|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2201 |
21.3.2024 |
Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún
(C/2024/2201)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL
(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)
‘Mela di Valtellina’
Uimh. AE: PGI-IT-0574-AM02 – 28.12.2023
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm an táirge
‘Mela di Valtellina’
2. An Ballstát lena mbaineann an limistéar geografach
An Iodáil
3. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
Aireacht Talmhaíochta, Biafhlaithis agus Foraoiseachta
—
4. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta
Míniú ar an gcúis go dtagann na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
Maidir leis na leasuithe ar an tsonraíocht agus ar an doiciméad aonair, is leasuithe caighdeánacha iad faoi Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh.°1151/2012, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/2117, ar na cúiseanna seo a leanas:
|
a) |
ní leasaítear leo ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint, ná úsáid an ainm sin; |
|
b) |
ní dócha go gcuirfí ar neamhní leo an nasc dá dtagraítear in Airteagal°5(1)(b) le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná in Airteagal°5(2)(b) le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint; |
|
(c) |
ní bhíonn aon sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gceist leo; nó |
|
(d) |
ní ghabhann aon srian breise leo maidir le margú an táirge. |
1. Leasú ar na sonraíochtaí stórála
An fhoclaíocht atá ann faoi láthair den chéad mhír d’Airteagal 5.7 den tsonraíocht maidir le stóráil:
Déantar ‘Mela di Valtellina’ a stóráil trí ghnáth-theicnící stórála a bhaineann le cuisniúchán (SA), ocsaigin íseal (LO) nó ocsaigin shár-íseal (ULO) a úsáid.
Go sonrach:
|
— |
bíonn teochtaí idir 0,2 °C agus 2 °C ag na seomraí ina ndéantar na húlla a stóráil, ag brath ar an gcineál; |
|
— |
bíonn an leibhéal O2 idir 1 % agus 3 %; |
|
— |
bíonn an leibhéal CO2 idir 1,2 % agus 3 %; |
|
— |
bíonn an bhogthaise choibhneasta idir 90 % agus 98 %. |
Foclaíocht nua:
Ní mór ‘Mela di Valtellina’ a choinneáil i bhfuarstóras in atmaisféar rialaithe nó i saoráidí atá oiriúnach don táirge a chaomhnú.
Cúis:
Tá saoráidí dea-dheartha, sách mór ag na gabháltais agus na cuideachtaí atá mar pháirt de chóras rialaithe TGFC Mela di Valtellina chun caomhnú na dtorthaí a áirithiú. Cuirtear oiliúint theicniúil ar a mbaill foirne chun bheith in ann na dálaí fuaraithe agus bogthaise a rialú chomh maith leis na leibhéil gáis taobh istigh de na seomraí stórála, lena n-áirithítear gur féidir na torthaí a choinneáil i riocht foirfe sláinte agus cáilíochta ar feadh tréimhsí fada. Leis na saoráidí stórála atá le fáil sa limistéar táthar in ann a áirithiú dá réir sin go gcoinnítear na saintréithe orgánaileipteacha agus céadfacha a cheanglaítear leis an tsonraíocht táirge ar feadh tréimhsí fada, a bhuí le teicneolaíocht, nuálaíocht leanúnach agus cúrsaí athnuachana don fhoireann atá freagrach. Áirithítear leis sin go gcuirtear an cháilíocht is fearr ar fáil don tomhaltóir deiridh. I bhfianaise an méid sin, scriosadh na paraiméadair theicniúla a bhaineann leis na dálaí stórála ón tsonraíocht. Agus tomhas á dhéanamh ar na paraiméadair sin le linn seiceálacha cuireadh ualach breise ar oibreoirí, gan aon fhianaise shoiléir a bheith ann maidir lena dtionchar ar cháilíocht táirge. Bhí forbairtí teicneolaíochta ann maidir le fuarstórais agus is féidir dálaí an chomhshaoil stórála a choigeartú i bhfíor-am. Le fírinne, tá saoráidí nua-aimseartha in ann na paraiméadair stórála a uathrialú chun na dálaí is fearr a áirithiú maidir leis an táirge a chaomhnú i gcónaí, rud nach mór a áirithiú ó bhuaint amháin go chéile.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
2. Leasú ar na rialacha lipéadaithe
Leasaíodh Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.7 den doiciméad aonair mar a leanas: Ní mór lógó an táirge a bheith ar an bpacáistíocht i dteannta shiombail TGFC an Aontais.
