim shaineolach an ghrúpa sin, maidir le táscairí nó spriocanna ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann i réimsí an chuimsithe agus an chothromais (23). Chun béim a leagan ar thiomantas na Comhairle, moltar do na Ballstáit a bheith ag iarraidh gur daoine iad ar lú na deiseanna atá acu 20 % ar a laghad de na foghlaimeoirí uile a bhainfidh tairbhe as an tsoghluaisteacht foghlama thar lear faoi 2027. Chun meastachán a fháil air sin, d’fhéadfaí na sonraí atá ar fáil faoi láthair faoin gclár Erasmus+ agus faoi chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a úsáid. Ní chumhdaíonn na sonraí sin gach cineál soghluaisteachta foghlama thar lear, ach d’fhéadfaí iad a úsáid mar an tseachfhoinse sonraí is gaire atá ar fáil faoi láthair. Ina theannta sin, iarrtar sa Mholadh seo ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh faoi 2026 le haghaidh modheolaíocht bailithe sonraí chun an sciar de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as an tsoghluaisteacht foghlama thar lear in earnálacha an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar daoine iad ar lú na deiseanna atá acu a thomhas, agus aird chuí á tabhairt ar íogaireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na sonraí sin agus gan ualaí riaracháin breise a fhorchur ar na Ballstáit. Ar bhonn an togra seo, féadfaidh an Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir le sprioc ar leibhéal an Aontais a bheidh le baint amach faoi 2030.

26.

Ní thagann an Moladh seo roimh chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo maidir le hionstraimí cistiúcháin an Aontais faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.

27.

I bhfianaise Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (24), ba cheart staid shonrach na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur san áireamh sa Mholadh d’fhonn an tsoghluaisteacht foghlama chuig na réigiúin sin agus uathu a chur chun cinn.

28.

Chun críocha an Mholta seo agus i gcomhréir leis na treoirlínte cur chun feidhme maidir le Erasmus+ agus Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (25), áirítear ar na bacainní ar an tsoghluaisteacht foghlama míchumas, fadhbanna sláinte, bacainní a bhaineann le córais oideachais agus oiliúna, difríochtaí cultúir, bacainní sóisialta (lena n-áirítear bacainní soch-shíceolaíocha agus teaghlaigh), bacainní eacnamaíocha, bacainní a bhaineann le hidirdhealú agus bacainní geografacha.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH AGUS MOLANN SÉ DO NA BALLSTÁIT AN MHÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

I gcomhréir le saintréithe an oideachais scoile náisiúnta, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an chórais ardoideachais agus an oideachais aosaigh, agus na n-earnálacha óige agus spóirt, agus aird chuí á tabhairt ar shaoirse acadúil na n-institiúidí ardoideachais agus ar neamhspleáchas na n-institiúidí oideachais agus oiliúna:

1.

Gluaiseacht éasca na bhfoghlaimeoirí, na n-oideoirí agus na mball foirne uile laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais a chur chun cinn chun tacú le forbairt príomhinniúlachtaí, go háirithe sealbhú eolais, scileanna agus dearcthaí atá riachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, muinín agus tuiscint a chothú idir córais oideachais agus oiliúna agus earnálacha na hóige agus an spóirt, agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn.

2.

Oibriú i dtreo scéimeanna soghluaisteachta foghlama a bheidh cuimsitheach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bhaineann tairbhe as úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus a chuireann luachanna coiteanna an Aontais chun cinn (26).

3.

Feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun an tsoghluaisteacht a fhíorú do chách agus iarracht a dhéanamh spriocanna ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030 tríd an méid seo a leanas:

a)

san ardoideachas, ba cheart gur 23 % ar a laghad a bheidh i sciar na gcéimithe a mbeidh eispéireas soghluaisteachta foghlama thar lear acu;

b)

i ngairmoideachas agus gairmoiliúint, ba cheart gur 12 % ar a laghad a bheidh i sciar na bhfoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna á mbeidh tairbhe bainte acu as eispéireas soghluaisteacht foghlama thar lear.

Is ionann na spriocanna thuasluaite agus leibhéal tagartha d’fheidhmíocht fhoriomlán an Aontais agus ríomhtar iad ar leibhéal an Aontais. Iarrtar ar gach Ballstát a rannchuidiú féin a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach agus a dtúsphointí éagsúla á gcur san áireamh acu agus difríochtaí náisiúnta á n-urramú acu.

D’fhéadfadh an Chomhairle na spriocanna thuasluaite a athbhreithniú ar leibhéal an Aontais de réir mar is iomchuí i bhfianaise an mhéid a leanas:

togra ón gCoimisiún maidir le modheolaíocht bailithe sonraí nuashonraithe i ndáil leis an ardoideachas;

an t-athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint.

4.

Gealltanas a thabhairt maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na soghluaisteachta foghlama sna hearnálacha oideachais agus oiliúna agus sna hearnálacha óige agus spóirt uile trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu (27) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

iarracht a dhéanamh go comhpháirteach na daoine ar lú na deiseanna atá acu a bheith in 20 % ar a laghad de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as an tsoghluaisteacht foghlama thar lear (28) faoi 2027;

b)

breathnú ar theacht ar chomhaontú maidir le sprioc ar leibhéal an Aontais atá le baint amach faoi 2030 ar bhonn togra arna chur ar aghaidh ag an gCoimisiún faoi 2026 le haghaidh modheolaíocht bailithe sonraí chun tomhas a dhéanamh ar an sciar de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as an tsoghluaisteacht foghlama thar lear, ar daoine iad ar lú na deiseanna atá acu, in earnálacha an oideachais agus na hoiliúna agus in earnálacha na hóige agus an spóirt.

5.

Comhar le páirtithe leasmhara i réimse na soghluaisteachta foghlama a áirithiú d’fhonn an Moladh seo a chur chun feidhme.

6.

Deiseanna sistéamacha soghluaisteachta foghlama a sholáthar tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

breathnú ar chuid lárnach den oideachas scoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus printíseachtaí, ardoideachas, agus córais oideachais agus oiliúna d’aosaigh a dhéanamh den tsoghluaisteacht foghlama thar lear trí iarracht a dhéanamh an deis le haghaidh tréimhsí soghluaisteachta foghlama thar lear a chur san áireamh, trí dheiseanna soghluaisteachta solúbtha, trí chúrsaí roghnacha agus trí dheiseanna eile;

b)

tacú le hinstitiúidí oideachais agus le soláthraithe oiliúna chun líon méadaitheach de ghníomhaíochtaí comhpháirteacha trasteorann a fhorbairt agus a sholáthar, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha as a dtiocfaidh céimeanna comhpháirteacha, tríd an úsáid is fearr a bhaint as tionscnaimh Eorpacha, go háirithe comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, Ionaid Barr Feabhais Gairme, Foirne Náisiúnta Gairmoideachais agus Gairmoiliúna, Comhghuaillíochtaí don Nuálaíocht agus Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus cur leis an taithí atá ag comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, a bhfuil sé mar sprioc acu soghluaisteacht 50 % a bhaint amach i measc na mac léinn a bhfuil roghanna soghluaisteachta fisiciúla, fíorúla agus cumaisc acu;

c)

soghluaisteacht foghlama isteach agus amach a chur chun cinn agus a leabú i suíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, suíomhanna oibre don óige agus i suíomhanna saorálaíochta mar roghanna soghluaisteachta luachmhara agus inmharthana do gach foghlaimeoir, oideoir agus ball foirne, lena n-áirítear trí mhúscailt feasachta, trí bhearta for-rochtana agus trí thacaíocht eile do sholáthraithe foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus d’eagraíochtaí óige agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta;

d)

tacú le critéir cháilíochta a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n-áirítear trí chur le caighdeáin cháilíochta arna bhforbairt laistigh de chlár Erasmus+, de chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus de scéimeanna soghluaisteachta foghlama eile, agus trí dhíriú ar inrochtaineacht agus ar chuimsitheacht na ngníomhaíochtaí sin;

e)

comhar a chothú i measc na gcomhlachtaí a bhainistíonn ionstraimí maoiniúcháin agus a chuireann chun feidhme iad ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach chun gníomhaíochtaí comhordaithe lena dtacaítear leis an tsoghluaisteacht foghlama agus lena gcuirtear chun cinn í a áirithiú, agus forluí á sheachaint agus tionchar na n-acmhainní á uasmhéadú.

