|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2272 |
2.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – UL, SA Royal Antwerp Football Club v Union royale belge des sociétés de football association ASBL (URBSFA)
(Cás C-680/21, (1) Royal Antwerp Football Club)
(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - An margadh inmheánach - Rialacha arna mbunú ag cumainn spóirt idirnáisiúnta agus náisiúnta - Sacar gairmiúil - Eintitis phríobháideacha a bhfuil cumhachtaí rialála, maoirseachta agus smachtbhannaí acu - Rialacha lena gceanglaítear ar chlubanna sacair ghairmiúil úsáid a bhaint as líon íosta d’imreoirí ‘traenáilte sa bhaile’ - Airteagal 101(1) CFAE - Cinneadh ó chomhlachas gnóthas lena ndéantar dochar don iomaíocht - Na coincheapa ‘cuspóir’ agus ‘éifeacht’ frithiomaíoch - Díolúine faoi Airteagal 101(3) CFAE - Coinníollacha - Airteagal 45 CFAE - Idirdhealú indíreach de bhíthin náisiúntachta - Bac ar shaorghluaiseacht oibrithe - Bonn cirt - Coinníollacha - Dualgas cruthúnais)
(C/2024/2272)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal de première instance francophone de Bruxelles
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: UL, SA Royal Antwerp Football Club
Cosantóir: Union royale belge des sociétés de football association ASBL (URBSFA)
Tríú páirtí: Union des associations européennes de football (UEFA)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag comhlachas atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal na hEorpa agus arna gcur chun feidhme ag an gcomhlachas sin agus ag na cumainn sacair náisiúnta is baill den chomhlachas sin, agus lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil ag an gclub sin féin nó laistigh de dhlínse chríche an chumainn náisiúnta lena bhfuil an club sin cleamhnaithe a chur ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, agus go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar an leibhéal náisiúnta, lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí traenáilte i ndlínse chríche an chumainn sin a áireamh ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, más rud é go bhfuil sé suite, ar an gcéad dul síos, go bhféadfadh cinntí na gcomhlachas gnóthas dul i gcion ar an trádáil idir na Ballstáit agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé de chuspóir nó d’éifeacht acu srian a chur leis an iomaíocht idir clubanna sacair ghairmiúil, ach amháin, sa dara ceann de na cásanna sin, má léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil bonn cirt leo trí chuspóir dlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus go bhfuil siad fíor-riachtanach chun na críche sin. |
|
(2) |
Maidir le hAirteagal 101(3) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi nach gceadaítear leis díolúine a fháil ó chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal sin le haghaidh a leithéide de chinntí ó chomhlachais gnóthas, más rud é go bhfuil na cinntí ar neamhréir leis an mír sin, ach i gcás ina léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil na coinníollacha go léir is gá chuige sin á gcomhlíonadh. |
|
(3) |
Maidir le hAirteagal 45 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal náisiúnta lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil i ndlínse chríche an chumainn sin a chur le liosta a imreoirí agus a chuimsiú ar liosta an scuaid cluiche, mura suitear gurb iomchuí na rialacha le baint amach an chuspóra maidir le hearcaíocht agus traenáil imreoirí óga sacair ghairmiúil a spreagadh go háitiúil a áirithiú go comhsheasmhach córasach agus nach dtéitear leo thar a bhfuil riachtanach leis an gcuspóir sin a bhaint amach. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2272/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)