|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2997 |
7.5.2024 |
Fógra ón gCoimisiún
Treoraíocht maidir le léirmhíniú na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/2997)
Clár Ábhar
| Réamhrá agus achoimre | 2 |
| Giorrúcháin agus téarmaí | 2 |
| Ráiteas tábhachtach | 3 |
| Réamhrá | 4 |
| Achoimre ar na forálacha nua | 3 |
| Raon feidhme agus infheidhmeacht | 3 |
| Gabhdán luchtúcháin comhchuibhithe | 3 |
| Teicneolaíocht luchtúcháin chomhchuibhithe | 4 |
| Díchuachadh díol gléasanna luchtúcháin ó dhíol gléasanna leictreonacha | 4 |
| Faisnéis fheabhsaithe d’úsáideoirí deiridh/tomhaltóirí | 4 |
| Raon feidhme | 5 |
| Gabhdán luchtúcháin | 9 |
| Prótacail luchtaithe | 9 |
| Díchuachadh an ghléis luchtúcháin | 11 |
| Cur i bhfeidhm, comhlíonadh agus cur chun feidhme | 12 |
| Faisnéis do na tomhaltóirí | 13 |
Giorrúcháin agus téarmaí
Maidir le giorrúcháin agus téarmaí i gcomhthéacs an doiciméid seo:
|
— |
Tagraíonn ‘an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch’ do Threoir (AE) 2022/2380 (1); |
|
— |
Tagraíonn ‘RED’ do Threoir 2014/53/AE (2) maidir le Trealamh Raidió |
|
— |
Tagraíonn ‘Iarscríbhinn Ia’ d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le RED, a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún (3). |
|
— |
‘oibleagáidí a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch’, ‘rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch’, ‘forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch’ nó ‘modhnuithe a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch’, tá siad le tuiscint mar oibleagáidí, rialacha, forálacha nó modhnuithe a tugadh isteach in RED, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún, leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch. |
|
— |
Tagraíonn ‘trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le "luchtaire uilíoch" ’ don trealamh raidió seo a leanas: (a) trealamh a thagann faoi réir na gcatagóirí nó na n-aicmí trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia; (b) trealamh atá feistithe le ceallra in-athluchtaithe inbhainte nó leabaithe; agus (c) trealamh is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge. |
|
— |
Tagraíonn an ‘réiteach luchtúcháin uilíoch’ nó an ‘réiteach luchtúcháin comhchuibhithe’ don ghabhdán luchtúcháin comhchuibhithe (USB-C) agus don teicneolaíocht luchtaithe chomhchuibhithe (roghanna soláthair cumhachta USB-C suas le 15W agus USB PD os cionn 15W). |
Ráiteas tábhachtach
Is é is aidhm don doiciméad seo treoraíocht a thabhairt, i bhfoirm achoimre i dtosach agus i bhfoirm ceisteanna agus freagraí ansin, maidir leis na forálacha nua a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, lena leasaítear RED, ar forálacha iad a chuirfidh le tuiscint níos fearr ar na forálacha sin agus le cur i bhfeidhm níos aonfhoirmí agus níos comhleanúnaí.
Tá an doiciméad seo dírithe ar na Ballstáit agus ar pháirtithe eile ar gá iad a chur ar an eolas faoi na forálacha sin (e.g. comhlachais trádála agus tomhaltóirí, eagraíochtaí um chaighdeánú, monaróirí, allmhaireoirí, dáileoirí, comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus ceardchumainn). Tá sé bunaithe ar chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Ní léirítear ann, áfach, tuairimí uile na bpáirtithe leasmhara go léir lena mbaineann.
Níl an doiciméad seo ceangailteach ó thaobh dlí de. Is treoirdhoiciméad é – níl ach téacsanna ghníomhartha an Aontais a luaitear sa doiciméad seo ceangailteach ó thaobh dlí de. D’fhéadfadh sé nach dtabharfaí tuairisc iomlán nó bheacht ar chuid d’fhorálacha ghníomhartha an Aontais i dtreoirdhoiciméad.
Is inniúlacht eisiach de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) é léirmhíniú ceangailteach reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá an doiciméad seo gan dochar don léirmhíniú a sholáthraíonn CBAE maidir leis na forálacha céanna. Leis na tuairimí a nochtar sa doiciméad seo ní féidir réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais. Níl an Coimisiún ná aon duine atá ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin freagrach as aon úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis seo a leanas.
Léiríonn an doiciméad seo an reachtaíocht nuair a dréachtaíodh an doiciméad seo agus d’fhéadfadh sé go leasófar an treoraíocht a chuirtear ar fáil ina dhiaidh sin.
Ar deireadh, tugtar chun suntais go bhféadfadh sé nach bhfuil an doiciméad seo cuimsitheach agus iomlán. Níor cuireadh ach saincheisteanna áirithe san áireamh i gcásanna nuair a measadh go raibh sé inmhianaithe mínithe a thabhairt agus ní thugtar soiléirithe ach amháin maidir le forálacha RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch.
Réamhrá agus achoimre
Réamhrá
Is é is cuspóir don doiciméad seo treoraíocht a thabhairt, faoi réir an ráitis thábhachtaigh roimhe seo, maidir le hábhair agus nósanna imeachta áirithe a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, lena leasaítear RED.
Na rialacha a thugtar isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, tá siad infheidhme maidir le catagóirí sonracha de threalamh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia.
Tugtar le chéile sa doiciméad seo faisnéis a eascraíonn as malartuithe faisnéise leis na húdaráis náisiúnta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, tar éis ghlacadh na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch (go háirithe, comhairliúchán le comhaltaí de Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Trealamh Raidió (4)).
Tháinig an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch i bhfeidhm an 28 Nollaig 2022 agus beidh feidhm aici ó na dátaí a shonraítear in Airteagal 2 de (soláthraítear tuilleadh sonraí i roinn Scope and applicability). Tráth a glacadh an doiciméad seo, leasaíodh Iarscríbhinn Ia uair amháin, an 27 Meitheamh 2023, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún. Leis an rialachán tarmligthe sin, nuashonraíodh na tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla maidir le luchtú sreinge in Iarscríbhinn Ia.
Ní dhírítear sa doiciméad seo ach ar rialacha RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch. Níl sé beartaithe leis míniú a thabhairt ar rialacha eile RED, rialacha an Chreata Reachtaigh Nua (NLF) ná na treoirdhoiciméid ábhartha, an ‘Treoirleabhar RED’ (5) agus an ‘Treoirleabhar Gorm’ (6).
Dá bhrí sin, is forlíonadh é an doiciméad seo ar Threoirleabhar RED agus ba cheart é a léamh, i gcás inar gá, i gcomhar leis an Treoirleabhar Gorm agus Treoirleabhar RED. Ní bhaineann trealamh raidió a chumhdaítear le RED tairbhe as saorchúrsaíocht i margadh an Aontais ach amháin má chomhlíonann an táirge reachtaíocht is infheidhme uile an Aontais nach gá a luaitear sa doiciméad seo í.
Achoimre ar na forálacha nua
Raon feidhme agus infheidhmeacht
Beidh rialacha na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch infheidhme maidir le gutháin phóca láimhe, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin, gléasanna cinn, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, luchóga, córais loingseoireachta iniompartha agus cluasáin bhachlóige, ón 28 Nollaig 2024 ar aghaidh. Beidh feidhm ag na rialacha sin maidir le ríomhairí glúine ón 28 Aibreán 2026 ar aghaidh.
Liostaítear na catagóirí trealaimh raidió sin in Iarscríbhinn Ia agus tá feidhm ag na rialacha a thugtar isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch maidir leo, ó na dátaí a luaitear thuas, más féidir an trealamh raidió lena mbaineann a athluchtú trí luchtú sreinge.
Gabhdán luchtúcháin comhchuibhithe
Ceanglaítear le RED go mbeidh na catagóirí trealaimh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ feistithe leis an ngabhdán luchtúcháin comhchuibhithe (gabhdán USB-C). Ní hé go bhfuil toirmeasc ar ghabhdán eile a úsáid chomh fada agus na gairis raidió lena mbaineann feistithe le gabhdán USB-C freisin mar a dtugtar tuairisc air i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia). Ina theannta sin, sonraítear sa chaighdeán na roghanna éagsúla soláthair cumhachta USB atá ar fáil ó thaobh trealamh raidió a bhfuil gabhdán USB-C aige.