7.

Foghlaim teangacha a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

foghlaim teangacha a neartú ag gach céim den oideachas agus den oiliúint, agus sna hearnálacha óige agus spóirt, i gcás inar féidir, chun borradh a chur faoi roghanna agus deiseanna soghluaisteachta foghlama;

b)

tacú le rochtain ar oideachas agus ar fhoghlaim teanga, lena n-áirítear d’fhoghlaimeoirí fásta, chun feabhas a chur ar inniúlachtaí ilteangacha agus lena chur ar chumas saoránach lántairbhe a bhaint as an tsoghluaisteacht foghlama agus chun a ndeiseanna fostaíochta a mhéadú.

8.

Tacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

cultúr soghluaisteachta foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt ag gach céim foghlama den oideachas agus den oiliúint agus i suíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, oibre óige, saorálaíochta agus spóirt. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh i ndáil leis sin:

i)

formáidí agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta éagsúla a fhorbairt;

ii)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí seolta agus óstála araon a bhfuil straitéis idirnáisiúnaithe acu;

iii)

cur le tarraingteacht na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, chomh maith le suíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla san óige agus sa spórt, maidir le foghlaimeoirí soghluaiste a óstáil agus a sheoladh;

iv)

líonraí alumni a spreagadh chun eispéiris foghlama a fhorbairt agus a chur chun cinn.

b)

comhar a chothú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, soláthraithe oideachais agus oiliúna, na hearnálacha óige agus spóirt, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí príobháideacha chun an tsoghluaisteacht foghlama amach a chur chun cinn agus chun tacú léi, lena n-áirítear do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, agus timpeallacht fháilteach a chruthú do rannpháirtithe soghluaisteachta foghlama atá ag teacht ón iasacht;

c)

údaráis agus eagraíochtaí a bhainistíonn scéimeanna soghluaisteachta, i róil seolta agus óstála araon, a spreagadh chun an t-ualach riaracháin a laghdú d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe agus treoir shoiléir a sholáthar le linn an phróisis iarratais;

d)

tacú le formáidí soghluaisteachta foghlama solúbtha ar féidir comhthiomsú na rannpháirtithe a éagsúlú leo agus ar féidir leo feidhmiú mar chéim aistir chuig tréimhsí soghluaisteachta níos faide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa, soghluaisteacht ghearrthéarmach, dianchláir chumaisc agus aon eispéiris foghlama eile a bhféadfaí micridhintiúir a fháil ina leith, i gcomhréir leis an gcur chuige Eorpach maidir le micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht;

e)

luach a chur ar obair oideoirí, ball foirne agus oibrithe don óige a ullmhaíonn agus a chuireann tionscadail agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama chun feidhme trína n-ionchorprú ina ngairm, agus aitheantas a thabhairt don bhreisluach a bhaineann le soghluaisteacht foirne.

9.

Faisnéis faoi dheiseanna soghluaisteachta foghlama a sholáthar tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

tionscnóirí soghluaisteachta foghlama – comhordaitheoirí, pointí teagmhála, ambasadóirí nó lárionaid faisnéise soghluaisteachta foghlama tiomnaithe – a chur ar bun, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil lena saineolas a roinnt le soláthraithe oideachais agus oiliúna, leis na hearnálacha óige agus spóirt, le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus le comhlachtaí príobháideacha, chun tacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama, agus chun líonrú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus laistigh den Aontas;

b)

faisnéis spriocdhírithe a thairiscint d’fhoghlaimeoirí maidir le deiseanna soghluaisteachta foghlama le linn an timthrialla foghlama ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear i scoileanna, suíomhanna óige agus oibre, i measc soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus soláthraithe foghlama aosaí, soláthraithe oibre óige agus saorálaíochta, institiúidí ardoideachais agus fostóirí, trí chomhoibriú le tionscnóirí soghluaisteachta foghlama agus trí fhaisnéis maidir le deiseanna soghluaisteachta foghlama a ionchorprú i dtreoir staidéir agus gairme;

c)

na buntáistí a bhaineann le tréimhse shoghluaisteachta thar lear a chur chun cinn agus comhairle, leideanna agus meantóireacht a sholáthar, go háirithe d’fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu, lena n-áirítear trí lántairbhe a bhaint as Aip Erasmus+;

d)

eagraíochtaí óstála a spreagadh chun fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí atá ag teacht isteach, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus doiciméid ábhartha a chur ar fáil;

e)

faisnéis a sholáthar maidir le deiseanna soghluaisteachta trí úsáid agus feidhmiú líonraí Euroguidance agus Eurodesk a bharrfheabhsú;

f)

faisnéis a sholáthar maidir leis na dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha óstacha trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil ar thairseach EURES maidir le dálaí maireachtála agus oibre i ngach Ballstát agus i dtíortha CSTE agus sa roinn ábhartha i gCúinne Foghlama an Aontais, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis sin a nascadh le tairseacha náisiúnta soghluaisteachta foghlama.

10.

Tacú le trédhearcacht agus le haitheantas torthaí foghlama tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

na céimeanna is gá a chur i bhfeidhm chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a bhaint amach do cháilíochtaí ardoideachais agus do thorthaí na dtréimhsí foghlama thar lear ar leibhéal an ardoideachais agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí meánoideachais shinsearaigh agus do cháilíochtaí oiliúna lena dtugtar rochtain ar ardoideachas agus do thorthaí na dtréimhsí foghlama thar lear sa mheánoideachas agus oiliúint shinsearach, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, chomh maith leis an bhfoghlaim fhíorúil agus chumaisc, trí threoir agus oiliúint a chur ar fáil do sholáthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chomhsheasmhacht sa chinnteoireacht maidir le haitheantas a áirithiú;

b)

úsáid iomlán a bhaint as na scéimeanna agus as na huirlisí atá ar fáil lenar féidir tacú le haitheantas a thabhairt do thorthaí foghlama, lena n-áirítear trí chuir chuige comhsheasmhacha náisiúnta maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a éascú agus trína áirithiú go ndéanfaidh gníomhaireachtaí dearbhaithe cáilíochta neamhspleácha atá cláraithe le EQAR an córas dearbhaithe cáilíochta seachtrach a chur chun feidhme;

c)

institiúidí oideachais agus oiliúna a spreagadh chun taifead a choinneáil ar chinntí maidir le torthaí foghlama a aithint, agus rialacha cosanta sonraí á gcur san áireamh, chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht cinnteoireachta a áirithiú le himeacht ama agus idir struchtúir eagraíochtúla éagsúla institiúidí, agus é mar aidhm tuiscint ar choincheap agus ar shainmhíniú an aitheantais fhrithpháirtigh uathoibríoch a áirithiú;

d)

bearta a dhéanamh i dtreo aitheantas d’inniúlachtaí a fhaightear trí shoghluaisteacht foghlama i suíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, suíomhanna oibre don óige agus suíomhanna saorálaíochta trí chomhar maidir le socruithe bailíochtaithe a chur chun cinn i measc na gcomhlachtaí ábhartha ar fud na n-earnálacha oideachais agus oiliúna, soláthraithe foghlama seachfhoirmiúla agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, ionas gur féidir torthaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a úsáid ar bhealach níos éasca san oideachas foirmiúil agus sa mhargadh saothair;

e)

tacú le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus le heagraithe gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama don óige, obair óige agus saorálaíocht maidir le húsáid shistéamach chreataí agus ionstraimí an Aontais, lena n-áirítear Europass, aicmiú ilteangach scileanna, inniúlachtaí agus gairmeacha Eorpacha, Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha don Fhoghlaim, an Creat Eorpach um Cháilíochtaí don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil, Soghluaisteacht Europass, Youthpass agus/nó creataí náisiúnta chun cuidiú le sainaithint, doiciméadú, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, deimhniú inniúlachtaí arna bhforbairt trí shoghluaisteacht foghlama;

