|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2960 |
6.5.2024 |
Caingean arna tabhairt an 18 Márta 2024 – DB agus páirtithe eile v an Pharlaimint
(Cás T-152/24)
(C/2024/2960)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: DB, DC agus DD (ionadaithe: S. Orlandi, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh an 25 Bealtaine 2023 lena bhfógraítear cearta pinsin DB a chur ar neamhní; |
|
— |
cinneadh an 4 Iúil 2023 lena ndiúltaítear na hiarratais arna dtaisceadh ag DC an 13 Márta 2023 agus ag DD an 4 Bealtaine 2023 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí príomha amháin agus saincheist dlí mhalartach amháin atá comhionann nó cosúil leo siúd a bhfuiltear ag brath orthu i gCás T-131/24 CR v an Coimisiún.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2960/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)