European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3060

13.5.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 8 Márta 2024 - Dr. Matthäus Metzler ag gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta v Auto1 European Cars B.V.

(Cás C-186/24, Auto1 European Cars)

(C/2024/3060)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Dr. Matthäus Metzler, ag gníomhú mar chleachtóir dóchmhainneachta

Freagróir: Auto1 European Cars B.V.

An chúirt a rinne an tarchur

1.

An bhfuil Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2015/848 (1) le léiriú sa chaoi, de réir bhrí na forála sin, go n-áireofaí freisin, ar na hoibleagáidí a cuireadh i gcrích chun leas an fhéichiúnaí ar cheart a bheith curtha i gcrích chun leas riarthóir na n-imeachtaí dócmhainneachta oibleagáidí a eascraíonn as idirbheart dlíthiúil nach ndearna an féichiúnaí ach amháin tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta agus an t-údarás a aistriú chuig an leachtaitheoir?

Sa chás go bhfreagraítear an cheist seo go dearfach:

2.

An bhfuil Airteagal 31(1) de Rialachán 2015/848 le léiriú sa chaoi gurb í an áit ina gcomhlíontar an oibleagáid de réir bhrí na forála sin an áit óna ndéantar íocaíocht an tríú páirtí trí aistriú ó chuntas bainc áitiúil, fiú mura bhfuil an tríú páirtí bunaithe sa Bhallstát sin, ach go bhfuil sé bunaithe i mBallstát eile, agus nár tharla tabhairt i gcrích an idirbhirt dhlíthiúil agus comhlíonadh na hoibleagáide ar thaobh an fhéichiúnaí ann, ach trí bhrainse den tríú páirtí i mBallstát eile, eadhon an ceann i mBallstát eile, eadhon an ceann inar cuireadh tús leis na himeachtaí dócmhainneachta?

(1)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) (IO 2015 L 141, lch. 19).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3060/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)