Is é atá sa lógó léiriú stílithe de bhraon, le scáthaithe beann sléibhe ag an mbarr, i ndath Dubh Pantone.
Laistigh den bhraon tá picteagram lena léirítear úll agus duilleog, agus é tarraingthe i líne ghrafach aonair ar dhath órga (Pantone 872 C, i scragall te); tá na focail ‘Mela di Valtellina IGP’ [TGFC Mela di Valtellina] clóite i ndath bán i gcló iodálach, agus ‘M’, ‘V’ agus ‘IGP’ i gceannlitreacha, thar thrí líne.
Ní mór na focail ‘Mela di Valtellina IGP’ [TGFC Mela di Valtellina] a bheith le feiceáil i litreacha níos mó ná iad siúd d’aon fhoclaíocht eile ar an bpacáistíocht.
I gcás ina n-úsáidtear greamáin aonair, ní mór iad a bheith ar 50 % de na torthaí ar a laghad sa phacáiste. Ní mór na greamáin, lena dtaispeántar an lógó, a bheith greamaitheach agus gan bheith níos lú ná 2 × 2 cm i méid.
I gcás nach n-úsáidtear greamáin aonair, ní mór na torthaí a phacáistiú i bpacáistí iata, séalaithe.
Féadfar foclaíocht agus/nó siombailí lena dtagraítear d’ainmneacha, ainmneacha cuideachta, cómharcanna nó trádmharcanna aonair a úsáid in éineacht leis an tásc geografach faoi chosaint, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leis na gnéithe sin agus nach gcuirfidís an ceannaitheoir amú.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Mela di Valtellina’
Uimh. AE: PGI-IT-0574-AM02 – 28.12.2023
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]
‘Mela di Valtellina’
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-ábhar
3.1. Cineál táirge [mar atá sé in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.6 – Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte.
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Úsáidtear na cineálacha seo a leanas le ‘Mela di Valtellina’ a tháirgeadh: ‘Red Delicious’ – ‘Golden Delicious’ – ‘Gala’. Nuair a scaoiltear iad lena dtomhailt, bíonn na saintréithe seo a leanas acu: Red Delicious: eipeacarp tiubh neamh-chéiriúil de dhath an-dearg lonrach, agus an dath ceannasach ag cumhdach níos mó ná 80 % den dromchla, é mín, gan aon ruachan ná gréisceacht, frithsheasmhach in aghaidh láimhseála; cruth cóin dhronuilleogaigh chiorraithe ag a bhfuil cúig lóba agus plána peinteagánach meánchiorclach; trastomhas íosta 65 mm; íosmhéid siúcra níos mó ná 10° Brix; craiceann: bán le dea-bholadh úll de dhéine mheasartha. Dea-bholaithe diana den mhil, seasmain agus aibreog. An-bhriosc agus súmhar. Blas ceannasach milis le haigéadacht shuntasach agus dea-bholadh de dhéine mheasartha. Gan aon searbhas. Teinne an bhia nach lú ná 5 kg/cm2. Is iad seo a leanas saintréithe Golden Delicious: eipeacarp neamh-chéiriúil de dhath dian buí agus iad aibí, bándearg uaireanta ar an gcuid nochta don ghrian, in amanna le ruachan, soghabhálach i leith damáiste le láimhseáil; cruth cóin sféarúil nó dhronuilleogaigh chiorraithe, beagán easnach ar an ngearradh trasnach; trastomhas íosta 65 mm; íosmhéid siúcra níos mó ná 11.5 Brix; bia de dhath bán an uachtair ag a bhfuil dea-bholadh dian úll. Tá teinne mheasartha acu, brisce agus súmhaireacht agus gan a bheith ach beagáinín mineach. Tá an toradh sainiúil mar gheall ar a mhilseacht, cé go bhfuil méid suntasach aigéadachta aige, ar comhartha dá úire