|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2169 |
25.3.2024 |
Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – Schmidt Spiele v EUIPO – de Gea Quintana (DDG)
(Cás T-53/24)
(C/2024/2169)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Schmidt Spiele GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Urek, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: David de Gea Quintana (Hale Barns, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘DDG’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 567 763
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Nollaig 2023 i gCás R 1039/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
cinneadh rannán an fhreasúra an 28 Meán Fómhair 2021 a chur ar neamhní; |
|
— |
an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2169/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)