European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2900

6.5.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 5 Márta 2024 – Public.Resource.Org, Inc., Right to Know CLG v an Coimisiúin Eorpach agus páirtithe eile

(Cás C-588/21 P)  (1)

(Achomharc - Rochtain ar dhoiciméid institiúidí an Aontais Eorpaigh - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Airteagal 4(2) - Eisceachtaí - Diúltú rochtana ar dhoiciméad a bhainfeadh an bonn de chosaint leasanna tráchtála, lena n áirítear maoin intleachtúil, duine nádúrtha nó duine dlítheanach dá nochtfaí é - Leas sáraitheach poiblí i dtaca le nochtadh - Caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) - Cosaint bunaithe ar chóipcheart - Prionsabal an smachta reachta - Prionsabal na trédhearcachta - Prionsabal na hoscailteachta - Prionsabail an dea-rialachais)

(C/2024/2900)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Public.Resource.Org Inc., Right to Know CLG (ionadaithe: J. Hackl, C. Nüßing, Rechtsanwälte, agus. F. Logue, Aturnae)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Delaude, G. Gattinara agus F. Thiran, Gníomhairí), an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Asociación Española de Normalización (UNE), Asociaţia de Standardizare din România (ASRO), Association française de normalisation (AFNOR), Austrian Standards International (ASI), British Standards Institution (BSI), Bureau de normalisation/Bureau voor Normalisatie (NBN), Dansk Standard (DS), Deutsches Institut für Normung eV (DIN), Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut (NEN), Schweizerische Normen-Vereinigung (SNV), Standard Norge (SN), Suomen Standardisoimisliitto ry (SFS), Svenska institutet för standarder (SIS) agus Institut za standardizaciju Srbije (ISS) (ionadaithe: K. Dingemann, M. Kottmann agus K. Reiter, Rechtsanwälte)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (185/19, EU:T:2021:445), ar neamhní.

2.

Cuirtear Cinneadh C(2019) 639 final ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2019 ar neamhní.

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc.

4.

Ordaítear don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), do Asociación Española de Normalización (UNE), do Asociaţia de Standardizare din România (ASRO), do Association française de normalisation (AFNOR), do Austrian Standards International (ASI), do British Standards Institution (BSI), do Bureau de normalisation/Bureau voor Normalisatie (NBN), do Dansk Standard (DS), do Deutsches Institut für Normung eV (DIN), do Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut (NEN), do Schweizerische Normen-Vereinigung (SNV), do Standard Norge (SN), do Suomen Standardisoimisliitto ry (SFS), do Svenska institutet för standarder (SIS) agus do Institut za standardizaciju Srbije (ISS) a gcostais féin ag an gcéad chéim agus sna himeachtaí achomhairc a íoc.

(1)   IO C 11, an 10.1.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2900/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)