Tugadh isteach an fhoráil maidir le gabhdán luchtúcháin comhchuibhithe leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch mar cheanglas fíor-riachtanach nua in Airteagal 3(4) de RED. Leagtar amach an nós imeachta um measúnú comhréireachta don cheanglas sin in Airteagal 17(2) de RED (7).
Teicneolaíocht luchtúcháin chomhchuibhithe
I gcás luchtú ‘caighdeánach’, maidir leis an trealamh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, más féidir é a athluchtú trí luchtú sreinge ag voltais suas le 5 volta, sruthanna suas le 3 aimpéar nó cumhacht suas le 15 vata, ní mór na roghanna soláthair cumhachta USB a shonraítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia) a ionchorprú sa trealamh raidió sin.
I gcás luchtú ‘tapa’, maidir leis an trealamh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, más féidir é a athluchtú trí luchtú sreinge ag voltais níos airde ná 5 volta, ag sruthanna níos airde ná 3 aimpéar nó ag cumhachtaí níos airde ná 15 vata, ní mór na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) Seachadadh Cumhachta USB (USB PD), mar a dtugtar tuairisc ar i gcaighdeán EN IEC 62680-1-2 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia), a ionchorprú; agus (b) feidhmiúlacht iomlán an USB PD sin a cheadú má ionchorpraíonn sé aon phrótacal luchtúcháin breise.
Tugadh isteach an ceanglas leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch mar cheanglas fíor-riachtanach nua in Airteagal 3(4) de RED. Leagtar amach an nós imeachta um measúnú comhréireachta don cheanglas sin in Airteagal 17(2) de RED (8).
Díchuachadh díol gléasanna luchtúcháin ó dhíol gléasanna leictreonacha
Nuair a thugann oibreoir eacnamaíoch an rogha do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile an trealamh raidió cumhdaithe a fháil in éineacht le gléas luchtúcháin (soláthar cumhachta seachtrach), ní mór don oibreoir eacnamaíoch an rogha a thairiscint do na tomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile an trealamh raidió sin a fháil gan aon ghléas luchtúcháin.
Dá bhrí sin, beidh tomhaltóirí in ann gléas nua leictreonach a cheannach gan luchtaire nua.
Faisnéis fheabhsaithe d’úsáideoirí deiridh/tomhaltóirí
Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis maidir le cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear gléas luchtúcháin leis an trealamh raidió cumhdaithe a thaispeáint i bhfoirm ghrafach trí phicteagram a bheidh áisiúil don úsáideoir gus inrochtana go héasca (9). Tá an dá leagan picteagram le fáil i bhformáid ardtaifigh ag:
|
— |
|
— |
Ina theannta sin, ní mór faisnéis maidir le sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha a bheith ar fáil sna treoracha a ghabhann leis an trealamh raidió (10). Ní mór faisnéis faoin gcumhacht atá ag teastáil ón ngléas a bheith san fhaisnéis sin; agus faoi cé acu a dtacaíonn nó nach dtacaíonn sé leis an luchtú tapa comhchuibhithe. Ní mór an fhaisnéis sin a thaispeáint freisin i bhfoirm ghrafach trí úsáid a bhaint as lipéad soláimhsithe agus so-rochtana (11). Tá teimpléad an lipéid le fáil i bhfoirm ardtaifigh ag:
|
— |
https://single-market-economy.ec.europa.eu/sites/default/files/2023-01/Label_final_nodim.png. |
Cabhróidh sé sin le tomhaltóirí chun fáil amach an gcomhlíonann an gléas luchtúcháin atá acu faoi láthair sonraíochtaí a ngléis nua agus/nó cabhróidh sé leo gléas luchtúcháin comhoiriúnach a roghnú.
Raon feidhme
1. An sainmhínítear ‘an Luchtaire Uilíoch’ in RED?
Ní shainmhínítear ‘Luchtaire Uilíoch’ in RED, per se. Foráiltear leis ceanglais maidir le luchtú sreinge a chomhchuibhiú le haghaidh catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió. Nuair a cheanglaítear go bhféadfar trealamh den sórt sin a luchtú le luchtairí comhchuibhithe, ceanglaítear leis go hindíreach freisin go mbeidh na luchtairí idir-inoibritheach.
Tá sé beartaithe ceanglais chomhlántacha, i réimse an ‘luchtaire uilíoch’, a thabhairt isteach faoi ghníomh reachtach eile (i.e. Rialachán 2019/1782 lena leagtar síos Ceanglais Éicidhearthóireachta le haghaidh na Soláthairtí Cumhachta Seachtracha). Táthar ag súil go dtiocfaidh an leagan athbhreithnithe den rialachán (12) sin i bhfeidhm go luath in 2025. Is iad seo a leanas na príomhroghanna a cuireadh chun cinn:
|
— |
Tomhaltóirí a chur ar an eolas trí na ‘luchtairí uilíocha’ a mharcáil le lógó agus picteagram comhfhreagrach; |
|
— |
Cosc a chur ar dhíol luchtairí dílsithe neamhchomhlíontacha in éineacht le gairis RED; |
|
— |
Buntáistí na hidir-inoibritheachta a mhéadú trí raon feidhme luchtairí uilíocha a leathnú chuig trealamh nach gairis RED iad. |
2. An bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a thugtar isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch maidir le gach gléas leictreonach sna catagóirí nó sna haicmí a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia?
Níl feidhm ag na hoibleagáidí a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch ach amháin maidir le trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’. Sainmhínítear trealamh raidió in Airteagal 2(1) de RED. De réir na forála sin, ciallaíonn ‘trealamh raidió’ táirge leictreach nó leictreonach a astaíonn agus/nó a ghlacann radathonnta d’aon ghnó chun críche cumarsáide raidió nó rad-aimsithe, nó táirge leictreach nó leictreonach nach mór a chomhlánú le comhghabhálas, amhail aeróg, chun radathonnta a astú agus/nó a ghlacadh d’aon ghnó chun críche cumarsáide raidió nó rad-aimsithe; Ina theannta sin, sainmhínítear na téarmaí ‘tonnta raidió’, ‘cumarsáid raidió’ agus ‘rad-aimsú’ in Airteagal 2 de RED.
3. Maidir le trealamh raidió a bhaineann le catagóir nó aicme trealaimh raidió a liostaítear in Iarscríbhinn Ia agus a dhéantar gléasanna a luchtú trí chás, bosca nó stáisiún luchtúcháin, an gcuirtear as an áireamh iad chun an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú?
Ní chuirtear. Ní mór réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú sa trealamh raidió uile a bhaineann le catagóir nó aicme trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia agus is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge. Mar sin féin, mar a shoiléirítear in aithris 14 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, ní bhreithneofar ach cluasáin bhachlóige in éineacht lena gcás luchtúcháin nó lena mbosca luchtúcháin:
‘A mhéid a bhaineann le cluasáin bhachlóige, déantar an trealamh raidió lena mbaineann a mheas in éineacht lena chás luchtúcháin tiomnaithe nó lena bhosca luchtúcháin tiomnaithe, ós rud é gurb annamh go ndéantar cluasáin bhachlóige a dhealú óna gcás luchtúcháin ná óna mbosca luchtúcháin nó ós rud é nach ndéantar iad a dhealú riamh uathu mar gheall ar a méid sonrach agus a gcruth sonrach. Ní mheastar gur cuid den ghléas luchtúcháin é an cás luchtúcháin nó an bosca luchtúcháin le haghaidh an chineáil shonraigh trealaimh raidió sin.’
4. Na rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch an bhfuil feidhm acu maidir le trealamh in-athluchtaithe amháin?
Tá. Tá feidhm ag na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ maidir leis an trealamh raidió seo a leanas: (a) trealamh raidió a thagann faoi réir na gcatagóirí nó na n-aicmí trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia; (b) trealamh raidió atá feistithe le ceallra inbhainte nó leabaithe in-athluchtaithe; agus (c) trealamh raidió is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge.
5. An gcumhdaítear trealamh raidió ag a bhfuil ceallraí neamh-in-athluchtaithe (‘cineál AA’) leis na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Ní chumhdaítear. Féach an freagra ar cheist 4.
