European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2964

25.4.2024

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2024/2964)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘HÜYÜK ÇİLEĞİ’

Uimh. AE: PDO-TR-02891 – 5.1.2023

ATFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Hüyük Çileği’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge

Aicme 1.6: Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is féidir an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Hüyük Çileği’ a úsáid le haghaidh torthaí úra sútha talún den chineál Albion, San Andreas, Sweet Ann agus Portola agus athraithigh díobh.

Is iad na príomhthréithe seo a leanas atá in ‘Hüyük Çileği’:

1.

Saintréithe fisiceacha:

Bíonn siad dea-chruthach, aonfhoirmeach agus maidir le teinne, bíonn siad measartha teann.

Méid: Bíonn siad idir méid mheánach agus méid mhór, 20-40 mm trastomhas iontu, iad 20-40 mm ar fad.

Meáchan: 20-26 g (meán: 23 g)

2.

Saintréithe orgánaileipteacha:

Cuma: dath geal, dearg nó dearg éadrom istigh agus amuigh.

Uigeacht: tá an bia measartha teann, úr agus súmhar.

Blas agus boladh: Cóimheas cothromaithe idir aigéad agus siúcra agus blas an-mhilis. Boladh taitneamhach agus aramatach.

3.

Saintréithe ceimiceacha:

Tá an aigéadacht thart ar 0,1 g/100 g.

Tá an cóimheas idir siúcra agus aigéad thart ar 8,5.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór ‘Hüyük Çileği’ a fhás agus a bhuaint sa limistéar geografach a shonraítear i Roinn 4 amháin.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na sútha talún a fhuarú go tapa ag + 2 °C ar feadh 20 nóiméad agus iad a stóráil ansin ag + 4 °C chun an cháilíocht a chaomhnú.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Tá an lógó aitheantais ‘Hüyük Çileği’ ar fáil do gach táirgeoir a chloíonn leis na rialacha dá dtagraítear sa tsonraíocht, agus ní mór é a ghreamú de gach pacáiste.

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é an limistéar geografach Ceantar Hüyük Chúige Konya i lár thiar theas na Tuirce.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc leis an limistéar geografach bunaithe ar thosca nádúrtha (ithir, aeráid) agus ar thosca daonna (saineolas áitiúil) ar saintréithe den limistéar geografach iad.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Cé gur aeráid idirthréimhseach atá idir aeráid na Meánmhara agus aeráid ilchríochach atá ag an gceantar, bíonn tionchar air ó dhálaí miocraeráide de thoradh Loch Beyşehir sa deisceart agus san iarthar, agus Shléibhte Sultan sa tuaisceart agus san oirthear agus na síntí a ghabhann leis.

Ós rud é go bhfuil Loch Beyşehir ar imeall an cheantair, loch atá ar cheann de limistéir thábhachtacha fionnuisce na Tuirce, agus ós rud é go bhfuil sruthanna beaga ann arb iad a iompraíonn uisce báistí na talún sléibhe sa tuaisceart agus san oirthear go Loch Beyşehir, ní thiteann an leibhéal taise i rith an tsamhraidh faoi bhun 60 %.

I gceantar Hüyük, tá an ithir idir 6.5-7.5 pH, tá salandacht íseal inti, agus is uigeacht crédhúrabháin ghaineamhaigh atá aici. Tá struchtúr na hithreach meánuigeach agus is éasca a bheith ag obair léi. Is cion comhionann, a bheag nó a mhór, atá ann maidir le gaineamh, cré, agus siolta. Tá coinneáil uisce agus toilleadh aeir go maith, is leor draenáil agus tréscaoilteacht uisce.

Tosca daonna

Le húsáid rialta aoiligh feirme i ngach tréimhse phlandála, saibhrítear an ithir i dtéarmaí ábhair orgánaigh.

Sainiúlacht an táirge

Eascraíonn sainiúlacht na sútha talún go háirithe as a mblas agus as a mboladh an-láidir. Thairis sin, tá ‘Hüyük Çileği’ níos milse de ghnáth i gcomparáid le torthaí ó réigiúin eile.

Nasc cúisíoch

Baineann an nasc idir an limistéar geografach agus cáilíocht shonrach an táirge go díreach leis na dálaí ina dtáirgtear na sútha talún.

Mar gheall ar an miocraeráid arb é Loch Beyşehir, ar bhruach an cheantair, agus na sléibhte mórthimpeall air, is cúis léi, comhlíontar riachtanais teochta, taise, frasaíochta, gréine agus fuaraithe ‘Hüyük Çileği’ agus is cosaint í ar na sútha talún ó dhamáiste seaca.

Ní thiteann an taise faoi bhun 60 % sa samhradh. Cinntíonn an timpeallacht thais go gcoinnítear an caillteanas uisce ag leibhéil íosta sna teochtaí le linn thréimhse aibithe na sútha talún agus laghdaíonn sí an riosca go mbeidh aibiú tobann ann. Le leibhéal íseal an riosca sin, áirithítear go bhfuil an cóimheas glúcóis, siúcróis agus fruchtóis cothromaithe agus go bhfanann an aigéadacht ag an ngnáthleibhéal. Dá thoradh sin, éiríonn bia na dtorthaí teann, súmhar agus tagann blas beagán searbh air.

Mar gheall ar an aimsir the idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair, tagann méadú ar shubstaintí feanólacha lena bhforbraítear dath dearg na dtorthaí. Idir na míonna sin, bíonn an teocht idir 30-40 °C agus chuireann sé sin le táirgeadh siúcra na dtorthaí chomh maith le blas milis a thabhairt dóibh.

Le húsáid rialta aoiligh feirme (ó ainmhithe) i ngach tréimhse phlandála, saibhrítear an ithir i dtéarmaí ábhar orgánach. Déanann sé sin difear do mhéid ‘Hüyük Çileği’.

Níl miotail throma in ‘Hüyük Çileği’ toisc go bhfuil an ithir lag ó thaobh miotail throma agus gur beag truailleán comhshaoil a bhíonn inti.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2964/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)