|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2774 |
29.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Deutsche Bank agus BHW Bausparkasse v BCE
(Cás T-112/24)
(C/2024/2774)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Deutsche Bank AG (Frankfurt am Main, an Ghearmáin), BHW Bausparkasse AG (Hameln, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh BCE an 8 Nollaig 2023 lena n-airítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, i ndáil leis na ceanglais á bhforchur ar na hiarratasóirí de réir Páirt 1, mír 4.1 den chinneadh, a chur ar neamhní i bpáirt; |
|
— |
a ordú do BCE na costais a íoc |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BCE dlí an Aontais nuair a sháraigh sé na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagail 4 agus 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (1) ón gComhairle agus nuair a sháraigh sé bunphrionsabail dlí an Aontais, toisc nach bhfuil aon fhoráil i ndlí an Aontais lena gceadaítear Páirt I, mír 4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid maidir le láimhseáil stuamachta na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe (‘Ceanglas GIN’), agus sa bhreis gur mhainnigh BCE scrúduithe aonaracha lena mbaineann modheolaíocht cheart a dhéanamh ar staid na n-iarratasóirí agus go bhfuil ceanglas GIN bunaithe ar fhaisnéis atá míchruinn agus ar earráidí follasacha measúnaithe. |
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BCE prionsabal na comhréireachta toisc gur cheangail sé na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlgairthe a bhaint ó Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET 1) na n-iarratasóirí ina iomláine ar bhonn comhdhlúite agus/nó ar an leibhéal aonair, gan staid ar leith na n-iarratasóirí a chur san áireamh agus an asbhaint a shocrú mar is iomchuí do phróifíl phriacal agus leibhéal leachtachta na n-iarratasóirí, agus gan tosca maolaitheacha a mheas mar is ceart. |
(1) Rialachán (AE) 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2774/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)