6. Trealamh raidió ag a bhfuil ceallra inbhainte nach féidir a athluchtú ach ar leithligh ón trealamh raidió (i luchtaire ceallraí)an gcumhdaítear é leis na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Ní chumhdaítear. Ní thagann trealamh raidió den sórt sin faoin sainmhíniú ar ‘threalamh raidió is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge’. Tá táirge den sórt sin ‘cosúil’ le táirge a chumhachtaítear le ceallraí neamh-in-athluchtaithe (‘cineál AA’). Níl táirge den sórt sin faoi réir rialacha RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch má tá gabhdán aige nach n-úsáidtear ach chun cur leis an gcumhacht. I bhfocail eile, níl an táirge faoi réir na rialacha sin, más rud é nach féidir an gabhdán sin a úsáid chun an trealamh raidió a (ath)luchtú.
Mar sin féin, más féidir an ceallra inbhainte a athluchtú (trí ghabhdán USB-C) agus é á chur i dtrealamh raidió nó ar threalamh raidió a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, tá an trealamh raidió sin faoi réir na rialacha a thugtar isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch fiú más féidir an ceallra a athluchtú ar leithligh ón trealamh raidió.
7. An gcumhdaítear gairis a bhfuil cumas teoranta ceallraí acu leis na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Cumhdaítear. Na rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, tá siad dírithe ar threalamh raidió a bhfuil ceallra in-athluchtaithe inbhainte nó leabaithe aige (féach aithris 14 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch), ar trealamh é is féidir (a) a athluchtú trí luchtú sreinge; agus (b) a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia. Má tá ceallra ann, is gléas in-athluchtaithe é agus níl cumas na ceallraí ábhartha (fiú nuair nach bhfuil ach aon uair an chloig amháin i gceist). Go deimhin, is minic freisin a dhéanann úsáideoirí trealaimh raidió den sórt sin a ngléas a chasadh air in áiteanna eile nach bhfuil gar do luchtaire (e.g. i gcás córais loingseoireachta iniompartha chun bealaí a sheiceáil, nuashonruithe a dhéanamh, etc.).
8. An meastar gur ceallraí iad olltoilleoirí?
Níl. Ní ceallraí iad olltoilleoirí. Tá olltoilleoirí oiriúnach le haghaidh feidhmeanna a bhfuil go leor timthriallta luchtaithe agus díluchtaithe an-tapa acu, rud nach amhlaidh i gcás an trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia.
9. Cad é an sainmhíniú ar iniompartha?
Cumhdaítear gach gléas laistigh de na catagóirí nó de na haicmí trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, ar gléasanna iad ag a bhfuil ceallra in-athluchtaithe inbhainte nó leabaithe is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge, is féidir a iompar roimh oibriú, lena linn nó ina dhiaidh. Chun na críche sin, úsáideann catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia na focail ‘iniompartha’ nó ‘láimhe’.
10. An gcumhdaítear trealamh raidió ina n-ionchorpraítear soláthar cumhachta inmheánach leis na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Ní chumhdaítear. Déantar tagairt shonrach in RED, in Airteagal 3(4) agus in Iarscríbhinn Ia, don idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus a ghléasanna luchtúcháin. I ndáil leis sin, soiléirítear an méid seo a leanas in aithris 2 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch: ‘[...] is iad na gléasanna luchtúcháin [...] cuid an tsoláthair cumhachta sheachtraigh de luchtairí [...]’ . Dá bhrí sin, trealamh raidió a ionchorpraíonn soláthairtí cumhachta inmheánacha agus a chumhachtaítear go díreach le sruth ailtéarnach (AC) ón bpríomhlíonra, ní chumhdaítear é leis na forálacha a thugtar isteach sa Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch.
11. Conas is féidir le monaróir a bheith cinnte go dtagann a tháirge faoi cheann de na catagóirí nó aicmí trealaimh raidió a chumhdaítear le hIarscríbhinn Ia? An sainítear an chatagóir táirge le príomhchás úsáide an trealaimh raidió?
Luaitear i Roinn 2.8 den Treoirleabhar Gorm go bhfuil feidhm ag reachtaíocht an Aontais i gcás ina n-úsáidtear táirgí a chuirtear ar fáil nó a chuirtear i seirbhís ar an margadh le haghaidh na húsáide atá beartaithe dóibh. Sa roinn chéanna, tá soiléirithe ann freisin maidir leis an téarma ‘úsáid bheartaithe’ agus maidir leis an gcaoi a gceanglaítear ar údaráis um fhaireachas margaidh úsáid an táirge a mheas chun a chomhréireacht a sheiceáil.
Dá bhrí sin, chun a chinneadh an mbaineann táirge le haicme nó le catagóir trealaimh raidió a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, ba cheart na gnéithe thuas den Treoirleabhar Gorm a chur san áireamh. Ós rud é go gcuireann monaróirí faisnéis ar fáil maidir le húsáid táirge, is léir nach mór don fhaisnéis sin cuspóir agus úsáid an táirge a léiriú go cruinn agus i gceart.
Mar sin féin, tá an phríomhúsáid atá beartaithe do tháirge ábhartha chun an chatagóir bheacht nó an aicme bheacht lena mbaineann táirge a chinneadh, chun críocha Iarscríbhinn Ia, má tá úsáidí coimhdeacha (feidhmeanna) ag an táirge sin.
Mar shampla, tagann guthán cliste a ionchorpraíonn ceamara digiteach faoin gcatagóir ‘1.1 gutháin phóca iniompartha’ agus ní faoin gcatagóir ‘1.3 ceamaraí digiteacha’. Is é an úsáid mar ghuthán cliste an phríomhúsáid a bhaineann leis (mar ghuthán cliste, tá sé faoi réir na rialacha a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a mbeidh feidhm acu ón 28 Nollaig 2024 ar aghaidh).
Ina theannta sin, chun a chinneadh an mbaineann táirge le haicme nó le catagóir a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, níor cheart an úsáid atá beartaithe do tháirge a mheascadh le margaíocht a dhéantar ar tháirge chun críoch áirithe (táirgí samplacha chun críoch leighis) nó le haghaidh catagóirí áirithe tomhaltóirí (mar shampla, bréagáin),
Mar shampla, maidir le guthán cliste, a bhfuil dearadh tarraingteach bréagán aige agus mar sin atá beartaithe do leanaí amháin, tagann sé faoin gcatagóir ‘1.1 gutháin phóca iniompartha’ agus dá bhrí sin, ní dhéanann an fíoras gur do leanaí amháin atá an guthán cliste atá i gceist beartaithe difear don aicmiú.
Aithníonn an Coimisiún, áfach, go bhféadfadh sé a bheith deacair i gcásanna áirithe a chinneadh an dtagann táirge faoi chatagóir ar leith a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia. An measúnú ar cibé acu a dtagann nó nach dtagann táirge ar leith faoi chatagóir ar leith a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, ní mór é a bheith bunaithe ar ghnéithe fíorasacha nithiúla. Ós rud é gurb iad údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a dhéanfaidh na rialacha a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, i gcás amhrais faoi aicmiú a dtáirgí, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha teagmháil a dhéanamh lena n-údaráis um fhaireachas margaidh chun treoraíocht a fháil.
12. An mbaineann gléas atá i gceann de na catagóirí nó aicmí trealaimh raidió a chumhdaítear le hIarscríbhinn Ia leis na forálacha a thugtar isteach sa Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch nuair atá sé ina chuid de chóras ina bhfuil go leor trealamh raidió agus trealamh eile ag idiroibriú nach liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, ?
I gcásanna ina bhfuil trealamh raidió sonrach, ar cuid de chóras é, beartaithe chun oibriú laistigh den chóras sin amháin agus nach féidir leis feidhmiú leis féin, ba cheart an córas iomlán a mheas mar chatagóir nó aicme trealaimh raidió leis féin. Dá bhrí sin, níor ghá forálacha RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a chur i bhfeidhm sa chóras sin ach amháin má tá sé faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’.
13. An bhfuil táirgí sonracha áirithe atá deartha le haghaidh úsáid tráchtála/tionsclaíoch amháin díolmhaithe ó na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a chur i bhfeidhm?
Níl. Ní dhéantar foráil maidir le díolúine den sórt sin in RED. Mar sin féin, in aithris 14 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, soiléirítear roinnt gnéithe le haghaidh aicmí nó catagóirí áirithe de threalamh raidió lena mbaineann na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’.
De réir aithris 14, ‘ maidir le ceamaraí digiteacha a dheartar go heisiach d’earnáil an chlosamhairc nó don earnáil slándála agus faireachais, níor cheart ceangal a bheith orthu an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a chomhtháthú’ .
