|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2785 |
29.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 29 Feabhra 2024 – KnitPro International v EUIPO – Crafts Americana Group (Léiriú ar rachtáin idir dhá líne chomhthreomhara)
(Cás T-133/24)
(C/2024/2785)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: KnitPro International (Jaipur, an India) (ionadaí: S. Malynicz, Abhcóide Dlí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Crafts Americana Group, Inc. (Vancouver, Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar rachtáin idir dhá líne chomhthreomhara) – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 884 264
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ó Ard-Bhord Achomhairc EUIPO an 15 Nollaig 2023 i gCás R 2672/2017-G (RENV)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a dhearbhú go bhfuil bunús maith leis an achomharc; |
|
— |
de rogha air sin, go ndéanfar an t-iarratas ar chealú mar go bhfuil sé bunaithe ar Airteagal 7(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhíbhe; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus do na hidiragraithe, má ghlacann siad páirt sna himeachtaí, costais an iarratasóra ar neamhniú a íoc, agus a gcostais féin a íoc. |
Saincheisteanna dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2785/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)