European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2273

2.4.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 8 Feabhra 2024 – Pilatus Bank plc v an Banc Ceannais Eorpach (BCE)

(Cás C-750/21 P) (1)

(Achomharc - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Cúraimí an Bhanc Ceannais Eorpaigh (BCE) - Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - Airteagal 6(5)(b) - Maoirseacht dhíreach ar institiúidí creidmheasa ag BCE - Coinníollacha - Caingean le haghaidh neamhniú - Do-ghlacthacht - Ionadaíocht páirtí - Cumhacht aturnae a thabhairt - Ionadaí neamhúdaraithe go cuí)

(C/2024/2273)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Pilatus Bank plc (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (ionadaithe: E. Koupepidou, M. Puidokas agus E. Yoo, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear ordú Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Meán Fómhair 2021, Pilatus Bank v BCE (T 139/19, EU:T:2021:623), ar neamhní.

2.

Diúltaítear an achomharc arna thabhairt i gCás T-139/19 de bharr go bhfuil sé do-ghlactha.

3.

Ordaítear do Pilatus Bank plc na costais a íoc.


(1)   IO C 95, an 28.02.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2273/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)