é. Dea-bholadh úll de dhéine mheasartha. Gan aon searbhas. Teinne an bhia nach lú ná 5 kg/cm2. Tá na saintréithe seo a leanas ag Gala: eipeacarp dearg gléigeal, agus an dath dearg ag cumhdach íosmhéid 30 % den dromchla i gcás Gala caighdeánach agus 65 % i gcás clón feabhsaithe; cruth cóin ghearr chiorraithe, ag a bhfuil cúig rinnlóbaí suntasacha; trastomhas íosta 65 mm; íosmhéid siúcra níos mó ná 11° Brix; bia de dhath bán an uachtair agus dea-bholadh de dhéine mheánach. Measartha teann agus an-súmhar gan a bheith mineach. Tá an blas milis, le beagán aigéadachta agus dea-bholadh deas measartha dian. Gan aon searbhas. Teinne an bhia nach lú ná 5 kg/cm2. Scaoiltear torthaí d’aicmí cáilíochta ‘Extra’ agus ‘I’ lena dtomhailt.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór oibríochtaí táirgeachta a dhéanamh laistigh den limistéar geografach sainithe.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Scaoiltear ‘Mela di Valtellina’ lena dtomhailt i ngabhdáin torthaí – tráidirí cairtchláir – boscaí teileascópacha (traypak) – cliathbhoscaí adhmaid – cliathbhoscaí plaisteacha in-athúsáidte – pacáistí séalaithe ina bhfuil roinnt úll (tráidirí, boscaí agus málaí).
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór lógó an táirge a bheith ar an bpacáistíocht i dteannta shiombail TGFC an Aontais. Is é atá sa lógó léiriú stílithe de bhraon, le scáthaithe beann sléibhe ag an mbarr, i ndath Dubh Pantone. Laistigh den bhraon tá picteagram lena léirítear úll agus duilleog, tarraingthe i líne ghrafach aonair ar dhath órga (pantone 872 C, i scragall te); tá na focail ‘Mela di Valtellina IGP’ [TGFC Mela di Valtellina] clóite i ndath bán i gcló iodálach, agus ‘M’, ‘V’ agus ‘IGP’ i gceannlitreacha, thar thrí líne. Ní mór na focail ‘Mela di Valtellina IGP’ [TGFC Mela di Valtellina] a bheith le feiceáil i litreacha níos mó ná iad siúd d’aon fhoclaíocht eile ar an bpacáistíocht. I gcás ina n-úsáidtear greamáin aonair, ní mór iad a bheith ar 50 % de na torthaí ar a laghad sa phacáiste. Ní mór na greamáin, lena dtaispeántar an lógó, a bheith greamaitheach agus gan bheith níos lú ná 2 × 2 cm i méid. I gcás nach n-úsáidtear greamáin aonair, ní mór na torthaí a phacáistiú i bpacáistí iata, séalaithe. Féadfar foclaíocht agus/nó siombailí lena dtagraítear d’ainmneacha, ainmneacha cuideachta, cómharcanna nó trádmharcanna aonair a úsáid in éineacht leis an tásc geografach faoi chosaint, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leis na gnéithe sin agus nach gcuirfidís an ceannaitheoir amú.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá na bardais seo a leanas de Chúige Sondrio i limistéar táirgeachta ‘Mela di Valtellina’: Albosaggia, Andalo Valtellino, Ardenno, Berbenno di Valtellina, Bianzone, Buglio in Monte, Caiolo, Castello dell’Acqua, Castione Andevenno, Cedrasco, Cercino, Chiavenna, Chiuro, Cino, Civo, Colorina, Cosio Valtellino, Dazio, Delebio, Dubino, Faedo Valtellino, Forcola, Fusine, Gordona, Grosio, Grosotto, Lovero, Mantello, Mazzo di Valtellina, Mese, Mello, Montagna in Valtellina, Morbegno, Novate Mezzola, Piateda, Piantedo, Piuro, Poggiridenti, Ponte in Valtellina, Postalesio, Prata Camportaccio, Rogolo, Samolaco, San Giacomo Filippo, Sernio, Sondalo, Sondrio, Spriana, Talamona, Teglio, Tirano, Torre di Santa Maria, Tovo di Sant’Agata, Traona, Tresivio, Verceia, Vervio, Villa di Chiavenna agus Villa di Tirano.