f)

breathnú ar bhearta a dhéanamh i dtreo dhaingniú Choinbhinsiún Domhanda UNESCO maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais a Aithint chun feabhas a chur ar aitheantas cóir trédhearcach do cháilíochtaí tríú tír, chomh maith le páirt-staidéir agus réamhfhoghlaim; faisnéis maidir leis na próisis chun cáilíochtaí tríú tír a aithint a chur ar fáil go poiblí;

g)

comhar beartais a úsáid, go háirithe Idirphlé Beartais Domhanda Phróiseas Bologna agus comhar idir údaráis aitheantais agus na gníomhaireachtaí dearbhaithe cáilíochta, chun acmhainní a fhorbairt in institiúidí ardoideachais tríú tíortha agus próisis dearbhaithe cáilíochta a ailíniú d’fhonn torthaí foghlama eispéireas soghluaisteachta na mac léinn tríú tír a uasmhéadú agus chun aitheantas iomlán na dtréimhsí soghluaisteachta a áirithiú tríd iad a chur san áireamh mar chuid de chéimeanna na mac léinn ina dtíortha dúchais.

11.

Tacú leis an aistriú chuig an margadh saothair agus leis an tsoghluaisteacht oibre tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

an t-aistriú ón tsoghluaisteacht foghlama go dtí an tsoghluaisteacht oibre a éascú trí chuidiú le foghlaimeoirí soghluaiste, oideoirí agus baill foirne chomh maith le hoibrithe óige, rochtain a fháil ar thacaíocht cuardaitheora poist ó sheirbhísí fostaíochta poiblí agus ó EURES;

b)

tríd an gclár Erasmus+, cuidiú le foghlaimeoirí, lena n-áirítear céimithe nua, tabhairt faoi chúrsaí oiliúna thar lear chun a gcuid scileanna fiontraíochta, nuálacha, cruthaitheacha agus idirchultúrtha a fhorbairt;

c)

eagraíochtaí ábhartha a spreagadh chun oiliúnaithe ón iasacht a óstáil, lena n-áirítear trí mhúscailt feasachta agus trí fhaisnéis inrochtana.

12.

Soghluaisteacht foghlama a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

bearta tiomnaithe a fhorbairt chun tacú le soghluaisteacht daoine ar lú na deiseanna atá acu i gcórais oideachais agus oiliúna, agus sna hearnálacha óige agus spóirt;

b)

deireadh a chur le bacainní ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine sin ó na luathchéimeanna a bhaineann leis an ngníomhaíocht foghlama a dhearadh;

c)

tacaíocht a sholáthar chun soghluaisteacht foghlama a dhéanamh inrochtana do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, chomh maith le tacaíocht d’eagraíochtaí a óstálann na daoine sin, mar shampla, trí mhaoiniú iomchuí a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus trí shineirgí a chothú i measc ionstraimí maoiniúcháin éagsúla de chuid an Aontais, ionstraimí maoiniúcháin idirnáisiúnta, ionstraimí náisiúnta agus ionstraimí maoiniúcháin réigiúnacha;

d)

faisnéis atá inrochtana, cothrom le dáta agus tráthúil a sholáthar maidir leis an maoiniú soghluaisteachta foghlama atá ar fáil, uainiú na n-íocaíochtaí agus tacaíocht eile atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí;

e)

cúnamh a thabhairt d’fhoghlaimeoirí soghluaiste trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais tithíochta mac léinn i gcomhar le húdaráis ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

f)

a áirithiú, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, go dtabharfar an chosaint iomchuí do rannpháirtithe soghluaisteachta foghlama, lena n-áirítear printísigh, oiliúnaithe, taighdeoirí óga, oibrithe óige agus saorálaithe, go háirithe mionaoisigh, maidir le hárachas, caighdeáin saothair, ceanglais sláinte agus sábháilteachta, cáin, slándáil shóisialta (lena n-áirítear rochtain ar chúram sláinte) agus i gcás inarb ábhartha, an fhéidearthacht teidlíochtaí pinsin a charnadh.

13.

Soghluaisteacht na foghlama a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as modhanna iompair níos inbhuanaithe ó chinn scríbe soghluaisteachta foghlama agus chucu, agus le linn tréimhsí soghluaisteachta, chomh maith le foráil a dhéanamh do threoir maidir le taisteal inbhuanaithe;

b)

cuidiú le soláthraithe oideachais agus oiliúna, leis na hearnálacha óige agus spóirt agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta a eagraíonn gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama chun cleachtais inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí laethúla trí oiliúint, trí threoirlínte agus trí mhalartú dea-chleachtas;

c)

tacú le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus le hearnálacha na hóige agus an spóirt ar an leibhéal eagraíochtúil sna hiarrachtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó thaisteal a laghdú i gcomhthéacs na soghluaisteachta foghlama.

14.

Úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun an tsoghluaisteacht foghlama a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

forbairt agus úsáid córas idir-inoibritheach TF atá bunaithe ar chomhchaighdeáin Eorpacha a spreagadh; ba cheart go gcuirfeadh na córais sin ar chumas foghlaimeoirí, oideoirí agus ball foirne eispéiris soghluaisteachta foghlama a bhainistiú agus a chlárú, agus an reachtaíocht um chosaint sonraí is infheidhme á comhlíonadh go hiomlán acu, agus ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas eagraíochtaí faisnéis a sholáthar maidir le deiseanna soghluaisteachta, an tsoghluaisteacht a bhainistiú, tacú le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch agus an t-ualach riaracháin a laghdú trí úsáid a bhaint as gnéithe thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh agus as na huirlisí arna dtairiscint ag ardán Europass, lena n-áirítear dintiúir foghlama a dhigitiú tríd an mbonneagar um dintiúir Eorpacha dhigiteacha don fhoghlaim;

b)

rannchuidiú le tionscnaimh a thacaíonn le soghluaisteacht taighdeoirí agus lena soláthraítear seirbhísí ábhartha faisnéise agus tacaíochta, lena n-áirítear EURAXESS (29) agus Ardán Tallainne LET atá le teacht (30);

c)

tacaíocht a sholáthar do sholáthraithe oideachais agus oiliúna, do na hearnálacha óige agus spóirt agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh uirlisí digiteacha nua a bhunú agus a úsáid nuair is gá agus/nó uirlisí digiteacha atá ann cheana a úsáid chun an tsoghluaisteacht fhisiceach a chomhlánú;

d)

tacú le formáidí soghluaisteachta cumaiscthe ardcháilíochta a fhorbairt trí chreataí náisiúnta atá ann cheana a oiriúnú chun formáidí soghluaisteachta nuálacha comhlántacha a úsáideann teicneolaíochtaí digiteacha a éascú a thuilleadh.

e)

iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an intleacht shaorga cuidiú le bacainní ar an tsoghluaisteacht foghlama a shárú.

15.

Luachanna an Aontais a chur chun cinn trí shoghluaisteacht foghlama tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

gach foghlaimeoir, oideoir agus ball foirne a spreagadh chun páirt a ghlacadh i saol na bpobal óstach, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí saorálaíochta, le linn a dtréimhse soghluaisteachta foghlama thar lear;

b)

eispéiris soghluaisteachta foghlama a threisiú le hoiliúint ar an bhfeasacht idirchultúrtha, ar an rannpháirtíocht shibhialta, ar an litearthacht dhigiteach agus ar na meáin, ar eolas ar an Aontas agus ar a luachanna agus ar chearta bunúsacha;

c)

faisnéis a bhaineann leis an gcomhthéacs áitiúil a sholáthar d’fhoghlaimeoirí, d’oideoirí agus do bhaill foirne atá ag teacht isteach agus cultúr fáilteach a chruthú trí mheantóirí agus trí thacaíocht riaracháin;

d)

a áirithiú go mbeidh an leibhéal is airde saoirse acadúla ag foghlaimeoirí, oideoirí agus baill foirne shoghluaiste; institiúidí oideachais agus oiliúna a spreagadh chun cultúr cáilíochta a fhorbairt, lena n-áirítear trí dhearbhú cáilíochta i measc modhanna eile, ina n-áirithítear go gcloítear go hiomlán le prionsabail na sláine acadúla le linn tréimhsí soghluaisteachta.

