|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2628 |
22.4.2024 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 29 Feabhra 2024 – Neuraxpharm Pharmaceuticals v an Coimisiún
(Cás T-1182/23 R)
(Imeachtaí eatramhacha - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Údarú margaíochta le haghaidh Fúmaráit dé-mheitil Neuraxpharm - Fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar fhorghníomhú a fhionraí - Easpa práinne)
(C/2024/2628)
Teanga an cháis : an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Neuraxpharm Pharmaceuticals, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina agus E. Mathieu, Gníomhairí)
Ábhar
Trína iarraidh de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8921 final ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023, lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3254 final an 13 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine – Fúmaráit dé-mheitil Neuraxpharm – Fúmaráit dé-mheitil – faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1), arna leasú, a chur ar fionraí.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha. |
|
2) |
Forchoimeádtar na costais. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2628/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)