European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3113

2.5.2024

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

An dara leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine

(C/2024/3113)

1.   Réamhrá

1.

An 9 Márta 2023, ghlac an Coimisiún a Theachtaireacht maidir le Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (an ‘Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe’). (1)

2.

Sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, an t-ionsaí a rinne an Rúis in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha, lena n-áirítear na smachtbhannaí eacnamaíocha arna bhforchur agus na frithbhearta arna ndéanamh, cuir i gcás, ag an Rúis (‘an ghéarchéim reatha’), mheas an Coimisiún gur cruthaíodh éiginnteachtaí suntasacha eacnamaíocha, gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair agus gur tháinig méaduithe móra eisceachtúla ar phraghsanna, méaduithe nach raibh coinne leo, go háirithe ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ach ar phraghsanna ábhar ionchuir agus amhábhar agus earraí príomhúla eile freisin. Na héifeachtaí sin ar fad le chéile, is iad ba chúis le suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar na mBallstát uile ar fud réimse leathan earnálacha eacnamaíocha. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí na critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar bhearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun an suaitheadh tromchúiseach sin a leigheas tríd na bearta eisceachtúla sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe.

3.

An 20 Samhain 2023, na bearta eisceachtúla a leagtar amach sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE chun suaitheadh tromchúiseach a leigheas, chinn an Coimisiún gurbh fhéidir, i bprionsabal, deireadh a chur leis na bearta sin de réir a chéile, agus riosca an tsuaite a bhaineann leis na bearta eisceachtúla sin á chur san áireamh. (2) Go háirithe, chinn an Coimisiún (i) gan leasú a dhéanamh ar chéimniú amach ranna 2.2, 2.3 agus 2.7 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe de réir a chéile, ranna a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2023, ach (ii) céimniú amach ranna 2.1 agus 2.4 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe de réir a chéile, é sin a chur siar go dtí an 30 Meitheamh 2024. D’aithin an Coimisiún gur lean an ghéarchéim reatha de bheith ina riosca agus ina foinse éiginnteachta i margaí áirithe. Trí shíneadh a chur leis an gcéimniú amach, ní hamháin gur chuir an Coimisiún ar a gcumas do na Ballstáit bearta tacaíochtaí a choinneáil ar bun mar choimirce, ach thug sé níos mó ama dóibh na bearta riachtanacha a chur chun feidhme ó thaobh riaracháin de.

4.

Sa Chomhairle Eorpach a reáchtáladh an 21-22 Márta 2024, chuir na Ballstáit i dtábhacht an tionchar atá ag an ngéarchéim go fóill agus na dúshláin atá roimh earnáil na talmhaíochta. Thug an Coimisiún faoi chomhairliúcháin bhreise leis na Ballstáit, go háirithe i bhfoirm suirbhé a seoladh an 27 Márta 2024 agus cruinniú a reáchtáladh an 15 Aibreán 2024. Iarradh ar na Ballstáit barúlacha i scríbhinn a chur isteach freisin. Chuir an Coimisiún na freagraí uile a fuarthas san áireamh ina bhreithnithe.

5.

Measann an Coimisiún, cé go ndéanann an suaitheadh eacnamaíoch difear don gheilleagar go forleathan ar fud na mBallstát, go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil chun bearta áirithe a chur chun feidhme chun na héifeachtaí a leigheas go héifeachtach, go sonrach in earnáil an táirgthe phríomhúil táirgí talmhaíochta, chomh maith leis na hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe. Sna hearnálacha sonracha sin, ina bhfuil sciar an-ard de ghnóthais bheaga, tá am breise ag teastáil le haghaidh an phróisis coigeartaithe atá riachtanach chun an ghéarchéim reatha a shárú go héifeachtach. Ina theannta sin, i gcás táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta go háirithe agus i gcás an dobharshaothraithe go pointe áirithe, is gnéithe earnáilsonracha ábhartha iad an spleáchas ar na séasúir fáis bhliantúla agus na timthriallta buainte, go háirithe an gá ionchuir a fháil, amhail leasacháin, tráth atá praghsanna an-ard, agus na táirgí deiridh a dhíol ar na praghsanna atá íseal faoi láthair. Is iad sin is cúis leis an tréimhse cur chun feidhme a bheith thar a bheith fada sna hearnálacha sin.

6.

Ar an mbonn sin, cé go gcuireann na bearta tacaíochta atá ann ar a gcumas, go ginearálta, do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na foinsí éiginnteachta atá fágtha, measann an Coimisiún go bhfuil réimsí beaga leochaileachta ann agus go bhfuil gá ar leith sna hearnálacha talmhaíochta, iascaireachta agus dobharshaothraithe le tuilleadh ama chun bearta tacaíochtaí éifeachtacha a chur chun feidhme.