16.

An tAontas a chur chun cinn mar cheann scríbe foghlama tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

comhoibriú go dlúth chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí, agus úsáid á baint as an réimse tionscnamh náisiúnta agus réigiúnach atá ann cheana, mar shampla, an tionscadal um Staidéar san Eoraip san ardoideachas;

b)

an tsoghluaisteacht foghlama le codanna eile den domhan a éascú, go háirithe le tíortha a bhfuil dearcadh méadaithe acu, trí dhlúthchomhar idir a n-údaráis ábhartha agus institiúidí oideachais agus oiliúna agus na cinn san Aontas; i ndáil leis an méid sin, féadfaidh Comhpháirtíochtaí Tallainne creat a sholáthar do chomhpháirtíochtaí comhair níos láidre le tríú tíortha tábhachtacha i gcomhréir le cuspóirí arna gcomhaontú go frithpháirteach; leis an gcomhar sin féadfar cuidiú lena áirithiú go gcuideoidh an tsoghluaisteacht foghlama go hindíreach le dul i ngleic le bearnaí scileanna i dtríú tíortha agus san Aontas, mar shampla, trí dhíriú ar bhearnaí scileanna in earnálacha a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh agus trí infhostaitheacht foghlaimeoirí a fheabhsú;

c)

tacú le heisiúint thráthúil víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a roghnaítear le haghaidh deis foghlama i mBallstát, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 (31), nó víosaí gearrfhanachta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 (32), ag brath ar an bhfad fanachta atá beartaithe san Aontas.

17.

Tacú le cur chun feidhme an Mholta seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

plé straitéiseach a spreagadh ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach agus i measc na mBallstát maidir le straitéisí nó cuir chuige idirnáisiúnaithe agus/nó soghluaisteachta a d’fhéadfadh a bheith ann, dea-chleachtais a chomhroinnt agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí piarfhoghlama, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile;

b)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoi dheireadh 2026 maidir le straitéisí nó cuir chuige idirnáisiúnaithe agus/nó soghluaisteachta atá ann cheana nó atá beartaithe, a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme an Mholta seo in earnálacha an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile, an oideachais aosaigh agus sna hearnálacha óige agus spóirt, agus aghaidh á tabhairt ar an tsoghluaisteacht foghlama amach agus ar an tsoghluaisteacht foghlama isteach araon.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

18.

Togra le haghaidh modheolaíocht bailithe sonraí (dá dtagraítear i moltaí 3 agus 4) a fhorbairt faoi 2026, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus sin bunaithe ar thuairim shaineolach an Bhuanghrúpa ar Tháscairí agus ar Thagarmharcanna, chun an méid seo a leanas a thomhas:

san ardoideachas, sciar na gcéimithe a mbeidh eispéireas soghluaisteachta foghlama thar lear acu;

an sciar de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as soghluaisteacht foghlama thar lear, ar daoine iad ar lú na deiseanna atá acu, in earnálacha an oideachais agus na hoiliúna agus in earnálacha na hóige agus an spóirt.

Íogaireacht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sonraí a bhaineann le soghluaisteacht foghlama chuimsitheach a chur san áireamh go cuí agus gan aon ualaí riaracháin breise a fhorchur ar na Ballstáit. Tuairisc a thabhairt go minic ar an dul chun cinn atá déanta don Chomhairle (trína comhlacht ullmhúcháin ábhartha, an Coiste Oideachais).

19.

Tacú le comhroinnt dea-chleachtas, le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí piarfhoghlama, agus leis an bplé straitéiseach ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach agus i measc na mBallstát dá dtagraítear i moladh 17.

20.

Tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun feidhme an Mholta seo trí chur leis an gcomhar idir meithleacha an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, agus i gcomhar leis an mBuanghrúpa ar Tháscairí agus ar Thagarmharcanna (SGIB).

21.

Réimsí idirghabhála na n-ionstraimí maoiniúcháin atá ann cheana a mhapáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach chun feasacht a mhúscailt maidir lena ngníomhaíochtaí féideartha agus lena ndea-chleachtais chun tacú leis an tsoghluaisteacht foghlama agus chun cur chuige sineirgeach éifeachtach a chothú ar fud na bpáirtithe leasmhara ábhartha.

22.

Oibriú leis na Ballstáit, lena n-áirítear tríd an mBuanghrúpa ar Tháscairí agus ar Thagarmharcanna, agus le páirtithe leasmhara ábhartha chun tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht sonraí agus ar infhaighteacht sonraí agus modheolaíochtaí ar leibhéal an Aontais a fhorbairt maidir le sonraí a bhailiú agus a anailísiú – lena n-áirítear suirbhéanna, mar shampla, an suirbhé Eorpach ar rianú céimithe – maidir leis an tsoghluaisteacht foghlama i ngach earnáil oideachais agus oiliúna agus sna hearnálacha óige agus spóirt, ar féidir leo cuimsitheacht agus éagsúlacht chríochach a chur san áireamh freisin, agus reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí á comhlíonadh go hiomlán agus gan aon ualaí breise a chruthú do na Ballstáit.

23.

An Scórchlár Soghluaisteachta a athchóiriú, i ndlúthchomhar le saineolaithe ó na Ballstáit, chun obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an Mholta seo agus chun é a leathnú chun gach earnáil oideachais agus oiliúna, agus gach earnáil óige agus spóirt, a chumhdach.

24.

Rannpháirtíocht na ndaoine óga a spreagadh agus tacú leo maidir le straitéisí agus cláir um shoghluaisteacht foghlama a dhearadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus Eorpach.

25.

Tacaíocht a fhorbairt a thuilleadh, a chur chun cinn a thuilleadh agus a sholáthar trí chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh maidir le húsáid uirlisí an Aontais lena dtacaítear le cur chun feidhme tréimhsí foghlama thar lear, mar shampla, gréasáin Euroguidance agus Eurodesk, tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh, Tacaíocht Teanga Ar Líne, an tArdán Oideachais Scoile Eorpach, Tairseach Eorpach na hÓige, Oiliúint Ghinearálta ar Líne, Youthpass agus Europass.

26.

Tacaíocht a fhorbairt a thuilleadh, a bharrfheabhsú a thuilleadh, a chur chun cinn a thuilleadh agus a sholáthar trí chlár Erasmus+ maidir le húsáid uirlisí an Aontais lena dtacaítear le trédhearcacht agus bailíochtú thorthaí tréimhsí foghlama thar lear agus dintiúir, go háirithe Youthpass agus ardán Europass/Europass Mobility, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht shéimeantach tríd an tSamhail Eorpach Foghlama agus trí Dhintiúir Eorpacha Dhigiteacha don Fhoghlaim a fheabhsú.

27.

Institiúidí ardoideachais a fhorbairt a thuilleadh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh agus do chomhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, mar shampla, na ‘Ollscoileanna Eorpacha’, chun go mbeidh siad in ann cláir chomhpháirteacha a chur ar fáil agus céimeanna comhpháirteacha a bhronnadh, i gcomhréir le huirlisí an Aontais agus Bologna.

28.

Comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a fhorbairt a thuilleadh agus tacaíocht a sholáthar dóibh, lena n-áirítear tríd an gclár Erasmus+ agus trí thacaíocht beartais, rud a chuirfidh ar a gcumas barr a gcumais a bhaint amach agus gníomhú mar eiseamláirí don earnáil ardoideachais trí shoghluaisteacht éasca leabaithe a chothú ar champais idir-ollscoile Eorpacha, rud a chuirfidh micridhintiúir chun cinn agus a dhéanfaidh scrúdú ar na roghanna agus na bearta is gá – i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, na hinstitiúidí ardoideachais, na heagraíochtaí mac léinn agus na páirtithe leasmhara – i dtreo lipéad comhchéime féideartha bunaithe ar thacar coiteann critéar Eorpacha comhchruthaithe.

