Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2904 |
6.5.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 7 Márta 2024 – OC v an Coimisiún
(Cás C-479/22 P) (1)
(Achomharc - Caingean le haghaidh damáistí - Dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh - Iompar Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach - Preasráiteas ó OLAF - Daoine nádúrtha a chosaint maidir le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais - Rialachán (AE) 2018/1725 - Airteagal 3, mír 1 - Coincheapa ‘sonraí pearsanta’ agus ‘duine nádúrtha inaitheanta’ - Imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF - Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 - Toimhde na neamhchiontachta - An ceart chun dea-riaracháin))
(C/2024/2904)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: OC (ionadaithe: I. Ktenidis, dikigoros)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Adamopoulos agus J. Baquero Cruz, F. Blanc Simonetti agus A. Bouchagiar, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1. |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 4 Bealtaine 2022, OC v an Coimisiún (T-384/20, EU:T:2022:273), ar neamhní a mhéid, l gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don órdú atá á lorg sa chaingean ag an gCoimisiúin chun cúiteamh a íoc as an damáiste a eascraíonn as sárú ag Iompar Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar a hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 23 Deireadh Fómhair 2018, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CÉ, prionsabal thoimhde na neamhchiontachta agus an chirt chun dea-riaracháin. |
2. |
Diúltaítear don chuid eile den achomharc. |
3. |
Tarchuirtear cás T-384/20 ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. |
4. |
Forchoimeádtar na costais |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2904/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)