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Is mar gheall ar oscailteacht fhabhrach Ghleann Valtellina go bhfuil an limistéar ina bhfástar ‘Mela di Valtellina’ speisialta. Téann an gleann anoir siar agus cosnaítear é sa tuaisceart ag na hAlpa Raetach agus sa Deisceart ag na Réamh-Alpa Orobian. Tá aeráid shéimh ann dá bhrí sin agus é aeraithe leis an Foehn, gaoth the, thirim is cúis le hardú tobann suntasach teochtaí agus le laghdú tobann suntasach bogthaise an atmaisféir. Éiríonn an gleann ó 200 m go 900 m os cionn leibhéal na mara, rud a fhágann go bhfuil na húlloird nochta don solas agus dea-aeráilte. Tá na húlloird suite den chuid is mó i gcóin scagacha ghláracha ina bhfuil comhchruinniú ard carraigeacha agus cloch, gur ar éigean atá aon uisce marbh ann agus ina bhfuil na hithreacha fo-aigéadach nó aigéadach. Léiríodh san anailís orgánaileipteach gurb iad na saintréithe roinnte ag na trí chineál ‘Mela di Valtellina’ ná an bia teann, dlúth, briosc agus aramatach atá acu. Go sonrach: — tá bia den chineál Gala sách dlúth agus an-súmhar gan a bheith mineach ar bith. Tá an blas milis, le beagán aigéadachta agus gan searbhas agus dea-bholadh deas de dhéine mheánach; — Léirítear le Golden Delicious teinne mheánach, brisce agus súmhaireacht, gan a bheith mineach. Tá an blas milis agus an dea-bholadh dian; — Tá dea-bholadh dian ag Red Delicious le blasanna meala, seasmaine agus aibreoige. Tá an bia an-téann, briosc agus súmhar; tá an dea-bholadh de dhéine mheánach. Ar na saintréithe eile tá dath an-dian na dtorthaí agus a chruth fadaithe an-tarraingteach, gnéithe dhéantar níos déine leis an méid sholas na gréine a fhaightear mar gheall ar oscailteacht an ghleanna mar a thuairiscítear i bpointe 4. Téann cáil ‘Mela di Valtellina’ siar go dtí an tréimhse tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus fás tagtha uirthi le himeacht na mblianta, a bhuí le hiarrachtaí comharchumann talmhaíochta éagsúil a rinne, i gcomhar le hinstitiúidí ollscoile ar speisialtóirí iad i bhfás úll, fás úll a chomhdhlúthú i nGleann Valtellina. Reáchtáladh an ‘Dara Comhdháil Náisiúnta maidir le Saothrú Torthaí Sléibhe’ in Ponte in Valtellina chomh fada siar le 1968, urraithe ag an Società Orticola Italiana (Cumann Gairneoireachta na hIodáile), agus an ‘Chomhdháil maidir le Roghnúchán Cineáil agus Feabhsúchán ar Shaothrú Torthaí Sléibhe’ in 1983 ina dhiaidh sin. Tá saothrú an chrainn úll bunaithe ar roinnt cleachtas comhdhlúite traidisiúnta. Tá na cleachtais sin á n-úsáid anois i bhfás úll tráchtála, a tháinig, mar a forbraíodh é i gcaitheamh na mblianta, chun bheith ar cheann de bhunchlocha gheilleagar an ghleanna, nasctha le raon leathan gníomhaíochtaí eile amhail meicniú, oibreacha uiscithe, soláthar trealaimh theicniúil, seirbhísí margaíochta, pacáistíocht agus iompar. Tarraingíodh infheistíochtaí móra freisin le cáil an tsaothraithe úll i nGleann Valtellina, sampla amháin de sin is ea an córas uisciúcháin a chumhdaíonn 2 000 ha a