29.

Tionscnaimh dheonacha de chuid an Aontais a fhorbairt a thuilleadh agus tacaíocht a sholáthar dóibh, ar tionscnaimh iad ar féidir leo cur leis an tsoghluaisteacht i réimse an oideachais agus na hoiliúna, mar shampla, Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus Ionaid Barr Feabhais Gairme.

30.

Tacaíocht bhreise a sholáthar ó chlár Erasmus+ trí chomhar agus foghlaim fhrithpháirteach a spreagadh i measc na mBallstát maidir le huathaitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí agus do thorthaí na dtréimhsí foghlama thar lear a dhéantar sna hearnálacha oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal a áirithiú, lena n-áirítear don fhoghlaim fhíorúil agus don fhoghlaim chumaisc.

31.

Leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit de réir mar a théann siad i dtreo cur chuige cuimsitheach maidir le teangacha a theagasc agus a fhoghlaim, go háirithe trí ghníomhaíochtaí piarfhoghlama, trí thionscnaimh agus imeachtaí ar nós Lá Eorpach na dTeangacha a chur chun cinn agus trí chomhar le páirtithe leasmhara agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla, Comhairle na hEorpa agus a Lárionad Eorpach um Nuatheangacha agus ECFE maidir le huirlisí nuálacha le haghaidh foghlaim teangacha a fhorbairt, uirlisí digiteacha agus IS san áireamh.

32.

Cruthú sineirgí a chur chun cinn mar aon le comhlántachtaí idir cláir an Aontais lena dtugtar aghaidh ar shoghluaisteacht foghlama, mar shampla, Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus ionstraimí maoiniúcháin eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach ar nós cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an tionscnamh ALMA (Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) atá aige, chun tionchar na ngníomhaíochtaí lena gcuirtear deiseanna soghluaisteachta foghlama chun cinn sna Ballstáit uile a uasmhéadú, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme uirlisí agus straitéisí chun rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu a mhéadú.

33.

Tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, ina n-iarrachtaí chun straitéisí nó cuir chuige idirnáisiúnaithe agus/nó soghluaisteachta a athchóiriú agus a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud tíortha éagsúla trí úsáid a bhaint as uirlisí de chuid an Aontais, mar shampla, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus deiseanna Erasmus+.

34.

Staidéar a chur ar fáil faoi 2025 maidir le deiseanna, dúshláin agus tionchair na soghluaisteachta cothroime (lena n-áirítear an tsoghluaisteacht chreidmheasa agus céime) san Aontas, agus iarmhairtí éagsúla fheiniméan na cúrsaíochta daoine oilte á gcur san áireamh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

B. DALLE


(1)  I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1), sainítear inniúlachtaí mar mheascán d’eolas, de scileanna agus de dhearcthaí.

(2)  COM/2020/625 final.

(3)  Mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 – ‘An Óige faoi bhorradh’ – soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn, IO C 199, 7.7.2011, lch. 1.

(4)   IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(5)   IO C 185, 26.5.2023, lch. 35.

(6)  Cedefop, Working together towards attractive, inclusive, innovative, agile and flexible VET [Ag obair le chéile ionas go mbeidh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tarraingteach, cuimsitheach, nuálach, mearathraitheach agus solúbtha], Nóta faisnéise ó Cedefop, 2023.

(7)   IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(8)  An Creat Eorpach um Printíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha a chur i ngníomh – an Moladh ón gComhairle a bheith á chur chun feidhme ag na Ballstáit, SWD(2021) 230 final.

(9)   IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.

(10)  Cedefop, Enablers and disablers of cross-border long-term apprentice mobility: evidence from country- and project-level investigations,[Cumasóirí agus díchumasóirí shoghluaisteacht trasteorann fadtéarmach na bprintíseach: fianaise ó imscrúduithe ar leibhéal na tíre agus ar leibhéal an tionscadail], sraith thagartha Cedefop uimh. 120, Oifig na bhFoilseachán, Lucsamburg, 2021.

(11)   IO C 167, 21.4.2022, lch. 2.

(12)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2021) SWD(2021) 286 final.

(13)   IO C 157, 11.4.2022, lch. 1.

(14)   IO C 185, 26.5.2023, lch. 44.

(15)  COM/2023/91 final.

(16)  Leagtar amach na sainmhínithe ar ‘aitheantas frithpháirteach uathoibríoch cáilíochtaí’ agus ‘aitheantas frithpháirteach uathoibríoch do thorthaí tréimhse foghlama thar lear’, ar an leibhéal ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus ar an leibhéal oiliúna araon, san iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1) agus tá siad infheidhme go hiomlán maidir leis an Moladh seo.

(17)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(18)  Agus úsáid á baint as éagsúlacht na ndeiseanna soghluaisteachta don aos óg a chuireann Erasmus+ don óige agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil mar phointe tosaigh, tagraíonn an tsoghluaisteacht foghlama in earnáil na hóige do shoghluaisteacht foghlama daoine óga, oibrithe óige agus oibrithe deonacha i gcomhthéacsanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Chun críocha an Mholta seo, áirítear leis an tsoghluaisteacht foghlama in earnáil na hóige cláir shoghluaisteachta náisiúnta eile freisin.

(19)  Faoi phríomhghníomhaíocht 1 de ghníomhaíochtaí spóirt de chuid an chláir Erasmus+, sainmhínítear an tsoghluaisteacht foghlama in earnáil an spóirt mar shoghluaisteacht ball foirne eagraíochtaí spóirt, go príomha i spórt an phobail, a dtugtar an deis dóibh a n-inniúlachtaí agus a gcáilíochtaí a fheabhsú agus scileanna nua a fháil trí thréimhse ama a chaitheamh thar lear, rud a rannchuidíonn le fothú acmhainneachta agus forbairt na n-eagraíochtaí spóirt. Leis an ngníomhaíocht sin, tacaítear le forbairt ghairmiúil cóitseálaithe agus ball foirne eile (baill foirne ar íocaíocht agus saorálaithe araon) i spórt an phobail. Chun críocha an Mholta seo, áirítear leis an tsoghluaisteacht foghlama in earnáil an spóirt cláir shoghluaisteachta náisiúnta eile freisin.

(20)  Beidh an táscaire bunaithe ar shonraí soghluaisteachta a fuarthas ó bhailiúchán sonraí riaracháin UNESCO-OECD-Eurostat (UOE).

(21)  Lena n-áirítear rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020 maidir leis an Moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (2020/2767(RSP)).

(22)  Beidh an táscaire bunaithe ar shonraí soghluaisteachta a fhaightear ó shonraí Erasmus+ agus sonraí céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a fuarthas ó bhailiúchán sonraí UOE. I gcás ina bhfuil siad ar fáil agus san aon chás amháin go bhfuil na sonraí a sholáthraítear inchomparáide le sonraí Erasmus+, d’fhéadfaí sonraí ó chláir shoghluaisteachta na n-údarás náisiúnta, lena n-áirítear sonraí maidir le fad na soghluaisteachta, a úsáid freisin chun na sonraí ó Erasmus+ a chomhlánú. I gcás ina n-áirítear sonraí ó údaráis náisiúnta, ba cheart é sin a léiriú ar bhealach trédhearcach.

(23)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).

(24)  COM(2022) 198 final.

