Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3223 |
28.5.2024 |
Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/402/23 – Riarthóirí (AD 6) sna réimsí seo a leanas: 1. Micreacnamaíocht/maicreacnamaíocht 2. Eacnamaíocht airgeadais 3. Eacnamaíocht thionsclaíoch
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 220 A an 22 Meitheamh 2023)
(C/2024/3223)
I gcás chomórtas oscailte EPSO/AD/402/23, bhí fadhbanna tromchúiseacha teicniúla ag baint leis an tástáil ar líne a rinneadh an 2-4 Deireadh Fómhair 2023, inar baineadh úsáid as an bhfeitheoireacht uathoibrithe. Dá thoradh sin, bhí líon suntasach iarrthóirí nárbh fhéidir leo na trialacha a dhéanamh faoi dhálaí iomchuí nó iad a chríochnú.
An 8 Samhain 2023, d’fhógair EPSO go ndearna sé cinneadh reáchtáil na dtrialacha i gcomórtas EPSO/AD/402/23 a chur ar fionraí agus roghanna malartacha a lorg le haghaidh córas athléimneach chun trialacha a reáchtáil a bheadh slán agus a chinnteodh an t-eispéireas is fearr is féidir don úsáideoir. Rinneadh roghanna éagsúla a mheas de réir na gcritéar sin, agus leas na seirbhíse agus na n-iarrthóirí á gcur san áireamh ag an am céanna, chun na comórtais a atosú gan moill neamhriachtanach.
Is é atá i gceist leis an réiteach a sainaithníodh do chomórtas EPSO/AD/402/23, tástáil ar líne ina mbainfear úsáid as an bhfeitheoireacht uathoibrithe, ach faoi rialacha mionsonraithe éagsúla tástála. Tá líon ard iarrthóirí sa chomórtas seo nach bhfuil taifead feidhmíochta bailí (nó iomlán) acu agus ba cheart, dá bhrí sin, atástáil a dhéanamh orthu, faoi na dálaí nua. Tá líon ard iarrthóirí sa chomórtas seo nach bhfuil Chun a chinntiú go ndéanfar tástáil ar gach iarrthóir faoi dhálaí comhionanna, athosclófar céim na tástála sa chomórtas seo, agus beidh ar na hiarrthóirí uile gach triail a dhéanamh as an nua. Ina gcuid díobh sin tá na hiarrthóirí sin a raibh na trialacha déanta acu roimhe seo.
Ós rud é gur gá céim na tástála a dhéanamh arís i gcomórtas EPSO/AD/402/23, is féidir an comórtas seo a ailíniú le ‘córas iomlán 24 theanga’. Tá an cur chuige sin ag teacht leis an gcaoi a láimhseálann EPSO comórtais ar foilsíodh an fógra ina leith ach nár cuireadh tús leis na trialacha go fóill (féach C/2024/1805 an 1 Márta 2024 (1) agus C/2024/2265 an 22 Márta 2024 (2)).
Ciallaíonn an t-ailíniú leis an ‘gcóras iomlán 24 theanga’ go mbeidh an tsolúbthacht ag iarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú gan bhac chun na trialacha a dhéanamh, de réir na dtreoracha atá tugtha i bhfógra comórtais ar leith.
Chun an t-aistriú chuig an ‘gcóras iomlán 24 theanga’ i gcomórtas EPSO/AD/402/23 a bhaint amach, ní mór coigeartú a dhéanamh ar an bpunann trialacha. Go háirithe, sa chomhthéacs sin, cruthaítear deacrachtaí praiticiúla i gcás imscaradh an chás-staidéir. Dá bhrí sin, is iomchuí triail scríofa a chur ina hionad i gcás ina bhfuil an tasc bunaithe ar ábhair/doiciméid atá ar fáil go poiblí cheana féin i 24 theanga. Díreofar an measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa. Fanfaidh an scóráil agus an fad mar an gcéanna agus déanfar iad a shoiléiriú a thuilleadh san fhógra leasaitheach.
Chun gur féidir leis na hiarrthóirí reatha agus leis na hiarrthóirí nua ionchasacha araon an leas is fearr is féidir a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil faoin ‘gcóras iomlán 24 theanga’ agus chun go bhféadfaidh siad teangacha eile a roghnú le haghaidh na dtrialacha, tá an comórtas á athoscailt. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas cheana féin a n-iarratas a athbhreithniú agus a athbhailíochtú chun leanúint orthu ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Tabharfar tuilleadh faisnéise do na hiarrthóirí sin duine ar dhuine, trína gcuntais EPSO.
