|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2641 |
22.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 29 Feabhra 2024 – an Ghearmáin v an Coimisiún
(Cás T-132/24)
(C/2024/2641)
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 19 Nollaig 2023 maidir le Státchabhair SA.103196 (2023/N) – an Ghearmáin – Leasú ar scéimeanna cabhrach SA.42393 (2016/C) – Formhuirear CCT laghdaithe (1) le haghaidh dianúsáideoirí fuinnimh agus Státchabhair SA.49416 (2017/N) – Formhuirear laghdaithe eischósta le haghaidh gnóthas atá dian ar leictreachas, a chur ar neamhní a mhéid a shonraítear ann gurb ionann agus státchabhair faoin Dlí um Maoiniú Fuinnimh é faoiseamh do ghnóthais atá dian ar leictreachas
|
|
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Chun tacú lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin. Rinne an Coimisiún Eorpach earráid dlí le linn dó Airteagal 107(1) CFAE a léiriú agus a chur i bhfeidhm nuair a chinn sé go bhfuair na gnóthais a ndearna an beart fógartha difear dóibh cabhair ón Stát nó cabhair trí acmhainní Stáit. Ní tobhach éigeantach de réir bhrí chásdlí na Cúirte é an faoiseamh do ghnóthais atá dian ar leictreachas ón tobhach KWKG agus ón tobhach eangaí eischósta faoi EnFG (3). Níl na cistí a bhailíonn na hoibreoirí gréasáin faoi rialú seasta stáit ach oiread agus níl siad ar fáil don stát dá bhrí sin.
(1) (Comhghiniúint cumhachta agus teasa, CCT).
(2) Dlí maidir le cothabháil, nuachóiriú agus leathnú de chomhghiniúint cumhachta agus teasa (Dlí maidir le Comhghiniúint cumhachta agus teasa – KWKG 2023), an 21 Nollaig 2015 (BGBl. I lch. 2498), a leasaíodh go deireanach le hAirteagal 9 de Dhlí an 20 Nollaig 2022 (BGBl. I lch. 2512).
(3) Dlí chun an t-aistriú fuinnimh san earnáil leictreachais a mhaoiniú trí íocaíochtaí cónaidhme agus tobhaigh (an tAcht um Maoiniú Fuinnimh – EnFG) an 20 Iúil 2022 (BGBl. I lch. 1237, 1272), a leasaíodh go deireanach le hAirteagal 5 de Dhlí an 26 Iúil 2023 (BGBl. 2023 I Uimh. 202).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2641/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)