European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3050

13.5.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšším správním soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – Česká síť s. r. o. v Odvolací finanční ředitelství

(Cás C-796/23, Česká síť)

(C/2024/3050)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Česká síť s. r. o.

Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an cás ina bhfuil comhpháirtí ainmnithe faoi dhliteanas cáin bhreisluacha a íoc thar ceann na cuideachta ar fad, bíodh is gur dhéileáil comhpháirtí eile leis an gcustaiméir deiridh i ndáil le soláthar seirbhísí, de réir socruithe cánach breisluacha speisialta le haghaidh ‘cuideachtaí’ (comhlachais daoine gan pearsantacht dhlítheanach), i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE (1) ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, go háirithe le hAirteagal 9(1) agus Airteagal 193 di?

An bhfuil comhréireacht an cháis sin le Treoir 2006/112/CE faoi réir cé acu ar sháraigh an comhpháirtí eile na rialacha maidir le hionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus cé acu ar dhéileáil sé leis an gcustaiméir deiridh thar a cheann féin?


(1)   IO 2006 L 347, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3050/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)