European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3031

30.4.2024

MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 18 Aibreán 2024

do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska

(BCE/2024/14)

(C/2024/3031)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Národná banka Slovenska, Deloitte Audit s.r.o., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2023. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2024.

(3)

Roghnaigh Národná banka Slovenska Grant Thornton Audit, s.r.o. mar a iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2024 go 2027, agus an rogha ann síneadh a chur leis an sainordú do na blianta airgeadais 2028 go 2030,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar gur cheart Grant Thornton Audit, s.r.o. a cheapadh mar iniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska do na blianta airgeadais 2024 go 2027, agus an rogha ann síneadh a chur leis an sainordú go dtí na blianta airgeadais 2028 go 2030.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 18 Aibreán 2024.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3031/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)