14. An gá do threalamh raidió a thagann faoi reachtaíocht eile na forálacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a chomhlíonadh?
Is gá. Maidir le gléas a thagann faoi reachtaíocht eile, ní mór dó na hoibleagáidí a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch a chomhlíonadh agus ní mór dó an réiteach luchtúcháin uilíoch a chomhtháthú, (a) má chumhdaítear é le sainmhíniú RED ar threalamh raidió; (b) mura dtagann sé faoi aon cheann de na catagóirí atá eisiata ón raon feidhme mar a léirítear in Airteagal 1 den Treoir sin; (c) má thagann sé faoi réir na gcatagóirí nó na n-aicmí trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia; (d) má tá sé feistithe le ceallra inbhainte nó leabaithe in-athluchtaithe; agus (e) más féidir é a athluchtú trí luchtú sreinge.
15. Moladh stíle: Trealamh raidió nach féidir a athluchtú ach trí luchtú gan sreang, an féidir é a chur ar fáil ar an margadh gan an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú?
Is féidir. Ós rud é nach féidir an trealamh raidió sin a athluchtú trí luchtú sreinge, ní gá an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe (sreinge) a ionchorprú ann.
Maidir le luchtú gan sreang, cuirfidh an Coimisiún comhchuibhiú an luchtaithe gan sreang chun cinn chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh amach anseo agus aon éifeacht dhiúltach ar thomhaltóirí agus ar an gcomhshaol a sheachaint. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt gach cineáil teicneolaíochtaí luchtúcháin gan sreang (ní hamháin teicneolaíocht ionduchtach), go háirithe forbairtí ar an margadh, dul i bhfód ar an margadh, ilroinnt an mhargaidh, feidhmíocht theicneolaíoch, idir-inoibritheacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht luchtúcháin.
Mar a luaitear in aithris 13 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, ‘ ba cheart don Choimisiún gníomhú chun réitigh den sórt sin a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh amach anseo’ .
16. An bhfuil ríomhairí glúine agus trealamh raidió eile a bhfuil níos mó ná 240 W de chumhacht luchtúcháin de dhíth orthu díolmhaithe ó na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’?
Níl. Níl siad díolmhaithe. Ní mór an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú i dtrealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’.
Tá nuashonrú déanta ag an gCoimisiún (i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún), ar na tagairtí do na caighdeáin a luaitear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an leagan is déanaí de na caighdeáin Eorpacha. Dá bhrí sin, mar gheall ar na leasuithe a thugtar isteach leis an rialachán tarmligthe seo, maidir le trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’, ní mór an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú ann suas go dtí an uaschumhacht luchtúcháin atá acu nó suas le 240W má tá a uaschumhacht luchtúcháin os cionn 240W (seachas 100W sna leaganacha de na caighdeáin lena mbaineann a bhí ann roimhe seo).
Leanfaidh an Coimisiún de na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a thabhairt cothrom le dáta, chun dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch nó forbairtí margaidh a léiriú ar choinníoll go gcomhlíonann na forbairtí sin cuspóirí an réitigh luchtúcháin uilíoch.
17. An gá trealamh raidió USB PD a ionchorprú más rud é, le linn an phróisis luchtúcháin, go sáraíonn an voltas luchtúcháin, an sruth nó an chumhacht na tairseacha (> 5 V, > 3 A nó > 15 W) nach n-éilíonn USB PD a chomhtháthú ach ar feadh tréimhsí gearra ama?
Ní gá. Má tá an voltas rátaithe níos lú ná 5 V nó cothrom leis, nó má tá an sruth rátaithe níos lú ná 3 A, nó cothrom leis nó má tá an chumhacht rátaithe cothrom le 15 W nó níos lú ná sin, ansin ní gá don trealamh raidió atá i gceist USB PD a ionchorprú agus ní mór dó na roghanna soláthair cumhachta USB a shonraítear laistigh de chaighdeán USB-C (EN IEC 62680-1-3, dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia) a chur i bhfeidhm.
18. An gcumhdaítear trealamh raidió nach n-úsáideann ‘sruth ailtéarnach (SA) ó shoicéid leictreacha chun luchtú’ faoi rialacha nua RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Uilíoch Coiteanna?
Cumhdaítear. Baineann gach catagóir nó aicme de threalamh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia úsáid as sruth díreach (SD) chun luchtú. De ghnáth déantar an sruth seo a chlaochlú ó shruth ailtéarnach (SA) trí ghléas luchtúcháin (soláthar cumhachta seachtrach). Mar sin féin, tá cásanna ann inar féidir an trealamh raidió a athluchtú go díreach (gan soláthar cumhachta seachtrach) le sruth díreach (e.g. i gcarr). Déantar USB-C a ghinearálú mar an port luchtaithe réamhshocraithe i roinnt mhaith córas (foirgnimh, aerfoirt, eitleáin, traenacha, gluaisteáin, etc.) agus feidhmíonn na córais sin mar an soláthar cumhachta seachtrach agus soláthraíonn siad sruth díreach don trealamh raidió.
19. An gcumhdaítear ‘gutháin gan sreang DECT’ agus ‘gutháin brú chun caint’ faoi rialacha nua RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Mura bhfuil an trealamh raidió i measc na gcatagóirí nó na n-aicmí táirgí a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia nó mura féidir é a athluchtú trí luchtú sreinge, ní cheanglaítear an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a ionchorprú ann.
Nascann ‘gutháin mhóibíleacha’ leis an líonra trí mhinicíocht raidió agus tá siad ‘soghluaiste’ agus is féidir iad a úsáid in áit ar bith (aon áit ina dtairgeann an soláthraí seirbhíse teileafóin rochtain ar an líonra).
Nascann ‘gutháin DECT’ leis an líonra tríd an mbonn agus trí líne talún buaine agus ní oibríonn siad ach gar don bhonn ‘seasta’. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur ‘gutháin mhóibíleacha’ iad.
Ní mheastar gur ‘gutháin mhóibíleacha’ iad gléasanna‘brú-chun-caint’ nach nascann leis an líonra ceallach agus a dhéanann cumarsáid le gléasanna eile trí úsáid a bhaint as minicíochtaí raidió.
Mar sin féin, tagann gléasanna ‘brú-chun-caint tríd an líonra ceallach’ faoin gcatagóir ‘guthán móibíleach’. Go deimhin, is rogha é ‘brú-chun-caint tríd an líonra ceallach’ chun ‘guthán móibíleach’ a nascadh le líonra ceallach lena gcuirtear ar a gcumas do shíntiúsóirí a ngutháin a úsáid mar ghléasanna ‘brú-chun-caint’ a bhfuil raon neamhtheoranta acu.
Gabhdán luchtúcháin
20. An gceadaítear gabhdáin luchtúcháin dílseánaigh mar aon le gabhdán USB-C?
Ceadaítear. Le RED, ní cheanglaítear ach trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ a fheistiú le gabhdán USB-C. Dá bhrí sin, níl cosc ar ghabhdáin eile a úsáid chomh fada agus a bheidh an trealamh raidió a chumhdaítear feistithe freisin le gabhdán luchtúcháin chomhchuibhithe (USB-C).
21. An féidir gabhdáin USB-C 6 phionna a úsáid le haghaidh luchtú?
Ní féidir. Ní féidir ach gabhdáin USB-C a shonraítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia) a úsáid (12, 16 agus 24 phionna).
22. An féidir trealamh raidió a fheistiú, a mhéid a bhaineann le luchtú, le gabhdán luchtúcháin dílseánaigh amháin agus an trealamh a dhíol le cuibheoir a dhéanann an gabhdán luchtúcháin dílseánaigh a thiontú go gabhdán USB-C?
Ní féidir. Mar sin féin, féadfar trealamh raidió a fheistiú le réiteach dílseánaigh, ar choinníoll go bhfuil an trealamh raidió sin feistithe freisin le gabhdán luchtúcháin comhchuibhithe (USB-C) mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia). Féach freisin an freagra ar cheist 33.
Prótacail luchtaithe
23. Cad iad na roghanna luchtúcháin (roghanna soláthair cumhachta USB) nach mór do threalaimh raidió tacú leo?
Maidir le trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’, lena n-úsáidtear uaschumhacht luchtúcháin faoi bhun 15 W nó cothrom leis, déantar an soláthar cumhachta a chomhchuibhiú trí ghabhdán USB-C a chomhtháthú. Na roghanna maidir le ‘soláthar cumhachta’ atá ar fáil do ghabhdáin USB-C nach mór don trealamh raidió sin tacú leo, liostaítear iad i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia). Is iad seo na roghanna USB 2.0, USB 3.2, USB 4, USB BC 1.2, USB Sruth Cineál-C 1.5 A, USB Sruth Cineál-C 3.0 A, agus USB PD.
