European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2615

22.4.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Atomico Investment v EUIPO – Gomes Tominaga (atomic fund)

(Cás T-98/23)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh atomic fund - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ATOMICO - Gan cruthúnas ar chlú an mhairc níos luaithe - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 - An cás a tharchur chuig an Rannán Freasúra)

(C/2024/2615)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Atomico Investment Holdings Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaí: S. Malynicz, Abhcóide)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: P. Georgieva, D. Gája agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Augusto Gomes Tominaga (Amstardam, an Ísiltír)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Nollaig 2022 (Cás-R 324/2022 2) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear don chaingean.

2)

Ordaítear do Atomico Investment Holdings Ltd na costais a íoc.


(1)   IO C 127, 11.4.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2615/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)