|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2973 |
24.4.2024 |
Fógra tionscnaimh maidir le himscrúdú de bhun na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta i ndáil le bearta agus cleachtais Dhaon-Phoblacht na Síne sa mhargadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis
(C/2024/2973)
Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) ar a thionscnamh féin, de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht i ndáil le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta — IPI) (1) (‘Rialachán IPI’), imscrúdú ar bhearta agus cleachtais a líomhnaíodh a rinne Daon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) as a dtagann lagú tromchúiseach agus athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargadh soláthair phoiblí na Síne le haghaidh feistí leighis (dá ngairtear na ‘bearta agus cleachtais líomhnaithe’ anseo feasta).
Tá liosta táscach de chatagóirí na bhfeistí leighis a ndéanann na bearta agus na cleachtais sin difear dóibh san iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo.
1. Tuairisc ar bhearta agus ar chleachtais na Síne
Agus iad á gcur chun feidhme ag an tSín ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil araon, agus a bhfuil feidhm acu maidir le gach eintiteas a sholáthraíonn feistí leighis, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit amhail ospidéil phoiblí, is éard atá sna bearta agus sna cleachtais líomhnaithe:
|
a) |
Tús áite a thabhairt do sholáthar feistí agus seirbhísí leighis intíre, trí bhíthin, inter alia:
|
|
b) |
Srian a chur le soláthar earraí allmhairithe, lena n-áirítear feistí leighis, go háirithe trí bhíthin ‘Bearta Riaracháin maidir le hEarraí Allmhairithe a Sholáthar’ (3) lena leagtar síos rialacha níos déine maidir le soláthar táirgí allmhairithe i gcomparáid le soláthar táirgí intíre amhail (i) nós imeachta dian um chur i bhfeidhm, meastóireacht agus faomhadh maidir le táirgí allmhairithe a sholáthar, arb é is cuspóir dó a fhíorú an bhfuil táirgí intíre ar fáil agus ar cheart iad a sholáthar in ionad na dtáirgí allmhairithe; (ii) clásal sainordaitheach maidir le leasanna náisiúnta agus leasanna poiblí sóisialta a chosaint, clásal atá le cur san áireamh go sonrach sna conarthaí a bhaineann le hearraí allmhairithe a sholáthar lena bhféadfaí an conradh a fhoirceannadh ar an bhforas sin agus (iii) forálacha sainráite maidir le fritháirimh a úsáid i soláthar rialtais táirgí allmhairithe, amhail tús áite a thabhairt do sholáthar táirgí allmhairithe ó sholáthróirí a d’aistrigh teicneolaíocht chuig fiontair Shíneacha. |
|
c) |
Coinníollacha a fhorchur ina sholáthar láraithe feistí leighis as a n-eascraíonn tairiscintí thar a bheith íseal nach féidir le cuideachtaí atá dírithe ar bhrabús a ghlacadh. |
Forchoimeádann an Coimisiún an ceart imscrúdú a dhéanamh ar bhearta nó ar chleachtais ábhartha eile de chuid na Síne, rud a fhágann go bhfuil lagú tromchúiseach athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargadh soláthair phoiblí na Síne le haghaidh feistí leighis a bhfuair sé amach ina dtaobh le linn an imscrúdaithe.
2. Réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar bhearta agus ar chleachtais na Síne
Leis na bearta agus na cleachtais shriantacha thuasluaite ar allmhairí, cuirtear oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais faoi mhíbhuntáiste suntasach sistéamach toisc go dtugann siad tús áite go córasach do sholáthar táirgí intíre chun dochair do tháirgí allmhairithe nó toisc go gcuireann siad rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha an Aontais i soláthar faoi réir nósanna imeachta idirdhealaitheacha. Trí sholáthar feistí leighis allmhairithe a chosc mura rud é, inter alia, nach bhfuil na feistí atá le soláthar ‘ ar fáil laistigh de chríoch Dhaon-Phoblacht na Síne ’, leis na srianta sin ar allmhairí agus na cleachtais sin, baintear na deiseanna gnó ar fad nó deiseanna suntasacha gnó de tháirgeoirí feistí leighis an Aontais i margadh soláthair na Síne. Cuirtear leis an tionchar diúltach sin a thuilleadh trí spriocanna soláthair náisiúnta a shocrú le haghaidh údaráis chonarthacha. Ina theannta sin, fiú nuair a thugtar rochtain ar an margadh sin, is minic a bhíonn sé faoi réir coinníollacha lena mbaintear deis chothrom de tháirgeoirí an Aontais a bheith rannpháirteach, amhail an oibleagáid rochtain a thabhairt ar a dteicneolaíochtaí. Ar deireadh, leis na cleachtais laistigh de chreat soláthair láraithe feistí leighis, spreagtar tairgeoirí le tairiscintí atá thar a bheith íseal a chur isteach nach féidir le cuideachtaí atá dírithe ar bhrabús a choimeád (4). Ina theannta sin, léirítear i ndoiciméid atá ar fáil go poiblí go n-úsáidtear soláthar láraithe chun tacú le cuideachtaí náisiúnta (5). Leis an gcleachtas sin cruthaítear iomaíocht éagórach sa mhargadh soláthair le haghaidh feistí leighis sa tSín agus fágann sé go ndéantar soláthróirí eachtracha a eisiamh de facto.