Maidir le trealamh raidió, atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’, ag a bhfuil uaschumhacht luchtúcháin os cionn 15 W, cuideoidh comhchuibhiú an ‘luchtúcháin thapa’ le cosc a chur ar tháirgeoirí trealaimh raidió luas luchtúcháin a theorannú gan údar agus cuideoidh sé lena áirithiú go mbeidh an luas luchtúcháin mar an gcéanna agus aon ghléas luchtúcháin comhoiriúnach á úsáid acu. Ní mór don trealamh raidió sin tacú le soláthar cumhachta USB PD ar a laghad agus ní mór feidhmiúlacht iomlán USB PD a áirithiú agus ní mór gan aon phrótacal luchtúcháin (dhílseánaigh) breise a chur isteach uirthi.
24. An gceadaítear prótacail luchtúcháin dílseánaigh sa bhreis ar USB PD?
Ceadaítear. Is é an cuspóir atá ann nuálaíocht a spreagadh agus úsáid leanúnach prótacal luchtúcháin eile a cheadú. Mar sin féin, le prótacail luchtúcháin dílseánaigh bhreise níor cheart cosc, srian ná teorainn a chur leis an uaschumhacht is féidir a bhaint amach leis an bprótacal luchtúcháin USB PD agus leis na crua-earraí luchtúcháin comhchuibhithe (gabhdán, sliseanna, etc.) a chomhtháthaítear sa trealamh raidió.
25. An féidir le trealamh raidió teorainn a chur le feidhmíocht luchtúcháin gléis luchtúcháin nach ón mbranda céanna é ach atá i gcomhréir leis na caighdeáin tagartha?
Ní féidir. Is é is aidhm do na leasuithe a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch feabhas a chur ar áisiúlacht do thomhaltóirí agus idir-inoibritheacht a áirithiú idir gléasanna agus gléasanna luchtúcháin gan beann ar a mbrandaí.
26. An gceadaítear do threalamh raidió tacú le cumhacht luchtúcháin níos airde (e.g. 40 W) agus prótacal luchtúcháin dílseánaigh á úsáid ná mar a cheadaítear nuair a úsáidtear USB PD (e.g. 30 W)?
Le RED (in Iarscríbhinn Ia, Cuid I, pointe 3.2 a ghabhann leis), áirithítear idir-inoibritheacht le prótacail luchtúcháin éagsúla. Chun na críche sin, ní mór do threalamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ ‘áiritheofar leo go gceadófar le haon phrótacal luchtaithe breise feidhmiúlacht iomlán USB Power Delivery dá dtagraítear i bpointe 3.1., gan beann ar an ngléas luchtúcháin a úsáidtear.’
Ciallaíonn an fhoclaíocht ‘feidhmiúlacht iomlán USB PD’ nach mór do threalamh raidió an chumhacht idirbheartaithe iomchuí a bhaint amach le haghaidh na gcrua-earraí luchtúcháin comhchuibhithe a chomhtháthaítear sa trealamh raidió agus prótacal luchtúcháin USB PD á úsáid aige (gan beann ar bhranda an ghléis luchtúcháin comhoiriúnach a úsáidtear). Ceadaítear prótacal luchtúcháin dhílseánaigh breise, lena n-uasmhéadaítear na cumais luchtúcháin thar shonraíochtaí USB PD de na crua-earraí luchtúcháin comhchuibhithe céanna. Mar sin féin, mar a luaitear sa fhreagra ar cheist 24, níor cheart, le haon phrótacal luchtúcháin dílseánaigh breise, cosc, srian ná teorainn a chur leis an gcumhacht is féidir a úsáid chun an trealamh raidió a luchtú tríd an bprótacal luchtúcháin USB PD a úsáid (suas go dtí an uaschumhacht mar a shonraítear in EN IEC 62680-1-2, ós rud é go ndéantar tagairt don chaighdeán sin in Iarscríbhinn Ia) thar na crua-earraí luchtúcháin comhchuibhithe céanna a chomhtháthaítear sa trealamh raidió.
Áirithítear go sonrach leis an bhforáil sin nach gcuirfear bac ar luchtú trí USB PD mar gheall ar phrótacal luchtúcháin dílseánaigh breise ná nach rachaidh sé chun dochar don phrótacal sin.
Ina theannta sin, tá an prionsabal seo infheidhme maidir le gléasanna a bhfuil leibhéil chumhachta níos ísle ná 15 W nó cothrom leis an leibhéal sin acu.
27. An gceadaítear trealamh raidió a luchtú ag leibhéal os cionn 240 W agus prótacal luchtúcháin breise á úsáid?
Ceadaítear. Má tá níos mó ná 240 W (e.g. 300 W) de dhíth ar an réiteach luchtúcháin dílseánaigh le haghaidh trealamh raidió, ní mór don trealamh raidió lena mbaineann tacú le USB PD suas le 240W freisin.
Tá nuashonrú déanta ag an gCoimisiún, trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún, ar na tagairtí do na caighdeáin a luaitear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an leagan is déanaí de na caighdeáin Eorpacha. Beidh feidhm ag an leagan nuashonraithe de na caighdeáin ó dháta chur i bhfeidhm na rialacha ábhartha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, i.e. le haghaidh na ngléasanna seo a leanas: gutháin phóca láimhe, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin, gléasanna cinn, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, luchóga, córais loingseoireachta iniompartha, agus cluasáin bhachlóige, ón 28 Nollaig 2024 ar aghaidh agus, i gcás ríomhairí glúine, ón 28 Aibreán 2026 ar aghaidh. Ciallaíonn sé sin, ó na dátaí sin ar aghaidh, nach mór an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe suas le 240 W a ionchorprú i dtrealamh raidió má liostaítear é in Iarscríbhinn Ia agus más féidir é a athluchtú trí luchtú sreinge ag cumhacht os cionn 240 W.
Leanfaidh an Coimisiún de na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a thabhairt cothrom le dáta, chun dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch nó forbairtí margaidh a léiriú ar choinníoll go gcomhlíonann na forbairtí sin cuspóirí an réitigh luchtúcháin uilíoch.
28. An gceadaítear sruth luchtúcháin os cionn 5 A agus prótacal luchtúcháin breise á úsáid?
Ceadaítear. Tá uasteorainn ann maidir le sruth luchtúcháin (5 A) i gcaighdeán USB PD (EN IEC 62680-1-2, dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia) agus caighdeán USB-C (EN IEC 62680-1-3, dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia). Mura bhfuil ceanglais luchtúcháin chomhfhreagracha ann le haghaidh prótacal luchtúcháin breise, áfach, féadfar sruth luchtúcháin os cionn 5 A a úsáid ar choinníoll nach gcuireann sé teorainn/srian leis an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe. Ní dhíolmhaítear leis sin, áfach, urraim a thabhairt do na soiléirithe a thugtar do na ceisteanna gaolmhara eile sa chuid seo den treoraíocht.
29. An gá an rogha a bheith ann chun trealamh raidió a luchtú i ngach modh feidhmithe (múchta, móid fuireachais, úsáid éadrom, gnáthúsáid, agus dianúsáid)?
Ní shainítear in RED na modhanna feidhmithe nach mór don trealamh raidió a bheith iontu chun oibriú a choinneáil ar bun agus é á luchtú.
Le hAithris 6 den Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, ní thugtar ach soiléirithe maidir leis ‘an íoschumhacht agus an uaschumhacht’ is gá chun an trealamh raidió a luchtú. Luaitear an méid seo a leanas ann: ‘Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht íosta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht íosta a theastaíonn óna cheallra chun tús a chur le luchtú. Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht uasta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht is gá chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach.’.
Mar sin féin, le trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’, ní mór a áirithiú nach gcuireann aon cheann dá mhodhanna luchtúcháin ceadaithe isteach ar a chomhlíontacht le RED ná nach gcuirfidh siad teorainn lena chomhlíontacht le RED (lena n-áirítear na rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch).
De ghnáth, is féidir trealamh raidió a bhfuil uaschumhacht luchtúcháin aige suas le 240W a luchtú leis an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe agus oibriú a choinneáil ar bun i ngach modh feidhmithe (múchta, móid fuireachais, úsáid éadrom, gnáthúsáid, agus dianúsáid).
