|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2613 |
22.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (COMPTON)
(Cás T 746/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc COMPTON - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Easpa tuairisciúlacht - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Saincháilíocht - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 anois)
(C/2024/2613)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: BIW Invest AG (Appenzell, an Eilvéis) (ionadaithe: E. Mielke, U. Stelzenmüller agus J. Weiser, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: New Yorker Marketing & Media International GmbH (Braunschweig, an Ghearmáín) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus H. Lerchl, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1915/2021-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1915/2021-2) ar neamhní. |
|
2) |
Ordaítear do EUIPO agus New Yorker Marketing & Media International GmbH, chomh maith lena gcostais féin, leath de na costais arna dtabhú ag BIW Invest AG, lena n-áirítear na costais riachtanach chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2613/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)