Leagtar síos na bearta agus na cleachtais thuas i ngníomhartha reachtacha, rialúcháin nó riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta leo nó cuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas ar bhonn rialta agus bíonn éifeacht athfhillteach acu dá réir.
Dá bhrí sin, is é réamh-mheasúnú an Choimisiúin go mbíonn lagú tromchúiseach agus athfhillteach de jure agus de facto ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar an margadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis i nDaon-Phoblacht na Síne mar thoradh ar na bearta agus na cleachtais thuasluaite.
3. Nós imeachta
Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe thuas, tionscnaíonn an Coimisiún leis seo imscrúdú de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán IPI.
Cinnfear leis an imscrúdú an ann do na bearta agus na cleachtais líomhnaithe sa tSín agus an é is cúis leo lagú tromchúiseach athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar an margadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis sa tSín.
I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán IPI, iarrtar ar Rialtas na Síne a thuairimí a chur isteach agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil maidir leis na bearta agus na cleachtais líomhnaithe. Iarrtar ar Rialtas na Síne freisin dul i gcomhairle leis an gCoimisiún chun deireadh a chur leis na bearta agus na cleachtais líomhnaithe nó iad a leigheas.
Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara de réir bhrí Airteagal 2(1)(h) de Rialachán IPI páirt a ghlacadh san imscrúdú agus faisnéis ábhartha a sholáthar, laistigh de 30 lá féilire ó dháta an Fhógra seo, maidir le bearta agus cleachtais na Síne a bheith ann agus maidir le héifeachtaí na mbeart agus na gcleachtas sin, agus maidir le leas an Aontais i nglacadh bhearta IPI. Chun na críche sin, iarrtar orthu úsáid a bhaint as an treoirdhoiciméad ar líne chun faisnéis a chur isteach atá le fáil sa tairseach um Rochtain ar Mhargaí ag:
https://trade.ec.europa.eu/access-to-markets/en/form-assets/IPI_interested_parties_guidance.pdf
4. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus comhfhreagras
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, agus comhfhreagras arna chur ar fáil ag an tSín, ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ (6)orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu achoimre neamhrúnda a sholáthar ar an bhfaisnéis sin a d’fhéadfadh an Coimisiún a úsáid le linn an imscrúdaithe.
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe IPI, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí, atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí, faoi bhráid an Choimisiúin, cead sonrach a iarraidh ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadófar go sainráite don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an imscrúdaithe IPI seo.
Ba cheart gach aighneacht agus iarratas a sheoladh trí ríomhphost chuig TRADE-EU-INTERNATIONAL-PROCUREMENT-INSTRUMENT@ec.europa.eu
|
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais: |
|
an Coimisiún Eorpach |
|
Directorate-General for Trade |
|
Directorate E/Unit E4 |
|
Office: CHAR 05/052 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
5. Sceideal an imscrúdaithe
De bhun Airteagal 5(3) de Rialachán IPI, tabharfar an t-imscrúdú i gcrích laistigh de naoi mí ó dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún síneadh cúig mhí a chur leis an tréimhse sin trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán IPI, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go rialta maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán laistigh den Choiste um Bhacainní Trádála arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/1843 (7).
I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán IPI, ar thabhairt i gcrích an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil go poiblí ina leagfar amach príomhthorthaí an imscrúdaithe agus an ghníomhaíocht atá beartaithe. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
6. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo
Níor cheart síneadh leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.
7. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).
(1) IO L 173, 30.6.2022, lch. 9.