D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh roinnt de mhodhanna feidhmithe an trealaimh raidió, a bhfuil uaschumhacht luchtúcháin os cionn 240 W acu, cosc ar luchtú an trealaimh raidió leis an bprótacal luchtúcháin comhchuibhithe toisc go bhfuil siad ródhian ó thaobh cumhachta de; sa chás sin, is gá a áirithiú nach ndéanfar difear do chomhlíontacht an trealaimh raidió sin.
30. Trealamh raidió a luchtaíonn trí USB-C agus USB PD ach a chuireann srian le luas sonraí ar bhealach eile, lena n-áirítear comhpháirteanna a luaitear nó nach luaitear i gcaighdeán USB-C, an gcomhlíonann sé na rialacha nua maidir le luchtú?
Níor tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch aon riail maidir le haistriú sonraí. Tugtar isteach leis ann Treoir sin rialacha an réitigh luchtúcháin uilíoch, lenar féidir le tomhaltóirí a ngléasanna a luchtú ar an luas céanna le haon ghléas luchtúcháin USB-C, gan beann ar bhranda an ghléis. Le RED, tugtar de chumhacht don Choimisiún, in Airteagal 3(3)(a), a shainiú, más gá, cad iad na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió ba ghá a thógáil ionas go mbeidh sé in ann idiroibriú le gabhálais.
Díchuachadh an ghléis luchtúcháin
31. An féidir trealamh raidió a dhíol leis an ngléas luchtúcháin sa bhosca leis?
Is féidir, chomh fada agus atá an rogha ag an tomhaltóir an trealamh raidió céanna a cheannach gan gléas luchtúcháin sa bhosca leis.
Ní cheanglaítear ar an monaróir, faoi rialacha nua RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, a áirithiú gurb ionann gnéithe coimhdeacha áirithe (e.g. dath sonrach) den trealamh raidió a thairgtear gan luchtaire agus gnéithe coimhdeacha áirithe den trealamh raidió a thairgtear le luchtaire.
32. An gá an gléas luchtúcháin a thairgtear don tomhaltóir ar leithligh ón trealamh raidió a bheith comhionann leis an ngléas luchtúcháin a dhíoltar sa bhosca leis?
Ní gá. Chomh fada agus a thairgtear gléas luchtúcháin comhoiriúnach, ní gá gurb é an dath, an tsamhail, an cineál nó an branda céanna é leis na cinn a dhíoltar sa bhosca leis an trealamh raidió.
33. Má tá gabhdán luchtúcháin malartach (i.e. gabhdán nach gabhdán USB-C é) ag trealamh raidió (e.g. stíl chruinn) chomh maith le gabhdán USB Cineál-C, an bhfuil feidhm ag ceanglais Airteagal 3a RED i ndáil le soláthar trealaimh raidió gan gléas luchtúcháin maidir leis an ngléas luchtúcháin malartach?
Tá. Is é an cuspóir atá ann úsáid gléasanna luchtúcháin atá comhoiriúnach leis an réiteach luchtúcháin uilíoch a spreagadh.
Le hAirteagal 3(a)(2) RED ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a sholáthar maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’. Tagraítear ann freisin do phicteagram (a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid III d’Iarscríbhinn Ia). Tá dhá fhormáid den phicteagram ann: an fhormáid i bpointe 1.1 nach mór a úsáid nuair a áirítear gléas luchtúcháin leis an trealamh raidió; agus an fhormáid i bpointe 1.2 nach mór a úsáid nuair nach n-áirítear gléas luchtúcháin leis an trealamh raidió. Ní mór formáid an phicteagram lena léirítear go n-áirítear gléas luchtúcháin (a shonraítear i bpointe 1.1) a úsáid (a chur ar fáil) fiú nuair a thairgtear trealamh raidió le gléas luchtúcháin nach bhfuil comhoiriúnach leis an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe (más rud é nach féidir le gléas luchtúcháin idiroibriú ach amháin trí chuibheoir, ní mheastar gur gléas luchtúcháin comhoiriúnach é). Nuair a thairgtear an trealamh raidió le dhá ghléas luchtúcháin, ceann atá comhoiriúnach agus ceann eile nach bhfuil comhoiriúnach, ní féidir ach picteagram amháin a sholáthar, nach mór a bheith san fhormáid a shonraítear i bpointe 1.1.
Má áirítear gléas luchtúcháin leis an trealamh raidió, ní mór a léiriú san fhaisnéis a cheanglaítear leis an tríú fomhír d’Airteagal 10(8) de RED cibé acu atá nó nach bhfuil an gléas luchtúcháin a áirítear leis an trealamh raidió comhoiriúnach leis an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe. Ní mór an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil le haghaidh gach gléas luchtúcháin a áirítear leis an trealamh raidió, má áirítear dhá ghléas luchtúcháin leis an trealamh raidió.
34. An mbaineann ceanglais Airteagal 3a de RED leis an gcábla luchtúcháin?
Ní bhaineann. Má tá cábla luchtúcháin inbhainte ag an luchtaire, d’fhéadfadh sé a bheith chun leasa an úsáideora deiridh go soláthraíonn an monaróir cábla luchtúchain atá rátaithe go hiomchuí leis an trealamh raidió. Is cinneadh é seo don mhonaróir nach mór dó, a mhéid a bhaineann leis an luchtaire sreinge, an reachtaíocht is infheidhme eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, amhail an Treoir maidir le hÍsealvoltas (Treoir 2014/35/AE (13)) arb é is aidhm di a áirithiú go soláthróidh trealamh leictreach laistigh dá raon feidhme ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht daoine, agus d’ainmhithe clóis agus do mhaoin.
35. I ndáil leis an gceanglas maidir le díchuachadh, an gciallaíonn sé nuair a thairgtear trealamh raidió gan gléas luchtúcháin lena dhíol, nach bhfuil aon oibleagáid ann an cineál céanna trealamh raidió a thairiscint le gléas luchtúcháin?
Ciallaíonn.
36. An gciallaíonn an ceanglas maidir leis an ngléas luchtúcháin a dhíchuachadh gur cheart an tomhaltóir a bheith in ann táirge a cheannach gan an gléas luchtúcháin?
Ciallaíonn.
Faisnéis do na tomhaltóirí
37. Cad é an chaoi ar cheart do mhonaróirí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chumais luchtúcháin (e.g. uaschumhacht agus íoschumhacht luchtúcháin, prótacal luchtúcháin) trealaimh raidió agus prótacal luchtúcháin breise á úsáid acu?
Níl sé d’oibleagáid ar mhonaróirí faisnéis maidir le réitigh luchtúcháin dílseánaigh a chur ar fáil. Is féidir le monaróirí a ngné amhairc féin, mar aon le tuairiscí ábhartha, a úsáid le haghaidh aon réiteach luchtúcháin breise a chomhtháthaíonn an trealamh raidió, ar leithligh ón lipéad a shainítear i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia, inar gá faisnéis a sholáthar faoin réiteach luchtúcháin comhchuibhithe amháin.
38. Cad iad na bearta is féidir leis an gCoimisiún a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar mhearbhall agus míthuiscint tomhaltóirí maidir le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió i gcomparáid le cumais luchtúcháin a ngléas luchtúcháin (soláthar cumhachta seachtrach)?
Tugtar de chumhacht don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn as ceanglais maidir le faisnéis infheicthe trí mhodhnú a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar an bpicteagram nó ar an lipéad dá dtagraítear i gCuid III agus i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia faoi seach, más gá.
39. An bhfuil ríomhairí glúine díolmhaithe ón gceanglas an picteagram agus an lipéad dá dtagraítear i gCuid III agus i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le RED a léiriú ar an bpacáistíocht?
Níl. Maidir le gach catagóir nó aicme de threalamh raidió atá faoi réir rialacha an ‘luchtaire uilíoch’, ní mór an picteagram agus an lipéad a bheith ar phacáistíocht an trealaimh sin In Airteagal 3a(2) de RED, sainítear an picteagram lena léirítear gurb ann nó nach ann do ghléas luchtúcháin leis an trealamh raidió. Déantar an lipéad lena dtugtar faisnéis maidir le sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus luchtairí comhoiriúnacha a shainiú in Airteagal 10(8) den treoir chéanna.