(25)  Treoirlínte cur chun feidhme – Erasmus+ agus Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(26)  Mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(27)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817, ciallaíonn ‘daoine ar lú na deiseanna atá acu’, daoine a mbíonn bacainní rompu lena gcuirtear cosc orthu rochtain éifeachtach a fháil ar dheiseanna soghluaisteachta foghlama ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúir, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna eile, mar shampla, míchumas nó deacrachtaí oideachais, nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a d’fhéadfadh a bheith mar bhun le hidirdhealú faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(28)  In éagmais táscaire uile-Aontais a bheith ann faoi láthair maidir leis an tsoghluaisteacht foghlama chuimsitheach, d’fhéadfaí an sciar de na foghlaimeoirí uile a bhaineann tairbhe as an tsoghluaisteacht foghlama thar lear ar daoine iad ar lú na deiseanna atá acu a mheas trí úsáid a bhaint as na sonraí soghluaisteachta a fhaightear ó chláir Erasmus+ agus ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ní chumhdaíonn na sonraí sin gach cineál soghluaisteachta foghlama thar lear, ach d’fhéadfaí iad a úsáid mar an tseachfhoinse sonraí is gaire atá ar fáil faoi láthair.

(29)  EURAXESS – Taighdeoirí ag Gluaiseacht – Is ionad ilfhreastail é do thaighdeoirí agus do nuálaithe ar mian leo a ngairm bheatha agus a bhforbairt phearsanta a chur chun cinn trí bhogadh go tíortha eile.

(30)  Is é is aidhm don ghníomhaíocht Tallann LET a bhfaightear tacaíocht ina leith ón gclár Fís Eorpach borradh a chur faoi idir-inoibritheacht gairmeacha agus infhostaitheacht na tallainne taighde agus nuálaíochta ar fud earnálacha.

(31)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Creat beartais le haghaidh soghluaisteacht múinteoirí

Sonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 2020 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (1) ‘go n-oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ar chreat beartais chun líon agus cáilíocht soghluaisteachta foghlama múinteoirí san Eoraip a mhéadú bunaithe ar a bhfíor-riachtanais soghluaisteachta’.

Áirítear sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus ina dhiaidh sin (2021-2030) (2) gníomhaíochtaí sonracha chun dul i ngleic le tosaíocht múinteoirí agus oiliúnóirí. Ar na gníomhaíochtaí sin áirítear iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go bhforbrófar creat beartais le haghaidh soghluaisteacht múinteoirí.

Is é an réasúnaíocht atá leis an gcreat sin go bhfuil dúshláin shonracha ann do mhúinteoirí agus déantar anailís ar na dúshláin sin freisin i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, SWD(2023) 719 final.

Tugtar breac-chuntas leis an gcreat seo ar shraith gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar leibhéal na scoile, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus ar leibhéal an chórais d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shoghluaisteacht múinteoirí a sainaithníodh i mBallstáit an Aontais. Tá sé mar uaillmhian leis an gcreat feidhmiú mar inspioráid do pháirtithe leasmhara atá sásta a straitéisí féin maidir le soghluaisteacht múinteoirí a fhorbairt i gcomhréir lena gcórais féin agus feidhmiú mar fhoinse smaointe chun soghluaisteacht múinteoirí a uasmhéadú. Comhlánaítear agus leathnaítear a thuilleadh leis na gníomhaíochtaí a shonraítear sna conclúidí ón gComhairle maidir le soghluaisteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a fheabhsú, an tsoghluaisteacht Eorpach go háirithe, le linn a n-oideachas agus a n-oiliúint tosaigh agus inseirbhíse (3), agus maidir le luach na soghluaisteachta múinteoirí a chur chun cinn i scoileanna agus i bpobail. Cuirtear i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle an tionchar dearfach a bhíonn ag an tsoghluaisteacht foghlama thar lear ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí agus ar chórais oideachais agus oiliúna, agus bacainní ar shoghluaisteacht á sainaithint. Tugtar aghaidh san Iarscríbhinn seo ar an ngá na constaicí sin a shárú ionas go mbeidh soghluaisteacht múinteoirí ina conair inmharthana in oideachas tosaigh na múinteoirí agus le linn fhorbairt ghairmiúil leanúnach na múinteoirí araon, i gcomhréir le riachtanais na gcóras náisiúnta oideachais agus oiliúna.

Is é an bunsmaoineamh gur cheart an tsoghluaisteacht foghlama a bheith ina cuid lárnach d’oideachas tosaigh agus d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí, gur féidir leis cur le mealltacht na gairme agus go bhfuil sí tábhachtach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scoileanna agus ar chórais oideachais agus oiliúna ar an gconair i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais.

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus na socruithe agus na bearta riachtanacha a leagtar amach sa doiciméad seo á gcur i bhfeidhm acu, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus piarfhoghlaim. Cuirfidh na bearta sin leis na dea-chleachtais a forbraíodh faoi chlár Erasmus+, ar nós Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ arb é is aidhm dóibh tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí ag tús a ngairmréime agus a bhforbairt ghairmiúil a neartú.

I gcomhréir le córas náisiúnta a mBallstáit, d’fhéadfadh páirtithe leasmhara ar an leibhéal scoile, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal na gcóras na cuspóirí ginearálta a leagtar amach thuas a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

Deiseanna soghluaisteachta a chur ar fáil i gcomhthéacs oideachais tosaigh agus forbartha gairmiúla leanúnaí múinteoirí

a)

Oideachas tosaigh

machnamh a dhéanamh ar dheiseanna soghluaisteachta atá cuimsitheach agus cothrom ó thaobh inscne a leabú in oideachas tosaigh múinteoirí mar chuid mholta de na curaclaim;

an tsoghluaisteacht foghlama a aithint mar chuid dhílis d’oideachas tosaigh múinteoirí, agus go háirithe cúraimí múinteoireachta thar lear a aithint mar chúraimí atá coibhéiseach le hoiliúint ionscoile in institiúid náisiúnta oideachais nó oiliúna i gcás ionarb iomchuí;

sliotáin ama (‘tréimhsí soghluaisteachta’) a chur ar leataobh, nuair is féidir, i mbliain acadúil aon oideachais tosaigh múinteoirí ionas gur féidir le múinteoirí faoi oiliúint páirt a ghlacadh go héasca i dtréimhsí soghluaisteachta gan cur isteach ar a gcuid staidéir;

modúil nó gnéithe a áireamh in oideachas tosaigh múinteoirí atá tiomanta do na scileanna agus na hinniúlachtaí a sholáthar is gá chun tréimhsí soghluaisteachta foghlama a chaitheamh thar lear.

b)

Forbairt ghairmiúil leanúnach

aitheantas a thabhairt do thorthaí tréimhse soghluaisteachta múinteora thar lear mar chuid dhlisteanach luachmhar dá ngníomhaíochtaí gairmiúla;

i gcás inar féidir, tréimhsí soghluaisteachta a shainaithint agus a leabú sa scoilbhliain — tréimhsí ina mbeidh sé oiriúnach múinteoirí agus múinteoirí na todhchaí a sheoladh agus a óstáil agus ina mbeidh sé furasta é sin a chur i bhfeidhm, agus múinteoirí athsholáthair a sholáthar nuair is gá;

comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích ar an leibhéal náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal réigiúnach chun aitheantas agus inchomparáideacht scileanna agus inniúlachtaí arna sealbhú a éascú (e.g. trí chreat comhchoiteann cáilíochta agus trí úsáid a bhaint as téarmaíocht scileanna caighdeánaithe atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach);

tacú le scoileanna, i gcás inar féidir agus i gcomhréir le hinniúlachtaí náisiúnta, leis na hacmhainní cuí agus nósanna imeachta solúbtha nuair a chaithfear múinteoirí atá rannpháirteach i soghluaisteacht a athsholáthar ar bhonn sealadach.

2.