(2) “Fógra ó Oifig Ghinearálta na Comhairle Stáit maidir leis an Achoimre ar an Obair a phriontáil agus a dháileadh in 2014 agus na Príomhchúraimí Oibre in 2015 maidir le hAthchóiriú an Chórais Leighis agus Sláinte a dhoimhniú” Guo Ban Fa [2015] Uimh. 34
(3) Ciorclán ón Aireacht Airgeadais maidir le hEisiúint na mBeart chun Soláthar Rialtais do Tháirgí Allmhairithe a Riar, Caiku [2007] Uimh. 119
(4) Mar shampla, i gcás steintíní corónacha agus alt glúine saorga, tháinig laghdú 93 % agus 82 % ar an meán ar phraghas an tsoláthair láraithe faoi seach.
(5) Litir Árachais Leighis [2022] Uimh. 136, Freagairt ón Riarachán Náisiúnta um Shlándáil Leighis ar Fhreagairt an Chúigiú Seisiún den 13ú Comhdháil Náisiúnta de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne ar mholadh Uimh. 8427 http://www.nhsa.gov.cn/art/2022/9/1/art_110_8940.html (arna rochtain an 18 Mí an Mhárta 2024), i bPointe 2 ‘Maidir le tacaíocht a mhéadú d’fheistí leighis náisiúnta’ luaitear go soiléir go bhfuil soláthar láraithe atá bunaithe ar mhéideanna ‘ag tacú go hoibiachtúil le fiontair ardcháilíochta náisiúnta atá ar an gcaighdeán céanna ach ar chostas níos ísle chun an iomaíocht a bhaint amach’. I bpointe 3 den doiciméad leagtar amach an cuspóir den doiciméad ‘soláthar a dhéanamh d’fhorbairt fiontar náisiúnta ar ardchaighdeán’ . De réir an doiciméid sin, sa soláthar láraithe steintíní corónacha, bhí 6 cinn de na 8 gcuideachta a roghnaíodh ina gcuideachtaí a fuair maoiniú laistigh den tír, agus sa soláthar láraithe alt glúine saorga fuair 30 as 44 chuideachta maoiniú laistigh den tír.
(6) Is doiciméad Íogair é doiciméad atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(7) Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
|
Catagóir an táirge |
Cód (1) |
|
Ionstraimí agus fearais a úsáidtear sna heolaíochtaí míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta, |
901811 , 901812 , 901813 , 901814 , 901819 , 901820 , 901831 , 901832 , 901839 , 901841 , 901849 , 901850 agus 901890 |
|
Fearais mheicnitheiripe; gléasra suathaireachta; gléasra trialach inniúlachta síceolaíche; gléasra le haghaidh teiripe ózóin, teiripe ocsaigine, teiripe aerasóil, riospráid shaorga nó gléasra riospráide teiripí eile |
901910 agus 901920 |
|
Fearais ortaipéideacha, lena n-áirítear maidí croise, criosanna agus trusanna máinliachta; cléithíní agus fearais eile de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste; codanna saorga den chorp; áiseanna éisteachta agus fearais eile a chaitear nó a iompraítear nó atá ionphlandaithe sa chorp chun éalang nó míchumas a chúiteamh |
902110 , 902121 , 902129 , 902131 , 902139 , 902140 , 902150 agus 902190 |
|
Gléasra atá bunaithe ar úsáid x-ghathanna nó radaíocht ianúcháin alfa, béite nó gáma, bídís le húsáid sna réimsí míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta nó ná bídís, lena n-áirítear gléasra radagrafaíochta nó gléasra radaiteiripe, feadáin x-ghathacha agus gineadóirí x-ghathanna eile, gineadóirí ardteannais, painéil rialúcháin agus deasca, scáileáin, boird agus cathaoireacha scrúdaithe nó cóireála agus a leithéidí |
902212 , 902213 , 902214 , 902219 , 902221 , 902229 , 902230 agus 902290 |
|
le haghaidh troscán míochaine, déidliachta, máinliachta nó tréidliachta |
940210 agus 940290 |
|
Steirileoirí míochaine, máinliachta nó saotharlainne |
841920 |
|
Carráistí le haghaidh daoine faoi mhíchumas, bídís de chineál mótarthrealmhaithe nó de chineál innealltiomáinte ar bhealach eile nó ná bídís |
871310 agus 871390 |
|
Flocas, uige, bindealáin agus earraí comhchosúla (mar shampla, cóirithe, greimlíní, ceiríní), atá tuilithe nó brataithe le substaintí cógaisíochta nó cóirithe i bhfoirmeacha nó i bpacáistithe lena miondíol chun críoch míochaine, máinliachta, déidliachta nó tréidliachta |
300510 agus 300590 |
|
Tomhaltáin agus ábhair le haghaidh úsáid leighis |
300630 , 300640 , 300650 , 300691 , 370110 , 370210 agus 401512 |
(1) Eagrán Ainmníochta CC 2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2973/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)