7.

I bhfianaise an chúlra sin, chinn an Coimisiún síneadh a chur le céimniú amach roinn 2.1 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe go dtí an 31 Nollaig 2024 i gcás cabhair a thugtar do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, mar aon leis na hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe. I bhfianaise na ndúshlán sonrach atá rompu, measann an Coimisiún gur féidir a mheas gur gnóthais a ndéanann an ghéarchéim reatha difear dóibh iad na gnóthais sin chun críoch phointe 61(d) den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, gan a bheith ar na Ballstáit tuilleadh réasúnaithe a chur ar fáil.

8.

Measann an Coimisiún nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na ranna sin den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe arb é is aidhm dóibh tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de (i.e. ranna 2.5, 2.6 agus 2.8 ann), ranna atá bunaithe ar Airteagal 107(3)(c) CFAE, mar fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025. Dá bhrí sin, ní dhéanann an leasú seo difear do na ranna sin.

2.   Leasuithe ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe

9.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 55:

‘(55)

Leis an ionsaí a rinne an Rúis in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha, lena n-áirítear na smachtbhannaí eacnamaíocha arna bhforchur agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla, measann an Coimisiún gur cruthaíodh éiginnteachtaí suntasacha eacnamaíocha, gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair agus gur tháinig méaduithe móra eisceachtúla ar phraghsanna, méaduithe nach raibh coinne leo, go háirithe ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ach ar phraghsanna ábhar ionchuir agus amhábhar agus earraí príomhúla eile freisin. I dteannta a chéile, tá na héifeachtaí sin ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar sna Ballstáit uile. Bíonn éifeachtaí díreacha nó indíreacha ag suaitheadh sa slabhra soláthair agus ag an méadú ar an éiginnteacht, agus bíonn tionchar acu ar go leor earnálacha. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag ardú ar phraghsanna fuinnimh ar nach mór gach gníomhaíocht eacnamaíoch i ngach Ballstát. Dá réir sin, measann an Coimisiún go mbíonn tionchar ag suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch ar réimse leathan earnálacha eacnamaíocha i ngach Ballstát. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí na critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar bhearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun an suaitheadh tromchúiseach sin a leigheas.’

10.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 56:

‘(56)

Tá bonn cirt faoi leith le Státchabhair agus is féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar feadh tréimhse teoranta, más rud é go réitíonn sí an ganntanas leachtachta a bhfuil gnóthais ag dul i ngleic leis, gnóthais a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ag suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair orthu arb iad ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha is cúis leis, lena n-áirítear na smachtbhannaí arna bhforchur agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún dá aire, cé go ndéanann an suaitheadh eacnamaíoch difear don gheilleagar go forleathan ar fud na mBallstát, go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil chun bearta áirithe a chur chun feidhme chun na héifeachtaí sin a leigheas go héifeachtach, go sonrach in earnálacha an táirgthe phríomhúil táirgí talmhaíochta, na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe. Sna hearnálacha sonracha sin, ina bhfuil sciar an-ard de ghnóthais bheaga, tá am breise ag teastáil le haghaidh an phróisis coigeartaithe chun an ghéarchéim reatha a shárú go héifeachtach. Ina theannta sin, i gcás táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta go háirithe agus i gcás an dobharshaothraithe go pointe áirithe, is gnéithe earnáilsonracha ábhartha iad an spleáchas ar na séasúir fáis bhliantúla agus na timthriallta buainte, go háirithe an gá ionchuir a fháil tráth atá praghsanna an-ard agus na táirgí deiridh a dhíol ansin ar na praghsanna atá íseal faoi láthair. Is iad sin a thugann údar leis an tréimhse cur chun feidhme a bheith an-fhada sna hearnálacha sin.’

11.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 61(c):

‘c.

deonaítear an chabhair faoin 30 Meitheamh 2024 (*1) , cé is moite de chabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, mar aon le gnóthais atá gníomhach sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe, ar féidir cabhair a dheonú dóibh go dtí an 31 Nollaig 2024;

(*1)  I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, an dliteanas cánach a dtugtar an buntáiste cánach sin ina leith, ní mór é a theacht chun cinn tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024 (nó an 31 Nollaig 2024 i cás cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta nó do ghnóthais atá gníomhach sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe).’ "


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (IO C, 2023/1188, 21.11.2023).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3113/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)