Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2787 |
29.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024 – Bouwbenodigdheden Hoogeveen v EUIPO – Pürschel (BIENENBEISSER)
(Cás T-144/24)
(C/2024/2787)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Bouwbenodigdheden Hoogeveen BV (Hoogeveen, an Ísiltír) (ionadaithe: H. Roerdink, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Sören Pürschel (Frankfurt, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BIENENBEISSER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 714 834
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Eanáir 2024 i gCás R 793/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i bpáirt, sa mhéid is gur cúlghaireadh an trádmharc atá faoi cheist i bpáirt do na hearraí in Aicme 19; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sarú ar Airteagal 58(l)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33(7) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2787/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)