|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2758 |
29.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Puma v EUIPO – Handelsmaatschappij J. Van Hilst (Bróg)
(Cás T-647/22) (1)
(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear bróg - Nochtadh an dearaidh níos luaithe - Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)
(C/2024/2758)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Handelsmaatschappij J. Van Hilst BV (Waalwijk, an Ísiltír) (ionadaithe: L. Jonker agus M. Roosendaal, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Lúnasa 2022 (cás R 726/2021-3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Puma SE na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2758/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)