Feabhas a chur ar an gcomhar ar an leibhéal áitiúil trí chur chuige straitéiseach i leith soghluaisteacht múinteoirí a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

a)

Soghluaisteacht múinteoirí a leabú i bhforbairt fhoriomlán scoileanna

lucht déanta beartas, ceannairí scoile, oideoirí múinteoirí agus páirtithe leasmhara ábhartha a spreagadh lena leagan amach conas is féidir soghluaisteacht foghlama, lena n-áirítear soghluaisteacht múinteoirí, gan beann ar a saineolas teagaisc ná ar a n-inscne, a chomhtháthú i straitéisí maidir le forbairt scoileanna;

machnamh a dhéanamh ar chuspóirí a shainiú thar thréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha chun go mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama ina cuid den straitéis fhoriomlán d’fhorbairt scoile, lena n-áirítear múinteoirí a sheoladh agus a óstáil (lena n-áirítear múinteoirí faoi oiliúint agus baill foirne scoile eile) agus tionscadail chomhair le heagraíochtaí thar lear (lena n-áirítear comhar ar líne);

straitéis fhorchéimnitheach a chur i bhfeidhm chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, ag tosú le húsáid uirlisí agus ardán digiteach, comhar déthaobhach agus comhar le réigiúin trasteorann;

comhar a chur chun cinn, i gcás inar féidir, idir scoileanna sa limistéar nó sa réigiún céanna chun athsholáthar a éascú do mhúinteoirí atá rannpháirteach i gcláir shoghluaisteachta foghlama;

leas a bhaint as córas áitiúil na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoideachas agus le hoiliúint chun comhpháirtithe thar lear a aimsiú;

líonraí d’institiúidí rannpháirteacha a bhunú idir na Ballstáit chun córas a fhorbairt le haghaidh soghluaisteacht múinteoirí bunaithe ar chláir na n-údarás oideachais áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, ar chuibhreannais scoile, ar an r-Nascadh agus ar líonraí eile atá ann cheana;

soghluaisteacht múinteoirí a neartú trína n-inniúlachtaí teanga a fheabhsú, úsáid modhanna nuálacha a mhéadú chun teangacha a theagasc agus a fhoghlaim agus ilteangachas a thabhairt isteach sa seomra ranga.

b)

Na hacmhainní riachtanacha a leithdháileadh

machnamh a dhéanamh ar fhoireann thiomnaithe (comhordaitheoirí soghluaisteachta) a leithdháileadh chun tionscadail agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear meantóireacht a dhéanamh ar mhúinteoirí soghluaiste, tacú le hinstitiúidí óstála agus seolta a dhéileálann le nósanna imeachta lóistíochta agus riaracháin maidir le, mar shampla cóiríocht, cánachas ioncaim agus slándáil shóisialta ar an leibhéal is iomchuí (scoileanna, údaráis oideachais agus oiliúna áitiúla);

machnamh a dhéanamh ar acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal na n-údarás oideachais agus oiliúna áitiúil chun déileáil leis an ualach oibre riaracháin a bhaineann le tionscadail soghluaisteachta a ullmhú agus a bhainistiú, go háirithe lena chur ar chumas scoileanna a bhfuil na hacmhainní is lú acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama;

feabhas a chur ar chumas na n-institiúidí oideachais agus oiliúna gníomhaíochtaí soghluaisteachta múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus múinteoirí ionchasacha araon a óstáil agus leas a bhaint as na gníomhaíochtaí sin, agus lántairbhe a bhaint as comhar le hAcadaimh Múinteoirí Erasmus+;

obair na mball foirne a éascaíonn deiseanna soghluaisteachta ar an láthair a aithint;

tacú le scoileanna atá gníomhach i dtionscadail soghluaisteachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh;

sineirgí a chothú le cistí áitiúla, náisiúnta agus cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, sa bhreis ar Erasmus+.

3.

Na buntáistí a bhaineann leis an tsoghluaisteacht foghlama a chur chun cinn agus tacú léi leis an oiliúint riachtanach

feasacht a mhúscailt i measc cinnteoirí ar gach leibhéal den chóras oideachais agus oiliúna (go háirithe ceannairí scoile agus bainisteoirí eile ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach) faoi na buntáistí a bhaineann le soghluaisteacht foghlama trasteorann d’fhoireann oideachais agus a dtionchar ar fhorbairt eagraíochtaí, lena n-áirítear cuidiú le scoláirí inniúlachtaí teanga iasachta a fhorbairt;

oiliúint a chur ar fáil do cheannairí scoile maidir le forbairt scoile (lena n-áirítear trí phostscáthú thar lear), oiliúint dá dtugtar tacaíocht le soghluaisteacht foghlama thar lear;

dreasachtaí a chruthú i gcomhair ceannairí scoile a bhfuil a scoileanna agus a mbaill foirne rannpháirteach i dtionscadail soghluaisteachta agus luach a chur ar an obair a dhéanann na ceannairí sin;

meas a bheith ar na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le heispéiris mar sin agus iad a chur chun cinn do mhúinteoirí, d’fhoghlaimeoirí agus d’fhorbairt scoileanna agus oideachais scoile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.


(1)  COM/2020/625 final.

(2)   IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(3)   IO C 167, 21.4.2022, lch. 2.


IARSCRÍBHINN II

Creat beartais le haghaidh shoghluaisteacht na bprintíseach

Tá printíseachtaí (1) ina ngné lárnach de bheartais Eorpacha um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint ó bhí 2010 ann, ag tosú le Communiqué Bruges agus á n-athdhearbhú in 2020 le Dearbhú Osnabrück agus leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (2). Tá tosaíochtaí beartais sonracha tagtha chun cinn ó shin agus áirítear leo anois soghluaisteacht trasteorann a chur i bhfeidhm do phrintísigh chun críocha foghlama freisin. Le soghluaisteacht na bprintíseach tairgtear buntáistí soiléire do dhaoine óga agus foghlaimeoirí fásta maidir lena n-oiliúint agus a n-infhostaitheacht, do chuideachtaí de réir mar a leathnaítear scileanna a lucht saothair, agus don tsochaí ina hiomláine. Cuid de na scileanna agus na hinniúlachtaí is féidir a chur ar fáil le soghluaisteacht trasteorann (e.g. inniúlachtaí teanga, scileanna idirchultúrtha, scileanna eagrúcháin agus scileanna inaistrithe eile, nó scileanna sonracha i réimse teicniúil nach bhfuil ar fáil sa chuideachta/institiúid seolta), ní féidir iad a fhoghlaim sa bhaile. Fós féin, mar gheall ar shraith bacainní sonracha, mar shampla, castacht na n-oibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le stádas riaracháin printíseach, a n-aois, scéimeanna agus curaclaim náisiúnta printíseachta éagsúla, agus an riosca go gcaillfidh fostóirí táirgiúlacht, níl ach rochtain theoranta ag printísigh ar eispéiris soghluaisteachta foghlama. Moltar leis an Iarscríbhinn seo sraith gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a d’fhéadfadh soghluaisteacht na bprintíseach a éascú ar leibhéal an chórais, an duine aonair agus na cuideachta. Is é is aidhm di a bheith ina inspioráid do pháirtithe leasmhara atá toilteanach soghluaisteacht printíseachta a leathnú, agus feidhmiú mar bhosca uirlisí chun soghluaisteacht printíseachta a mhéadú. Cuireann sí le forálacha an Mholta ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha.

Moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar shraith gníomhaíochtaí a chur ar bun chun tacú le soghluaisteacht na bprintíseach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus sin bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

1.

Gnéithe ar leibhéal an chórais chun soghluaisteacht na bprintíseach a éascú

a)

Soghluaisteacht na bprintíseach a chur san áireamh i straitéis idirnáisiúnaithe náisiúnta le haghaidh oideachais agus oiliúna i gcás inarb infheidhme agus i straitéisí earnála (eacnamaíocha) i gcás inarb iomchuí. Is féidir le straitéisí mar sin cur chuige incriminteach a ghlacadh lena gcuirtear leis an tsoghluaisteacht ghearrthéarmach agus leis an tsoghluaisteacht i réigiúin trasteorann nó in earnálacha roghnaithe, nó lena gcuirtear scéimeanna soghluaisteachta gearrthéarmaí comhchoiteanna nó sealaíochta chun cinn.

b)