Faoi na rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, féadfar faisnéis faoi shonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus na luchtairí comhoiriúnacha (Cuid II d’Iarscríbhinn Ia) a chur ar fáil freisin trí bhíthin chóid QR nó trí bhíthin réitigh leictreonacha chomhchosúla.
Cur i bhfeidhm, comhlíonadh agus cur chun feidhme
40. Cad ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanamh le samhlacha trealaimh raidió roimhe seo nach n-ionchorpraíonn an réiteach luchtúcháin uilíoch?
Baineann monaróirí tairbhe as idirthréimhse 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch, chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir lena dtáirgí.
|
— |
Teacht i bhfeidhm: an 28 Nollaig 2022; |
|
— |
Cur i bhfeidhm: an 28 Nollaig 2024, i gcás na ngléasanna seo a leanas: gutháin phóca láimhe, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin, gléasanna cinn, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, luchóga, córais loingseoireachta iniompartha, cluasáin bhachlóige; agus an 28 Aibreán 2026 i gcás ríomhairí glúine. Tabhair faoi deara: liostaítear na catagóirí trealaimh raidió sin i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia agus tá feidhm ag rialacha an ‘luchtaire uilíoch’, ó na dátaí a léirítear thuas ar aghaidh, más féidir an trealamh raidió a athluchtú trí luchtú sreinge. |
Maidir le táirgí atá ann cheana, beidh feidhm ag na rialacha nua maidir le gach gléas 'a chuirfear ar an margadh' san Aontas i dtosach, ar dáta cur i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin (féach thuas), is cuma cé acu an mbaineann nó nach mbaineann siad le ‘múnla’ atá á mhárgú cheana. Ní aithnítear in RED an coincheap ‘samhail’, ar téarma tráchtála é.
Ní chuirfidh sé sin cosc ar dhíolachán dlíthiúil stoc trealaimh atá ann cheana agus a cuireadh ar mhargadh an Aontais roimh theacht i bhfeidhm na rialacha nua tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua. Sa ‘Treoirleabhar Gorm’, tá treoraíocht mhionsonraithe bhreise maidir leis an ábhar sin, go háirithe i roinn 2 di. Féach freisin an freagra ar cheist 43.
41. An bhfuil na rialacha infheidhme maidir le táirgí a dhíoltar lasmuigh den Aontas Eorpach?
Bunaítear le RED creat rialála chun trealamh raidió a chur ar an margadh san Aontas. Níl na rialacha agus na ceanglais a leagtar síos in RED infheidhme ach amháin ar chríoch Bhallstáit an Aontais agus níl aon chur i bhfeidhm seach-chríochach acu.
Le rialacha an Aontais, ní chuirtear d’oibleagáid ar mhonaróirí an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a chur chun feidhme ar a línte táirgí uile a dhíolann siad ar fud an domhain, ach ar na táirgí sin a dhíoltar ar mhargadh an Aontais amháin. Dá bhrí sin, ní chuireann rialacha an Aontais cosc ar mhonaróirí táirgí ina gcuimsítear réitigh luchtúcháin éagsúla a thairiscint i réigiúin éagsúla ar domhan. Dá bhrí sin, is faoi na monaróirí atá an cinneadh réitigh luchtúcháin éagsúla a roghnú le haghaidh táirgí a dhíoltar i réigiúin dhomhanda éagsúla nó réitigh luchtúcháin chomhchuibhithe an Aontais a roghnú le haghaidh na dtáirgí uile a dhíoltar ar fud an domhain.
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ amach anseo i dtíortha, amhail Stáit LEE-CSTE (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua), i gcomhréir le forálacha comhaontaithe ábhartha.
42. An gá cáblaí agus gléasanna luchtúcháin neamh-USB a chaitheamh amach?
Leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, ní cheanglaítear trealamh raidió, cáblaí, ná gléasanna luchtúcháin a dhiúscairt, ar trealamh é a úsáideann tomhaltóirí nó a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana, agus ar trealamh é nach bhfuil feistithe leis an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe. Níl feidhm ag na rialacha ach amháin maidir le haon trealamh raidió a chuirfear ar mhargadh an Aontais an dáta a chuirfear na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’ i bhfeidhm, nó ina dhiaidh sin. In RED tugtar sainmhíniú ar ‘cur ar an margadh’ mar ‘threalamh raidió a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair’ , ag tabhairt dá haire, áfach, go dtagraíonn an coincheap maidir le cur ar fáil do gach táirge aonair, seachas do chineál táirge, agus cé acu a monaraíodh mar aonad aonair é nó i sraith (féach freisin roinn 2 den Treoirleabhar Gorm lena dtugtar soiléirithe ar na téarmaí ‘cur ar an margadh’ agus ‘cur ar fáil ar an margadh’). Beidh gá leis na rialacha nua a chur in oiriúint le himeacht ama do na cleachtais atá ann cheana, ach tá coinne le tionchair dhearfacha, toisc go bhfágann ilroinnt an mhargaidh i ndáil le gabhdáin luchtúcháin go háirithe agus teicneolaíocht luchtúcháin i gcoitinne go bhfuil míchaoithiúlacht ann do thomhaltóirí agus go dtáirgtear dramhaíl leictreonach nach bhfuil gá léi.
43. Conas a léireoidh monaróirí go bhfuil ceanglais fhíor-riachtanacha ‘an Luchtaire Uilíoch’ á gcomhlíonadh?
Is réamhriachtanas é comhlíonadh cheanglais fhíor-riachtanacha infheidhme RED chun táirgí a thagann faoina raon feidhme a chur ar mhargadh an Aontais.
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de RED, ní mór do mhonaróirí a léiriú go gcomhlíonann a dtrealamh raidió na ceanglais fíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (4) de RED, agus úsáid á baint as aon cheann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas:
|
(a) |
rialú inmheánach ar tháirgeadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II; |
|
(b) |
scrúdú cineáil AE agus, ina dhiaidh sin, an cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach ar tháirgeadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III; |
|
(c) |
comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. |
Leagtar amach na ceanglais fíor-riachtanacha don ‘Luchtaire Uilíoch’ in Airteagal 3(4) de RED.
Tabhair faoi deara: Maidir le ceanglais fíor-riachtanacha eile faoi RED, i.e. na ceanglais sin a leagtar amach in Airteagal 3(2) agus (3) de RED, leagtar amach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Airteagal 17(2) agus (3) de RED.
44. Cé a chinnteoidh nach mbeidh táirgí neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais?
Cuirtear de chúram ar na Ballstáit faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh, agus ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go ndéanfar táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach, ar táirgí iad a d’fhéadfadh sláinte nó sábháilteacht úsáideoirí a chur i mbaol, nó nach gcomhlíonann na rialacha a leagtar amach i reachtaíocht a bhaineann go sonrach leis an táirge, a tharraingt siar, a thoirmeasc nó a shrianadh ó mhargadh an Aontais.
A mhéid a bhaineann le faireachas margaidh, tá feidhm ag RED in éineacht le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí.
45. Cad iad na smachtbhannaí a fhorchuirfear ar mhonaróir mura gcomhlíonann a tháirge na rialacha a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch?
Ní thugtar isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch aon smachtbhanna i gcás nach n-urramaítear na ceanglais nua a tugadh isteach. In RED, atá á leasú, tá rialacha maidir le forfheidhmiú (an nós imeachta um chlásal cosanta) agus pionóis a d’fhéadfaí a chur ar oibreoirí eacnamaíocha nach gcomhlíonann na ceanglais is infheidhme. Go háirithe, sonraítear na bearta forfheidhmiúcháin sonracha i gCaibidil V de RED. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, atá freagrach as na rialacha a fhorfheidhmiú, sraith beart ceartaitheach agus/nó sriantach a dhéanamh maidir le táirgí neamhchomhlíontacha, lena n-áirítear trealamh raidió neamhchomhlíontach a tharraingt siar nó a aisghairm.
Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 46 de RED ar na Ballstáit rialacha a leagan síos ina reachtaíocht náisiúnta maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha ar na rialacha a leagtar síos le RED. Tá na rialacha a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch ina gcuid dhílis de RED, mar sin beidh feidhm ag pionóis freisin maidir le sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha ar rialacha na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch.
Dá bhrí sin, na pionóis (lena n-áirítear na smachtbhannaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann) i gcás nach n-urramaítear na rialacha nua, a thabharfar isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, is féidir teacht orthu sna hionstraimí dlí náisiúnta, lena dtrasuitear RED. Féadfar na bearta náisiúnta trasuite sin a fháil faoin gceannteideal ‘Trasuí náisiúnta’ ar an suíomh gréasáin poiblí seo a leanas: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/NIM/?uri=CELEX:32014L0053.