bhainistíonn ag Consortio Sponda Soliva. Cruthaíodh é sna 1970idí, maoiníodh é trí iasachtaí ó CETRT. Tá an tóir atá ar na torthaí le tomhaltóirí ag méadú i gcaitheamh na mblianta a bhuí le cáilíochtaí an limistéir táirgeachta. Toisc go dtéann an gleann anoir siar, an t-aon ghleann Alpach atá mar sin, méadaítear oscailteacht an limistéir do sholas na gréine, toisc a chuireann leis na saintréithe a thuairiscítear i bpointe 3.2 a thabhairt d’eipeacarp na dtorthaí. Le horagrafaíocht an limistéir, lena gceadaítear oscailteacht den scoth do sholas na gréine, in éineacht le difríocht mór idir teochtaí lae agus oíche, ithreacha scaoilte gan aon uisce marbh agus patrún cothromaithe na báistí a chiallaíonn go bhfuil eipeacarp na dtorthaí báite agus triomaithe amach gach ré seal, soláthraítear na dálaí is fabhraí ó thaobh aibiú na n-úll, rud a thugann bia teann, briosc dóibh agus cruth níos faide, é cineál easnach. Is iad na trí chineál a chumhdaítear leis an tásc geografach ar na cineálacha is fearr de tháirgeadh úll Valtellina. Tháinig na trí chineál sin – Golden Delicious, Red Delicious agus Gala – chun bheith, de réir a chéile, ar na cineálacha ab fhearr le tomhaltóirí agus saothróirí, ós rud é gurb iad siúd, níos mó ná aon chineál eile, a léiríonn saintréithe an limistéir, lena n-áirítear na saintréithe sin atá múnlaithe ag an duine. Le cineál sonrach na talún agus scileanna na saothróirí, a choinnigh teicnící saothraithe lena ndéantar na gleannta agus na sléibhte a urramú agus a chosaint i gcaitheamh na mblianta, agus mian na saothróirí ó na 1980idí i leith tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le cáilíocht a n-úll trí thásca sainráite ar phacáistíocht, ag cur i dtábhacht a dtionscnaimh in Valtellina, tugadh cuidiú le bonn leathan tomhaltóra a thabhairt don táirge, san Iodáil agus ar an gcoigríoch araon. Deimhnítear é sin leis an gcaoi a ndíoltar ‘Mela di Valtellina’ trí ollmhargaí agus siopaí speisialaithe, áiteanna a meastar gur táirge sármhaith é. Tháinig méadú ar an meánphraghas do tháirgeoirí in aghaidh an chileagraim ó 85 lire le haghaidh Golden Delicious agus 80 lire le haghaidh an chineáil Red in 1968 go 105 lire agus 110 lire faoi seach in 1974. Faoi 1979, cúpla bliain ina dhiaidh sin, méadaíodh praghsanna faoi thrí, ag baint amach 330 lire in aghaidh an chileagraim le haghaidh Golden Delicious agus 420 lire in aghaidh an chileagraim le haghaidh Red Delicious. In 1987, bhí meánphraghsanna in aghaidh an chileagraim 680 lire agus 830 lire faoi seach. Ó bhí 1996 ann, choinnigh praghsanna orthu ag méadú agus faoi 2006 bhí EUR 0.31 orthu in aghaidh an chileagraim le haghaidh Golden Delicious agus EUR 0.37 in aghaidh an chileagraim le haghaidh Red Delicious agus Gala. Ar an meán, bhí na praghsanna a tugadh thuas le haghaidh na dtrí chineál 10 % níos airde ar a laghad ná an meán náisiúnta le haghaidh an chineáil chéanna.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://www.politicheagricole.it/flex/files/1/7/0/D.234095a309f564b20544/Disciplinare_Mela_di_Valtellina_definitivo_02.10.23_FIRMATO.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2201/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)