|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2333 |
2.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2024 – Lantmännen and Lantmännen Biorefineries v an Coimisiún
(Cás T-93/24)
(C/2024/2333)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Lantmännen ek för (Stócólm, an tSualainn), Lantmännen Biorefineries AB (Norrköping, an tSualainn) (ionadaithe: R. Bachour, A. Van Cauwelaert, S. Perván Lindeborg agus M. Nicolin, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh i gcás AT.40054 – Ethanol Benchmarks – C(2023) 8320 final, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 agus arna dhíriú chuig Lantmännen ek för agus Lantmännen Biorefineries AB, a chur ar neamhní, go hiomlán nó go páirteach. |
|
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear costais aon idiragraithe ionchasacha |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún prionsabal thoimhde na neamhchiontachta i ndáil leis na hiarratasóirí a urramú trí glacadh leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021, C(2021) 8913 (an ‘Cinneadh Réitigh’) agus trí na tagairtí do na hiarratasóirí sa chinneadh sin. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún sárú ar cheart na n-iarratasóirí chun dea-riaracháin, lena n-áirítear cearta na neamhchlaontachta agus na cosanta, trí bhíthin nár áirithíodh go bhféadfaí aon amhras réasúnach a eisiamh maidir le neamhchlaontacht an Choimisiúin le linn dó scrúdú a dhéanamh ar cás na hiarratasóirí, tar éis glacadh leis an gCinneadh Réitigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2333/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)