46. An gceanglaítear leis na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le RED na caighdeáin uile a chomhlíonadh nó codanna áirithe díobh amháin a chomhlíonadh?
Leis na rialacha a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, ceanglaítear gabhdán USB agus prótacal luchtúcháin USB PD mar a dtugtar tuairisc orthu sna caighdeáin lena mbaineann a ionchorprú i dtrealamh raidió atá faoi réir na rialacha maidir le ‘luchtaire uilíoch’. Faoi Iarscríbhinn Ia, níl aon tagairt d'aon díolúine ó chodanna/ranna sonracha de na caighdeáin a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní mór na caighdeáin a mheas ina n-iomláine (a mhéid a bhaineann codanna/ranna na gcaighdeán leis na ceanglais sin) chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin. Rialaítear gnéithe áirithe eile le forálacha eile RED (e.g. rialaítear gnéithe sábháilteachta le hAirteagal 3(1)(a) de RED agus rialaítear gnéithe comhoiriúnachta leictreamaighnéadacha le hAirteagal 3(1)(b) de RED).
I gcás ina sonraítear roinnt réiteach malartach sna caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia, níor cheart rogha an réitigh iomchuí cur isteach ar an gcomhréireacht leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia.
47. Conas a dhéanfar na tagairtí do na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a nuashonrú nuair a fhoilseoidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú nó an Eagraíocht Eorpach um Chaighdeánú leaganacha nua?
Le RED, tugtar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn Ia a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Leis na leasuithe sin, arna n-ullmhú i bhfad roimh ré i gcomhairle leis na saineolaithe agus na páirtithe leasmhara ábhartha, beifear in ann an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch nó forbairtí sa mhargadh a léiriú go dlúth. Foilsíodh an chéad ghníomh tarmligthe (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún lena nuashonraítear na tagairtí do na caighdeáin a luaitear in Iarscríbhinn Ia) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 11 Meán Fómhair 2023. Maidir le hidirthréimhsí, déanfar anailís air sin ar bhonn cás ar chás. Mar shampla, ní dhéantar foráil d’idirthréimhse i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún. Mar sin féin, beidh feidhm de facto ag an Rialachán sin ó dháta chur i bhfeidhm rialacha Iarscríbhinn Ia a leasaíodh leis, a bhfuil foráil déanta maidir le hidirthréimhse iomchuí ina leith cheana sa Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch.
48. Trealamh raidió a dhéanann eagráin nua de chaighdeáin nach liostaítear go fóill in Iarscríbhinn Ia a chur chun feidhme cheana, an gceadaítear é ar mhargadh an Aontais sula bhfoilsítear gníomh tarmligthe lena nuashonraítear na tagairtí sin?
Ní mór a léiriú go bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha á gcomhlíonadh. Is féidir leis an monaróir caighdeáin nua nach dtagraítear dóibh fós in Iarscríbhinn Ia a úsáid chomh fada agus atá an táirge i gcomhréir leis na caighdeáin a bhfuil a dtagairtí ceangailteach ó thaobh dlí de faoi RED (dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia), agus má léirítear leis an doiciméadacht theicniúil gur áirithíodh comhlíonadh na gcaighdeán sin.
49. An gá tagairt a dhéanamh do na caighdeáin a shonraítear in Iarscríbhinn Ia i nDearbhú Comhréireachta an Aontais?
Ní gá. Níl aon oibleagáid den sórt sin ann. Ní caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha/sonraíochtaí teicniúla le haghaidh measúnú comhréireachta iad na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia. I bhfianaise struchtúr dhearbhú comhréireachta an Aontais (ní bhaineann pointe 6 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le RED le ceanglais fhíor-riachtanacha éigeantacha ná le sonraíochtaí éigeantacha), níl aon cheanglas ann tagairt a dhéanamh do na caighdeáin sin i ndearbhú comhréireachta an Aontais.
Mar sin féin, ní mór do mhonaróirí trealaimh raidió a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le RED fianaise a choinneáil i ndoiciméadacht theicniúil an táirge go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh acu. Leagtar amach in RED nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Airteagal 17 de, a bhfuil feidhm acu freisin maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ‘nua’ a bhaineann leis an ‘Luchtaire Uilíoch’ a cuireadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch.
50. Ós rud é nach caighdeáin chomhchuibhithe iad na caighdeáin dá dtagraítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an gceanglaítear ar mhonaróir comhlacht faoina dtugtar fógra a úsáid chun comhlíonadh na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch a léiriú?
Ní cheanglaítear. Níl sé éigeantach comhlacht faoina dtugtar fógra a úsáid. Féach Airteagal 3(4) agus Airteagal 17(2) de RED, mar aon leis an bhfreagra ar cheist 43.
51. Cad iad na modhnuithe ar RED a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch chun díol/ceannach/úsáid cáblaí agus luchtairí neamhshábháilte a chosc?
Ní cheadaítear ar mhargadh an Aontais táirgí nach gcomhlíonann reachtaíocht is infheidhme an Aontais.
Tá forálacha soiléire agus aonchiallacha in RED chun sábháilteacht an trealaimh raidió a thagann faoina raon feidhme a áirithiú. Ina theannta sin, rialaítear sábháilteacht luchtairí sreinge leis an Treoir maidir le hÍsealvoltas. Maidir leis na leasuithe a tugadh isteach in RED leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, is é is aidhm dóibh úsáid cáblaí agus gléasanna luchtúcháin atá comhoiriúnach leis a spreagadh, is cuma cé acu monaróir an trealaimh raidió nó monaróir eile a tháirgeann iad. Cabhraíonn sé sin le costais do thomhaltóirí a laghdú agus leis an iomaíocht a mhéadú. Ina theannta sin, tá ról ag na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh a áirithiú nach gcuirtear táirgí neamhchomhlíontacha (neamhshábháilte) ar mhargadh an Aontais.
(1) Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2380/oj).
(2) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an ngabhdán luchtúcháin agus an prótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí uile de threalamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge (IO L 223, 11.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1717/oj).
(4) Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Trealamh Raidió - E03587
(5) Treoirleabhar i ndáil leis an Treoir maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE Leagan an 19 Nollaig 2018 - https://ec.europa.eu/docsroom/documents/33162
(6) Fógra ón gCoimisiún ‘Treoirleabhar Gorm’ 2022 um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí (IO L 247, 29.6.2022, lch. 1).
(7) Féadfaidh an monaróir rogha a dhéanamh as aon cheann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas: (a) rialú inmheánach ar tháirgeadh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le RED; (b) scrúdú cineáil AE a leanann an cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach ar tháirgeadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le RED; (c) comhréireacht arna bunú ar an dearbhú cáilíochta iomlán a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le RED.
(8) Féadfaidh an monaróir rogha a dhéanamh as aon cheann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas: (a) rialú inmheánach ar tháirgeadh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le RED; (b) scrúdú cineáil AE a leanann an cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach ar tháirgeadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le RED; (c) comhréireacht arna bunú ar an dearbhú cáilíochta iomlán a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le RED.
(9) Ba cheart an picteagram a chló ar an bpacáistíocht nó a ghreamú den phacáistíocht mar ghreamán. Nuair a chuirtear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, ba cheart an picteagram a bheith ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais.
(10) Ba cheart faisnéis den sórt sin a áireamh sna treoracha, ar treoracha iad ba cheart a bheith i bhfoirm páipéir chlóite. Féadfar faisnéis den sórt sin a chur ar fáil, ina theannta sin, trí bhíthin chóid QR nó réitigh leictreonacha chomhchosúla.
(11) Maidir leis an lipéad sin: Ba cheart é a bheith (a) clóite sna treoracha; agus (b) clóite ar an bpacáistíocht nó greamaithe den phacáistíocht mar ghreamán. In éagmais pacáistíochta, ba cheart an greamán ar a bhfuil an lipéad a ghreamú den trealamh raidió. Nuair a chuirfear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, ba cheart an lipéad a bheith ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais. I gcás nach bhfuil aon rogha eile ann de bharr mhéid nó chineál an trealaimh raidió, féadfar an lipéad a phriontáil mar dhoiciméad ar leithligh a ghabhann leis an trealamh raidió.
(12) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13351-External-power-supplies-ecodesign-information-requirements-review-_ga
(13) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/35/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2997/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)