Ar na cúiseanna atá luaite thuas, leasófar fógra comórtais oscailte EPSO/AD/402/23 mar seo a leanas:
(1) |
Ar leathanach 1, léitear an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh mar seo a leanas: ‘ An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: an 9 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile ’. |
(2) |
Ar leathanach 2, Roinn 3 ‘Na Coinníollacha incháilitheachta’: in ionad: ‘Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh.’, léitear: ‘Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh (féach pointe (a) de Roinn 4.3.1 den fhógra seo).’. |
(3) |
Ar leathanach 4, léitear Roinn 4 ‘Conas a eagrófar an comórtas?‘mar seo a leanas: ‘4. CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS? 4.1. Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:
4.2. Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo Tá sé sonraithe sna Rialacháin Foirne ((1)*) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh sé fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann amháin de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór na híosleibhéil atá luaite anseo a bheith ag an iarrthóir i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) a iarrtar ar an bhfoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ((2)*) . Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’ agus ‘teanga 2’ ar na teangacha sin. Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas:
Beidh ar na hiarrthóirí a rogha teanga le haghaidh na dtrialacha a lua ar a bhfoirm iarratais agus ní fhéadfaidh siad í a athrú tar éis dóibh a n-iarratas a bhailíochtú. 4.3. Céimeanna an chomórtais 4.3.1. Iarratas
4.3.2. Tástáil (a) Faisnéis ghinearálta Na trialacha a rinneadh mar chuid den chomórtas reatha an 2, an 3 agus an 4 Deireadh Fómhair 2023, cuireadh ar neamhní iad. Ní dhéanfar próiseáil ar fhreagraí ná scripteanna trialach na n-iarrthóirí a bhain leis na trialacha sin, agus ní ghinfear torthaí na dtrialacha. Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais bailíochtaithe go cuí acu faoin sprioc-am atá luaite i bpointe (a) de Roinn 4.3.1 den fhógra seo de réir na dtreoracha atá leagtha amach i Roinn 4.3.1, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha a ndéantar cur síos orthu thíos. Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus déanfar feitheoireacht chianda orthu. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na tástála ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh. Tá sé léirithe sa tábla seo a leanas cén chaoi a n-úsáidfear marcanna na dtrialacha):
Má theipeann ar iarrthóir an pasmharc nó na pasmharcanna is gá a bhaint amach i gceann amháin de na trialacha, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar fhreagraí agus/nó ar scripteanna trialach na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar a n-incháilitheacht a sheiceáil, de réir mar is infheidhme. Ní chuirfear torthaí na dtrialacha in iúl d’iarrthóirí ach ag deireadh an chomórtais, gan beann ar an gcéim den chomórtas a bhain an t-iarrthóir amach. (b) Trialacha réasúnaíochta Is mar seo a leanas a eagrófar na trialacha ar inniúlachtaí réasúnaíochta na n-iarrthóirí:
Chun go n-éireodh le hiarrthóir sna trialacha réasúnaíochta, ní mór dó idir
(c) Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach Is leis an réimse a roghnaigh an t-iarrthóir a bhainfidh an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach. Is mar seo a leanas a eagrófar í:
Ní mór don iarrthóir pasmharc 15/30 a ghnóthú agus a bheith ar na hiarrthóirí is airde marcanna. Na hiarrthóirí a bhainfidh an pasmharc amach, déanfar iad a rangú de réir ord íslitheach na marcanna a ghnóthófar, de réir réimse. Úsáidfear an rangú sin (i) chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a ndéanfar a dtriail scríofa a mheasúnú agus a ndéanfar seiceáil incháilitheachta orthu (féach Roinn 4.3.3) agus (ii) chun na painéil a bhunú de réir an phróisis atá sainithe i Roinn 4.3.4. Mura bhfuil iarrthóir i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an marc is airde mar atá sainithe i Roinn 4.3.3(a), measfar go bhfuil deireadh tagtha lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar próiseáil ar scripteanna trialach scríofa agus ní dhéanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht. (d) Triail scríofa Tá an triail scríofa dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa iarrthóirí. Is mar seo a leanas a eagrófar í:
Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuirtear ar fáil a bhaineann le réimse na heacnamaíochta. Cuirfear na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO roimh dháta na trialach. Gheobhaidh na hiarrthóirí na doiciméid chéanna le linn na trialach, mar aon leis an tasc/na tascanna atá bunaithe ar na doiciméid sin. Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Is ar na táscairí sonracha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO a bheidh an measúnú bunaithe. ((5)*) . 4.3.3. An triail scríofa a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta
4.3.4. Na painéil a bhunú
Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post. ((1)*) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101 " ((2)*) https://eu-careers.europa.eu/en/documents/common-european-framework-reference-languages." ((3)*) https://epso.europa.eu/en/job-opportunities/open-for-application." ((4)*) https://epso.europa.eu/ga/help/faq/competitions-published-after-january-2023." ((5)*) https://eu-careers.europa.eu/ga/help/what-written-test.’;" |
(4) |
Ar leathanach 11, Iarscríbhinn I, Roinn 5 ‘Tástáil’ léitear mar seo a leanas: ‘5. Tástáil
|
(5) |
Ar leathanach 11, Iarscríbhinn I, Roinn 7.1 ‘Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla’ léitear mar seo a leanas: ‘7,1. Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3223/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)