European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2725

29.4.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) a taisceadh an 28 Nollaig 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne MSIG

(Cás C-802/23, MSIG)

(C/2024/2725)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Nacional

Páirtithe sna príomhimeachtaí

MSIG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Sa chás seo agus de réir na n-imthosca fíorasacha arna gcur síos orthu agus de réir na gcúiseanna dlíthiúil arna gcur san áireamh sna himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ina choinne sa Spáinn, agus i bhfianaise na gcoireanna go léir inar ciontaíodh MSIG sa Fhrainc, an bhfuil nó nach bhfuil cás ‘ne bis in idem’ ann faoi Airteagal 50 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh] agus Airteagal 54 de Choinbhinsiún Schengen, i dtaca leis an gcúiseamh ina choinne sa Spáinn toisc go bhfuil ‘na gníomhartha mar an gcéanna’ de réir an raoin feidhme a thugtar don choincheap sin le cásdlí na hEorpa?

2.

In aon chás, an bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chairt agus Airteagal 54 de Choinbhinsiún Schengen agus le hAirteagail 1(3), 3(2), 4(3), 4(5) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB an 13 Meitheamh 2002 (1) maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit nach bhforáiltear le dlí na Spáinne d’aithint na n-éifeachtaí atá ag ciontuithe críochnaitheacha roimh ré ó chúirteanna Ballstát eile, ar mhaithe le measúnú a bheith indéanta, sa chás i gceist, ar an bhfuil ceist ann faoin bprionsabal ne bis in idem, ar bhonn chineál na ngníomhartha?

3.

Sa chás seo, nó go ginearálta, an bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 49(3) den Chairt nó le haithrisí 3(1), 3(2), 3(4) agus 3(5) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2009 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla (2) agus le haithrisí 12 agus Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit nach bhfuil foráil dlí, cleachtas, ná, i deireadh na dála, sásra nó nós imeachta dlí i ndlí na Spáinne lena n-aithneofaí na héifeachtaí atá ag ciontuithe críochnaitheacha roimh ré ó chúirteanna Ballstát roimhe sin, d’fhonn an pianbhreith atá le gearradh a chinneadh, a athrú nó a chur in oiriúint nó teorainn a chur leis an uastéarma príosúnachta, bíodh sé ag céim na trialach agus na pianbhreithe nó le linn a fhorfheidhmithe ina dhiaidh sin, agus d’fhonn – ina mhalairt de chás nach bhfuil ceist ann faoin bprionsabal ne bis in idem mar gheall ar chineál na ngníomhartha – comhréireacht an phionóis choiriúil a áirithiú – amhail i gcás mar atá sna himeachtaí faoi cheist, ina ndearnadh ciontú roimh ré i gcúirteanna Ballstáit eile, agus inar gearradh pianbhreitheanna déine, atá curtha isteach cheana féin, bunaithe ar ghníomhartha atá coimhdeachtach (atá i gcomhthráth lena chéile, atá dlúth dá chéile nó bainteach lena chéile nó a bhfuil ceangal coiriúil nó cosúlachta eatarthu) – leo sin dá dtriailtear sa Spáinn?

4.

I bhfianaise imthosca an cháis seo, agus go ginearálta – óir déantar eisiamh iomlán ar éifeachtaí pianbhreitheanna críochnaitheacha arna ngearradh roimh ré i mBallstáit eile an Aontais, a leagtar amach go sainráite in Airteagal 14(2)(b) maidir le breithiúnais atá le forchur sa Spáinn, in Airteagal 14(2)(c) maidir le horduithe forghníomhaithe breithiúnais, agus san fhoráil bhreise amháin atá ann (iad araon ó roimh an 15 Lúnasa 2010), ar forálacha iad a leagtar amach go sainráite i Ley Orgánica 7/2014 de 12 de noviembre, sobre intercambio de información de antecedentes penales y consideración de resoluciones judiciales penales en la Unión Europea, de transposición de la normativa europea (Dlí Orgánach 7/2014 an 12 Samhain, maidir le faisnéis ar thaifid choiriúla agus measúnú a dhéanamh ar chinntí coiriúla breithiúnacha san Aontas Eorpach, lena dtrasuitear reachtaíocht de chuid na hEorpa – an bhfuil sé i gcomhréir:

le hAirteagal 50 den Chairt, le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Schengen, ar dhá airteagal iad a bhaineann leis an bprionsabal idirnáisiúnta ne bis in idem;

agus le haithrisí 7, 8, 9, 13 agus 14 agus Airteagail 3(1), 3(2), 3(4) agus 3(5) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2009 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla, le hAirteagail 45 agus 49(3) den Chairt agus le prionsabal aitheantas fhrithpháirteach na gcinntí breithiúnach laistigh den Aontas;


(1)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO 2002 L 190).

(2)   IO 2008, L 220.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2725/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)