Idirnáisiúnú a chothú trí chur le saineolas na nIonad Barr Feabhais Gairme lena nasctar soláthraithe tagartha gairmoideachais agus gairmiúla ar fud na mBallstát, lena spreagtar comhar le réimse leathan páirtithe leasmhara, agus lena bhféachtar le curaclaim agus cáilíochtaí ardchaighdeáin a fhorbairt a dhíreofar ar riachtanais scileanna earnála agus ar dhúshláin shochaíocha. Oibríonn na hIonaid Barr Feabhais Gairme ar réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear soghluaisteacht foghlaimeoirí a chorprú i gcuraclaim chomh maith le feabhas a chur ar dheiseanna foghlaimeoirí maidir leis an tsoghluaisteacht thar lear agus ar cháilíocht na gclár soghluaisteachta sin. Feidhmíonn siad mar spreagthaigh barr feabhais agus nuálaíochta agus cuireann siad ról réamhghníomhach chun cinn don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint san fhorbairt eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach.

c)

Foireann thiomnaithe a shannadh (e.g. ambasadóirí, pointí fócasacha, comhordaitheoirí soghluaisteachta) ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta chun soghluaisteacht na bprintíseach a éascú agus feasacht a mhúscailt maidir leis na scéimeanna náisiúnta agus réigiúnacha éagsúla. D’fhéadfadh na baill foirne thiomnaithe sin cabhrú le tionscadail agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí mheantóireacht a dhéanamh ar phrintísigh, trí thacú le hinstitiúidí óstála agus seolta agus trí dhéileáil le nósanna imeachta lóistíochta agus riaracháin.

d)

Soghluaisteacht printíseachta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líonraí nua a bhunú nó na cinn atá ann cheana a neartú idir fostóirí, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, seirbhísí fostaíochta poiblí agus comhpháirtithe sóisialta, agus leas a bhaint as tionscnaimh atá ann cheana ar nós an Chomhaontais Eorpaigh do Phrintíseachtaí.

e)

Socruithe curaclaim a mheas chun soghluaisteacht na bprintíseach a éascú gan críochnú a gcuid staidéir a chur i mbaol agus aitheantas a thabhairt do na torthaí foghlama a fhaightear thar lear (mar shampla trí mhodúl soghluaisteachta tiomnaithe a chur san áireamh sna curaclaim nó trí chianfhoghlaim a thabhairt isteach nuair is gá agus nuair is féidir).

f)

Rochtain éasca ar fhaisnéis faoi cheanglais dhlíthiúla agus riaracháin le haghaidh soghluaisteacht printíseachta a bhaineann le cúiteamh agus le stádas dlíthiúil printíseach atá i mbun soghluaisteachta a áirithiú.

g)

An t-ualach riaracháin sa phróiseas iarratais a laghdú agus dlús a chur leis na nósanna imeachta maidir le víosaí agus cead cónaithe do phrintísigh náisiúnta tríú tír isteach, i gcás inarb infheidhme agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 (3).

h)

Comhaontuithe déthaobhacha maidir le soghluaisteacht printíseachta le Ballstáit eile agus le tríú tíortha a spreagadh (nó le réigiúin, más infheidhme), i gcás inar féidir, chun aon bhacainní leanúnacha ar aitheantas agus inchomparáideacht scileanna agus inniúlachtaí arna sealbhú a laghdú (e.g. trí chreat comhchoiteann cáilíochta lena ndírítear ar na saincheisteanna náisiúnta sonracha atá nasctha le soghluaisteacht na bprintíseach agus leis na córais phrintíseachta sa dá thír).

i)

I gcás inar féidir, páirt a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta ag gach céim de dhearadh, de chur chun feidhme agus de bheart leantach straitéisí agus scéimeanna maidir le soghluaisteacht na bprintíseach.

2.

Tacaíocht do phrintísigh

a)

Soghluaisteacht a chur chun feidhme ar bhealach cuimsitheach, agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu.

b)

Deontais Erasmus+ a chomhlánú le maoiniú breise chun costais shoghluaisteacht na bprintíseach a chumhdach.

c)

Socruithe agus uirlisí oideolaíocha a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht na bprintíseach, mar shampla, trí chianfhoghlaim, chun na difríochtaí i ndéstruchtúr na foghlama agus na hoiliúna a shárú.

d)

Tacaíocht agus for-rochtain bhreise a sholáthar do phrintísigh, lena n-áirítear ar thacaíocht ullmhúcháin teanga (ábhair shonracha foghlama teanga a fhorbairt do ghairmeacha áirithe i dteanga na dtíortha óstacha).

e)

Bearta tionlacain a cheapadh do phrintísigh a bheidh ag dul thar lear, mar shampla córas meantóireachta/páirtíochta a fhorbairt don chéim ullmhúcháin, soghluaisteacht fhíorúil a chur ar fáil sa chéim ullmhúcháin (chun soghluaisteacht fhisiceach a chomhlánú) agus, nuair a bheidh siad thar lear, tacú le printísigh nuair a fhillfidh siad agus iad ag ath-lánpháirtiú ina dtimpeallacht oibre agus ag baint úsáid as a gcuid scileanna nuashealbhaithe.

f)

Deiseanna a chur chun cinn do phrintísigh i scoileanna gairmoideachais agus oiliúna, lena n-áirítear deiseanna Erasmus+ agus scéimeanna soghluaisteachta idirnáisiúnta, trí líonra tiomnaithe comhairleoirí agus na meáin shóisialta.

g)

Deiseanna a chur chun cinn do phrintísigh a thairgtear ar thairseach ar líne EURES chun cuidiú le foghlaimeoirí soghluaiste aistriú chuig an margadh saothair.

3.

Tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí

a)

Machnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí airgeadais a sholáthar d’fhostóirí chun iad a chúiteamh i gcomhair na tréimhse a bheidh printísigh thar lear, agus do phrintísigh, chun iad a spreagadh chun filleadh ar a bhfostóir seolta (mar shampla, bónas nuair a chríochnófar clár, nó fóirdheontas pá má fostófar iad i ndiaidh dóibh céim a bhaint amach).

b)

Machnamh a dhéanamh ar chúnamh spriocdhírithe a thabhairt d’fhostóirí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, mar shampla, trí thacú le líonraí idirghabhálacha a chur ar bhun i measc tíortha glactha agus seolta, ar bhonn earnála más féidir, chun cuidiú le cuideachtaí a bhfuil saincheisteanna eagraíochtúla agus ceanglais dhlíthiúla acu.

c)

Comhoibriú trasteorann idir seirbhísí rialtais lena gcuirtear chun feidhme gairmoiliúint agus printíseachta nó seirbhísí fostaíochta poiblí (SPFanna) agus fostóirí a chur chun cinn tríd an méid a leanas a dhéanamh: iniúchadh a dhéanamh ar bhearta lena gcuirtear deiseanna gairmoiliúna thar lear ar fáil do phrintísigh in earnálacha a bhfuil an dá aistriú ag dul i gcion orthu; tacú le comhar trasteorann idir na seirbhísí rialtais sin nó SPFanna agus comhlachais fostóirí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna i ngairmeacha glasa agus digiteacha trí chláir phrintíseachta; comhpháirtíochtaí réigiúnacha trasteorann idir na seirbhísí rialtais sin nó SPFanna a bhreithniú mar thúsphointe.

d)

Deiseanna Erasmus+ agus an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a chur chun cinn i measc cuideachtaí, agus na buntáistí a bhaineann le printísigh ar chláir shoghluaisteachta a óstáil agus a sheoladh á gcur i dtábhacht.


(1)  De bhun an Mholta ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1), tuigtear gur scéimeanna foirmiúla gairmoideachais agus gairmoiliúna iad printíseachtaí:

a)

ina gcomhcheanglaítear an fhoghlaim in institiúidí oideachais nó oiliúna le foghlaim obairbhunaithe shuntasach i ngnólachtaí agus in áiteanna oibre eile;

b)

a mbeidh cáilíochtaí atá aitheanta go náisiúnta mar thoradh orthu;

c)

atá bunaithe ar chomhaontú lena sainítear cearta agus oibleagáidí an phrintísigh, an fhostóra agus, i gcás inarb iomchuí, na hinstitiúide gairmoideachais agus gairmoiliúna; agus

d)

ina íoctar an printíseach nó ina gcúitítear é nó í ar shlí eile as an gcomhpháirt obairbhunaithe.

(2)   IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(3)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3364/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)