|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2329 |
2.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 Vinatis v EUIPO – Vinites (VINATIS)
(Cás T-86/24)
(C/2024/2329)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Vinatis (Annecy, an Fhrainc) (ionadaí: J. Canlorbe, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vinites NV (Ms Haarlem, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VINATIS’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 274 852
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollaig 2023 i gCás R 2110/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach sa mhéid gur dhearbhaigh sé gur úsáideadh an marc níos luaithe i ndáiríre le haghaidh seirbhísí áirithe in Aicmí 35 agus 41; |
|
— |
an freasúra ina iomláine a dhiúltú;; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le linn measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar fhíorúsáid seirbhísí in Aicme 35; |
|
— |
Sárú ar Airteagail 94 agus 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le linn fianaise ar fhíorúsáid seirbhísí in Aicme 41 a mheasúnú. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2329/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)