Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3117 |
6.5.2024 |
TARRAINGT SIAR TOGRAÍ ÓN gCOIMISIÚN
(C/2024/3117)
Liosta na dtograí a tarraingíodh siar
Doiciméad |
An nós imeachta idirinstitiúideach |
Teideal |
Comhaontú Glas don Eoraip |
||
COM(2022)305 final* |
2022/0196 (COD) |
Togra le haghaidh RIALACHÁN ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 |
COM(2021)74 final |
2021/0040 (NLE) |
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le hIarscríbhinn 6, Cuid II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta |
COM(2020)247 final |
2020/0120 (NLE) |
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le hIarscríbhinní 1 agus 6 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a bhaineann le paindéim COVID-19 |
Geilleagar a fhóireann do Dhaoine |
||
COM(2021)569 final |
2021/0429 (APP) |
Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 |
COM(2017)824 final |
2017/0335 (CNS) |
Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha chun freagracht fhioscach agus cúrsaí buiséadacha meántéarmacha sna Ballstáit a neartú |
Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn |
||
COM(2019)110 final |
2019/0060 (NLE) |
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhosnia agus sa Heirseagaivéin |
COM(2018)611 final |
2018/0318 (NLE) |
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gcomhaontú stádais a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine |
D’fhormheas an Coimisiún tarraingt siar na dtograí sin atá ar feitheamh le linn an 2488 ú cruinniú dá chuid (27 Márta 2024). Tugtar na cúiseanna leis na tograí liostaithe a tharraingt siar in COM(2023)638 final an 17 Deireadh Fómhair 2023 (Iarscríbhinn IV) agus i gcás an togra marcáilte le ‘*’, is é an chúis leis an tarraingt siar nach raibh aon chomhaontú intuartha, i bhfianaise dhiúltú an togra ó Pharlaimint na hEorpa (P9_TA(2023)0424) agus an easpa dul chun cinn sa phlé sa Chomhairle.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3117/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)